+Airteagal 59 Bainistiú atá neamhdhíobhálach don chomhshaol
---+Airteagal 59 1.
---+Airteagal 59 2.

Airteagal 59 Bainistiú atá neamhdhíobhálach don chomhshaol

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 59 1.
Maidir leis an táirgeoir dramhaíola, an fógróir, an duine a shocraíonn an loingsiú agus aon ghnóthas eile atá bainteach le loingsiú dramhaíola nó lena haisghabháil nó lena diúscairt, déanfaidh siad gach beart is gá chun a áirithiú go ndéantar an dramhaíl a bhainistiú gan sláinte an duine a chur i mbaol agus ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol ar feadh thréimhse an loingsithe agus le linn aisghabháil agus dhiúscairt na dramhaíola.
Airteagal 59 2.
Chun dramhaíl a onnmhairiú, measfar an dramhaíl a bheith á bainistiú ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a mhéid a bhaineann le haisghabháil nó diúscairt, más féidir a léiriú go ndéanfar an dramhaíl, chomh maith le haon dramhaíl iarmharach a ghintear trí aisghabháil nó trí dhiúscairt, a bhainistiú i gcomhréir leis na ceanglais maidir le sláinte an duine, leis an aeráid agus leis an gcomhshaol a mheastar a bheith coibhéiseach leis na ceanglais maidir le sláinte an duine agus cosaint an chomhshaoil faoi reachtaíocht an Aontais. Agus measúnú á dhéanamh ar an gcoibhéiseacht sin, ní bheidh gá leis na ceanglais a eascraíonn as reachtaíocht an Aontais a chomhlíonadh go hiomlán, ach déanfar a léiriú go n-áiritheoidh na ceanglais a chuirtear i bhfeidhm sa tír cinn scríbe leibhéal comhchosúil cosanta maidir le sláinte an duine agus an comhshaol leis na ceanglais a eascraíonn as reachtaíocht an Aontais. Chun an measúnú coibhéise a dhéanamh, úsáidfear forálacha ábhartha reachtaíocht an Aontais agus an treoir idirnáisiúnta dá dtagraítear in Iarscríbhinn IX mar phointí tagartha.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas