|
+Airteagal 2 1. |
Airteagal 2 1.Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le hastaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa a liostaítear i gCuid A d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, arna dtuairisciú de bhun Airteagal 26(4) de Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 ) agus a tharlaíonn ar chríocha na mBallstát sa tréimhse idir 2021 agus 2025 in aon cheann de na catagóirí cuntasaíochta talún seo a leanas:
(a)
úsáid talún a thuairiscítear mar thalamh curaíochta, féarthalamh, bogaigh, lonnaíochtaí nó talamh eile, a tiontaíodh go talamh foraoise (“talamh foraoisithe”);
(b)
úsáid talún a thuairiscítear mar thalamh foraoise a tiontaíodh go talamh curaíochta, féarthalamh, bogaigh, lonnaíochtaí nó talamh eile (“talamh dífhoraoisithe”);
(c)
úsáid talún a thuairiscítear mar aon cheann díobh seo a leanas (“talamh curaíochta bainistithe”):
(i)
talamh curaíochta a fhanann mar thalamh curaíochta;
(ii)
féarthalamh, bogach, lonnaíocht nó talamh eile, a tiontaíodh go talamh curaíochta;
(iii)
talamh curaíochta a tiontaíodh go bogach, lonnaíocht nó talamh eile;
(d)
úsáid talún a thuairiscítear mar aon cheann díobh seo a leanas (“féarthalamh bainistithe”):
(i)
féarthalamh a fhanann mar fhéarthalamh;
(ii)
talamh curaíochta, bogach, lonnaíocht nó talamh eile, a tiontaíodh go féarthalamh;
(iii)
féarthalamh a tiontaíodh go bogach, lonnaíocht nó talamh eile;
(e)
úsáid talún a thuairiscítear mar thalamh foraoise a fhanann mar thalamh foraoise “talamh foraoise bainistithe”);
(f)
i gcás inar thug Ballstát fógra don Choimisiún faoina rún chun bogach bainistithe a áireamh le raon feidhme a ghealltanas de bhun Airteagal 4(1) den Rialachán seo faoin 31 Nollaig 2020, úsáid talún a thuairiscítear mar cheann amháin díobh seo a leanas (“bogach bainistithe”):
—
bogach a fhanann mar bhogach;
—
lonnaíocht nó talamh eile, a tiontaíodh go bogach;
—
bogach a tiontaíodh go lonnaíocht nó talamh eile.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|