+Airteagal 13a Cúiteamh breise
---+Airteagal 13a 1.
---+Airteagal 13a 2.
---+Airteagal 13a 3.
---+Airteagal 13a 4.
---+Airteagal 13a 5.
|
Airteagal 13a Cúiteamh breise
Cúiteamh breise
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 13a 1.
|
Is féidir leis an bhFionlainn cúiteamh a thabhairt suas le 5 mhilliún tona breise de choibhéis CO2 d’astaíochtaí ar a dtugtar cuntas faoi na catagóirí cuntasaíochta talún den talamh foraoise bainistithe, talamh dífhoraoisithe, talamh curaíochta agus féarthalamh bainistithe, sa tréimhse idir 2021 agus 2025, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
(a)
d’áirigh an Fhionlainn ina straitéis a thíolaic sí i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) 2018/1999 bearta sonracha leanúnacha nó pleanáilte chun a áirithiú go gcaomhnófar nó go bhfeabhsófar, de réir mar is iomchuí, na linnte foraoise agus na taiscumair foraoise;
(b)
nach mó na hastaíochtaí iomlána laistigh den Aontas ná na haistrithe iomlána sna catagóirí cuntasaíochta talún dá dtagraítear in Airteagal 2(1) den Rialachán seo sa tréimhse ó 2021 go 2025.
Agus measúnú á dhéanamh aige ar cibé ar mó nó nach mó iomlán na n-astaíochtaí ná iomlán na n-aistrithe laistigh den Aontas, dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (b), den mhír seo, áiritheoidh an Coimisiún go seachnóidh na Ballstáit an comhaireamh dúbailte, go háirithe agus na solúbthachtaí a leagtar amach in Airteagal 12 agus 13 den Rialachán seo agus in Airteagal 7(1) nó 9(2) de Rialachán (AE) 2018/842 á bhfeidhmiú.
|
|
Airteagal 13a 2.
|
Beidh an cúiteamh breise teoranta don mhéid seo a leanas:
(a)
an méid is mó ná an tsolúbthacht maidir le talamh foraoise atá ar fáil don Fhionlainn sa tréimhse ó 2021 go 2025 de bhun Airteagal 13;
(b)
na hastaíochtaí arna gcruthú ag athrú stairiúil ó thalamh foraoise chuig aon chatagóir eile úsáide talún a tharla tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2017;
(c)
an méid is gá chun Airteagal 4 a chomhlíonadh.
|
|
Airteagal 13a 3.
|
Ní bheidh an cúiteamh breise faoi réir aistriú de bhun Airteagal 12 den Rialachán seo nó Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2018/842.
|
|
Airteagal 13a 4.
|
Aon chúiteamh breise neamhúsáidte as an 5 mhilliún tona de choibhéis CO2 dá dtagraítear i mír 1, déanfar é a chealú.
|
|
Airteagal 13a 5.
|
Déanfaidh an Riarthóir Lárnach na hoibríochtaí is gá chun críocha mhír 2, pointe (a), agus míreanna 3 agus 4 den Airteagal seo i gClárlann an Aontais arna bunú de bhun Airteagal 40 de Rialachán (AE) 2018/1999 (“Clárlann an Aontais”).
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|