|
+Airteagal 63 Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 167/2013 |
Airteagal 63 Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 167/2013Airteagal 63 Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 167/2013 Leasaítear Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 167/2013 mar a leanas:
(1)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:
“3.
Beidh feidhm ag na forálacha maidir le catagóirí innill, teorainneacha astaíochtaí sceite, tréimhsí marthanachta astaíochtaí, le hastaíochtaí sceite, ceanglais maidir le faireachán ar astaíochtaí inneall inseirbhíse, agus maidir leis na tomhais agus na tástálacha a dhéanamh, chomh maith leis na forálacha idirthréimhseacha agus na forálacha lena gceadaítear cineálcheadú AE agus cur ar an margadh inneall Céim V go luath mar a leagtar síos le haghaidh innealra soghluaiste nach innealra bóthair é i Rialachán (AE) 2016/1628 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
*3
) agus na gníomhartha tarmligthe agus sna gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh dá bhun.
Chun tarracóirí de chatagóirí T2, T4.1 agus C2 a chur ar an margadh, a chlárú nó a chur i seirbhís, measfar gurb innill idirthréimhseacha mar a shonraítear i bpointe (32) d'Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2016/1628 iad na hinnill sa réimse cumhachta 56 — 130 kW a chomhlíonann ceanglais Chéim IIIB.
(2)
i mír 6, cuirtear an fhomhír seo a leanas léi: “De mhaolú ar an bprionsabal a leagtar amach sa dara fomhír, cumhachtófar don Choimisiún leasú a dhéanamh, faoin 31 Nollaig 2016, ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/96 ( *4 ) ón gCoimisiún, ionas go mbeidh an méid seo a leanas fíor:
(a)
chun críocha chineálcheadú AE le haghaidh tarracóirí de chatagóirí T2, T4.1 agus C2, beidh ceithre bliana ann mar thréimhse chur siar mar a leagtar amach in Airteagal 11(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/96 í; agus
(b)
faoin scéim solúbthachta dá dtagraítear in Airteagal 14 de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 2015/96, go méadófar go dtí 150 % an tsolúbthacht a cheadaítear de bhun phointe 1.1.1 d'Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán Tarmligthe sin do tharracóirí de chatagóirí T2, T4.1 agus C2. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|