|
+Airteagal 8 1. |
Airteagal 8 1.Má shuíonn an Coimisiún, ina mheasúnú bliantúil faoi Airteagal 29 de Rialachán (AE) 2018/1999 agus á chur san áireamh dó an úsáid a bheartaítear do na solúbthachtaí dá dtagraítear in Airteagail 5, 6 agus 7 den Rialachán seo, nach bhfuil dóthain dul chun cinn á dhéanamh ag Ballstát maidir lena oibleagáidí faoi Airteagal 4 den Rialachán seo a chomhlíonadh, déanfaidh an Ballstát sin, laistigh de 3 mhí, plean gníomhaíochta ceartaithí a thíolacadh don Choimisiún, ina mbeidh an méid seo a leanas:
(a)
míniú mionsonraithe ar an bhfáth nach bhfuil dul chun cinn leordhóthanach á dhéanamh ag an mBallstát sin chun na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh;
(b)
measúnú ar an gcaoi ar thacaigh cistiú ón Aontas le hiarrachtaí an Bhallstáit sin chun na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh agus ar an gcaoi a bhfuil sé ar intinn aige an cistiú sin a úsáid chun dul chun cinn a dhéanamh chun iad a bhaint amach;
(c)
gníomhaíochtaí breise, lena gcomhlánaítear plean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide an Bhallstáit sin de bhun Rialachán (AE) 2018/1999 nó lena dtreisítear a chur chun feidhme, ar gníomhaíochtaí iad atá le cur chun feidhme chun na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh, trí bheartais agus bearta náisiúnta agus trí ghníomhaíocht an Aontais a chur chun feidhme, lena ngabhfaidh measúnú mionsonraithe, a bhfuil sonraí cainníochtúla mar bhonn taca leis, i gcás ina mbeidh siad ar fáil, maidir leis na laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa atá beartaithe mar thoradh ar na gníomhaíochtaí sin;
(d)
clár ama docht chun na gníomhaíochtaí sin a chur chun feidhme, lena mbeifear in ann an dul chun cinn bliantúil ina gcur chun feidhme a mheas. I gcás ina bhfuil comhlacht comhairleach aeráide náisiúnta bunaithe ag Ballstát, féadfaidh sé a chomhairle a lorg chun na gníomhaíochtaí riachtanacha dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír a shainaithint. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|