|
+Airteagal 9 1. |
Airteagal 9 1.In 2027 agus 2032, má sháraíonn na hastaíochtaí gás ceaptha teasa athbhreithnithe atá ag Ballstát a leithdháiltí bliantúla astaíochtaí d’aon bhliain shonrach den tréimhse sin, agus mír 2 den Airteagal seo agus na solúbthachtaí arna n-úsáid de bhun Airteagal 5, Airteagal 6 agus Airteagal 7 á gcur san áireamh, beidh feidhm ag na bearta seo a leanas:
(a)
méadú ar fhigiúr astaíochta gás ceaptha teasa an Bhallstáit don bhliain ina dhiaidh sin arb ionann é agus méid an fharasbairr astaíochtaí gás ceaptha teasa, i dtonaí de choibhéis CO2, arna iolrú faoi fhachtóir 1,08, i gcomhréir leis na bearta arna nglacadh de bhun Airteagal 12; agus
(b)
cuirfear toirmeasc sealadach ar an mBallstát aon chuid dá leithdháileadh bliantúil astaíochtaí a aistriú chuig Ballstát eile go dtí go mbeidh Airteagal 4 á chomhlíonadh aige. Cuirfidh an Riarthóir Lárnach an toirmeasc dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír den Airteagal seo chun feidhme i gClárlann an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 12. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|