+IARSCRÍBHINN XVII TREOIR MAIDIR LE TUAIRISCIÚ AR UALÚ SÓCMHAINNÍ

IARSCRÍBHINN XVII TREOIR MAIDIR LE TUAIRISCIÚ AR UALÚ SÓCMHAINNÍ




IARSCRÍBHINN XVII

TREOIR MAIDIR LE TUAIRISCIÚ AR UALÚ SÓCMHAINNÍ

Clár Ábhar

TREORACHA GINEARÁLTA

1.

STRUCHTÚR AGUS GNÁSANNA

1.1.

STRUCHTÚR

1.2.

CAIGHDEÁN CUNTASAÍOCHTA

1.3.

GNÁS UIMHRIÚCHÁIN

1.4.

GNÁS MAIDIR LE COMHARTHAÍ

1.5.

LEIBHÉAL AN CHUR I BHFEIDHM

1.6.

COMHRÉIREACHT

1.7.

SAINMHÍNIÚ AR UALÚ

TREORACHA A BHAINEANN LE TEIMPLÉID

2.

CUID A: ACHOIMRE AR AN UALÚ

2.1.

TEIMPLÉAD AE-ASS. SÓCMHAINNÍ NA HINSTITIÚIDE TUAIRISCITHE

2.1.1.

BARÚLACHA GINEARÁLTA

2.1.2.

TREORACHA A BHAINEANN LE RÓNNA SONRACHA

2.1.3.

TREORACHA A BHAINEANN LE COLÚIN SHONRACHA

2.2.

TEIMPLÉAD: AE-COL. COMHTHAOBHACHT ATÁ FAIGHTE AG AN INSTITIÚID TUAIRISCITHE

2.2.1.

BARÚLACHA GINEARÁLTA

2.2.2.

TREORACHA A BHAINEANN LE RÓNNA SONRACHA

2.2.3.

TREORACHA A BHAINEANN LE COLÚIN SHONRACHA

2.3.

TEIMPLÉAD: AE-NPL. BANNAÍ DÍLSE FAOI CHUMHDACH AGUS URRÚSUITHE A EISÍODH AGUS NÁR CUIREADH I NGEALL GO FÓILL

2.3.1.

BARÚLACHA GINEARÁLTA

2.3.2.

TREORACHA A BHAINEANN LE RÓNNA SONRACHA

2.3.3.

TREORACHA A BHAINEANN LE COLÚIN SHONRACHA

2.4.

TEIMPLÉAD: AE-SOU. FOINSÍ AN UALAITHE

2.4.1.

BARÚLACHA GINEARÁLTA

2.4.2.

TREORACHA A BHAINEANN LE RÓNNA SONRACHA

2.4.3.

TREORACHA A BHAINEANN LE COLÚIN SHONRACHA

3.

CUID B: SONRAÍ AIBÍOCHTA

3.1.

BARÚLACHA GINEARÁLTA

3.2.

TEIMPLÉAD: AE-MAT. SONRAÍ AIBÍOCHTA

3.2.1.

TREORACHA A BHAINEANN LE RÓNNA SONRACHA

3.2.2.

TREORACHA A BHAINEANN LE COLÚIN SHONRACHA

4.

CUID C: UALÚ TEAGMHASACH

4.1.

BARÚLACHA GINEARÁLTA

4.1.1.

CÁS A: LAGHDÚ 30 % AR SHÓCMHAINNÍ UALAITHE

4.1.2.

CÁS B: DÍMHEAS 10 % IN AIRGEADRAÍ SUNTASACHA

4.2.

TEIMPLÉAD: AE-CONT. UALÚ TEAGMHASACH

4.2.1.

TREORACHA A BHAINEANN LE RÓNNA SONRACHA

4.2.2.

TREORACHA A BHAINEANN LE COLÚIN SHONRACHA

5.

CUID D: BANNAÍ FAOI CHUMHDACH

5.1.

BARÚLACHA GINEARÁLTA

5.2.

TEIMPLÉAD: AE-CB. EISIÚINT BANNAÍ FAOI CHUMHDACH

5.2.1.

TREORACHA A BHAINEANN LE Z-AIS

5.2.2.

TREORACHA A BHAINEANN LE RÓNNA SONRACHA

5.2.3.

TREORACHA A BHAINEANN LE COLÚIN SHONRACHA

6.

CUID E: ARDSONRAÍ

6.1.

BARÚLACHA GINEARÁLTA

6.2.

TEIMPLÉAD: AE-ADV1. ARDTEIMPLÉAD I DTACA LE SÓCMHAINNÍ NA HINSTITIÚIDE TUAIRISCITHE

6.2.1.

TREORACHA A BHAINEANN LE RÓNNA SONRACHA

6.2.2.

TREORACHA A BHAINEANN LE COLÚIN SHONRACHA

6.3.

TEIMPLÉAD: AE-ADV2. ARDTEIMPLÉAD I DTACA LE COMHTHAOBHACHT ATÁ FAIGHTE AG AN INSTITIÚID TUAIRISCITHE

6.3.1.

TREORACHA A BHAINEANN LE RÓNNA SONRACHA

6.3.2.

TREORACHA A BHAINEANN LE COLÚIN SHONRACHA

TREORACHA GINEARÁLTA

1.   STRUCHTÚR AGUS GNÁSANNA

1.1.   Struchtúr

1. Tá cúig thacar teimpléad sa chreat lena gcuimsítear naoi dteimpléad san iomlán de réir na scéime seo a leanas:

(a) 

Cuid A: Achoimre ar an ualú:

— 
Teimpléad AE-ASS. Sócmhainní na hinstitiúide tuairiscithe;
— 
Teimpléad AE-COL. Comhthaobhacht atá faighte ag an institiúid tuairiscithe;
— 
Teimpléad AE-NPL. Bannaí dílse faoi chumhdach agus urrúsuithe eisithe agus nár cuireadh i ngeall go fóill;
— 
Teimpléad AE-SOU. Foinsí an ualaithe;
(b) 

Cuid B: Sonraí aibíochta:

— 
Teimpléad AE-MAT. Dáta aibíochta;
(c) 

Cuid C: Ualú teagmhasach:

— 
Teimpléad AE-CONT. Ualú teagmhasach;
(d) 

Cuid D: Bannaí faoi chumhdach:

— 
Teimpléad AE-CB. Eisiúint bannaí faoi chumhdach;
(e) 

Cuid E: Ardsonraí:

— 
Teimpléad AE-ADV-1. Ardteimpléad i dtaca le sócmhainní na hinstitiúide tuairiscithe;
— 
Teimpléad AE-ADV-2. Ardteimpléad i dtaca le comhthaobhacht atá faighte ag an institiúid tuairiscithe.

2. Le haghaidh gach teimpléid, soláthraítear tagairtí dlí mar aon le faisnéis mhionsonraithe bhreise maidir le gnéithe níos ginearálta den tuairisciú.

1.2.   Caighdeán cuntasaíochta

3. Tuairisceoidh institiúidí suimeanna glanluacha faoin gcreat cuntasaíochta a úsáideann siad chun faisnéis airgeadais a thuairisciú i gcomhréir le hAirteagail 11 agus 12. Maidir le hinstitiúidí nach gceanglaítear orthu faisnéis airgeadais a thuairisciú, úsáidfidh siad a gcreat cuntasaíochta faoi seach. In AE-SOU, tuairisceoidh institiúidí suimeanna glanluacha i gcoitinne agus glanluacháil chuntasaíochta san áireamh, más ann di, i gcomhréir le tuairisciú ar ualú sócmhainní agus comhthaobhachta ar bhonn comhlán.

4. Chun críocha na hIarscríbhinne seo, tagraítear le “IAS” agus “IFRS” do na caighdeáin chuntasaíochta idirnáisiúnta mar a shainmhínítear iad in Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002. Le haghaidh institiúidí a thuairiscíonn faoi chaighdeáin IFRS, tá tagairtí do chaighdeáin ábhartha IFRS curtha isteach.

1.3.   Gnás uimhriúcháin

5. Úsáidtear an nodaireacht ghinearálta seo a leanas sna treoracha seo chun tagairt a dhéanamh do cholúin, do rónna agus do chealla teimpléid: {Teimpléad; Ró; Colún}. Úsáidtear réiltín le tabhairt le fios go gcuirtear an bailíochtú i bhfeidhm don ró ar fad nó don cholún ar fad. Mar shampla tagraíonn {AE-ASS; *; 2} do phointe sonraí aon ró i dtaca le colún 2 de theimpléad AE-ASS.

6. I gcás bailíochtuithe laistigh de theimpléad úsáidtear an nodaireacht seo a leanas chun tagairt a dhéanamh do phointí sonraí ón teimpléad sin: {Ró; Colún}.

1.4.   Gnás maidir le comharthaí

7. Leanfaidh teimpléid in Iarscríbhinn XVI an gnás maidir le comharthaí ar a dtugtar tuairisc in Iarscríbhinn V, Cuid 1, pointí 9 agus 10.

1.5.   Leibhéal an chur i bhfeidhm

8. Leanann leibhéal chur i bhfeidhm an tuairiscithe ar ualú sócmhainní leibhéal na gceanglas tuairiscithe maidir le cistí dílse faoi Airteagal 430(1), an chéad fhomhír, pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Dá réir sin, ní cheanglaítear ar institiúidí nach bhfuil faoi réir ceanglais stuamachta i gcomhréir le hAirteagal 7 den Rialachán sin faisnéis ar ualú sócmhainní a thuairisciú.

1.6.   Comhréireacht

9. Chun críocha Airteagal 19(3), pointe (c), den Rialachán seo, déanfar leibhéal ualaithe na sócmhainní a ríomh mar a leanas:

— 
Suim ghlanluacha na sócmhainní ualaithe agus na comhthaobhachta = {AE-ASS;0010;0010}– {AE-ASS;0015;0010} +{AE-COL;0130;0010};
— 
Iomlán na sócmhainní agus na comhthaobhachta = {AE-ASS;0010;0010} + {AE-ASS;0010;0060}– {AE-ASS;0015;0010} +{AE-COL;0130;0010}+{AE-COL;0130;0040};
— 
Cóimheas ualaithe sócmhainní = (Suim ghlanluacha na sócmhainní ualaithe agus na comhthaobhachta)/(Iomlán na sócmhainní agus na comhthaobhachta).

10. [Scriosta]

1.7.   Sainmhíniú ar ualú

11. Chun críocha na hIarscríbhinne seo agus Iarscríbhinn XVI, láimhseofar sócmhainn mar shócmhainn ualaithe má cuireadh i ngeall í nó má tá sí faoi réir socrú d’aon sórt chun aon idirbheart a urrú, a chomhthaobhú nó a fheabhsú ó thaobh creidmheasa de, nach féidir í a aistarraingt uaidh gan srian.

Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara, maidir le sócmhainní a chuirtear i ngeall atá faoi réir aon srian maidir le haistarraingt, mar shampla sócmhainní nach mór formheas roimh ré a fháil ina leith roimh aistarraingt nó roimh shócmhainní eile a chur ina n-ionad, go measfar gur sócmhainní ualaithe iad sin. Níl an sainmhíniú bunaithe ar shainmhíniú dlíthiúil sainráite, amhail aistriú teidil, ach ar phrionsabail eacnamaíocha, toisc go bhféadfaidh na creataí dlíthiúla a bheith difriúil ina leith sin ar fud tíortha. Tá an sainmhíniú nasctha go dlúth le coinníollacha conarthacha áfach. Feictear le EBA go gcumhdaítear na cineálacha conarthaí seo a leanas go maith leis an sainmhíniú (liosta neamh-uileghabhálach is ea é seo):

— 
idirbhearta um maoiniú urrús, lena n-áirítear conarthaí athcheannaigh agus comhaontuithe athcheannaigh, iasachtú urrús agus foirmeacha iasachtaithe urrúsaithe eile;
— 
comhaontuithe comhthaobhachta éagsúla, mar shampla, comhthaobhacht atá curtha i dtaca le margadhluach na n-idirbheart díorthach;
— 
ráthaíochtaí airgeadais atá comhthaobhaithe. Murab ann d’aon bhac ar chomhthaobhacht a aistarraingt, amhail formheas roimh ré, i dtaca leis an gcuid neamhúsáidte de ráthaíocht, ní leithdháilfear ansin ach an chuid úsáidte (ar leithdháileadh pro rata);
— 
comhthaobhacht a chuirtear ag córais imréitigh, ag CPLanna agus ag institiúidí bonneagair eile mar choinníoll chun seirbhís a rochtain. Áirítear leis sin cistí mainneachtana agus corrlaigh tosaigh;
— 
saoráidí bainc cheannais. Ní mheasfar sócmhainní réamhshocraithe a bheith ina sócmhainní ualaithe, ach amháin sa chás nach gceadaíonn an banc ceannais aon sócmhainn atá curtha a aistarraingt gan formheas roimh ré. Maidir le ráthaíochtaí airgeadais neamhúsáidte, déanfar an chuid neamhúsáidte, i.e. os cionn an íosmhéid a cheanglaítear leis an mbanc ceannais, a leithdháileadh ar bhonn pro rata i measc na sócmhainní a chuirtear ag an mbanc ceannais;
— 
sócmhainní foluiteacha ó struchtúir urrúsúcháin, i gcás nár dí-aithníodh na sócmhainní airgeadais ó shócmhainní airgeadais na hinstitiúide. Ní áirítear na sócmhainní ar urrúis choinnithe fholuiteacha iad mar shócmhainní ualaithe, ach amháin sa chás ina gcuirtear na hurrúis sin i ngeall nó go soláthraítear mar chomhthaobhacht iad ar aon bhealach chun idirbheart a urrú;
— 
sócmhainní i gcomhthiomsuithe cumhdaigh arna n-úsáid chun bannaí faoi chumhdach a eisiúint. Áirítear na sócmhainní is bannaí foluiteacha faoi chumhdach iad mar shócmhainní ualaithe, ach amháin i gcásanna áirithe ina sealbhaíonn an institiúid na bannaí comhfhreagracha faoi chumhdach (“bannaí féineisithe”);
— 
mar phrionsabal ginearálta, maidir le sócmhainní atá á gcur ag saoráidí nach n-úsáidtear agus ar féidir iad a aistarraingt gan srian, ní mheasfar gur sócmhainní ualaithe iad.

TREORACHA A BHAINEANN LE TEIMPLÉID

2.   CUID A: ACHOIMRE AR AN UALÚ

12. Déantar idirdhealú leis na teimpléid achoimre ar an ualú idir sócmhainní a úsáidtear chun tacú le riachtanais chistiúcháin nó chomhthaobhachta ar dháta an chláir chomhardaithe (“ualú thar am ar leith”) agus na sócmhainní sin atá ar fáil le haghaidh riachtanais chistiúcháin fhéideartha.

13. Léirítear leis an teimpléad achoimre líon sócmhainní ualaithe agus neamhualaithe na hinstitiúide tuairiscithe i bhformáid tábla de réir táirgí. Is infheidhme an miondealú céanna maidir le comhthaobhacht a fuarthas agus urrúis fiachais dhílse arna n-eisiúint seachas bannaí faoi chumhdach agus urrúsuithe.

2.1.   Teimpléad AE-ASS. Sócmhainní na hinstitiúide tuairiscithe

2.1.1.   Barúlacha ginearálta

14. Leagtar treoracha amach leis an bpointe seo is infheidhme maidir le príomhchineálacha na n-idirbheart is ábhartha agus teimpléid AE á líonadh isteach:

Tá dhá ghné ag gach idirbheart lena méadaítear leibhéal ualaithe institiúide a thuairisceofar go neamhspleách ar fud theimpléid an Aontais Eorpaigh. Tuairisceofar na hidirbhearta sin mar fhoinse ualaithe agus mar shócmhainn ualaithe nó mar chomhthaobhacht ualaithe araon.

Tugtar tuairisc leis na samplaí seo a leanas ar an mbealach le cineál idirbhirt den Chuid seo a thuairisciú ach is infheidhme na rialacha céanna maidir le teimpléid eile an Aontais.

(a)    Taisce chomhthaobhaithe

Tuairisceofar taisce chomhthaobhaithe mar a leanas:

(i) 

cláraítear suim ghlanluacha na taisce mar fhoinse ualaithe in {AE-SOU; r0070; c0010};

(ii) 

i gcás inar sócmhainn de chuid na hinstitiúide tuairiscithe í an chomhthaobhacht: tuairisceofar a suim ghlanluacha in {AE-ASS; *; c0010} agus {AE-SOU; r0070; c0030}; tuairisceofar a luach cóir in {AE-ASS; *; c0040};

(iii) 

i gcás ina bhfuair an institiúid tuairiscithe an chomhthaobhacht, tuairisceofar a luach cóir in {AE-COL; *; c0010}, {AE-SOU; r0070; c0030} agus {AE-SOU; r0070; c0040}.

(b)    Comhaontú athcheannaigh/comhaontuithe athcheannaigh meaitseála

Tuairisceofar comhaontú athcheannaigh mar a leanas:

(i) 

tuairisceofar suim ghlanluacha chomhlán an chomhaontaithe athcheannaigh mar fhoinse ualaithe in {AE-SOU; r0050; c0010};

(ii) 

tuairisceofar comhthaobhacht an chomhaontaithe athcheannaigh mar a leanas:

— 
i gcás inar sócmhainn de chuid na hinstitiúide tuairiscithe í an chomhthaobhacht: tuairisceofar a suim ghlanluacha in {AE-ASS; *; c0010} agus {AE-SOU; r0050; c0030}; tuairisceofar a luach cóir in {AE-ASS; *; c0040};
— 
i gcás ina bhfuair an institiúid tuairiscithe an chomhthaobhacht trí chomhaontú athcheannaigh droim ar ais roimhe (comhaontú athcheannaigh meaitseála), tuairisceofar a luach cóir in {AE-COL; *; c0010}, {AE-SOU; r0050; c0030} agus in {AE-SOU; r0050; c0040}.

(c)    Cistiúchán bainc ceannais

Toisc nach bhfuil i gceist le cistiúchán comhthaobhaithe bainc ceannais ach cás sonrach de thaisce chomhthaobhaithe nó d’idirbheart athcheannaigh inar banc ceannais é an contrapháirtí, tá feidhm ag na rialacha sa phointe 14 (a) agus (b) seo thuas.

Le haghaidh oibríochtaí nach féidir an chomhthaobhacht shonrach a shainaithint i leith gach oibríochta, toisc go ndéantar an chomhthaobhacht a chomhthiomsú, déanfar miondealú na comhthaobhachta ar bhonn comhréireach, bunaithe ar chomhdhéanamh chomhthiomsú na comhthaobhachta.

Maidir le sócmhainní a réamhshocraíodh le bainc cheannais, ní sócmhainní ualaithe iad ach amháin sa chás nach gceadaíonn an banc ceannais aon sócmhainn atá curtha a aistarraingt gan formheas roimh ré. Maidir le ráthaíochtaí airgeadais neamhúsáidte, déantar an chuid neamhúsáidte, i.e. an méid os cionn an íosmhéid a cheanglaítear leis an mbanc ceannais, a leithdháileadh ar bhonn pro rata i measc na sócmhainní a chuirtear ag an mbanc ceannais.

(d)    Urrúis a iasachtú

Maidir le hurrúis a iasachtú le comhthaobhacht airgid, is infheidhme na rialacha i gcomhair comhaontuithe athcheannaigh/comhaontuithe athcheannaigh meaitseála.

Tuairisceofar iasachtú urrús gan comhthaobhacht airgid mar a leanas:

(i) 

tuairisceofar luach cóir na n-urrús iasachtaithe mar fhoinse ualaithe in {AE-SOU; r0150; c0010}. I gcás nach bhfaighidh an t-iasachtóir aon urrús mar chúiteamh ar na hurrúis a tugadh ar iasacht ach go bhfaightear táille ina áit, tuairisceofar {AE-SOU; r0150; c0010} mar nialas;

(ii) 

i gcás inar sócmhainn de chuid na hinstitiúide tuairiscithe iad na hurrúis a tugadh ar iasacht: tuairisceofar a suim ghlanluacha in {AE-ASS; *; c0010} agus {AE-SOU; r0150; c0030}; tuairisceofar a luach cóir in {AE-ASS; *; c0040};

(iii) 

i gcás ina bhfaigheann an institiúid tuairiscithe na hurrúis a tugadh ar iasacht, tuairisceofar a luach cóir in {AE-COL; *; c0010}, {AE-SOU; r0150; c0030} agus {AE-SOU; r0150; c0040}.

(e)    Díorthaigh (dliteanais)

Tuairisceofar díorthaigh chomhthaobhaithe ag a bhfuil luach cóir diúltach mar a leanas:

(i) 

tuairisceofar suim ghlanluacha an díorthaigh mar fhoinse ualaithe in {AE-SOU; r0020; c0010};

(ii) 

is mar a leanas a thuairisceofar an chomhthaobhacht (corrlaigh tosaigh a cheanglaítear chun an suíomh a oscailt agus aon chomhthaobhacht a chuirtear i dtaca le margadhluach na n-idirbheart díorthach):

— 
i gcás inar sócmhainn de chuid na hinstitiúide tuairiscithe í: tuairisceofar a suim ghlanluacha in {AE-ASS; *; c0010} agus {AE-SOU; r0020; c0030}; tuairisceofar a luach cóir in {AE-ASS; *; c0040};
— 
i gcás inar comhthaobhacht í a fuair an institiúid tuairiscithe, tuairisceofar a luach cóir in {AE-COL; *; c0010}, {AE-SOU; r0020; c0030} agus {AE-SOU; r0020; c0040}.

(f)    Bannaí faoi chumhdach

Is ionstraimí dá dtagraítear in Airteagal 52(4), an chéad fhomhír, de Threoir 2009/65/AE iad bannaí faoi chumhdach i dtaca le tuairisciú ar ualú na sócmhainní ar fad, gan beann ar cé acu a ghlacann na hionstraimí sin foirm dhlíthiúil urrúis nó nach nglacann.

Ní infheidhme aon riail shonrach maidir le bannaí faoi chumhdach i gcás nach gcoinníonn an institiúid tuairiscithe aon chuid de na hurrúis arna n-eisiúint.

I gcás ina gcoinnítear cuid den eisiúint agus chun comhaireamh dúbailte a sheachaint, beidh feidhm ag an láimhseáil thíos:

(i) 

i gcás nach mbeidh na bannaí dílse faoi chumhdach curtha i ngeall, tuairisceofar an méid den chomhthiomsú cumhdaigh atá mar thaca do na hurrúis choinnithe sin agus nach mbeidh curtha i ngeall go fóill i dteimpléid AE-ASS mar shócmhainní neamhualaithe. Tuairisceofar faisnéis bhreise faoi na bannaí coinnithe faoi chumhdach nach mbeidh curtha i ngeall go fóill (sócmhainní foluiteacha, luach cóir agus incháilitheacht na sócmhainní sin atá ar fáil lena n-ualú agus luach ainmniúil na sócmhainní sin nach bhfuil ar fáil lena n-ualú) i dteimpléad AE-NPL;

(ii) 

i gcás nach mbeidh na bannaí dílse faoi chumhdach curtha i ngeall, áireofar an méid den chomhthiomsú cumhdaigh atá mar thaca do na hurrúis choinnithe sin agus a bheidh curtha i ngeall i dteimpléid AE-ASS mar shócmhainní ualaithe.

Leagtar amach leis an tábla seo a leanas an bealach chun eisiúint banna faoi chumhdach de EUR 100 a thuairisciú i gcás ina gcoinnítear 15 % gan bheith curtha i ngeall agus i gcás ina gcoinnítear 10 % agus ina gcuirtear i ngeall mar chomhthaobhacht in idirbheart athcheannaigh EUR 11 le banc ceannais í, i gcás ina gcuimsítear leis an gcomhthiomsú cumhdaigh iasachtaí neamhurraithe agus inarb é EUR 150 suim ghlanluacha na n-iasachtaí.



FOINSÍ AN UALAITHE

Cineál

Méid

Cealla

Iasachtaí ualaithe

Cealla

Bannaí faoi chumhdach

75 % (100) = 75

{AE-Foinsí, r110, c010}

75 % (150) = 112.5

{AE-Sócmhainní, r100, c10}

{AE-Foinsí, r110, c030}

Cistiúchán bainc ceannais

11

{AE-Foinsí, r060, c010}

10 % (150) = 15

{AE-Sócmhainní, r100, c10}

{AE-Foinsí, r060, c030}

NEAMHUALÚ

Cineál

Méid

Cealla

Iasachtaí neamhualaithe

Cealla

Bannaí dílse faoi chumhdach coinnithe

15 % (100) = 15

{AE-Gan bheith curtha i ngeall, r010, c040}

15 % (150) = 22.5

{AE-Sócmhainní, r100, c60}

{AE-Gan bheith curtha i ngeall, r020, c010}

(g)    Urrúsuithe

Ciallaíonn urrúsuithe urrúis fiachais a shealbhaíonn an institiúid tuairiscithe a thionscnaítear in idirbheart urrúsúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (61), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

Maidir le hurrúsuithe a bheidh ar an gclár comhardaithe go fóill (dí-aitheanta), is infheidhme na rialacha maidir le bannaí faoi chumhdach.

Maidir le hurrúsuithe dí-aitheanta, níl aon ualú ann i gcás ina sealbhaíonn an institiúid roinnt urrús. Beidh na hurrúis sin le feiceáil i leabhar trádála nó i leabhar baincéireachta na n-institiúidí tuairiscithe mar aon urrús eile a eisíonn tríú páirtí.

2.1.2.   Treoracha a bhaineann le rónna sonracha



Rónna

Tagairtí dlí agus treoracha

0010

Sócmhainní na hinstitiúide tuairiscithe

IAS 1.9 (a), Treoraíocht maidir le Cur Chun Feidhme (IG) 6; sócmhainní iomlána na hinstitiúide tuairiscithe atá cláraithe ina clár comhardaithe.

0015

Lena n-áirítear: sócmhainní muiníneacha cáilitheacha

Sócmhainní muiníneacha a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas uile:

(a)  aithnítear iad ar chlár comhardaithe na hinstitiúide de réir na bprionsabal cuntasaíochta náisiúnta a bhfuil glacadh leo go ginearálta, i gcomhréir le hAirteagal 10 de Threoir 86/635/CEE;

(b)  comhlíonann siad na critéir neamhaitheantais a leagtar amach i gCaighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais (IFRS) 9, mar a chuirtear i bhfeidhm i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002;

(c)  comhlíonann siad na critéir maidir le neamh-chomhdhlúthú a leagtar amach in IFRS 10, mar a chuirtear i bhfeidhm i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002, i gcás inarb infheidhme.

0020

Iasachtaí ar éileamh

IAS 1.54 (i)

Tuairisceoidh institiúidí na hiarmhéideanna is infhaighte ar éileamh ag bainc cheannais agus ag institiúidí eile. Cuirfear airgead ar láimh, is é sin, sealúchas nótaí bainc agus boinn náisiúnta agus eachtracha atá i gcúrsaíocht agus a úsáidtear go minic chun íocaíochtaí a dhéanamh, san áireamh sa ró “sócmhainní eile”.

0030

Ionstraimí cothromais

Ionstraimí cothromais a shealbhaíonn an institiúid tuairiscithe mar a shainmhínítear in IAS 32.1.

0040

Urrúis fiachais

Iarscríbhinn V, Cuid 1, pointe 31

Tuairisceoidh institiúidí ionstraimí fiachais a shealbhaíonn an institiúid tuairiscithe a eisítear mar urrúis nach iasachtaí iad i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/379 (1).

0050

lena n-áirítear: bannaí faoi chumhdach

Urrúis fiachais a shealbhaíonn an institiúid tuairiscithe ar bannaí iad dá dtagraítear in Airteagal 52(4), an chéad fhomhír, de Threoir 2009/65/CE.

0060

lena n-áirítear: urrúsuithe

Urrúis fiachais a shealbhaíonn an institiúid tuairiscithe ar urrúsuithe iad mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (61), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

0070

lena n-áirítear: a d’eisigh rialtais ghinearálta

Urrúis fiachais a shealbhaíonn an institiúid tuairiscithe a eisíonn rialtais ghinearálta.

0080

lena n-áirítear: a d’eisigh corparáidí airgeadais

Urrúis fiachais a shealbhaíonn an institiúid tuairiscithe arna n-eisiúint ag corparáidí airgeadais mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn V, Cuid 1, pointe 42, pointí (c) agus (d).

0090

lena n-áirítear: a eisíonn corparáidí neamh-airgeadais

Urrúis fiachais a shealbhaíonn an institiúid tuairiscithe a eisíonn corparáidí neamhairgeadais mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn V, Cuid 1, pointe 42, pointe (e).

0100

Iasachtaí agus airleacain seachas iasachtaí ar éileamh

Iasachtaí agus airleacain ar ionstraimí fiachais seachas urrúis iad a shealbhaíonn na hinstitiúidí tuairiscithe; seachas iarmhéideanna is infhaighte ar éileamh.

0110

lena n-áirítear: Iasachtaí a chomhthaobhaítear le maoin dhochorraithe

Iasachtaí agus airleacain seachas iasachtaí ar éileamh a chomhthaobhaítear le maoin dhochorraithe de réir Iarscríbhinn V, cuid 2, pointe 86.

0120

Sócmhainní eile

Sócmhainní na hinstitiúide tuairiscithe atá cláraithe sa chlár comhardaithe seachas iad sin a thuairiscítear sna rónna 0020 go 0040 agus 0100 agus nach ionann iad agus urrúis fiachais dhílse agus ionstraimí cothromais fiachais dílse nach bhféadfaidh institiúid nach institiúid IFRS í iad a dhí-aithint ón gclár comhardaithe.

Sa chás sin, áireofar ionstraimí fiachais dílse i ró 0240 de theimpléad AE-COL agus eisiafar ionstraimí cothromais dílse ón tuairisciú ar ualú sócmhainní.

(1)   

Rialachán (AE) 2021/379 ón mBanc Ceannais Eorpach an 22 Eanáir 2021 maidir le míreanna den chlár comhardaithe de chuid institiúidí creidmheasa agus de chuid earnáil na n-institiúidí airgeadais airgeadaíochta (athmhúnlú) (BCE/2021/2) (IO L 73, 3.3.2021, lgh. 16–85)

2.1.3.   Treoracha a bhaineann le colúin shonracha



Colúin

Tagairtí dlí agus treoracha

0010

Suim ghlanluacha na sócmhainní ualaithe

Tuairisceoidh institiúidí suim ghlanluacha a sócmhainní atá ualaithe i gcomhréir leis an sainmhíniú ar ualú sócmhainní dá dtagraítear i bpointe 11 den Iarscríbhinn seo. Ciallóidh an tsuim ghlanluacha an méid a thuairiscítear ar thaobh na sócmhainní den chlár comhardaithe.

0020

lena n-áirítear: sócmhainní a eisíonn eintitis eile de chuid an ghrúpa

Suim ghlanluacha na sócmhainní ualaithe a shealbhaíonn an institiúid tuairiscithe a eisíonn aon eintiteas laistigh de raon feidhme stuamachta an chomhdhlúthaithe.

0030

lena n-áirítear: nithe incháilithe bainc ceannais

Suim ghlanluacha na sócmhainní ualaithe a shealbhaíonn an institiúid tuairiscithe atá incháilithe le haghaidh oibríochtaí leis na bainc cheannais sin dá bhfuil rochtain ag an institiúid tuairiscithe.

Maidir le hinstitiúidí tuairiscithe nach féidir leo incháilitheacht bainc ceannais a shuíomh go deimhneach i dtaca le hítim, mar shampla dlínsí a fheidhmíonn gan sainmhíniú soiléir ar shócmhainní incháilithe comhaontuithe athcheannaigh de chuid bainc ceannais nó nach bhfuil rochtain acu ar mhargadh athcheannaigh bainc ceannais a fheidhmíonn go leanúnach, féadfaidh siad staonadh ón méid gaolmhar i dtaca leis an ítim sin a thuairisciú i.e. an réimse tuairiscithe a fhágáil folamh.

0035

lena n-áirítear EHQLA agus HQLA atá incháilithe go barúlach

Suim ghlanluacha na sócmhainní ualaithe atá incháilithe go barúlach do cháiliú mar shócmhainní ag a bhfuil cáilíocht leachtachta agus chreidmheasa thar a bheith ard (EHQLA) agus sócmhainní ag a bhfuil cáilíocht leachtachta agus chreidmheasa ard (HQLA).

Chun críocha an Rialacháin seo, is éard a bheidh i gceist le EHQLA ualaithe atá incháilithe go barúlach agus HQLA ualaithe atá incháilithe go barúlach na sócmhainní a liostaítear in Airteagail 10 go 13 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61 agus lena gcomhlíonfaí na ceanglais ghinearálta agus oibriúcháin a leagtar amach in Airteagail 7 agus 8 den Rialachán Tarmligthe sin, murach a stádas mar shócmhainní ualaithe i gcomhréir leis an Iarscríbhinn seo.

Comhlíonfaidh EHQLA ualaithe atá incháilithe go barúlach agus HQLA ualaithe atá incháilithe go barúlach na ceanglais risíochta atá sonraithe de réir aicme a leagtar amach in Airteagail 10 go 16 agus Airteagail 35 go 37 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61 freisin. Is éard a bheidh i gceist le suim ghlanluacha EHQLA ualaithe atá incháilithe go barúlach agus HQLA ualaithe atá incháilithe go barúlach an tsuim ghlanluacha sula gcuirtear na caolchorrlaigh i bhfeidhm a shonraítear in Airteagail 10 go 16 den Rialachán Tarmligthe sin.

0040

Luach cóir na sócmhainní ualaithe

IFRS 13 agus Airteagal 8 de Threoir 2013/34/AE le haghaidh institiúidí nach institiúidí IFRS iad

Tuairisceoidh institiúidí luach cóir a n-urrús fiachais atá ualaithe i gcomhréir leis an sainmhíniú ar ualú sócmhainní dá dtagraítear i bpointe 11 den Iarscríbhinn seo.

Is luach cóir ionstraime airgeadais an praghas a gheofaí chun sócmhainn a dhíol nó an praghas a d’íocfaí chun dliteanas a aistriú in idirbheart ordúil idir rannpháirtithe sa mhargadh ar dháta an tomhais (féach IFRS 13 Tomhas Luacha Chóir).

0050

lena n-áirítear: nithe incháilithe bainc ceannais

Luach cóir na n-urrús fiachais ualaithe a shealbhaíonn an institiúid tuairiscithe atá incháilithe le haghaidh oibríochtaí leis na bainc cheannais sin dá bhfuil rochtain ag an institiúid tuairiscithe.

Maidir le hinstitiúidí tuairiscithe nach féidir leo incháilitheacht bainc ceannais a shuíomh go deimhneach i dtaca le hítim, mar shampla dlínsí a fheidhmíonn gan sainmhíniú soiléir ar shócmhainní incháilithe comhaontuithe athcheannaigh de chuid bainc ceannais nó nach bhfuil rochtain acu ar mhargadh athcheannaigh bainc ceannais a fheidhmíonn go leanúnach, féadfaidh siad staonadh ón méid gaolmhar i dtaca leis an ítim sin a thuairisciú i.e. an réimse tuairiscithe a fhágáil folamh.

0055

lena n-áirítear EHQLA agus HQLA atá incháilithe go barúlach

Luach cóir sócmhainní ualaithe atá incháilithe go barúlach do cháiliú mar EHQLA agus HQLA

Chun críocha an Rialacháin seo, is éard a bheidh i gceist le EHQLA ualaithe atá incháilithe go barúlach agus HQLA ualaithe atá incháilithe go barúlach na sócmhainní a liostaítear in Airteagail 10 go 13 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61 agus lena gcomhlíonfaí na ceanglais ghinearálta agus oibriúcháin a leagtar amach in Airteagail 7 agus 8 den Rialachán Tarmligthe sin, murach a stádas mar shócmhainní ualaithe i gcomhréir leis an Iarscríbhinn seo. Comhlíonfaidh EHQLA ualaithe atá incháilithe go barúlach agus HQLA ualaithe atá incháilithe go barúlach na ceanglais risíochta atá sonraithe de réir aicme a leagtar amach in Airteagail 10 go 16 agus Airteagail 35 go 37 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61 freisin. Is éard a bheidh i luach cóir EHQLA ualaithe atá incháilithe go barúlach agus i luach cóir HQLA ualaithe atá incháilithe go barúlach an luach cóir sula gcuirfear i bhfeidhm na caolchorrlaigh a shonraítear in Airteagail 10 go 16 den Rialachán Tarmligthe sin.

0060

Suim ghlanluacha na sócmhainní neamhualaithe

Tuairisceoidh institiúidí suim ghlanluacha a sócmhainní atá neamhualaithe i gcomhréir leis an sainmhíniú ar ualú sócmhainní dá dtagraítear i bpointe 11 den Iarscríbhinn seo.

Ciallóidh an tsuim ghlanluacha an méid a thuairiscítear ar thaobh na sócmhainní den chlár comhardaithe.

0070

lena n-áirítear: sócmhainní a eisíonn eintitis eile de chuid an ghrúpa

Suim ghlanluacha na sócmhainní neamhualaithe a shealbhaíonn an institiúid tuairiscithe a eisíonn aon eintiteas laistigh de raon feidhme stuamachta an chomhdhlúthaithe.

0080

lena n-áirítear: nithe incháilithe bainc ceannais

Suim ghlanluacha na sócmhainní neamhualaithe a shealbhaíonn an institiúid tuairiscithe atá incháilithe le haghaidh oibríochtaí leis na bainc cheannais sin dá bhfuil rochtain ag an institiúid tuairiscithe.

Maidir le hinstitiúidí tuairiscithe nach féidir leo incháilitheacht bainc ceannais a shuíomh go deimhneach i dtaca le hítim, mar shampla dlínsí a fheidhmíonn gan sainmhíniú soiléir ar shócmhainní incháilithe comhaontuithe athcheannaigh de chuid bainc ceannais nó nach bhfuil rochtain acu ar mhargadh athcheannaigh bainc ceannais a fheidhmíonn go leanúnach, féadfaidh siad staonadh ón méid gaolmhar i dtaca leis an ítim sin a thuairisciú i.e. an réimse tuairiscithe a fhágáil folamh.

0085

lena n-áirítear EHQLA agus HQLA

Suim ghlanluacha EHQLA neamhualaithe agus HQLA neamhualaithe a liostaítear in Airteagail 10 go 13 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61 agus lena gcomhlíontar na ceanglais ghinearálta agus oibriúcháin a leagtar amach in Airteagail 7 agus 8 den Rialachán Tarmligthe sin, mar aon leis na ceanglais risíochta atá sonraithe de réir aicme a leagtar amach in Airteagail 10 go 16 agus Airteagail 35 go 37 den Rialachán Tarmligthe sin.

Is é a bheidh i gceist le suim ghlanluacha EHQLA agus HQLA an tsuim ghlanluacha sula gcuirtear na caolchorrlaigh i bhfeidhm a shonraítear in Airteagail 10 go 16 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61.

0090

Luach cóir na sócmhainní neamhualaithe

IFRS 13 agus Airteagal 8 de Threoir 2013/34/AE le haghaidh institiúidí nach institiúidí IFRS iad

Tuairisceoidh institiúidí luach cóir a n-urrús fiachais atá neamhualaithe i gcomhréir leis an sainmhíniú ar ualú sócmhainní dá dtagraítear i bpointe 11 den Iarscríbhinn seo.

Is é a bheidh i gceist le luach cóir ionstraime airgeadais an praghas a gheofaí chun sócmhainn a dhíol nó an praghas a d’íocfaí chun dliteanas a aistriú in idirbheart ordúil idir rannpháirtithe sa mhargadh ar dháta an tomhais (féach IFRS 13 Tomhas Luacha Chóir).

0100

lena n-áirítear: nithe incháilithe bainc ceannais

Luach cóir na n-urrús fiachais neamhualaithe a shealbhaíonn an institiúid tuairiscithe atá incháilithe le haghaidh oibríochtaí leis na bainc cheannais sin dá bhfuil rochtain ag an institiúid tuairiscithe.

Maidir le hinstitiúidí tuairiscithe nach féidir leo incháilitheacht bainc ceannais a shuíomh go deimhneach i dtaca le hítim, mar shampla dlínsí a fheidhmíonn gan sainmhíniú soiléir ar shócmhainní incháilithe comhaontuithe athcheannaigh de chuid bainc ceannais nó nach bhfuil rochtain acu ar mhargadh athcheannaigh bainc ceannais a fheidhmíonn go leanúnach, féadfaidh siad staonadh ón méid gaolmhar i dtaca leis an ítim sin a thuairisciú i.e. an réimse tuairiscithe a fhágáil folamh.

0105

lena n-áirítear EHQLA agus HQLA

Luach cóir EHQLA neamhualaithe agus HQLA neamhualaithe a liostaítear in Airteagail 10 go 13 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61 agus lena gcomhlíontar na ceanglais ghinearálta agus oibriúcháin a leagtar amach in Airteagail 7 agus 8 den Rialachán Tarmligthe sin mar aon leis na ceanglais risíochta atá sonraithe de réir aicme a leagtar amach in Airteagail 10 go 16 agus Airteagail 35 go 37 den Rialachán Tarmligthe sin.

Is é a bheidh i gceist le luach cóir EHQLA agus HQLA an luach cóir sula gcuirtear na caolchorrlaigh i bhfeidhm a shonraítear in Airteagail 10 go 16 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61.

2.2.   Teimpléad: AE-COL. Comhthaobhacht atá faighte ag an institiúid tuairiscithe

2.2.1.   Barúlacha ginearálta

15. Maidir leis an gcomhthaobhacht atá faighte ag an institiúid tuairiscithe agus na hurrúis fiachais dhílse arna n-eisiúint seachas bannaí dílse faoi chumhdach nó urrúsuithe, déantar catagóir na sócmhainní “neamhualaithe” a dheighilt idir na cinn sin “atá ar fáil lena n-ualú” nó a d’fhéadfadh a bheith incháilithe d’ualú agus na cinn sinn “nach bhfuil ar fáil lena n-ualú”.

16. Sócmhainní “nach bhfuil ar fáil lena n-ualú” is ea sócmhainní nuair a bheidh siad faighte mar chomhthaobhacht agus gan cead ag an institiúid tuairiscithe an chomhthaobhacht a dhíol nó a athchur i ngeall, ach amháin i gcás mhainneachtain úinéir na comhthaobhachta. Ní bhíonn urrúis fiachais dhílse arna n-eisiúint seachas bannaí dílse faoi chumhdach nó urrúsuithe ar fáil lena n-ualú nuair a bhíonn aon srian ann i dtéarmaí na heisiúna le díol nó na hurrúis arna sealbhú a athchur i ngeall.

17. Chun críocha an tuairiscithe ar ualú na sócmhainní, déanfar urrúis atá faighte ar iasacht, mar mhalairt ar tháille gan comhthaobhacht airgid nó neamhairgid a sholáthar, a thuairisciú mar chomhthaobhacht a fuarthas.

2.2.2.   Treoracha a bhaineann le rónna sonracha



Rónna

Tagairtí dlí agus treoracha

0130

Comhthaobhacht atá faighte ag an institiúid tuairiscithe

Gach aicme comhthaobhachta atá faighte ag an institiúid tuairiscithe

0140

Iasachtaí ar éileamh

Comhthaobhacht atá faighte ag an institiúid tuairiscithe lena gcuimsítear iasachtaí ar éileamh

Féach tagairtí dlí agus na treoracha maidir le ró 0020 de theimpléad AE-ASS.

0150

Ionstraimí cothromais

Comhthaobhacht atá faighte ag an institiúid tuairiscithe lena gcuimsítear ionstraimí cothromais

Féach tagairtí dlí agus na treoracha maidir le ró 0030 de theimpléad AE-ASS.

0160

Urrúis fiachais

Comhthaobhacht atá faighte ag an institiúid tuairiscithe lena gcuimsítear urrúis fiachais

Féach tagairtí dlí agus na treoracha maidir le ró 0040 de theimpléad AE-ASS.

0170

lena n-áirítear: bannaí faoi chumhdach

Comhthaobhacht atá faighte ag an institiúid tuairiscithe lena gcuimsítear bannaí faoi chumhdach

Féach tagairtí dlí agus na treoracha maidir le ró 0050 de theimpléad AE-ASS.

0180

lena n-áirítear: urrúsuithe

Comhthaobhacht atá faighte ag an institiúid tuairiscithe lena gcuimsítear urrúsuithe

Féach tagairtí dlí agus na treoracha maidir le ró 0060 de theimpléad AE-ASS.

0190

lena n-áirítear: a d’eisigh rialtais ghinearálta

Comhthaobhacht atá faighte ag an institiúid tuairiscithe lena gcuimsítear urrúis fiachais arna n-eisiúint ag rialtais ghinearálta

Féach tagairtí dlí agus na treoracha maidir le ró 0070 de theimpléad AE-ASS.

0200

lena n-áirítear: a d’eisigh corparáidí airgeadais

Comhthaobhacht atá faighte ag an institiúid tuairiscithe lena gcuimsítear urrúis fiachais arna n-eisiúint ag corparáidí airgeadais

Féach tagairtí dlí agus na treoracha maidir le ró 0080 de theimpléad AE-ASS.

0210

lena n-áirítear: a d’eisigh corparáidí neamhairgeadais

Comhthaobhacht atá faighte ag an institiúid tuairiscithe lena gcuimsítear urrúis fiachais arna n-eisiúint ag corparáidí neamhairgeadais

Féach tagairtí dlí agus na treoracha maidir le ró 0090 de theimpléad AE-ASS.

0220

Iasachtaí agus airleacain seachas iasachtaí ar éileamh

Comhthaobhacht atá faighte ag an institiúid tuairiscithe lena gcuimsítear iasachtaí agus airleacain seachas iasachtaí ar éileamh

Féach tagairtí dlí agus na treoracha maidir le ró 0100 de theimpléad AE-ASS.

0230

Comhthaobhacht eile a fuarthas

Comhthaobhacht atá faighte ag an institiúid tuairiscithe lena gcuimsítear sócmhainní eile

Féach tagairtí dlí agus na treoracha maidir le ró 0120 de theimpléad AE-ASS.

0240

Urrúis fiachais dílis a eisíodh seachas bannaí dílse faoi chumhdach nó urrúsuithe

Urrúis fiachais dhílse arna n-eisiúint agus arna gcoinneáil ag an institiúid tuairiscithe nach bannaí dílse faoi chumhdach arna n-eisiúint iad nó nach urrúsuithe dílse arna n-eisiúint iad.

Toisc go laghdaítear na dliteanais airgeadais ghaolmhara leis na hurrúis fiachais dhílse arna n-eisiúint atá coinnithe nó athcheannaithe, de réir IAS 39.42, ní áireofar na hurrúis sin i gcatagóir shócmhainní na hinstitiúide tuairiscithe (ró 0010 de theimpléad AE-ASS). Maidir le hurrúis fiachais dhílse nach bhféadfaidh institiúid nach institiúid IFRS í a dhí-aithint ón gclár comhardaithe, áireofar sa ró sin iad.

Maidir le bannaí dílse faoi chumhdach arna n-eisiúint nó urrúsuithe dílse arna n-eisiúint, ní thuairisceofar sa chatagóir sin iad toisc gurb infheidhme rialacha difriúla maidir leis na cásanna sin chun comhaireamh dúbailte a sheachaint:

(a)  i gcás nach mbeidh na hurrúis fiachais dhílse curtha i ngeall, tuairisceofar méid an chomhthiomsaithe cumhdaigh/an líon sócmhainní foluiteacha atá mar thaca do na hurrúis choinnithe sin agus a bheidh curtha i ngeall, i dteimpléad AE-ASS mar shócmhainní ualaithe;

(b)  i gcás nach mbeidh na hurrúis fiachais dhílse curtha i ngeall go fóill, tuairisceofar méid an chomhthiomsaithe cumhdaigh/an líon sócmhainní foluiteacha atá mar thaca do na hurrúis choinnithe sin agus nach mbeidh curtha i ngeall go fóill, i dteimpléid AE-ASS mar shócmhainní neamhualaithe. Tuairisceofar faisnéis bhreise faoin dara cineál sin d’urrúis fiachais dhílse nach bhfuil curtha i ngeall go fóill (sócmhainní foluiteacha, luach cóir agus incháilitheacht na sócmhainní sin atá ar fáil lena n-ualú agus luach ainmniúil na sócmhainní sin nach bhfuil ar fáil lena n-ualú) i dteimpléad AE-NPL.

0245

Bannaí dílse faoi chumhdach agus urrúsú a eisíodh agus nár cuireadh i ngeall go fóill

Bannaí dílse faoi chumhdach agus urrúsuithe arna n-eisiúint a choinníonn an institiúid tuairiscithe agus nach bhfuil ualaithe

Chun comhaireamh dúbailte a sheachaint, is infheidhme an riail seo a leanas i ndáil le bannaí dílse faoi chumhdach agus urrúsuithe arna n-eisiúint agus arna gcoinneáil ag an institiúid tuairiscithe:

(a)  i gcás ina mbeidh na hurrúis sin curtha i ngeall, tuairisceofar méid an chomhthiomsaithe cumhdaigh/an líon sócmhainní foluiteacha atá mar thaca dóibh i dTeimpléad AE-ASS (F 32.01) mar shócmhainní ualaithe. Is é foinse an chistiúcháin i gcás ina gcuirfear bannaí dílse faoi chumhdach agus urrúsuithe i ngeall an t-idirbheart nua ina bhfuil na hurrúis á gcur i ngeall (cistiúchán bainc ceannais nó cineál cistiúcháin urraithe eile) agus ní hiad eisiúint bhunaidh na mbannaí faoi chumhdach ná na n-urrúsuithe an fhoinse;

(b)  i gcás nach mbeidh na hurrúis sin curtha i ngeall go fóill, tuairisceofar méid an chomhthiomsaithe cumhdaigh/an líon sócmhainní foluiteacha atá mar thaca do na hurrúis sin i dTeimpléad AE-ASS (F 32.01) mar shócmhainní neamhualaithe.

0250

IOMLÁN NA SÓCMHAINNÍ, NA COMHTHAOBHACHTA A FUARTHAS AGUS NA N-URRÚS FIACHAIS DÍLIS A EISÍODH

Gach sócmhainn de chuid na hinstitiúide tuairiscithe atá cláraithe ina clár comhardaithe, gach aicme comhthaobhachta atá faighte ag an institiúid tuairiscithe agus gach urrús fiachais dílis arna n-eisiúint agus arna gcoinneáil ag an institiúid tuairiscithe nach bannaí dílse faoi chumhdach arna n-eisiúint iad nó nach urrúsuithe dílse arna n-eisiúint iad.

2.2.3.   Treoracha a bhaineann le colúin shonracha



Colúin

Tagairtí dlí agus treoracha

0010

Luach cóir na comhthaobhachta ualaithe a fuarthas nó na n-urrús fiachais dílis a eisíodh

Tuairisceoidh institiúidí luach cóir na comhthaobhachta a fuarthas nó na n-urrús fiachais dílis atá á sealbhú/á gcoinneáil acu, atá ualaithe i gcomhréir leis an sainmhíniú ar ualú sócmhainní dá dtagraítear i bpointe 11 den Iarscríbhinn seo.

Is é a bheidh i gceist le luach cóir ionstraime airgeadais an praghas a gheofaí chun sócmhainn a dhíol nó an praghas a d’íocfaí chun dliteanas a aistriú in idirbheart ordúil idir rannpháirtithe sa mhargadh ar dháta an tomhais (féach IFRS 13 Tomhas Luacha Chóir).

0020

lena n-áirítear: sócmhainní a eisíonn eintitis eile de chuid an ghrúpa

Luach cóir na comhthaobhachta ualaithe a fuarthas nó na n-urrús fiachais dílis arna n-eisiúint atá á sealbhú/á gcoinneáil ag an institiúid tuairiscithe a eisíonn aon eintiteas laistigh de raon feidhme stuamachta an chomhdhlúthaithe.

0030

lena n-áirítear: nithe incháilithe bainc ceannais

Luach cóir na comhthaobhachta ualaithe a fuarthas nó na n-urrús fiachais dílis arna n-eisiúint atá á sealbhú/á gcoinneáil ag an institiúid tuairiscithe atá incháilithe le haghaidh oibríochtaí leis na bainc cheannais sin dá bhfuil rochtain ag an institiúid tuairiscithe.

Maidir le hinstitiúidí tuairiscithe nach féidir leo incháilitheacht bainc ceannais a shuíomh go deimhneach i dtaca le hítim, mar shampla dlínsí a fheidhmíonn gan sainmhíniú soiléir ar shócmhainní incháilithe comhaontuithe athcheannaigh de chuid bainc ceannais nó nach bhfuil rochtain acu ar mhargadh athcheannaigh bainc ceannais a fheidhmíonn go leanúnach, féadfaidh siad staonadh ón méid gaolmhar i dtaca leis an ítim sin a thuairisciú i.e. an réimse tuairiscithe a fhágáil folamh.

0035

lena n-áirítear EHQLA agus HQLA atá incháilithe go barúlach

Luach cóir na comhthaobhachta ualaithe a fuarthas, lena n-áirítear in aon idirbheart iasachtaithe urrús, nó aon urrús fiachais dílis arna eisiúint atá á shealbhú/á choinneáil ag an institiúid atá incháilithe go barúlach do cháiliú mar EHQLA agus HQLA.

Chun críocha an Rialacháin seo, is éard a bheidh i gceist le EHQLA ualaithe atá incháilithe go barúlach agus HQLA ualaithe atá incháilithe go barúlach na hítimí comhthaobhachta a fuarthas nó na hurrúis fiachais dhílse arna n-eisiúint atá á sealbhú/a gcoinneáil ag an institiúid tuairiscithe a liostaítear in Airteagail 10 go 13 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61 agus lena gcomhlíonfaí na ceanglais ghinearálta agus oibriúcháin a leagtar amach in Airteagail 7 agus 8 den Rialachán Tarmligthe sin, murach a stádas mar shócmhainní ualaithe i gcomhréir leis an Iarscríbhinn seo. Comhlíonfaidh EHQLA ualaithe atá incháilithe go barúlach agus HQLA ualaithe na ceanglais risíochta atá sonraithe de réir aicme a leagtar amach in Airteagail 10 go 16 agus Airteagail 35 go 37 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61 freisin. Is é a bheidh i gceist le luach cóir EHQLA ualaithe atá incháilithe go barúlach agus HQLA ualaithe atá incháilithe go barúlach an luach cóir sula gcuirtear na caolchorrlaigh i bhfeidhm a shonraítear in Airteagail 10 go 16 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61.

0040

Luach cóir na comhthaobhachta a fuarthas nó na n-urrús fiachais dílis a eisíodh atá ar fáil lena n-ualú

Luach cóir na comhthaobhachta atá faighte ag an institiúid tuairiscithe atá neamhualaithe ach ar fáil lena n-ualú toisc go bhfuil an institiúid tuairiscithe ceadaithe an chomhthaobhacht a dhíol nó a athchur i ngeall in éagmais mainneachtana ag úinéir na comhthaobhachta. Áirítear leis freisin luach cóir na n-urrús fiachais dílis arna n-eisiúint, seachas bannaí dílse faoi chumhdach nó urrúsuithe atá neamhualaithe ach ar fáil lena n-ualú.

0050

lena n-áirítear: sócmhainní a eisíonn eintitis eile de chuid an ghrúpa

Luach cóir na comhthaobhachta a fuarthas nó na n-urrús fiachais dílis arna n-eisiúint seachas bannaí dílse faoi chumhdach nó urrúsuithe atá ar fáil lena n-ualú a eisíonn aon eintiteas laistigh de raon feidhme stuamachta an chomhdhlúthaithe.

0060

lena n-áirítear: nithe incháilithe bainc ceannais

Luach cóir na comhthaobhachta a fuarthas nó na n-urrús fiachais dílis arna n-eisiúint seachas bannaí faoi chumhdach nó urrúsuithe atá ar fáil lena n-ualú, atá incháilithe d’oibríochtaí leis na bainc cheannais sin dá bhfuil rochtain ag an institiúid tuairiscithe.

Maidir le hinstitiúidí tuairiscithe nach féidir leo incháilitheacht bainc ceannais a shuíomh go deimhneach i dtaca le hítim, mar shampla dlínsí a fheidhmíonn gan sainmhíniú soiléir ar shócmhainní incháilithe comhaontuithe athcheannaigh de chuid bainc ceannais nó nach bhfuil rochtain acu ar mhargadh athcheannaigh bainc ceannais a fheidhmíonn go leanúnach, féadfaidh siad staonadh ón méid gaolmhar i dtaca leis an ítim sin a thuairisciú i.e. an réimse tuairiscithe a fhágáil folamh.

0065

lena n-áirítear EHQLA agus HQLA

Luach cóir na comhthaobhachta neamhualaithe a fuarthas nó na n-urrús fiachais dílis arna n-eisiúint atá á sealbhú/á gcoinneáil ag an institiúid seachas bannaí dílse faoi chumhdach nó suíomhanna urrúsúcháin atá ar fáil lena n-ualú a cháilíonn mar EHQLA agus HQLA a liostaítear in Airteagail 10 go 13 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61 agus lena gcomhlíontar na ceanglais ghinearálta agus oibriúcháin a leagtar amach in Airteagail 7 agus 8 den Rialachán Tarmligthe sin, mar aon leis na ceanglais risíochta atá sonraithe de réir aicme a leagtar amach in Airteagail 10 go 16 agus Airteagail 35 go 37 den Rialachán Tarmligthe sin.

Is é a bheidh i gceist le luach cóir EHQLA agus HQLA an luach cóir sula gcuirtear na caolchorrlaigh i bhfeidhm a shonraítear in Airteagail 10 go 16 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61.

0070

Luach ainmniúil na comhthaobhachta a fuarthas nó na n-urrús fiachais dílis a eisíodh nach bhfuil ar fáil lena n-ualú

Méid ainmniúil na comhthaobhachta a fuarthas a shealbhaíonn an institiúid tuairiscithe atá neamhualaithe agus nach bhfuil ar fáil lena hualú.

Áireofar leis freisin méid ainmniúil na n-urrús fiachais dílis arna n-eisiúint, seachas bannaí dílse faoi chumhdach nó urrúsuithe atá á gcoinneáil ag an institiúid tuairiscithe atá neamhualaithe agus nach bhfuil ar fáil lena n-ualú ach oiread.

2.3.   Teimpléad: AE-NPL. Bannaí dílse faoi chumhdach agus urrúsuithe a eisíodh agus nár cuireadh i ngeall go fóill

2.3.1.   Barúlacha ginearálta

18. Chun comhaireamh dúbailte a sheachaint, is infheidhme an riail seo a leanas i ndáil le bannaí dílse faoi chumhdach agus urrúsuithe arna n-eisiúint agus arna gcoinneáil ag an institiúid tuairiscithe:

(a) 

i gcás ina mbeidh na hurrúis sin curtha i ngeall, tuairisceofar méid an chomhthiomsaithe cumhdaigh/líon na sócmhainní foluiteacha atá mar thaca dóibh i dTeimpléad AE-ASS mar shócmhainní ualaithe. Is é foinse an chistiúcháin i gcás ina gcuirfear bannaí dílse faoi chumhdach agus urrúsuithe i ngeall an t-idirbheart nua ina bhfuil na hurrúis á gcur i ngeall (cistiúchán bainc ceannais nó cineál cistiúcháin urraithe eile) agus ní hiad eisiúint bhunaidh na mbannaí faoi chumhdach ná na n-urrúsuithe an fhoinse;

(b) 

i gcás nach mbeidh na hurrúis fiachais dhílse curtha i ngeall go fóill, tuairisceofar méid an chomhthiomsaithe cumhdaigh/líon na sócmhainní foluiteacha atá mar thaca do na hurrúis sin i dteimpléid AE-ASS mar shócmhainní neamhualaithe.

2.3.2.   Treoracha a bhaineann le rónna sonracha



Rónna

Tagairtí dlí agus treoracha

0010

Bannaí dílse faoi chumhdach agus urrúsuithe a eisíodh agus nár cuireadh i ngeall go fóill

Bannaí dílse faoi chumhdach agus urrúsuithe arna n-eisiúint a choinníonn an institiúid tuairiscithe agus nach bhfuil ualaithe.

0020

Bannaí coinnithe faoi chumhdach a eisíodh

Bannaí dílse faoi chumhdach arna n-eisiúint a choinníonn an institiúid tuairiscithe agus nach bhfuil ualaithe.

0030

Urrúsuithe coinnithe arna n-eisiúint

Urrúsuithe dílse arna n-eisiúint a choinníonn an institiúid tuairiscithe agus nach bhfuil ualaithe.

0040

Sinsearach

Tráinsí sinsearacha de na hurrúsuithe dílse arna n-eisiúint a choinníonn an institiúid tuairiscithe agus nach bhfuil ualaithe

Féach Airteagal 4(1), pointe (67), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

0050

Mezzanine

Tráinsí mezzanine de na hurrúsuithe dílse arna n-eisiúint a choinníonn an institiúid tuairiscithe agus nach bhfuil ualaithe

Maidir le gach tráinse nach tráinse sinsearach é, i.e. na cinn dheireanacha chun an caillteanas nó tráinsí an chéadchaillteanais a ionsú, measfar gur tráinsí mezzanine iad. Féach Airteagal 4(1), pointe (67), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

0060

Céadchaillteanas

Tráinsí céadchaillteanais de na hurrúsuithe dílse arna n-eisiúint a choinníonn an institiúid tuairiscithe agus nach bhfuil ualaithe.

Féach Airteagal 4(1), pointe (67), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

2.3.3.   Treoracha a bhaineann le colúin shonracha



Colúin

Tagairtí dlí agus treoracha

0010

Suim ghlanluacha na linne sócmhainní foluití

Suim ghlanluacha an chomhthiomsaithe cumhdaigh/na sócmhainní foluiteacha atá mar thaca do na bannaí dílse faoi chumhdach agus do na hurrúsuithe dílse a choinnítear agus nach bhfuil curtha i ngeall go fóill.

0020

Luach cóir na n-urrús fiachais dílis a eisíodh atá ar fáil lena n-ualú

Luach cóir na mbannaí dílse faoi chumhdach agus na n-urrúsuithe dílse a choinnítear atá neamhualaithe ach ar fáil lena n-ualú.

0030

Lena n-áirítear: nithe incháilithe bainc ceannais

Luach cóir na mbannaí dílse faoi chumhdach agus na n-urrúsuithe dílse arna gcoinneáil a chomhlíonann gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)  tá siad neamhualaithe;

(b)  tá siad ar fáil lena n-ualú;

(c)  tá siad incháilithe d’oibríochtaí leis na bainc cheannais sin dá bhfuil rochtain ag an institiúid tuairiscithe

Maidir le hinstitiúidí tuairiscithe nach féidir leo incháilitheacht bainc ceannais a shuíomh go deimhneach i dtaca le hítim, mar shampla dlínsí a fheidhmíonn gan sainmhíniú soiléir ar shócmhainní incháilithe comhaontuithe athcheannaigh de chuid bainc ceannais nó nach bhfuil rochtain acu ar mhargadh athcheannaigh bainc ceannais a fheidhmíonn go leanúnach, féadfaidh siad staonadh ón méid gaolmhar i dtaca leis an ítim sin a thuairisciú i.e. an réimse tuairiscithe a fhágáil folamh.

0035

lena n-áirítear EHQLA agus HQLA atá incháilithe go barúlach

Luach cóir na comhthaobhachta ualaithe a fuarthas, lena n-áirítear in aon idirbheart iasachtaithe urrús, nó aon urrús fiachais dílis arna eisiúint atá á shealbhú/á choinneáil ag an institiúid atá incháilithe go barúlach do cháiliú mar EHQLA agus HQLA.

Chun críocha an Rialacháin seo, is éard a bheidh i gceist le EHQLA ualaithe atá incháilithe go barúlach agus HQLA ualaithe atá incháilithe go barúlach na hítimí comhthaobhachta a fuarthas nó na hurrúis fiachais dhílse arna n-eisiúint atá á sealbhú/a gcoinneáil ag an institiúid tuairiscithe a liostaítear in Airteagail 10 go 13 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61 agus lena gcomhlíonfaí na ceanglais ghinearálta agus oibriúcháin a leagtar amach in Airteagail 7 agus 8 den Rialachán Tarmligthe sin, murach a stádas mar shócmhainní ualaithe i gcomhréir leis an Iarscríbhinn XVII seo. Comhlíonfaidh EHQLA ualaithe atá incháilithe go barúlach agus HQLA ualaithe na ceanglais risíochta atá sonraithe de réir aicme a leagtar amach in Airteagail 10 go 16 agus Airteagail 35 go 37 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61 freisin. Is é a bheidh i gceist le luach cóir EHQLA ualaithe atá incháilithe go barúlach agus HQLA ualaithe atá incháilithe go barúlach an luach cóir sula gcuirtear na caolchorrlaigh i bhfeidhm a shonraítear in Airteagail 10 go 16 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61.

0040

Luach ainmniúil na n-urrús fiachais dílis arna n-eisiúint nach bhfuil ar fáil lena ualú

Méid ainmniúil na mbannaí dílse faoi chumhdach agus na n-urrúsuithe dílse a choinnítear atá neamhualaithe agus nach bhfuil ar fáil lena n-ualú ach oiread.

2.4.   Teimpléad: AE-SOU. Foinsí an ualaithe

2.4.1.   Barúlacha ginearálta

19. Soláthraítear faisnéis leis an teimpléad seo maidir leis an tábhacht le haghaidh na hinstitiúide tuairiscithe a bhaineann le foinsí difriúla an ualaithe, lena n-áirítear iad siúd nach bhfuil aon chistiúchán gaolmhar acu mar ghealltanais iasachta nó ráthaíochtaí airgeadais atá faighte agus iasachtú urrús le comhthaobhacht neamhairgid.

20. Comhlíonann líon iomlán na sócmhainní agus na comhthaobhachta a fuarthas i dteimpléad AE-ASS agus i dteimpléad AE-COL an riail seo a leanas maidir le bailíochtú: {AE-SOU; r0170; c0030} = {AE-ASS; r0010; c0010} + {AE-COL; r0130; c0010} + {AE-COL; r0240; c0010}.

2.4.2.   Treoracha a bhaineann le rónna sonracha



Rónna

Tagairtí dlí agus treoracha

0010

Suim ghlanluacha dliteanas airgeadais roghnaithe

Suim ghlanluacha dhliteanais airgeadais chomhthaobhaithe roghnaithe na hinstitiúide tuairiscithe a mhéid a chuimsítear ualú sócmhainní le haghaidh na hinstitiúide sin leis na dliteanais sin

0020

Díorthaigh

Suim ghlanluacha dhíorthaigh chomhthaobhaithe na hinstitiúide tuairiscithe ar dliteanais airgeadais iad, is é sin, a bhfuil luach cóir diúltach acu, a mhéid a chuimsítear ualú sócmhainní le haghaidh na hinstitiúide sin leis na díorthaigh sin

0030

lena n-áirítear: thar an gcuntar

Suim ghlanluacha dhíorthaigh chomhthaobhaithe na hinstitiúide tuairiscithe ar dliteanais airgeadais iad a dhéantar a thrádáil thar an gcuntar, a mhéid a chuimsítear ualú sócmhainní leis na díorthaigh sin.

0040

Taiscí

Suim ghlanluacha thaiscí comhthaobhaithe na hinstitiúide tuairiscithe a mhéid a chuimsítear ualú sócmhainní le haghaidh na hinstitiúide sin leis na taiscí sin.

0050

Comhaontuithe athcheannaigh

Suim ghlanluacha chomhlán (gan aon ghlanluacháil á ceadú sa chreat cuntasaíochta) chomhaontuithe athcheannaigh na hinstitiúide tuairiscithe a mhéid a chuimsítear ualú sócmhainní le haghaidh na hinstitiúide sin leis na hidirbhearta sin.

Is é a bheidh i gceist le comhaontuithe athcheannaigh na hidirbhearta ina bhfaigheann an institiúid airgead tirim mar mhalairt ar shócmhainní airgeadais a díoladh ar phraghas áirithe faoi ghealltanas chun na sócmhainní céanna (nó sócmhainní comhionanna) a athcheannach ar phraghas seasta ar dháta sonraithe sa todhchaí. Ceanglaítear na cineálacha éagsúla uile seo a leanas d’oibríochtaí de chineál comhaontaithe athcheannaigh a thuairisciú mar chomhaontuithe athcheannaigh:

(a)  méideanna a fhaightear mar mhalairt ar urrúis a aistrítear go sealadach chuig tríú páirtí i bhfoirm iasacht urrús in aghaidh comhthaobhacht airgid; agus

(b)  méideanna a fhaightear mar mhalairt ar urrúis a aistrítear go sealadach chuig tríú páirtí i bhfoirm comhaontú díolacháin/athcheannaigh.

0060

lena n-áirítear: bainc cheannais

Suim ghlanluacha chomhaontuithe athcheannaigh na hinstitiúide tuairiscithe le bainc cheannais a mhéid a chuimsítear ualú sócmhainní leis na hidirbhearta sin.

0070

Taiscí comhthaobhaithe seachas comhaontuithe athcheannaigh

Suim ghlanluacha na dtaiscí comhthaobhaithe seachas comhaontuithe athcheannaigh na hinstitiúide tuairiscithe a mhéid a chuimsítear ualú sócmhainní le haghaidh na hinstitiúide sin leis na taiscí sin.

0080

lena n-áirítear: bainc cheannais

Suim ghlanluacha na dtaiscí comhthaobhaithe seachas comhaontuithe athcheannaigh na hinstitiúide tuairiscithe le bainc cheannais a mhéid a chuimsítear ualú sócmhainní le haghaidh na hinstitiúide sin leis na taiscí sin.

0090

Urrúis fiachais a eisíodh

Suim ghlanluacha na n-urrús fiachais arna n-eisiúint ag an institiúid tuairiscithe a mhéid a chuimsítear ualú sócmhainní le haghaidh na hinstitiúide sin leis na hurrúis sin arna n-eisiúint.

Leanfaidh an chuid choinnithe d’aon eisiúint an láimhseáil shonrach a leagtar amach i gCuid A, pointe 15, pointe (vi), ionas nach mbeidh ach an céatadán d’urrúis fiachais a chuirtear lasmuigh d’eintitis an ghrúpa le cur san áireamh faoin gcatagóir sin.

0100

lena n-áirítear: bannaí faoi chumhdach a eisíodh

Suim ghlanluacha na mbannaí faoi chumhdach, arb í an institiúid tuairiscithe a thionscain sócmhainní na mbannaí sin, a mhéid a chuimsítear ualú sócmhainní le haghaidh na hinstitiúide sin leis na hurrúis sin arna n-eisiúint.

0110

lena n-áirítear: urrúsuithe a eisíodh

Suim ghlanluacha na n-urrúsuithe arna n-eisiúint ag an institiúid tuairiscithe a mhéid a chuimsítear ualú sócmhainní le haghaidh na hinstitiúide sin leis na hurrúis sin arna n-eisiúint.

0120

Foinsí eile leasa urrúis

Líon idirbheart comhthaobhaithe na hinstitiúide tuairiscithe seachas dliteanais airgeadais, a mhéid a chuimsítear ualú sócmhainní le haghaidh na hinstitiúide sin leis na hidirbhearta sin.

0130

Luach ainmniúil na ngealltanas iasachta a fuarthas

Méid ainmniúil na ngealltanas iasachta atá faighte ag an institiúid tuairiscithe, a mhéid a chuimsítear ualú sócmhainní le haghaidh na hinstitiúide sin leis na gealltanais faighte sin.

0140

Luach ainmniúil na ráthaíochtaí airgeadais a fuarthas

Méid ainmniúil na ráthaíochtaí airgeadais atá faighte ag an institiúid tuairiscithe, a mhéid a chuimsítear ualú sócmhainní le haghaidh na hinstitiúide sin leis na ráthaíochtaí faighte sin.

0150

Luach cóir na n-urrús atá faighte ar iasacht le comhthaobhacht neamhairgid

Luach cóir na n-urrús atá faighte ar iasacht ag an institiúid tuairiscithe gan comhthaobhacht airgid, a mhéid a chuimsítear ualú sócmhainní le haghaidh na hinstitiúide sin leis na hidirbhearta sin.

0160

Eile

Líon idirbheart comhthaobhaithe na hinstitiúide tuairiscithe seachas dliteanais airgeadais, nach gcumhdaítear leis na hítimí a liostaítear i rónna 0130 go 0150, a mhéid a chuimsítear ualú sócmhainní le haghaidh na hinstitiúide sin leis na hidirbhearta sin.

0170

IOMLÁN NA bhFOINSÍ LEASA URRÚIS

Líon idirbheart comhthaobhaithe uile na hinstitiúide tuairiscithe a mhéid a chuimsítear ualú sócmhainní le haghaidh na hinstitiúide sin leis na hidirbhearta sin.

2.4.3.   Treoracha a bhaineann le colúin shonracha



Colúin

Tagairtí dlí agus treoracha

0010

Dliteanais chomhfhreagracha, dliteanais theagmhasacha nó urrúis a tugadh ar iasacht

Líon na ndliteanas airgeadais meaitseála, na ndliteanas teagmhasach (gealltanais iasachta atá faighte agus ráthaíochtaí airgeadais atá faighte) agus na n-urrús a tugadh ar iasacht le comhthaobhacht neamhairgid, a mhéid a chuimsítear ualú sócmhainní le haghaidh na hinstitiúide sin leis na hidirbhearta sin.

Tuairisceofar dliteanais airgeadais de réir a suime glanluacha; tuairisceofar dliteanais theagmhasacha de réir a méid ainmniúil; agus tuairisceofar urrúis a tugadh ar iasacht le comhthaobhacht neamhairgid de réir a luacha chóir.

0020

lena n-áirítear: ó eintitis eile de chuid an ghrúpa

Líon na ndliteanas airgeadais meaitseála, na ndliteanas teagmhasach (gealltanais iasachta atá faighte agus ráthaíochtaí airgeadais atá faighte) agus na n-urrús a tugadh ar iasacht le comhthaobhacht neamhairgid, a mhéid is aon eintiteas eile é an contrapháirtí laistigh de raon feidhme stuamachta an chomhdhlúthaithe agus a mhéid lena gcuimsítear ualú sócmhainní le haghaidh na hinstitiúide sin leis an idirbheart.

Le haghaidh rialacha is infheidhme maidir le cineálacha méideanna, féach na treoracha i dtaca le colún 0010.

0030

Sócmhainní, comhthaobhacht a fuarthas agus urrúsuithe dílse arna n-eisiúint seachas bannaí faoi chumhdach agus urrúsuithe ualaithe

Líon na sócmhainní, méid na comhthaobhachta a fuarthas agus líon na n-urrús dílis arna n-eisiúint seachas bannaí faoi chumhdach agus urrúsuithe atá ualaithe de thoradh chineál difriúil na n-idirbheart a shonraítear sna rónna.

Chun comhsheasmhacht leis na critéir i dteimpléid AE-ASS agus AE-ASS a áirithiú, tuairisceofar sócmhainní na hinstitiúide tuairiscithe atá cláraithe sa chlár comhardaithe de réir a suime glanluacha, na comhthaobhachta athúsáidte a fuarthas agus na n-urrús dílis ualaithe arna n-eisiúint seachas bannaí faoi chumhdach agus urrúsuithe, de réir a luacha chóir.

0040

lena n-áirítear: comhthaobhacht a fuarthas a athúsáideadh

Luach cóir na comhthaobhachta a fuarthas atá athúsáidte/ualaithe de thoradh chineál difriúil na n-idirbheart a shonraítear sna rónna.

050

Lena n-áirítear: urrúis fiachais dhílse ualaithe

Luach cóir na n-urrús dílis arna n-eisiúint seachas bannaí faoi chumhdach agus urrúsuithe atá ualaithe de thoradh chineál difriúil n-idirbheart a shonraítear sna rónna.

3.   CUID B: SONRAÍ AIBÍOCHTA

3.1.   Barúlacha ginearálta

21. Léirítear achoimre ghinearálta leis an teimpléad atá san áireamh i gCuid B ar líon na sócmhainní ualaithe agus ar mhéid na comhthaobhachta a fuarthas agus a athúsáideadh a thagann faoi eatraimh shainmhínithe aibíocht iarmhair na ndliteanas meaitseála.

3.2.   Teimpléad: AE-MAT. Sonraí aibíochta

3.2.1.   Treoracha a bhaineann le rónna sonracha



Rónna

Tagairtí dlí agus treoracha

0010

Sócmhainní ualaithe

Chun críocha an teimpléid seo, áireofar na nithe uile seo a leanas le sócmhainní ualaithe:

(a)  sócmhainní na hinstitiúide tuairiscithe (féach an treoir maidir le ró 0010 de theimpléad AE-ASS), a thuairisceofar de réir a suime glanluacha;

(b)  urrúis fiachais dhílse arna n-eisiúint seachas bannaí dílse faoi chumhdach nó urrúsuithe (féach an treoir maidir le ró 240 de theimpléad AE-COL), a thuairisceofar ar luach cóir.

Dáilfear na méideanna sin i measc thacar na dtráinsí aibíochta iarmhair a shonraítear sna colúin de réir aibíocht iarmhair fhoinse a n-ualaithe (dliteanas meaitseála, dliteanas teagmhasach nó idirbheart maidir le hiasacht urrús).

0020

Comhthaobhacht a fuarthas a athúsáideadh (céim na fála)

Féach na treoracha maidir le ró 130 de theimpléad AE-COL agus colún 0040 de theimpléad AE-SOU.

Tuairisceoidh institiúidí na méideanna de réir a luacha chóir agus dáilfidh siad iad i measc thacar na dtráinsí aibíochta iarmhair a shonraítear sna colúin de réir aibíocht iarmhair an idirbhirt lenar gineadh glacadh na comhthaobhachta atá á hathúsáid (céim na fála) i gcomhair an eintitis.

0030

Comhthaobhacht a fuarthas a athúsáideadh (céim na hathúsáide)

Féach na treoracha maidir le ró 130 de theimpléad AE-COL agus colún 0040 de theimpléad AE-SOU.

Tuairisceoidh institiúidí na méideanna ar luach cóir agus dáilfidh siad iad i measc thacar na dtráinsí aibíochta iarmhair a shonraítear sna colúin de réir aibíocht iarmhair fhoinse a n-ualaithe (céim na hathúsáide): dliteanas meaitseála, dliteanas teagmhasach nó idirbheart maidir le hiasacht urrús.

3.2.2.   Treoracha a bhaineann le colúin shonracha



Colúin

Tagairtí dlí agus treoracha

0010

Aibíocht oscailte

Ar éileamh, gan dáta aibíochta sonrach

0020

Thar oíche

Dáta dlite níos luaithe ná nó cothrom le 1 lá

0030

> 1 lá <=1seacht

Dáta dlite níos déanaí ná 1 lá agus níos luaithe ná nó cothrom le 1 seachtain

0040

> 1 seacht.<=2sheacht

Dáta dlite níos déanaí ná 1 seachtain agus níos luaithe ná nó cothrom le 2 sheachtain

0050

> 2sheacht. <=1mhí

Dáta dlite níos déanaí ná 2 sheachtain agus níos luaithe ná nó cothrom le 1 mhí

0060

> 1mhí<=3mhí

Dáta dlite níos déanaí ná 1 mhí agus níos luaithe ná nó cothrom le 3 mhí

0070

> 3mhí<=6mhí

Dáta dlite níos déanaí ná 3 mhí agus níos luaithe ná nó cothrom le 6 mhí

0080

> 6mhí<=1bhl

Níos mó ná 6 mhí agus níos luaithe ná nó cothrom le 1 bhliain

0090

> 1bhl.<=2bhl

Dáta dlite níos déanaí ná 1 bhliain agus níos luaithe ná nó cothrom le 2 bhliain

0100

> 2bhl.<=3bl

Dáta dlite níos déanaí ná 2 bhliain agus níos luaithe ná nó cothrom le 3 bliana

0110

> 3bl <=5bl

Dáta dlite níos déanaí ná 3 bliana agus níos luaithe ná nó cothrom le 5 bliana

0120

> 5bl <=10mbl

Dáta dlite níos déanaí ná 5 bliana agus níos luaithe ná nó cothrom le 10 mbliana

0130

> 10mbl

Dáta dlite níos déanaí ná 10 mbliana

4.   CUID C: UALÚ TEAGMHASACH

4.1.   Barúlacha ginearálta

22. Cuirfidh institiúidí i láthair leis an teimpléad seo leibhéal an ualaithe sócmhainní as a n-eascraíonn roinnt cásanna struis.

23. Tagraítear le hualú teagmhasach do na sócmhainní breise a bhféadfadh gá a bheith ann iad a ualú nuair a bheidh forbairtí dochracha roimh institiúidí tuairiscithe arna spreagadh ag teagmhas seachtrach nach mbeidh aon smacht ag an institiúid tuairiscithe air (lena n-áirítear íosghrádú, laghdú ar luach cóir na sócmhainní ualaithe nó caillteanas ginearálta muiníne). Sna cásanna sin, beidh ar an institiúid tuairiscithe sócmhainní breise a ualú mar thoradh ar idirbhearta atá ann cheana. Beidh líon breise na sócmhainní ualaithe glan ar thionchar idirbhearta fálaithe na hinstitiúide in aghaidh na dteagmhas a ndéantar tuairisc orthu faoi na cásanna struis réamhluaite.

24. Leis an teimpléad seo, áirítear an dá chás seo a leanas maidir le hualú teagmhasach a thuairisciú agus leagtar amach cuntas níos mionsonraithe orthu i ranna 4.1.1. agus 4.1.2. Is é meastachán réasúnta na hinstitiúide bunaithe ar an bhfaisnéis is fearr dá mbeidh ar fáil a bheidh san fhaisnéis a thuairisceofar.

(a) 

Laghdú 30 % ar luach cóir na sócmhainní ualaithe. Ní chumhdaítear leis an gcás sin ach athrú ar luach cóir foluiteach na sócmhainní, agus ní chumhdaítear leis aon athrú eile a d’fhéadfadh difear a dhéanamh dá suim ghlanluacha amhail gnóthachain agus caillteanais airgeadra eachtraigh nó lagú féideartha. Féadfar go gcuirfear iallach ar an institiúid tuairiscithe ansin comhthaobhacht bhreise a bhreacadh chun luach na comhthaobhachta a choinneáil tairiseach.

(b) 

Dímheas 10 % i ngach airgeadra ina bhfuil dliteanais chomhiomlána ag an institiúid arb ionann iad agus 5 % de dhliteanais iomlána na hinstitiúide, nó a sháraíonn 5 % de dhliteanais iomlána na hinstitiúide.

25. Tuairisceofar na cásanna go neamhspleách ar a chéile, agus tuairisceofar dímheasanna suntasacha airgeadra go neamhspleách ar dhímheasanna airgeadraí suntasacha eile freisin. Dá réir sin, ní chuirfidh institiúidí comhghaolta idir na cásanna san áireamh.

4.1.1.   Cás A: Laghdú 30 % ar shócmhainní ualaithe

26. Glacfar leis go dtagann laghdú 30 % ar luach gach sócmhainne ualaithe. Maidir le riachtanas comhthaobhachta breise a eascróidh as laghdú den sórt sin, cuirfear leibhéil reatha na ró-chomhthaobhachta san áireamh, sa mhéid nach ndéanfar ach an t-íosleibhéal comhthaobhachta a chothabháil. Leis an riachtanas comhthaobhachta breise, cuirfear san áireamh ceanglais chonarthacha na gconarthaí agus na gcomhaontuithe dá ndéanfar difear freisin, lena n-áirítear truicir tairsí.

27. Ní chuirfear san áireamh ach conarthaí agus comhaontuithe, i gcás ina bhfuil oibleagáid dhlíthiúil ann chun comhthaobhacht bhreise a sholáthar. Cuimseofar leis sin eisiúintí bannaí faoi chumhdach i gcás ina mbeidh ceanglas dlíthiúil ann íosleibhéil ró-chomhthaobhachta a chaomhnú ach nach mbeidh aon cheanglas ann leibhéil rátála reatha ar an mbanna faoi chumhdach a chothabháil.

4.1.2.   Cás B: Dímheas 10 % in airgeadraí suntasacha

28. Beidh airgeadra ina airgeadra suntasach má bhíonn dliteanais chomhiomlána ag an institiúid san airgeadra sin arb ionann iad agus 5 % de dhliteanais iomlána na hinstitiúide nó má sháraíonn siad 5 % de dhliteanais iomlána na hinstitiúide.

29. Le ríomh dímheas 10 %, cuirfear san áireamh na hathruithe ar thaobh na sócmhainní agus na hathruithe ar thaobh na ndliteanas, i.e. na neamhréireanna idir sócmhainní agus dliteanais a fhócasú. Mar shampla ní cúis le hualú breise idirbhearta athcheannaigh in USD bunaithe ar shócmhainní USD, ach cúis le hualú breise is ea idirbheart athcheannaigh in USD bunaithe ar shócmhainn EUR.

30. Cumhdófar gach idirbheart ina mbeidh eilimint trasairgeadra leis an ríomh sin.

4.2.   Teimpléad: AE-CONT. Ualú teagmhasach

4.2.1.   Treoracha a bhaineann le rónna sonracha

31. Féach na treoracha a bhaineann le rónna sonracha theimpléad AE-SOU i roinn 2.4.2. Níl ábhar na rónna i dteimpléad AE-CONT difriúil le teimpléad AE-SOU.

4.2.2.   Treoracha a bhaineann le colúin shonracha



Colúin

Tagairtí dlí agus treoracha

0010

Dliteanais chomhfhreagracha, dliteanais theagmhasacha nó urrúis a tugadh ar iasacht

Na treoracha agus na sonraí céanna agus is amhlaidh i dtaca le colún 0010 de theimpléad AE-SOU; líon na ndliteanas airgeadais meaitseála, na ndliteanas teagmhasach (gealltanais iasachta atá faighte agus ráthaíochtaí airgeadais atá faighte) agus na n-urrús a tugadh ar iasacht le comhthaobhacht neamhairgid, a mhéid a chuimsítear ualú sócmhainní le haghaidh na hinstitiúide sin leis na hidirbhearta sin

Mar a thagraítear dóibh le haghaidh gach ró sa teimpléad, tuairisceoidh institiúidí dliteanais airgeadais de réir a suime glanluacha, dliteanais theagmhasacha de réir a luacha ainmniúil agus urrúis a tugadh ar iasacht le comhthaobhacht neamhairgid de réir a luacha chóir.

0020

A.  Líon breise de shócmhainní ualaithe

An líon breise sócmhainní a thiocfadh chun bheith ualaithe mar gheall ar fhoráil dhlíthiúil, rialaitheach nó chonarthach a d’fhéadfaí a spreagadh i gcás ina dtarlódh cás A.

Ag leanúint na dtreoracha a leagtar síos i gCuid A, tuairisceoidh institiúidí na méideanna sin de réir a suime glanluacha má bhaineann an méid le sócmhainní na hinstitiúide tuairiscithe nó de réir a luacha chóir má bhaineann siad le comhthaobhacht a fuarthas. Tuairisceofar méideanna a sháraíonn sócmhainní neamhualaithe agus comhthaobhacht na hinstitiúide ar luach cóir.

0030

B.  Líon breise de shócmhainní ualaithe. Airgeadra suntasach 1

An líon breise sócmhainní a thiocfadh chun bheith ualaithe mar gheall ar fhoráil dhlíthiúil, rialaitheach nó chonarthach a d’fhéadfaí a spreagadh i gcás dímheasa ar airgeadra suntasach uimhir 1 i gcás B.

Féach na rialacha maidir le cineálacha méideanna i ró 0020.

0040

B.  Líon breise de shócmhainní ualaithe. Airgeadra suntasach 2

An líon breise sócmhainní a thiocfadh chun bheith ualaithe mar gheall ar fhoráil dhlíthiúil, rialaitheach nó chonarthach a d’fhéadfaí a spreagadh i gcás dímheasa ar airgeadra suntasach uimhir 2 i gcás B.

Féach na rialacha maidir le cineálacha méideanna i ró 0020.

5.   CUID D: BANNAÍ FAOI CHUMHDACH

5.1.   Barúlacha ginearálta

32. Tuairisceofar an fhaisnéis sa teimpléad seo le haghaidh na mbannaí uile faoi chumhdach arna n-eisiúint ag an institiúid tuairiscithe a chomhlíonann GCUI. Is bannaí faoi chumhdach a chomhlíonann GCUI iad na bannaí dá dtagraítear in Airteagal 52(4), an chéad fhomhír, de Threoir 2009/65/CE. Is bannaí faoi chumhdach arna n-eisiúint ag an institiúid tuairiscithe iad sin más rud é go bhfuil an institiúid tuairiscithe i ndáil leis an mbanna faoi chumhdach faoi réir, de bhun an dlí is infheidhme, maoirseacht speisialta phoiblí a ceapadh chun sealbhóirí bannaí a chosaint agus más amhlaidh le haghaidh an bhanna sin faoi chumhdach go gceanglaítear suimeanna a eascraíonn as eisiúint na mbannaí sin a infheistiú i gcomhréir leis an dlí i sócmhainní, lena mbeifear cumasach, i rith thréimhse bhailíochta iomlán na mbannaí, éilimh a ghabhann leis na bannaí a chumhdach agus a d’úsáidfí, i gcás ina gclisfí ar an eisitheoir, ar bhonn tosaíochta chun an phríomhshuim a aisíoc agus an t-ús fabhraithe a íoc.

33. Maidir le bannaí faoi chumhdach arna n-eisiúint ag nó thar ceann na hinstitiúide tuairiscithe nach bannaí faoi chumhdach iad a chomhlíonann GCUI, ní thuairisceofar iad laistigh de theimpléid AE-CB.

34. Beidh an tuairisciú bunaithe ar an gcóras reachtúil maidir le bannaí faoi chumhdach, i.e. an creat dlíthiúil is infheidhme maidir leis an gclár bannaí faoi chumhdach.

5.2.   Teimpléad: AE-CB. Eisiúint bannaí faoi chumhdach

5.2.1.   Treoracha a bhaineann le z-ais



z-ais

Tagairtí dlí agus treoracha

0010

Aitheantóir an chomhthiomsaithe cumhdaigh (oscailte)

Is éard a bheidh i sainaitheantóir an chomhthiomsaithe cumhdaigh ainm nó giorrúchán gan débhrí eintiteas eisiúna an chomhthiomsaithe cumhdaigh agus ainmniú an chomhthiomsaithe cumhdaigh atá faoi réir na mbeart cosanta ábhartha i leith bannaí faoi chumhdach go haonair.

5.2.2.   Treoracha a bhaineann le rónna sonracha



Rónna

Tagairtí dlí agus treoracha

0010

Méid ainmniúil

Is é suim na n-éileamh ar íocaíocht na príomhshuime a bheidh sa mhéid ainmniúil, a chinnfear i gcomhréir le rialacha an chórais reachtúil faoi seach maidir le bannaí faoi chumhdach is infheidhme chun cumhdach leordhóthanach a chinneadh.

0020

Luach reatha (babhtáil)/Margadhluach

Is é suim na n-éileamh ar íocaíocht na príomhshuime agus an úis a bheidh sa luach reatha (babhtáil), mar a lascainítear le cuar toraidh atá saor ó phriacal a bhaineann le hairgeadra eachtrach go sonrach, arna chinneadh i gcomhréir le rialacha an chórais reachtúil ábhartha maidir le bannaí faoi chumhdach is infheidhme chun cumhdach leordhóthanach a chinneadh.

I dtaca le colúin 0080 agus 0210 lena dtagraítear do shuíomhanna díorthach comhthiomsaithe cumhdaigh, tuairisceofar an margadhluach.

0030

Luach sainsócmhainne

Is é luach eacnamaíoch shócmhainní an chomhthiomsaithe cumhdaigh a bheidh sa luach sainsócmhainne, mar a fhéadfar tuairisciú a dhéanamh air le luach cóir i gcomhréir le IFRS 13, margadhluach is inbhraite ó idirbhearta arna ndéanamh i margaí leachtacha, nó le luach reatha lena lascaineofaí sreafaí airgid todhchaí a bhainfeadh le sócmhainn de réir cuar ráta úis sainsócmhainne.

0040

Suim ghlanluacha

Is é an luach de réir na leabhar ag eisitheoir na mbannaí faoi chumhdach a bheidh i suim ghlanluacha dliteanais banna faoi chumhdach nó sócmhainne comhthiomsaithe cumhdaigh.

5.2.3.   Treoracha a bhaineann le colúin shonracha



Colúin

Tagairtí dlí agus treoracha

0010

An gcomhlíontar Airteagal 129 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013? [COMHLÍONTAR/NÍ CHOMHLÍONTAR]

Sonróidh institiúidí cé acu a chomhlíontar nó nach gcomhlíontar leis an gcomhthiomsú cumhdaigh na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 129 de Rialachán(AE) Uimh. 575/2013 chun bheith incháilithe don chóir fhabhrach a leagtar amach in Airteagal 129(4) agus (5) den Rialachán sin.

0012

Má CHOMHLÍONTAR, cuir in iúl príomhaicme sócmhainní an chomhthiomsaithe cumhdaigh

Má tá an comhthiomsú cumhdaigh incháilithe don chóir fhabhrach a leagtar amach in Airteagal 129(4) agus (5) de Rialachán(AE) Uimh. 575/2013 (an freagra COMHLÍONTAR i gcolún 0011), tabharfar príomhaicme sócmhainní an chomhthiomsaithe cumhdaigh le fios sa chill seo. Úsáidfear an t-aicmiú in Airteagal 129(1) den Rialachán sin chun na críche sin agus tabharfar cóid “a”, “b”, “c”, “d”, “e”, “f” agus “g” le fios dá réir sin. Cuirfear cóid “h” i bhfeidhm nuair nach dtagann príomhaicme sócmhainne an chomhthiomsaithe cumhdaigh faoi aon cheann ar bith de na catagóirí roimhe.

0020-0140

Dliteanas bannaí faoi chumhdach

Is iad dliteanais an eintitis eisiúna a bheidh i gceist le dliteanais bannaí faoi chumhdach a thabhaítear trí bhannaí faoi chumhdach a eisiúint agus baineann siad le gach suíomh mar a shainmhínítear leis an gcóras reachtúil faoi seach maidir le bannaí faoi chumhdach atá faoi réir na mbeart cosanta ábhartha i leith bannaí faoi chumhdach (d’fhéadfadh, mar shampla, urrúis atá i gcúrsaíocht a bheith san áireamh leis sin mar aon le suíomh chontrapháirtithe eisitheoir na mbannaí faoi chumhdach i suíomhanna díorthach ag a bhfuil, faoi mar a bhaineann le heisitheoir na mbannaí faoi chumhdach, margadhluach diúltach curtha i leith an chomhthiomsaithe cumhdaigh agus a láimhseáiltear mar dhliteanais bhannaí faoi chumhdach i gcomhréir leis an gcóras reachtúil ábhartha maidir le bannaí faoi chumhdach).

0020

Dáta tuairiscithe

Líon na ndliteanas bannaí faoi chumhdach, gan suíomhanna díorthach comhthiomsaithe cumhdaigh a áireamh, de réir na raonta dátaí difriúla sa todhchaí.

0030

+ 6 mhí

Is é an pointe ama 6 mhí tar éis an dáta tagartha maidir le tuairisciú an dáta “+ 6 mhí”. Soláthrófar méideanna ag glacadh leis nach bhfuil aon athrú tagtha ar dhliteanais bannaí faoi chumhdach i gcomparáid leis an dáta tagartha maidir le tuairisciú ach amháin maidir le hamúchadh. In éagmais sceidil shocraithe íocaíochtaí, le haghaidh méideanna gan íoc ag dátaí amach anseo, úsáidfear an aibíocht ionchais ar bhealach comhsheasmhach.

0040-0070

+ 12 mhí – + 10 mbliana

Mar is amhlaidh maidir le “+ 6 mhí” (colún 0030) maidir leis an bpointe ama faoi seach ón dáta tagartha maidir le tuairisciú

0080

Suíomhanna díorthach an chomhthiomsaithe cumhdaigh ag a bhfuil margadhluach glan diúltach

Glan-mhargadhluach diúltach shuíomhanna díorthach an chomhthiomsaithe cumhdaigh ag a bhfuil glan-mhargadhluach diúltach faoi mar a bhaineann le heisitheoir na mbannaí faoi chumhdach

Maidir le suíomhanna díorthach an chomhthiomsaithe cumhdaigh, is iad na glansuíomhanna díorthach sin a bheidh i gceist leo atá áirithe sa chomhthiomsú cumhdaigh i gcomhréir leis an gcóras reachtúil ábhartha maidir le bannaí faoi chumhdach agus atá faoi réir na mbeart cosanta faoi seach i leith bannaí faoi chumhdach sa mhéid go gceanglaítear cumhdach le sócmhainní incháilithe comhthiomsaithe cumhdaigh le haghaidh suíomhanna díorthach den sórt sin ag a bhfuil margadhluach diúltach.

Tuairisceofar an glan-mhargadhluach diúltach le haghaidh an dáta tagartha maidir le tuairisciú agus le haghaidh an dáta sin amháin.

0090-0140

Rátáil chreidmheasa sheachtrach ar bhanna faoi chumhdach

Soláthróidh institiúidí faisnéis ar rátálacha creidmheasa seachtracha ar an mbanna faoi chumhdach faoi seach, mar is amhlaidh ar an dáta tuairiscithe.

0090

Gníomhaireacht rátála creidmheasa 1

Más ann do rátáil chreidmheasa de chuid aon ghníomhaireachta rátála creidmheasa amháin ar a laghad ón dáta tuairiscithe ar aghaidh, soláthróidh institiúidí ainm gníomhaireachta amháin de na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa sin. Más ann do rátálacha creidmheasa ó bhreis agus trí ghníomhaireacht rátála creidmheasa amhail ón dáta tuairiscithe, roghnófar na trí ghníomhaireacht rátála creidmheasa dá soláthraítear faisnéis bunaithe ar a leitheadúlacht sa mhargadh faoi seach.

0100

Rátáil chreidmheasa 1

An rátáil chreidmheasa atá eisithe ag an ngníomhaireacht rátála creidmheasa a thuairiscítear i gcolún 0090 ar an mbanna faoi chumhdach ón dáta tagartha maidir le tuairisciú ar aghaidh

Más ann do rátálacha creidmheasa fadtéarmacha agus gearrthéarmacha ón ngníomhaireacht rátála creidmheasa céanna, tuairisceofar an rátáil chreidmheasa fhadtéarmach. Áireofar aon mhodhnaitheoir leis an rátáil chreidmheasa a bheidh le tuairisciú.

0110, 130

Gníomhaireacht rátála creidmheasa 2 agus gníomhaireacht rátála creidmheasa 3

Mar is amhlaidh maidir le gníomhaireacht rátála creidmheasa 1 (colún 0090) i dtaca le tuilleadh gníomhaireachtaí rátála creidmheasa a d’eisigh rátálacha creidmheasa ar an mbanna faoi chumhdach ón dáta tagartha maidir le tuairisciú

0120, 0140

Rátáil chreidmheasa 2 agus rátáil chreidmheasa 3

Mar is amhlaidh maidir le rátáil chreidmheasa 1 (colún 0100) i dtaca le tuilleadh rátálacha creidmheasa arna n-eisiúint ag gníomhaireachtaí rátála creidmheasa 2 agus 3 ar an mbanna faoi chumhdach arb ann dóibh ón dáta tagartha maidir le tuairisciú

0150-0250

Comhthiomsú cumhdaigh

Cuimseofar na suíomhanna uile leis an gcomhthiomsú cumhdaigh, lena n-áirítear suíomhanna díorthach comhthiomsaithe cumhdaigh, faoi mar a bhaineann le heisitheoir na mbannaí faoi chumhdach, le glan-mhargadhluach deimhneach, atá faoi réir na mbeart cosanta faoi seach i leith bannaí faoi chumhdach.

0150

Dáta tuairiscithe

Líon na sócmhainní sa chomhthiomsú cumhdaigh ach amháin suíomhanna díorthach comhthiomsaithe cumhdaigh

Áireofar leis an líon sin íoscheanglais ró-chomhthaobhachta móide aon ró-chomhthaobhacht bhreise is mó ná an t-íoscheanglas, a mhéid a bheidh sí faoi réir na mbeart cosanta faoi seach i leith bannaí faoi chumhdach.

0160

+ 6 mhí

Is é an pointe ama 6 mhí tar éis an dáta tagartha maidir le tuairisciú an dáta tuairiscithe “+ 6 mhí”. Tuairisceoidh institiúidí na méideanna ag glacadh leis nach bhfuil aon athrú tagtha ar chomhthiomsú cumhdaigh i gcomparáid leis an dáta tuairiscithe ach amháin maidir le hamúchadh. In éagmais sceidil shocraithe íocaíochtaí, le haghaidh méideanna gan íoc ag dátaí amach anseo, úsáidfear aibíocht ionchais ar bhealach comhsheasmhach.

0170-0200

+ 12 mhí – + 10 mbliana

Mar is amhlaidh maidir le “+ 6 mhí” (colún 0160) maidir leis an bpointe ama faoi seach ón dáta tagartha maidir le tuairisciú

0210

Suíomhanna díorthach an chomhthiomsaithe cumhdaigh ag a bhfuil margadhluach glan deimhneach

Glan-mhargadhluach deimhneach shuíomhanna díorthach an chomhthiomsaithe cumhdaigh ag a bhfuil, faoi mar a bhaineann le heisitheoir na mbannaí faoi chumhdach, glan-mhargadhluach deimhneach

Maidir le suíomhanna díorthach an chomhthiomsaithe cumhdaigh, is iad na glansuíomhanna díorthach sin a bheidh i gceist leo atá áirithe sa chomhthiomsú cumhdaigh i gcomhréir leis an gcóras reachtúil ábhartha maidir le bannaí faoi chumhdach agus atá faoi réir na mbeart cosanta faoi seach i leith bannaí faoi chumhdach sa mhéid nach ndéanfadh suíomhanna díorthach den sórt sin ag a bhfuil margadhluach deimhneach cuid d’eastát dócmhainneachta ginearálta eisitheoir na mbannaí faoi chumhdach.

Tuairisceofar an glan-mhargadhluach deimhneach le haghaidh an dáta tuairiscithe agus le haghaidh an dáta sin amháin.

0220-0250

Méideanna comhthiomsaithe cumhdaigh is mó ná íoscheanglais maidir le cumhdach

Méideanna an chomhthiomsaithe cumhdaigh, lena n-áirítear suíomhanna díorthach comhthiomsaithe cumhdaigh ag a bhfuil glan-mhargadhluach deimhneach, is mó ná ceanglais maidir le híoschumhdach (ró-chomhthaobhacht)

0220

De réir an chórais ábhartha reachtúil maidir le bannaí faoi chumhdach

Méideanna ró-chomhthaobhachta i gcomparáid leis an íoschumhdach a cheanglaítear leis an gcóras ábhartha reachtúil maidir le bannaí faoi chumhdach

0230-0250

De réir mhodheolaíocht na ngníomhaireachtaí rátála creidmheasa chun rátáil chreidmheasa sheachtrach reatha ar bhanna faoi chumhdach a choinneáil ar bun

Méideanna ró-chomhthaobhachta i gcomparáid leis an leibhéal, de réir faisnéise ar mhodheolaíocht na gníomhaireachta rátála creidmheasa faoi seach atá ar fáil d’eisitheoir na mbannaí faoi chumhdach, arbh é an t-íoscheanglas é chun tacú leis an rátáil chreidmheasa reatha arna heisiúint ag an ngníomhaireacht rátála creidmheasa faoi seach

0230

Gníomhaireacht rátála creidmheasa 1

Méideanna rósholáthair urrúis chomhthaobhaigh i gcomparáid leis an leibhéal, de réir faisnéise ar mhodheolaíocht ghníomhaireacht rátála creidmheasa 1 (colún 0090) atá ar fáil d’eisitheoir na mbannaí faoi chumhdach, arbh é an t-íoscheanglas é chun tacú le rátáil chreidmheasa 1 (colún 0100).

0240-0250

Gníomhaireacht rátála creidmheasa 2 agus gníomhaireacht rátála creidmheasa 3

Beidh feidhm leis na treoracha maidir le gníomhaireacht rátála creidmheasa 1 (colún 0230) maidir le gníomhaireacht rátála creidmheasa 2 (colún 0110) agus gníomhaireacht rátála creidmheasa 3 (colún 0130) freisin.

6.   CUID E: ARDSONRAÍ

6.1.   Barúlacha ginearálta

35. Leanann Cuid E an struchtúr céanna agus atá sna teimpléid achoimre ar an ualú i gCuid A le teimpléid dhifriúla maidir le hualú shócmhainní na hinstitiúide tuairiscithe agus le hualú na comhthaobhachta a fuarthas: AE-ADV1 agus AE-ADV2 faoi seach. Dá dhroim sin, comhfhreagraíonn dliteanais mheaitseála do na dliteanais atá urraithe leis na sócmhainní ualaithe agus ní gá gurb ann d’aon chomhghaol dliteanais le dliteanas.

6.2.   Teimpléad: AE-ADV1. Ardteimpléad i dtaca le sócmhainní na hinstitiúide tuairiscithe

6.2.1.   Treoracha a bhaineann le rónna sonracha



Rónna

Tagairtí dlí agus treoracha

0010-0020

Cistiúchán bainc ceannais (de gach cineál, lena n-áirítear comhaontuithe athcheannaigh)

Cineálacha dliteanas uile na hinstitiúide tuairiscithe inar banc ceannais é contrapháirtí an idirbhirt.

Maidir le sócmhainní a réamhshocraíodh le bainc cheannais, ní láimhseofar mar shócmhainní ualaithe iad ach amháin sa chás nach gceadaíonn an banc ceannais aon sócmhainn atá curtha a aistarraingt gan formheas roimh ré. Maidir le ráthaíochtaí airgeadais neamhúsáidte, déanfar an chuid neamhúsáidte, i.e. an méid os cionn an íosmhéid a cheanglaítear leis an mbanc ceannais, a leithdháileadh ar bhonn pro rata i measc na sócmhainní a chuirtear ag an mbanc ceannais.

0030-0040

Díorthaigh mhalartaithe arna dtrádáil ar an stocmhalartán

Suim ghlanluacha dhíorthaigh chomhthaobhaithe na hinstitiúide tuairiscithe ar dliteanais airgeadais iad, a mhéid a liostaítear nó a thrádáiltear na díorthaigh sin ar mhalartán infheistíochta aitheanta nó ainmnithe agus a mhéid a chuimsítear ualú sócmhainní le haghaidh na hinstitiúide sin leis na díorthaigh sin.

0050-0060

Díorthaigh thar an gcuntar

Suim ghlanluacha dhíorthaigh chomhthaobhaithe na hinstitiúide tuairiscithe ar dliteanais airgeadais iad, a mhéid a thrádáiltear na díorthaigh sin thar an gcuntar agus a mhéid lena a chuimsítear ualú sócmhainní le haghaidh na hinstitiúide sin leis na díorthaigh sin; an treoir chéanna i ró 030 de theimpléad AE-SOU.

0070-0080

Comhaontuithe athcheannaigh

Suim ghlanluacha chomhaontuithe athcheannaigh na hinstitiúide tuairiscithe nach banc ceannais é contrapháirtí an idirbhirt ina leith, a mhéid a chuimsítear ualú sócmhainní le haghaidh na hinstitiúide sin leis na hidirbhearta sin.

Maidir le comhaontuithe athcheannaigh trípháirteacha, leanfar an láimhseáil chéanna agus is amhlaidh maidir leis na comhaontuithe athcheannaigh a mhéid a chuimsítear ualú sócmhainní le haghaidh na hinstitiúide tuairiscithe leis na hidirbhearta sin.

0090-0100

Taiscí comhthaobhaithe seachas comhaontuithe athcheannaigh

Suim ghlanluacha thaiscí comhthaobhaithe na hinstitiúide tuairiscithe seachas comhaontuithe athcheannaigh nach banc ceannais é contrapháirtí an idirbhirt ina leith, a mhéid a chuimsítear ualú sócmhainní le haghaidh na hinstitiúide sin leis na taiscí sin.

0110-0120

Urrúis bannaí faoi chumhdach a eisíodh

Féach na treoracha i ró 0100 de theimpléad AE-SOU.

0130-0140

Urrúsuithe a eisíodh

Féach na treoracha i ró 0110 de theimpléad AE-SOU.

0150-0160

Urrúis fiachais a eisíodh seachas bannaí faoi chumhdach agus urrúsuithe

Suim ghlanluacha na n-urrús fiachais arna n-eisiúint ag an institiúid tuairiscithe seachas bannaí faoi chumhdach agus urrúsuithe a mhéid a chuimsítear ualú sócmhainní le haghaidh na hinstitiúide sin leis na hurrúis sin

I gcás inar choinnigh an institiúid tuairiscithe cuid de na hurrúis fiachais arna n-eisiúint, cibé ón dáta eisiúna nó dá éis sin de thoradh athcheannaigh, ní áireofar na hurrúis choinnithe sin faoin mír sin. Ina theannta sin, aicmeofar an chomhthaobhacht arna sannadh dóibh mar chomhthaobhacht neamhualaithe chun críocha an teimpléid seo.

0170-0180

Foinsí eile leasa urrúis

Féach na treoracha i ró 0120 de theimpléad AE-SOU.

0190

Iomlán na sócmhainní ualaithe

Maidir le gach cineál sócmhainne a shonraítear i rónna theimpléad AE-ADV1, suim ghlanluacha na sócmhainní a shealbhaíonn an institiúid tuairiscithe atá ualaithe

0200

lena n-áirítear: nithe incháilithe bainc ceannais

Maidir le gach cineál sócmhainne a shonraítear i rónna theimpléad AE-ADV1, suim ghlanluacha na sócmhainní a shealbhaíonn an institiúid tuairiscithe atá neamhualaithe agus atá incháilithe le haghaidh oibríochtaí leis na bainc cheannais sin dá bhfuil rochtain ag an institiúid tuairiscithe.

Maidir le hinstitiúidí tuairiscithe nach féidir leo incháilitheacht bainc ceannais a shuíomh go deimhneach i dtaca le hítim, mar shampla dlínsí a fheidhmíonn gan sainmhíniú soiléir ar shócmhainní incháilithe comhaontuithe athcheannaigh de chuid bainc ceannais nó nach bhfuil rochtain acu ar mhargadh athcheannaigh bainc ceannais a fheidhmíonn go leanúnach, féadfaidh siad staonadh ón méid gaolmhar i dtaca leis an ítim sin a thuairisciú i.e. an réimse tuairiscithe a fhágáil folamh.

0210

Iomlán na sócmhainní neamhualaithe

Maidir le gach cineál sócmhainne a shonraítear i rónna theimpléad AE-ADV1, suim ghlanluacha na sócmhainní a shealbhaíonn an institiúid tuairiscithe atá neamhualaithe.

Ciallóidh an tsuim ghlanluacha an méid a thuairiscítear ar thaobh na sócmhainní den chlár comhardaithe.

0220

lena n-áirítear: nithe incháilithe bainc ceannais

Maidir le gach cineál sócmhainne a shonraítear i rónna theimpléad AE-ADV1, suim ghlanluacha na sócmhainní a shealbhaíonn an institiúid tuairiscithe atá neamhualaithe agus atá incháilithe d’oibríochtaí leis na bainc cheannais sin dá bhfuil rochtain ag an institiúid tuairiscithe

Maidir le hinstitiúidí tuairiscithe nach féidir leo incháilitheacht bainc ceannais a shuíomh go deimhneach i dtaca le hítim, mar shampla dlínsí a fheidhmíonn gan sainmhíniú soiléir ar shócmhainní incháilithe comhaontuithe athcheannaigh de chuid bainc ceannais nó nach bhfuil rochtain acu ar mhargadh athcheannaigh bainc ceannais a fheidhmíonn go leanúnach, féadfaidh siad staonadh ón méid gaolmhar i dtaca leis an ítim sin a thuairisciú i.e. an réimse tuairiscithe a fhágáil folamh.

0230

Sócmhainní ualaithe + neamhualaithe

Maidir le gach cineál sócmhainne a shonraítear i rónna theimpléad AE-ADV1, suim ghlanluacha na sócmhainní a shealbhaíonn an institiúid tuairiscithe.

6.2.2.   Treoracha a bhaineann le colúin shonracha



Colúin

Tagairtí dlí agus treoracha

0010

Iasachtaí ar éileamh

Féach na treoracha maidir le ró 0020 de theimpléad AE-ASS.

0020

Ionstraimí cothromais

Féach na treoracha maidir le ró 0030 de theimpléad AE-ASS.

0030

Iomlán

Féach na treoracha maidir le ró 0040 de theimpléad AE-ASS.

0040

lena n-áirítear: bannaí faoi chumhdach

Féach na treoracha maidir leis an tuairisc i dtaca le ró 0050 de theimpléad AE-ASS.

0050

lena n-áirítear: sócmhainní a eisíonn eintitis eile de chuid an ghrúpa

Bannaí faoi chumhdach mar a thuairiscítear sna treoracha maidir le ró 0050 de theimpléad AE-ASS a eisíonn aon eintiteas laistigh de raon feidhme stuamachta an chomhdhlúthaithe

0060

lena n-áirítear: urrúsuithe

Féach na treoracha maidir le ró 0060 de theimpléad AE-ASS.

0070

lena n-áirítear: sócmhainní a eisíonn eintitis eile de chuid an ghrúpa

Urrúsuithe mar a dtugtar tuairisc orthu sna treoracha maidir le ró 0060 de theimpléad AE-ASS a eisíonn aon eintiteas laistigh de raon feidhme stuamachta an chomhdhlúthaithe.

0080

lena n-áirítear: a d’eisigh rialtais ghinearálta

Féach na treoracha maidir le ró 0070 de theimpléad AE-ASS.

0090

lena n-áirítear: a d’eisigh corparáidí airgeadais

Féach na treoracha maidir le ró 0080 de theimpléad AE-ASS.

0100

lena n-áirítear: a d’eisigh corparáidí neamhairgeadais

Féach na treoracha maidir le ró 0090 de theimpléad AE-ASS.

0110

Bainc cheannais agus rialtais ghinearálta

Iasachtaí agus airleacain seachas iasachtaí ar éileamh do bhanc ceannais nó rialtas ginearálta

0120

Corparáidí airgeadais

Iasachtaí agus airleacain seachas iasachtaí ar éileamh do chorparáidí airgeadais

0130

Corparáidí neamhairgeadais

Iasachtaí agus airleacain seachas iasachtaí ar éileamh do chorparáidí neamhairgeadais

0140

lena n-áirítear: Iasachtaí a chomhthaobhaítear le maoin dhochorraithe

Iasachtaí agus airleacain seachas iasachtaí ar éileamh a ráthaítear le hiasacht atá comhthaobhaithe le maoin dhochorraithe a tugadh do chorparáidí neamhairgeadais

0150

Teaghlaigh

Iasachtaí agus airleacain seachas iasachtaí ar éileamh a tugadh do theaghlaigh

0160

lena n-áirítear: Iasachtaí a chomhthaobhaítear le maoin dhochorraithe

Iasachtaí agus airleacain seachas iasachtaí ar éileamh a ráthaítear le hiasacht atá comhthaobhaithe le maoin dhochorraithe a tugadh do theaghlaigh

0170

Sócmhainní eile

Féach an treoir maidir le ró 120 de theimpléad AE-ASS.

0180

Iomlán

Féach an treoir maidir le ró 010 de theimpléad AE-ASS.

6.3.   Teimpléad: AE-ADV2. Ardteimpléad i dtaca le comhthaobhacht atá faighte ag an institiúid tuairiscithe

6.3.1.   Treoracha a bhaineann le rónna sonracha

36. Féach roinn 6.2.1 toisc go bhfuil na treoracha don dá theimpléad cosúil le chéile.

6.3.2.   Treoracha a bhaineann le colúin shonracha



Colúin

Tagairtí dlí agus treoracha

0010

Iasachtaí ar éileamh

Féach na treoracha maidir le ró 0140 de theimpléad AE-COL.

0020

Ionstraimí cothromais

Féach na treoracha maidir le ró 0150 de theimpléad AE-COL.

0030

Iomlán

Féach na treoracha maidir le ró 0160 de theimpléad AE-COL.

0040

lena n-áirítear: bannaí faoi chumhdach

Féach na treoracha i ró 0170 de theimpléad AE-COL.

0050

lena n-áirítear: sócmhainní a eisíonn eintitis eile de chuid an ghrúpa

Comhthaobhachtaí atá faighte ag an institiúid tuairiscithe ar bannaí faoi chumhdach iad a eisíonn aon eintiteas laistigh de raon feidhme stuamachta an chomhdhlúthaithe

0060

lena n-áirítear: urrúsuithe

Féach na treoracha maidir le ró 0180 de theimpléad AE-COL.

0070

lena n-áirítear: sócmhainní a eisíonn eintitis eile de chuid an ghrúpa

Comhthaobhachtaí atá faighte ag an institiúid tuairiscithe ar urrúsuithe iad a eisíonn aon eintiteas laistigh de raon feidhme stuamachta an chomhdhlúthaithe

0080

lena n-áirítear: a d’eisigh rialtais ghinearálta

Féach na treoracha maidir le ró 0190 de theimpléad AE-COL.

0090

lena n-áirítear: a d’eisigh corparáidí airgeadais

Féach na treoracha maidir le ró 0200 de theimpléad AE-COL.

0100

lena n-áirítear: a d’eisigh corparáidí neamhairgeadais

Féach na treoracha maidir le ró 0210 de theimpléad AE-COL.

0110

Bainc cheannais agus rialtais ghinearálta

Comhthaobhachtaí atá faighte ag an institiúid tuairiscithe ar iasachtaí agus airleacain iad seachas iasachtaí ar éileamh do bhanc ceannais nó rialtas ginearálta

0120

Corparáidí airgeadais

Comhthaobhachtaí atá faighte ag an institiúid tuairiscithe ar iasachtaí agus airleacain iad seachas iasachtaí ar éileamh do chorparáidí airgeadais

0130

Corparáidí neamhairgeadais

Comhthaobhachtaí atá faighte ag an institiúid tuairiscithe ar iasachtaí agus airleacain iad seachas iasachtaí ar éileamh do chorparáidí neamhairgeadais

0140

lena n-áirítear: Iasachtaí a chomhthaobhaítear le maoin dhochorraithe

Comhthaobhachtaí atá faighte ag an institiúid tuairiscithe ar iasachtaí agus airleacain iad atá comhthaobhaithe le maoin dhochorraithe a tugadh do chorparáidí neamhairgeadais, gan iasachtaí ar éileamh a áireamh

0150

Teaghlaigh

Comhthaobhachtaí atá faighte ag an institiúid tuairiscithe ar iasachtaí agus airleacain iad seachas iasachtaí ar éileamh a tugadh do theaghlaigh

0160

lena n-áirítear: Iasachtaí a chomhthaobhaítear le maoin dhochorraithe

Comhthaobhachtaí atá faighte ag an institiúid tuairiscithe ar iasachtaí agus airleacain iad seachas iasachtaí ar éileamh a ráthaítear le hiasacht atá comhthaobhaithe le maoin dhochorraithe a tugadh do theaghlaigh

0170

Sócmhainní eile

Féach na treoracha maidir le ró 0230 de theimpléad AE-COL.

0180

Urrúis fiachais dílis a eisíodh seachas bannaí dílse faoi chumhdach nó urrúsuithe

Féach na treoracha maidir le ró 0240 de theimpléad AE-COL.

0190

Iomlán

Féach na treoracha maidir le rónna 0130 agus 0140 de theimpléad AE-COL.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.09.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32021R0451
  • EULAW_EL -

    EULAW_EL