+Airteagal 17 Tuairisciú ar chistiúchán cobhsaí ar bhonn aonair nó ar bhonn comhdhlúite

Airteagal 17 Tuairisciú ar chistiúchán cobhsaí ar bhonn aonair nó ar bhonn comhdhlúite

Airteagal 17

Tuairisciú ar chistiúchán cobhsaí ar bhonn aonair nó ar bhonn comhdhlúite

Chun faisnéis ar chistiúcháin cobhsaí a thuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 430(1), pointe (d) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ar bhonn aonair nó ar bhonn comhdhlúite, déanfaidh institiúidí an fhaisnéis a chur isteach a shonraítear in Iarscríbhinn XII, i gcomhréir leis na treoracha in Iarscríbhinn XIII, le minicíocht ráithiúil mar seo a leanas:

(a) 

maidir le hinstitiúidí beaga neamhchasta a roghnaigh a gcóimheas glanchistiúcháin chobhsaí (NSFR) a ríomh trí úsáid a bhaint as an modheolaíocht a leagtar amach i gCuid a Sé, Teideal IV, Caibidlí 6 agus 7 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, le cead roimh ré óna n-údarás inniúil i gcomhréir le hAirteagal 428ai den Rialachán sin, cuirfidh siad isteach teimpléid 82 agus 83 d’Iarscríbhinn XII a ghabhann leis an Rialachán seo, i gcomhréir leis na treoracha in Iarscríbhinn XIII a ghabhann leis an Rialachán seo;

(b) 

institiúidí seachas na hinstitiúidí dá dtagraítear i bpointe (a), cuirfidh siad isteach teimpléid 80 agus 81 d’Iarscríbhinn XII, i gcomhréir leis na treoracha in Iarscríbhinn XIII;

(c) 

cuirfidh gach institiúid isteach teimpléad 84 d’Iarscríbhinn XII, i gcomhréir leis na treoracha in Iarscríbhinn XIII.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.09.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32021R0451
  • EULAW_BG -

    EULAW_BG