|
+Airteagal 4 2. |
Airteagal 4 2.Faoi réir na solúbthachtaí dá bhforáiltear in Airteagail 5, 6 agus 7 den Rialachán seo agus faoi réir an choigeartaithe de bhun Airteagal 10(2) den Rialachán seo, agus aon laghdú a thiocfaidh as cur i bhfeidhm Airteagal 7 de Chinneadh Uimh. 406/2009/CE á chur san áireamh, áiritheoidh gach Ballstát:
(a)
nach sáróidh a astaíochtaí gás ceaptha teasa, sna blianta 2021 agus 2022, an teorainn a shainítear le conair líneach, a thosaíonn ar bhonn mheán astaíochtaí gás ceaptha teasa an Bhallstáit sin in 2016, 2017 agus 2018, mar a leagtar amach de bhun mhír 3 den Airteagal seo, agus a chríochnaíonn in 2030 ar an teorainn a leagtar síos don Bhallstát sin i gcolún 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo; tosóidh conair líneach Ballstáit ag cúig dhódhéagú den achar ama ó 2019 go 2020 nó in 2020, cibé acu is ísle leithdháileadh bliantúil astaíochtaí don Bhallstát sin mar thoradh ar an ríomh sin;
(b)
nach sáróidh a astaíochtaí gás ceaptha teasa sna blianta 2023, 2024 agus 2025 an teorainn a shainítear le conair líneach, a thosaíonn in 2022 le leithdháileadh bliantúil astaíochtaí don Bhallstát sin, mar a leagtar amach de bhun mhír 3 den Airteagal seo don bhliain sin, agus a chríochnaíonn in 2030 ar an teorainn a leagtar síos don Bhallstát sin i gcolún 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo;
(c)
nach sáróidh a astaíochtaí gás ceaptha teasa sna blianta 2026 go 2030 an teorainn a shainítear le conair líneach, a thosaíonn ar mheán astaíochtaí gás ceaptha teasa an Bhallstáit sin in 2021, 2022 agus 2023, arna thíolacadh ag an mBallstát sin de bhun Airteagal 26 de Rialachán (AE) 2018/1999 agus i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo, agus a chríochnaíonn in 2030 ar an teorainn a leagtar síos don Bhallstát sin i gcolún 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo; tosóidh conair líneach Ballstáit ag naoi dhéagú den achar ama ó 2023 go 2024. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|