+Airteagal 12 Tuairisciú ar fhaisnéis airgeadais ar bhonn comhdhlúite le haghaidh institiúidí a chuireann creata cuntasaíochta náisiúnta i bhfeidhm
---+Airteagal 12 1.
---+Airteagal 12 2.
|
Airteagal 12 Tuairisciú ar fhaisnéis airgeadais ar bhonn comhdhlúite le haghaidh institiúidí a chuireann creata cuntasaíochta náisiúnta i bhfeidhm
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 12 1.
|
I gcás inar leathnaigh údarás inniúil na ceanglais tuairiscithe maidir le faisnéis airgeadais chun institiúidí a chumhdach a bunaíodh i mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 430(9) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, cuirfidh institiúidí an fhaisnéis isteach ar bhonn comhdhlúite mar a shonraítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo, i gcomhréir leis na treoracha in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo.
|
|
Airteagal 12 2.
|
Cuirfear isteach an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 mar a leanas:
(a)
an fhaisnéis a shonraítear in Iarscríbhinn IV, Cuid 1, le minicíocht ráithiúil;
(b)
an fhaisnéis a shonraítear in Iarscríbhinn IV, Cuid 3, le minicíocht leathbhliantúil;
(c)
an fhaisnéis a shonraítear in Iarscríbhinn IV, Cuid 4, seachas an fhaisnéis a shonraítear i dteimpléad 47, le minicíocht bhliantúil;
(d)
an fhaisnéis a shonraítear in Iarscríbhinn IV, Cuid 2, teimpléad 20, le minicíocht ráithiúil i gcás ina dtéann an institiúid thar an tairseach a leagtar síos sa dara fomhír d’Airteagal 5(5);
(e)
an fhaisnéis a shonraítear in Iarscríbhinn IV, Cuid 2, teimpléad 21, le minicíocht ráithiúil i gcás ina bhfuil na sócmhainní inláimhsithe atá faoi réir léasanna oibriúcháin mar a chéile le 10 % de na sócmhainní inláimhsithe iomlána, nó níos airde ná sin, mar a thuairiscítear i gcomhréir le hIarscríbhinn IV, Cuid 1, teimpléad 1.1;
(f)
an fhaisnéis a shonraítear in Iarscríbhinn IV, Cuid 2, teimpléad 22, le minicíocht ráithiúil i gcás ina bhfuil an ghlantáille agus an t-ioncam coimisiúin mar a chéile le 10 % de shuim na glantáille agus an ioncaim coimisiúin agus an ghlanioncaim úis, nó níos airde ná sin, mar a thuairiscítear i gcomhréir le hIarscríbhinn IV, Cuid 1, teimpléad 2;
(g)
an fhaisnéis a shonraítear in Iarscríbhinn IV, Cuid 2, teimpléid 23 go 26, le minicíocht ráithiúil i gcás ina gcomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:
(i)
nach bhfuil an institiúid beag agus neamhchasta;
(ii)
go bhfuil cóimheas na hinstitiúide mar a shonraítear in Airteagal 11(2), pointe (g)(ii), mar a chéile le 5 % nó níos airde ná sin;
(h)
an fhaisnéis a shonraítear in Iarscríbhinn IV, Cuid 4, teimpléad 47, le minicíocht bhliantúil i gcás ina gcomhlíontar an dá choinníoll a leagtar amach i bpointe (g) den mhír seo.
Chun críocha phointí (d) agus (h) den mhír seo, beidh feidhm ag na critéir iontrála agus imeachta dá dtagraítear in Airteagal 4(3).
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 01.09.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32021R0451
- EULAW_EL -
EULAW_EL
|