+Airteagal 6 Conradh
---+Airteagal 6 1.
---+Airteagal 6 2.
---+Airteagal 6 3.
---+Airteagal 6 4.
---+Airteagal 6 5.

Airteagal 6 Conradh

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 6 1.
Beidh loingsithe dramhaíola a bhfuil fógra ag teastáil ina leith faoi réir an cheanglais chun conradh a thabhairt i gcrích idir an fógróir agus an coinsíní maidir le haisghabháil nó diúscairt na dramhaíola. Murab é an coinsíní oibreoir na saoráide chun an dramhaíl faoina dtugtar fógra a aisghabháil nó a dhiúscairt, síneoidh oibreoir na saoráide an conradh freisin.
Airteagal 6 2.
Tabharfar an conradh dá dtagraítear i mír 1 i gcrích agus beidh éifeacht leis tráth an fhógra agus leanfaidh sé d’éifeacht a bheith leis ar feadh fhad an loingsithe go dtí go n-eiseofar deimhniú i gcomhréir le hAirteagal 15(5), Airteagal 16(6), nó, i gcás inarb iomchuí, Airteagal 15(4).

Beidh an conradh comhsheasmhach leis an doiciméad fógartha comhfhreagrach agus leis an doiciméad gluaiseachta agus is é a bheidh ann ar a laghad faisnéis faoin bhfógróir, faoin gcoinsíní agus faoin tsaoráid, céannacht na ndaoine a dhéanann ionadaíocht ar gach páirtí, uimhir an fhógra, ainmniú agus comhdhéanamh na dramhaíola, na cóid sainaitheanta dramhaíola, cainníocht na dramhaíola a chumhdaítear leis an gconradh, an oibríocht aisghabhála nó diúscartha agus tréimhse bhailíochta an chonartha.

Airteagal 6 3.

Áireofar na hoibleagáidí seo a leanas sa chonradh:

(a) 

ar an bhfógróir an dramhaíl a ghlacadh ar ais nó, i gcás inarb infheidhme, a áirithiú go ndéanfar í a aisghabháil nó a dhiúscairt ar bhealach malartach, i gcomhréir le hAirteagal 22 agus Airteagal 25(2) nó (3), más rud é nár cuireadh an loingsiú nó an aisghabháil nó an diúscairt i gcrích mar a bhí beartaithe nó más loingsiú neamhdhleathach an loingsiú;

(b) 

ar an gcoinsíní an dramhaíl a aisghabháil nó a dhiúscairt i gcomhréir le hAirteagal 25(8), más loingsiú neamhdhleathach an loingsiú;

(c) 

ar an tsaoráid ina ndéantar dramhaíl a aisghabháil nó a dhiúscairt, deimhniú a sholáthar, i gcomhréir le hAirteagal 16(6), go ndearnadh an dramhaíl a aisghabháil nó a dhiúscairt, i gcomhréir leis na toilithe arna dtabhairt don fhógra sin, leis na coinníollacha a ghabhann leis na toilithe sin agus leis an Rialachán seo.

Airteagal 6 4.

I gcás ina bhfuil an dramhaíl beartaithe le haghaidh aisghabháil eatramhach nó diúscairt eatramhach, áireofar na hoibleagáidí breise seo a leanas sa chonradh:

(a) 

ar an tsaoráid, i gcomhréir le hAirteagal 15(4) agus, i gcás inarb iomchuí, le hAirteagal 15(5), an deimhniú nó na deimhnithe a sholáthar ón tsaoráid nó ó na saoráidí a dhéanann na hoibríochtaí aisghabhála nó diúscartha neamheatramhaí, go ndearnadh an dramhaíl go léir a fuarthas i gcomhréir leis na toilithe arna dtabhairt don fhógra sin, leis na coinníollacha a ghabhann leis na toilithe sin agus leis an Rialacháin seo a aisghabháil nó a dhiúscairt, agus, i gcás inar féidir, cainníocht agus cineál na dramhaíola a chumhdaítear le gach deimhniú á sonrú aici;

(b) 

ar an gcoinsíní, i gcás inarb infheidhme, fógra a chur faoi bhráid údarás inniúil bunaidh na tíre seolta bunaidh i gcomhréir le hAirteagal 15(8).

Airteagal 6 5.
I gcás ina ndéantar an dramhaíl a loingsiú idir dhá bhunaíocht faoi rialú an eintitis dhlítheanaigh chéanna, féadfar dearbhú ón eintiteas dlítheanach sin a chur in ionad an chonartha dá dtagraítear i mír 1. Cumhdófar na hoibleagáidí dá dtagraítear i mír 3 leis an dearbhú sin.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas