+Airteagal 9 Seiceáil maidir le comhlíonadh
---+Airteagal 9 1.
---+Airteagal 9 2.
|
Airteagal 9 Seiceáil maidir le comhlíonadh
Seiceáil maidir le comhlíonadh
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 9 1.
|
In 2027 agus 2032, má sháraíonn na hastaíochtaí gás ceaptha teasa athbhreithnithe atá ag Ballstát a leithdháiltí bliantúla astaíochtaí d’aon bhliain shonrach den tréimhse sin, agus mír 2 den Airteagal seo agus na solúbthachtaí arna n-úsáid de bhun Airteagal 5, Airteagal 6 agus Airteagal 7 á gcur san áireamh, beidh feidhm ag na bearta seo a leanas:
(a)
méadú ar fhigiúr astaíochta gás ceaptha teasa an Bhallstáit don bhliain ina dhiaidh sin arb ionann é agus méid an fharasbairr astaíochtaí gás ceaptha teasa, i dtonaí de choibhéis CO2, arna iolrú faoi fhachtóir 1,08, i gcomhréir leis na bearta arna nglacadh de bhun Airteagal 12; agus
(b)
cuirfear toirmeasc sealadach ar an mBallstát aon chuid dá leithdháileadh bliantúil astaíochtaí a aistriú chuig Ballstát eile go dtí go mbeidh Airteagal 4 á chomhlíonadh aige.
Cuirfidh an Riarthóir Lárnach an toirmeasc dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír den Airteagal seo chun feidhme i gClárlann an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 12.
|
|
Airteagal 9 2.
|
Más mó astaíochtaí gás ceaptha teasa Ballstáit le linn na tréimhse ó 2021 go 2025 dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2018/841 ná aistrithe an Bhallstáit sin, arna gcinneadh i gcomhréir le hAirteagal 12 den Rialachán sin, bainfidh an Riarthóir Lárnach as leithdháiltí bliantúla astaíochtaí an Bhallstáit sin méid is ionann le méid an fharasbairr astaíochtaí gás ceaptha teasa sin, i dtonaí de choibhéis CO2, do na blianta ábhartha.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|