+IARSCRÍBHINN XXIX
|
IARSCRÍBHINN XXIX
IARSCRÍBHINN XXIX
TREORACHA TUAIRISCITHE CHUN CRÍOCH RIOSCA AN RÁTA ÚIS SA LEABHAR BAINCÉIREACHTA
|
Clár Ábhar
|
|
|
CUID I:
|
|
|
TREORACHA GINEARÁLTA
|
|
1.
|
Struchtúr
|
|
2.
|
Raon feidhme an tuairiscithe
|
|
3.
|
Ionstraimí ráta chomhlúthaigh/sheasta a láimhseáil
|
|
4.
|
Roghanna a láimhseáil
|
|
5.
|
Gnás maidir le comharthaí
|
|
6.
|
Giorrúcháin
|
|
7.
|
Gnásanna eile
|
|
|
CUID II
|
|
|
MEASTÓIREACHT AR IRRBB: SOT AR EVE/NII AGUS ATHRUITHE MV (J 01.00)
|
|
1.
|
Barúlacha ginearálta
|
|
2.
|
Treoracha a bhaineann le suíomhanna sonracha
|
|
|
CUID III
|
|
|
MIONDEALÚ AR MHEASTACHÁIN ÍOGAIREACHTA (J 02.00, J 03.00 agus J 04.00)
|
|
1.
|
Barúlacha ginearálta
|
|
2.
|
Treoracha a bhaineann le suíomhanna sonracha
|
|
|
CUID IV
|
|
|
SREABHADH AIRGID ATHPHRAGHSÁLA (J 05.00, J 06.00 agus J 07.00)
|
|
1.
|
Barúlacha ginearálta
|
|
2.
|
Treoracha a bhaineann le suíomhanna sonracha:
|
|
|
CUID V
|
|
|
PARAIMÉADAIR ÁBHARTHA (J 08.00 agus J 09.00)
|
|
1.
|
Barúlacha ginearálta
|
|
2.
|
Treoracha a bhaineann le suíomhanna sonracha
|
|
|
CUID VI
|
|
|
FAISNÉIS CHÁILÍOCHTÚIL (J 10.00 agus J 11.00)
|
|
1.
|
Barúlacha ginearálta
|
|
2.
|
Treoracha a bhaineann le suíomhanna sonracha
|
CUID I
TREORACHA GINEARÁLTA
1.
Struchtúr
1.1.
San Iarscríbhinn seo tá na treoracha chun teimpléid Riosca an Ráta Úis sa Leabhar Baincéireachta (IRRBB) a thuairisciú.
1.2.
Cúig thacar éagsúla teimpléad atá san Iarscríbhinn seo:
(a)
Meastóireacht ar IRRBB: Tástálacha Asluiteach Maoirseachta (SOT) ar Luach Eacnamaíoch Cothromais (EVE) agus ar Ghlanioncam Úis (NII) agus athruithe ar Mhargadhluach (MV) (J 01.00);
(b)
miondealú ar mheastacháin íogaireachta IRRBB (J 02.00, J 03.00 agus J 04.00);
(c)
sreabhadh airgid athphraghsála IRRBB (J 05.00, J 06.00 agus J 07.00);
(d)
paraiméadair ábhartha maidir le samhaltú iompraíochta (J 08.00 agus J 09.00);
(e)
faisnéis cháilíochtúil (J 10.00 agus J 11.00);
1.3.
Soláthraítear tagairtí dlí le haghaidh gach teimpléid. Áirítear san Iarscríbhinn seo tuilleadh faisnéis mhionsonraithe faoi ghnéithe níos ginearálta den tuairisciú ar gach tacar teimpléad agus treoracha maidir le suíomhanna sonracha.
1.4.
Tuairisceoidh institiúidí an teimpléad san airgeadra tuairiscithe, gan beann ar ainmníocht iarbhír na sócmhainní, na ndliteanas ná na hítimí lasmuigh den chlár comhardaithe. Déanfar airgeadraí seachas an t-airgeadra tuairiscithe a chomhshó san airgeadra tuairiscithe ag ráta tagartha FX ÚBE ar an dáta tagartha. Déanfaidh institiúidí na teimpléid arna miondealú de réir na n-airgeadraí comhfhreagracha a thuairisciú ar leithligh i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/856 (
23
) ón gCoimisiún.
1.5.
I gcomhréir le hAirteagal 3(2), pointe (c), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/856, léireoidh institiúidí roghanna uathoibríocha agus iompraíochta ina ríomhanna, i gcás inarb infheidhme, mura sonraítear a mhalairt.
2.
Raon feidhme an tuairiscithe
Déanfaidh institiúidí a meastacháin IRRBB a réamh-mheas agus faisnéis a sholáthar maidir lena neamhchosaintí ráta úis a eascraíonn as na suíomhanna atá íogair i leith an ráta úis sa leabhar baincéireachta a thagann faoi raon feidhme SOTanna (Airteagail 3 agus 4 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/856. Go háirithe, breithneoidh institiúid gach ionstraim i gcomhréir le hAirteagal 3(2), pointí (a) go (f), agus Airteagal 3(3), (4) agus (5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/856.
3.
Ionstraimí ráta chomhlúthaigh/sheasta a láimhseáil
I gcás ina n-iarrfar faisnéis ar leithligh maidir le hionstraimí ráta chomhlúthaigh nó ionstraimí ráta sheasta, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(a)
ciallaíonn “ionstraim ráta sheasta”“ionstraim ráta sheasta” mar a shainmhínítear in Airteagal 1, pointe (4), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/857 (
24
). Go sonrach:
(i)
ionstraimí gan aibíocht chonarthach shonrach (i.e., táirgí neamhaibíochta), nach bhfuil a sreabhadh airgid íocaíochtaí úis nasctha go conarthach nó go dlíthiúil le gluaiseachtaí tagarmhairc sheachtraigh nó le hinnéacs institiúide a bhainistítear go hinmheánach ach atá, ina ionad sin, faoi chumhacht lánroghnach na hinstitiúide nó gníomhaireachta rialtais;
(ii)
ionstraimí a bhfuil aibíocht chonarthach shonrach acu, a bhfuil a sreabhadh airgid íocaíochtaí úis seasta ó thionscnamh na hionstraime go dtí go dtiocfaidh sí in aibíocht, nó i gcás ina mbeidh a hathphraghsáil chonarthach os cionn 1 bhliain amháin, nó i gcás go mbeidh athruithe ar a luach saothair — ag aon trá le linn shaolré an chonartha — faoi chumhacht lánroghnach na hinstitiúide nó gníomhaireachta rialtais.
(b)
ciallaíonn “ionstraim ráta chomhlúthaigh”“ionstraim ráta chomhlúthaigh” mar a shainmhínítear in Airteagal 1, pointe (5), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/857. Go sonrach:
(i)
ionstraimí gan aibíocht chonarthach shonrach (i.e., táirgí neamhaibíochta), nach bhfuil a sreabhadh airgid íocaíochtaí úis faoi chumhacht lánroghnach na hinstitiúide nó gníomhaireachta rialtais ach atá, ina ionad sin, nasctha go conarthach nó go dlíthiúil le gluaiseachtaí tagarmhairc sheachtraigh nó le hinnéacs institiúide a bhainistítear go hinmheánach;
(ii)
ionstraimí a bhfuil aibíocht chonarthach shonrach acu, nach bhfuil a sreabhadh airgid íocaíochtaí úis seasta ó thionscnamh na hionstraime go dtí go dtiocfaidh sí in aibíocht, i gcás ina mbeidh a hathphraghsáil chonarthach níos lú ná 1 bhliain amháin nó cothrom léi, agus i gcás nach mbeidh athruithe ar a luach saothair le linn shaolré an chonartha faoi chumhacht lánroghnach na hinstitiúide nó gníomhaireachta rialtais.
4.
Roghanna a láimhseáil
I gcás ina n-iarrfar faisnéis ar leithligh maidir le roghanna, tuairisceoidh institiúidí mar a leanas:
(a)
roghanna leabaithe a thuairisciú in éineacht lena n-ionstraim óstach ábhartha;
(b)
roghanna sainráite/leithleacha a thuairisciú mar ionstraimí díorthacha ar leithligh ó aon chineál eile míreanna cláir chomhardaithe (i.e. tuairisceoidh siad na roghanna sin in éineacht leis an ítim fhálaithe).
5.
Gnás maidir le comharthaí
5.1. Go ginearálta, tuairisceoidh institiúidí luachanna deimhneacha ar fud na dteimpléad. Figiúirí arna sloinneadh in aonaid airgeadaíochta a thagraíonn do leibhéal EVE, leibhéal NII agus leibhéal MV, tuairisceofar iad sin go ginearálta mar fhigiúr deimhneach, gan beann ar cé acu a thagraíonn siad do shócmhainn nó do dhliteanas, cé go mbreathnófar eisceachtaí air sin: is amhlaidh a bheidh i gcás ina mbeidh leibhéal NII diúltach má bhíonn na speansais úis níos mó ná na hioncaim úis sa chás bunlíne, nó i gcás díorthach ar gá glanluachanna na malairtí díorthaigh a thuairisciú ina leith.
5.2. Déanfaidh institiúidí na hathruithe (Δ) ar EVE, NII agus MV a thuairisciú le luachanna deimhneacha nó diúltacha, ag brath ar an athrúchán. Ríomhfaidh institiúidí Δ mar an difríocht idir EVE/NII/MV sna cásanna suaite lúide an cás bunlíne. Déanfar íogaireachtaí EVE (agus MV) sócmhainne nó dliteanais shonraigh a thuairisciú mar fhigiúirí deimhneacha má thagann méadú ar EVE (agus MV) na sócmhainne nó an dliteanais sin i gcás ráta úis shonraigh. Ar an gcaoi chéanna, déanfar íogaireachtaí NII sócmhainne nó dliteanais shonraigh a thuairisciú mar fhigiúirí deimhneacha i gcás ina dtiocfaidh méadú ar ioncam úis na sócmhainne sin, nó ar speansas úis an dliteanais sin, i gcás ráta úis choincréitigh.
5.3. Tá feidhm ag an riail chéanna maidir le pointí sonraí a bhaineann le neamhchosaintí barúlacha nó suimeanna glanluacha, is é sin, tuairisceoidh institiúidí luachanna deimhneacha le haghaidh sócmhainní agus dliteanas.
5.4. Tuairisceoidh institiúidí paraiméadair dheimhneacha gan beann ar cé acu a thagraíonn siad do shócmhainn nó do dhliteanas, agus gan beann ar cé acu a mhéadaíonn nó a laghdaíonn na paraiméadair sin luach mhéadrachtaí IRRBB. D’fhéadfadh roinnt cásanna eisceachtúla a bheith ann ina dtuairisceodh institiúidí figiúirí diúltacha le haghaidh paraiméadar, lena n-áirítear an meántoradh sócmhainní/dliteanas más amhlaidh go raibh an t-athshocrú ráta úis deireanach bunaithe ar thimpeallacht mhargaidh ina raibh an ráta úis diúltach.
6.
Giorrúcháin
Tagraítear do Luach Eacnamaíoch Cothromais mar “EVE”, do Ghlanioncam Úis mar “NII”, do Mhargadhluach mar “MV”, do Thástáil Asluiteach Maoirseachta mar “SOT”, do Thaiscí Neamhaibíochta mar “NMDanna”, do Chóras Tomhais Inmheánach mar “IMS” agus don chur chuige caighdeánaithe mar “SA”.
7.
Gnásanna eile
7.1. Ar fud na hIarscríbhinne seo, déantar tagairtí do Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/856 nó “ceanglais theicniúla rialála maidir le SOT” agus do Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/857 nó “ceanglais theicniúla rialála maidir le SA”. I gcás ina dtagrófar sa téacs do shainmhínithe a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/857, cuirfear na sainmhínithe sin i bhfeidhm maidir le gach institiúid tuairiscithe (agus ní maidir leo siúd amháin a chuireann SA i bhfeidhm).
7.2. Na sainmhínithe a leagtar síos in Airteagal 1 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/857, beidh feidhm acu maidir leis an Iarscríbhinn seo.
CUID II:
MEASTÓIREACHT AR IRRBB: SOT AR EVE/NII AGUS ATHRUITHE MV (J 01.00)
1.
Barúlacha ginearálta
1.1. I dteimpléad J 01.00 tá leibhéil EVE agus na hathruithe air (ΔΕVE) agus leibhéil NII agus na hathruithe air (ΔΝII), arna ríomh mar a leagtar amach i Rialachán Tarmligthe (EU) 2024/856, chomh maith le leibhéal MV agus na hathruithe air, arna ríomh de réir na gcritéar bainistíochta riosca inmheánaí, i bhfianaise tréimhse 1 bhliana amháin agus na toimhde go bhfuil an clár comhardaithe tairiseach. Is é atá ann, i measc nithe eile, an méid sonraithe suaití ráta úis i gcás airgeadraí nach dtagraítear dóibh i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/856 agus cóimheasa idir ΔΕVE agus ΔΝII agus Caipiteal Leibhéal 1 de réir Airteagal 25 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ΔΕVE agus ΔΝII sna cásanna is measa agus leibhéal EVE agus NII i gcás bunlíne chomh maith le ΔΕVE, ΔΝII agus ΔΜV i gcásanna áirithe de shuaitheadh ráta úis rialála.
1.2. Déanfar an teimpléad sin a thuairisciú ar leithligh i gcás gach airgeadra a áirítear i ríomh SOT i gcomhréir le hAirteagal 1(3) agus (4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/856, agus i gcás chomhiomlán na n-airgeadraí uile a bhfuil feidhm ag Airteagal 1(4) den Rialachán Tarmligthe sin maidir leo. I gcás ina mbeidh na hathruithe comhiomlána (i gcás gach airgeadra) á ríomh i ndáil le gach cás suaite ráta úis, beidh feidhm ag Airteagal 3(8) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/856.
2.
Treoracha a bhaineann le suíomhanna sonracha
|
Ró
|
Tagairtí dlí agus treoracha
|
|
0010-0090
|
Luach eacnamaíoch cothromais
Meastacháin EVE arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 98(5), pointe (a), de Threoir 2013/36/AE agus le hAirteagal 1 go 3 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/856. Maidir leis na toimhdí samhaltaithe agus paraiméadracha nach sonraítear in Airteagal 3 den Rialachán Tarmligthe sin, úsáidfidh institiúidí na toimhdí sin a úsáideann siad chun IRRBB a thomhas agus a bhainistiú, i.e. a modheolaíochtaí tomhais inmheánacha, an cur chuige caighdeánaithe nó an cur chuige caighdeánaithe simplithe, de réir mar is infheidhme.
|
|
0010
|
Δ EVE sa chás is measa
An t-athrú ar EVE sna cásanna maoirseachta suaite dá dtagraítear in Airteagal 1(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/856 arb iad is cúis leis an meath is mó ar EVE. An toradh is measa ó na luachanna i rónna 0040 go 0090 tuairisceofar sa ró seo é.
|
|
0020
|
Cóimheas Δ EVE sa chás is measa
An cóimheas idir an luach a thuairiscítear i ró 0010, agus caipiteal Leibhéal 1 arna chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 25 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0030- 0090
|
EVE sa chás bunlíne agus i gcásanna maoirseachta suaite
Leibhéal EVE sa chás bunlíne agus na hathruithe ar EVE (i.e., Δ EVE) i gcásanna maoirseachta suaite dá dtagraítear in Airteagal 1(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/856.
|
|
0030
|
Leibhéal EVE sa chás bunlíne
Leibhéal EVE sa chás bunlíne ráta úis ón dáta tagartha.
|
|
0040
|
Δ EVE faoi shuaitheadh comhthreomhar ag teacht aníos
An t-athrú ar EVE i gcás “suaitheadh comhthreomhar ag teacht aníos” dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (a), agus Airteagal 2 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/856.
|
|
0050
|
Δ EVE faoi shuaitheadh comhthreomhar ag teacht anuas
An t-athrú ar EVE i gcás “suaitheadh comhthreomhar ag teacht anuas” dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (b), agus Airteagal 2 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/856.
|
|
0060
|
Δ EVE faoi shuaitheadh géaróra
An t-athrú ar EVE i gcás “suaitheadh géaróra” dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (c), agus Airteagal 2 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/856.
|
|
0070
|
Δ EVE faoi shuaitheadh cothromóra
An t-athrú ar EVE i gcás “suaitheadh cothromóra” dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (d), agus Airteagal 2 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/856.
|
|
0080
|
Δ EVE faoi ghearrshuaitheadh rátaí ag teacht aníos
An t-athrú ar EVE i gcás “gearrshuaitheadh rátaí ag teacht aníos” dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (e), agus Airteagal 2 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/856.
|
|
0090
|
Δ EVE faoi ghearrshuaitheadh rátaí ag teacht anuas
An t-athrú ar EVE i gcás “gearrshuaitheadh rátaí ag teacht anuas” dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (f), agus Airteagal 2 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/856.
|
|
0100- 0140
|
Glanioncam úis
NII dá dtagraítear in Airteagal 98(5), pointe (b), de Threoir 2013/36/AE agus a shonraítear in Airteagal 4 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/856. Maidir leis na toimhdí samhaltaithe agus paraiméadracha nach sonraítear in Airteagal 4 den Rialachán Tarmligthe sin, úsáidfidh institiúidí na toimhdí sin a úsáideann siad chun IRRBB a thomhas agus a bhainistiú, i.e. a modheolaíochtaí tomhais inmheánacha, an cur chuige caighdeánaithe nó an cur chuige caighdeánaithe simplithe, de réir mar is infheidhme.
Breithneoidh institiúidí an cur chuige cuntasaíochta i leith fáluithe (i.e. cuntasaíocht fálaithe) agus ní áireoidh siad éifeachtaí ítimí dá dtagraítear in Airteagal 33(1), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0100
|
Δ NII sa chás is measa
An t-athrú ar NII bliana amháin sna cásanna maoirseachta suaite dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/856 arb iad is cúis leis an meath is mó ar NII. An toradh is measa ó na luachanna i rónna 0130 go 0140 tuairisceofar sa ró seo é.
|
|
0110
|
Cóimheas Δ NII sa chás is measa
An cóimheas idir an luach a thuairiscítear i ró 0100 agus caipiteal Leibhéal 1 arna chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 25 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0120- 0140
|
NII sa chás bunlíne agus i gcásanna maoirseachta suaite
Leibhéal NII sa chás bunlíne agus Δ NII i gcásanna maoirseachta suaite dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/856.
|
|
0120
|
Leibhéal NII sa chás bunlíne
Leibhéal NII sa chás bunlíne ráta úis ón dáta tagartha.
|
|
0130
|
ΔNII faoi shuaitheadh comhthreomhar ag teacht aníos
An t-athrú ar NII i gcás “suaitheadh comhthreomhar ag teacht aníos” dá dtagraítear in Airteagal 1(2), pointe (a), agus Airteagal 2 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/856.
|
|
0140
|
ΔNII faoi shuaitheadh comhthreomhar ag teacht anuas
An t-athrú ar NII i gcás “suaitheadh comhthreomhar ag teacht anuas” dá dtagraítear in Airteagal 1(2), pointe (b), agus Airteagal 2 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/856.
|
|
0150- 0170
|
Athruithe ar mhargadhluach IMS
MV sa chás bunlíne agus i gcásanna maoirseachta suaite
Réamhaisnéisí ar athruithe MV (ΔMV) na suime glanluacha i gcaitheamh tréimhse 1 bhliana amháin faoinmbunlíne agus faoi na cásanna maoirseachta suaite, léireofar iad sa chuntas brabúis agus caillteanais nó go díreach i gcothromas (mar atá trí ioncam cuimsitheach eile). Déanfaidh institiúidí ΔMV a thuairisciú glan ó éifeacht fáluithe cuntasaíochta (i.e., cuntasaíocht fálaithe) agus tabharfaidh siad neamhaird ar éifeachtaí ítimí dá dtagraítear in Airteagal 33(1), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 (comhpháirt éifeachtach de dhíorthaigh cuntasaíochta fálaithe sreabhaidh airgid lena bhfálaítear míreanna costais amúchta).
Úsáidfidh institiúidí réamhaisnéisí ΔMV de réir IMS IRRBB na hinstitiúide nó, i gcás inarb infheidhme, Airteagal 22 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/857, i ndáil leis na cásanna maoirseachta suaite dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/856.
Méid iomlán agus comhdhéanamh an mhéid a bhfuil a luach íogair i leith ΔMV, coinneofar ar bun é trí ionstraimí nua a bhfuil gnéithe inchomparáide acu (lena n-áirítear airgeadra agus méid ainmniúil na n-ionstraimí) a chur in ionad ionstraimí atá ag teacht in aibíocht.
Beidh meastacháin riosca, óna ndíorthaítear paraiméadair ábhartha, coibhéiseach leo siúd a úsáidtear chun SOT a ríomh, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, samhaltú iompraíochta agus roghnaíocht uathoibríoch.
|
|
0150
|
Leibhéal MV sa chás bunlíne
Leibhéal MV sa chás bunlíne ráta úis ón dáta tagartha.
|
|
0160
|
ΔMV faoi shuaitheadh comhthreomhar ag teacht aníos
An t-athrú ar MV i gcás “suaitheadh comhthreomhar ag teacht aníos” dá dtagraítear in Airteagal 1(2), pointe (a), agus Airteagal 2 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/856.
|
|
0170
|
ΔMV faoi shuaitheadh comhthreomhar ag teacht anuas
An t-athrú ar MV i gcás “suaitheadh comhthreomhar ag teacht anuas” dá dtagraítear in Airteagal 1(2), pointe (b), agus Airteagal 2 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/856.
|
|
0180-0200
|
Airgeadraí eile: Méid suaití ráta úis
Cuid B den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/856.
Suaití ráta úis d’airgeadraí a chalabraítear i gcomhréir le Cuid B den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/856 agus Airteagal 2 den Rialachán Tarmligthe sin. Déanfar méid na suaití ráta úis a thuairisciú i mbonnphointí agus i ndearbhluach. Léiríonn méid an tsuaite an difríocht (ΔR) ón ráta úis saor ó riosca.
Ní thuairisceofar na rónna seo le haghaidh airgeadraí dá dtagraítear i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/856. Is le haghaidh airgeadraí a bhreithnítear in SOT amháin a thuairisceofar iad, i gcomhréir le Airteagal 1(4) den Rialachán Tarmligthe sin.
|
|
0180
|
Suaitheadh comhthreomhar
Méid suaite chomhthreomhair rátaí úis i mbonnphointí a chalabraítear i gcomhréir le Cuid B den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/856 agus Airteagal 2(1) den Rialachán Tarmligthe sin.
|
|
0190
|
Gearrshuaitheadh rátaí
Méid an ghearrshuaite rátaí úis i mbonnphointí a chalabraítear i gcomhréir leis an ngearrshuaitheadh dá dtagraítear i gCuid B den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/856 agus Airteagal 2(2) den Rialachán Tarmligthe sin.
|
|
0200
|
Fadsuaitheadh rátaí
Méid an fhadsuaite rátaí úis i mbonnphointí a chalabraítear i gcomhréir leis an bhfadsuaitheadh dá dtagraítear i gCuid B den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/856 agus Airteagal 2(3) den Rialachán Tarmligthe sin.
|
|
Colúin
|
Tagairtí dlí agus treoracha
|
|
0010
|
Méid
Déanfar méid sonraithe suaití ráta úis a thuairisciú i mbonnphointí (bps), agus déanfar ΔEVE agusΔNII a thuairisciú mar chóimheasa agus méideanna araon (mar a shonraítear sna treoracha maidir le rónna). Is san airgeadra tuairiscithe a thuairisceofar méideanna.
|
CUID III:
MIONDEALÚ AR MHEASTACHÁIN ÍOGAIREACHTA (J 02.00, J 03.00 agus J 04.00)
1.
Barúlacha ginearálta
1.1. Le teimpléid J 02.00, J 03.00 agus J 04.00 soláthraítear tuilleadh miondealuithe ar mheastacháin institiúide ar íogaireachtaí IRRBB SOT (Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/856) agus ar athruithe MV (bainistíocht riosca inmheánach i bhfianaise tréimhse 1 bhliana agus na toimhde go bhfuil an clár comhardaithe tairiseach), lena n-áirítear roghnaíocht iompraíochta/choinníollach agus uathoibríoch le haghaidh miondealú sonrach ar ítimí cláir chomhardaithe.
1.2. Tuairisceoidh institiúidí inneachar na dteimpléad sin ar leithligh i ndáil le gach airgeadra a bhfuil suíomhanna ag an institiúid ina leith i gcás inarb é atá i luach cuntasaíochta sócmhainní nó dliteanas arna n-ainmniú in airgeadra 5 % nó níos mó d’iomlán na sócmhainní nó na ndliteanas airgeadais sa leabhar baincéireachta, nó méid is lú ná 5 % má tá suim na sócmhainní nó na ndliteanas airgeadais a áirítear sa ríomh níos ísle ná 90 % d’iomlán na sócmhainní (gan sócmhainní inláimhsithe a áireamh) nó na ndliteanas airgeadais sa leabhar baincéireachta.
2.
Treoracha a bhaineann le suíomhanna sonracha
|
Ró
|
Tagairtí dlí agus treoracha
|
|
0010
|
Iomlán na Sócmhainní
Iomlán na sócmhainní atá íogair i leith an ráta úis agus a thagann faoi raon feidhme Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/856 gan beann ar an gcur chuige cuntasaíochta a ghlactar ina leith. Áireofar sa ró seo:
— sócmhainní i leith Bainc Cheannais;
— iasachtaí agus airleacain;
— díorthaigh lena bhfálaítear sócmhainní;
Tuairisceoidh institiúidí neamhchosaintí IRRBB ag sócmhainní nach n-asbhaintear ó chaipiteal de Ghnáthchothromas Leibhéal 1 (CET1) arna chinneadh i gcomhréir le Cuid a Dó, Teideal I, Caibidil 2, de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus gan sócmhainní inláimhsithe amhail réadmhaoin a áireamh, chomh maith le neamhchosaintí cothromais sa leabhar baincéireachta dá dtagraítear in Airteagal 133 agus Airteagal 147(2), pointe (e), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Sannfar na neamhchosaintí sin d’earnálacha contrapháirtí de réir chineál an chontrapháirtí láithrigh.
|
|
0020
|
lena n-áirítear: i ngeall ar roghnaíocht uathoibríoch
An méid a chuireann roghnaíocht uathoibríoch leabaithe agus shainráite le hiomlán na sócmhainní atá íogair i leith an ráta úis agus a thagann faoi raon feidhme Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/856 gan beann ar an gcur chuige cuntasaíochta a ghlactar ina leith.
|
|
0030
|
Banc ceannais
Sócmhainní i leith bainc cheannais, lena n-áirítear iarmhéideanna airgid thirim agus taiscí prapéilimh, dá dtagraítear i gCuid 1, pointe 42(a), d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo.
|
|
0040
|
Idirbhainc
Na sócmhainní uile a bhfuil a gcontrapháirtí ina institiúid creidmheasa dá dtagraítear i gCuid 1, pointe 42(a), d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo, gan urrúis agus neamhchosaintí díorthacha a áireamh.
|
|
0050
|
Iasachtaí agus airleacain
Ionstraimí fiachais nach urrúis iad atá á sealbhú ag institiúidí, dá dtagraítear i gCuid 1, pointe 32, d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo. Ní áireofar sa ró seo neamhchosaintí a áirítear i rónna 0030 agus 0040.
|
|
0060, 0130, 0150, 0250, 0280, 0320, 0360, 0400, 0430, 0480
|
lena n-áirítear: ráta seasta
Déanfaidh institiúidí figiúirí a bhaineann le hionstraimí ráta sheasta a thuairisciú de réir an ghnáis a shonraítear i gCuid I, Roinn 3, den Iarscríbhinn seo.
|
|
0070
|
lena n-áirítear: neamhthuillmheach
Iasachtaí agus airleacain neamhthuillmheacha dá dtagraítear in Airteagal 3(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/856 agus in Airteagal 47a(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0080
|
Miondíol
Iasachtaí agus airleacain do dhuine nádúrtha nó FBM, i gcás ina mbeidh an neamhchosaint ar fhiontar beag agus meánmhéide (“FBM”) le cáiliú don aicme neamhchosanta miondíola faoin gcur chuige caighdeánaithe nó faoin gcur chuige inmheánach bunaithe ar rátálacha (“IRB”) i leith riosca creidmheasa mar a leagtar amach i gCuid a hAon, Teideal II, Caibidlí 2 agus 3 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, nó ar chuideachta atá incháilithe don láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 153(4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus i gcás nach mó ná EUR 1 mhilliún iad taiscí comhiomlána an FBM sin nó na cuideachta sin ar bhonn grúpa.
Déanfar iasachtaí agus airleacain mhiondíola thuillmheacha agus neamhthuillmheacha araon a thuairisciú sa ró seo.
|
|
0090
|
lena n-áirítear: urraithe le réadmhaoin chónaithe
Iasachtaí miondíola arna n-urrú go foirmiúil le comhthaobhacht maoine dochorraithe cónaithe, gan beann ar an gcóimheas idir iasacht agus comhthaobhacht (“cóimheas iasachta/luacha”) ná ar fhoirm dhlíthiúil na comhthaobhachta.
|
|
0100
|
Mórdhíol neamhairgeadais
Iasachtaí agus airleacain do rialtais ghinearálta agus do chorparáidí neamhairgeadais dá dtagraítear i gCuid 1, pointe 42(b) agus (e), d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo. Ní áireofar sa ró seo neamhchosaintí a áirítear i ró 0080.
|
|
0110
|
Mórdhíol airgeadais
Iasachtaí agus airleacain do chorparáidí neamhairgeadais eile dá dtagraítear i gCuid 1, pointe 42(d), d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo.
|
|
0120
|
Urrúis fiachais
Ionstraimí fiachais atá á sealbhú ag institiúid, arna n-eisiúint mar urrúis ach nach iasachtaí iad, dá dtagraítear i gCuid 1, pointe 31, d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo, lena n-áirítear bannaí faoi chumhdach agus neamhchosaintí urrúsúcháin.
|
|
0140
|
Díorthaigh lena bhfálaítear sócmhainní
Díorthaigh mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (29), de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1). Tuairisceoidh institiúidí díorthaigh atá á sealbhú faoi chóras cuntasaíochta fálaithe, faoin gcreat cuntasaíochta is infheidhme, ar sócmhainn atá íogair i leith an ráta úis í an ítimr fhálaithe.
|
|
0160
|
Lena bhfálaítear urrúis fiachais
Díorthaigh cuntasaíochta fálaithe lena bhfálaítear sócmhainní ar urrúis fiachais iad.
|
|
0170
|
Lena bhfálaítear sócmhainní eile
Díorthaigh cuntasaíochta fálaithe lena bhfálaítear sócmhainní nach urrúis fiachais iad.
|
|
0180
|
Eile
Tuairisceofar sa ró seo sócmhainní eile atá laistigh den chlár comhardaithe agus íogair i leith an ráta úis ach nach dtagann faoi réim na rónna thuas.
|
|
0190
|
Sócmhainní lasmuigh den chlár comhardaithe: sócmhainní teagmhasacha
Sócmhainní lasmuigh den chlár comhardaithe a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 atá íogair i leith an ráta úis, agus a thagann faoi raon feidhme Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/856.
Áireofar sa ró seo freisin gealltanais iasachta ráta sheasta ag a bhfuil iasachtaithe ionchasacha.
Tuairisceofar gealltanas iasachta mar theaglaim de shuíomh gearr agus suíomh fada. Is é atá ann cás gealltanais iasachta ráta sheasta ina bhfuil suíomh fada ag an institiúid san iasacht ag tús an ghealltanais agus suíomh gearr inti nuair atá an iasacht ceaptha a bheith tarraingthe. Tuairisceoidh institiúidí suíomhanna fada mar shócmhainní, agus suíomhanna gearra mar dhliteanais. Ní thuairisceoidh siad sa ró seo ach ionstraimí teagmhasacha a cháilíonn mar shócmhainní.
|
|
0200
|
Iomlán na nDliteanas
Iomlán na ndliteanas atá íogair i leith an ráta úis agus a thagann faoi raon feidhme Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/856 gan beann ar an gcur chuige cuntasaíochta a ghlactar ina leith. Áireofar sa ró seo:
— dliteanais i leith Bainc Cheannais;
— urrús fiachais arna n-eisiúint;
— díorthaigh lena bhfálaítear dliteanais;
|
|
0210
|
lena n-áirítear: i ngeall ar roghnaíocht uathoibríoch
An méid a chuireann roghnaíocht uathoibríoch leabaithe agus shainráite le hiomlán na ndliteanas atá íogair i leith an ráta úis agus a thagann faoi raon feidhme Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/856 gan beann ar an gcur chuige cuntasaíochta a ghlactar ina leith.
|
|
0220
|
Banc ceannais
Dliteanais i leith bainc cheannais, dá dtagraítear i gCuid 1, pointe 42(a), d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo.
|
|
0230
|
Idirbhainc
Na dliteanais uile a bhfuil a gcontrapháirtí ina institiúid creidmheasa dá dtagraítear i gCuid 1, pointe 42(a), d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo, gan urrúis agus neamhchosaintí díorthacha a áireamh.
|
|
0240
|
Urrús fiachais arna n-eisiúint
Ionstraimí fiachais nach iasachtaí iad arna n-eisiúint ag an institiúid, dá dtagraítear i gCuid 1, pointe 37, d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo.
|
|
0260
|
lena n-áirítear: AT1 nó T2
Urrúis fiachais arna n-eisiúint i gcomhréir le hAirteagail 61 nó 71 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, gan cistí dílse suthaine nach bhfuil aon dáta inghlaoite acu a áireamh (Airteagal 3 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/856.
|
|
0270
|
NMDanna: Taiscí idirbheartaíochta miondíola
Taiscí neamhaibíochta miondíola atá á sealbhú i gcuntas idirbheartaíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 1, pointe (10), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/857. In NMDanna idirbheartaíochta miondíola áireofar cuntais neamhúsmhara agus cuntais mhiondíola eile nach bhfuil a gcomhpháirt luacha saothair ábhartha do chinneadh an chliaint airgead a shealbhú sa chuntas.
|
|
0290, 0330, 0370
|
lena n-áirítear: croí-chomhpháirt
Croí-chomhpháirt taiscí neamhaibíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 1, pointe (15), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/857.
NMDanna atá cobhsaí agus nach dócha go n-athphraghsálfar iad fiú agus athruithe móra ar thimpeallacht an ráta úis ann, nó taiscí eile a ndéanfaidh institiúidí samhaltú ar a leaisteachas teoranta i leith athruithe ar an ráta úis.
|
|
0300, 0340, 0380
|
lena n-áirítear: díolmhaithe ón gcaidhp 5 bliana
Neamhchosaintí coigilteas rialáilte dá dtagraítear in Airteagal 428f(2), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ach gan bheith teoranta don chuid láraithe, ná dóibh siúd a bhfuil srianta ábhartha eacnamaíocha nó fioscacha leo i gcás aistarraingthe, nach ndéanann an institiúid an méandáta uasta ualaithe athphraghsála a shrianadh do 5 bliana ina leith.
|
|
0310
|
NMDanna: Taiscí neamh-idirbheartaíochta miondíola
Taiscí neamhaibíochta miondíola atá á sealbhú i gcuntas neamh-idirbheartaíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 1, pointe (11), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/857.
Taiscí miondíola eile nach mbreithnítear orthu mar “Thaiscí Neamhaibíochta: Idirbhearta Miondíola”, breithneofar go bhfuil siad á sealbhú i gcuntas neamh-idirbheartaíochta.
Go háirithe, i dtaiscí neamh-idirbheartaíochta miondíola áireofar cuntais mhiondíola (lena n-áirítear cinn rialáilte) a bhfuil a gcomhpháirt luacha saothair ábhartha do chinneadh an chliaint airgead a shealbhú sa chuntas.
|
|
0350
|
NMDanna: Mórdhíol neamhairgeadais
Taiscí mórdhíola mar a shainmhínítear in Airteagal 1, pointe (12), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/857 ar NMDanna iad ó rialtais ghinearálta agus ó chorparáidí neamhairgeadais (NFCanna) dá dtagraítear i gCuid 1, pointe 42(b) agus (e), d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo.
|
|
0390
|
NMDanna: Mórdhíol airgeadais
Taiscí mórdhíola mar a shainmhínítear in Airteagal 1, pointe (12), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/857 ar NMDanna iad ó chontrapháirtithe de réir Chuid 1, pointe 42(d), d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo.
|
|
0410
|
lena n-áirítear: taiscí oibríochtúla
NMDanna a aicmítear mar thaiscí oibríochtúla de réir Airteagal 27(1)(a) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61 ón gCoimisiún (2).
|
|
0420
|
Taiscí téarma
Taiscí neamh-inaistrithe nach gceadaítear don taisceoir a aistarraingt sula mbainfidh siad aibíocht chomhaontaithe amach nó is féidir a aistarraingt go luath ar choinníoll go ndéanfar costais agus táillí aistarraingthe luaithe (réamhíocaíochta) a mhuirearú don taisceoir. Áireofar sa mhír sin taiscí coigiltis a rialáiltear ar bhonn riaracháin i gcás nach mbeidh an critéar aibíochta ábhartha. Cé go bhféadfadh sé gurbh fhéidir taiscí le haibíocht chomhaontaithe a fhuascailt níos luaithe ach fógra a thabhairt faoi sin roimh ré nó go bhféadfaidís a bheith infhuascailte ar amharc faoi réir pionóis áirithe, ní úsáidfear na gnéithe sin chun críoch aicmithe. Ní áireofar sa ró seo neamhchosaintí a áirítear i rónna 0220 agus 0230.
|
|
0440
|
Miondíol
Áireofar sa ró seo taiscí téarma ó chustaiméirí miondíola.
|
|
0450
|
Mórdhíol neamhairgeadais
Taiscí téarma ó chliaint mhórdhíola neamhairgeadais.
Taiscí mórdhíola mar a shainmhínítear in Airteagal 1, pointe (12), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/857 ar taiscí seachas NMDanna iad ó rialtais ghinearálta agus ó NFCanna dá dtagraítear i gCuid 1, pointe 42(b) agus (e), d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo.
|
|
0460
|
Mórdhíol airgeadais
Taiscí téarma ó chliaint mhórdhíola airgeadais.
Taiscí mórdhíola mar a shainmhínítear in Airteagal 1, pointe (12), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/857 ar taiscí seachas NMDanna iad ó chontrapháirtithe dá dtagraítear i gCuid 1, pointe 42(d), d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo.
|
|
0470
|
Díorthaigh lena bhfálaítear dliteanais
Díorthaigh mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (29), de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014. Tuairisceoidh institiúidí díorthaigh atá á sealbhú faoi chóras cuntasaíochta fálaithe, faoin gcreat cuntasaíochta is infheidhme, ar dliteanas atá íogair i leith an ráta úis í an ítim fhálaithe.
|
|
0490
|
Lena bhfálaítear urrúis fiachais
Díorthaigh cuntasaíochta fálaithe lena bhfálaítear dliteanais ar urrúis fiachais iad.
|
|
0500
|
Lena bhfálaítear dliteanais eile
Díorthaigh cuntasaíochta fálaithe lena bhfálaítear dliteanais nach urrúis fiachais iad.
|
|
0510
|
Eile
Tuairisceofar sa ró seo dliteanais eile atá laistigh den chlár comhardaithe agus íogair i leith an ráta úis ach nár aicmíodh sna rónna thuas.
|
|
0520
|
Dliteanais lasmuigh den chlár comhardaithe: Dliteanais theagmhasacha
Ar ítimí lasmuigh den chlár comhardaithe áireofar táirgí amhail gealltanais iasachta atá íogair i leith an ráta úis.
Breithneofar dliteanais theagmhasacha a bheith ina dteaglaim de shuíomh gearr agus suíomh fada. Go sonrach, i gcás ina mbeidh líne chreidmheasa ag an institiúid le hinstitiúidí eile, beidh suíomh fada ag an institiúid nuair atá an iasacht ceaptha a bheith tarraingthe agus suíomh gearr ar dháta oscailte na líne creidmheasa.
Tuairisceofar suíomhanna fada mar shócmhainní agus tuairisceofar suímh ghearra mar dhliteanas. Ní thuairisceofar sa ró seo ach ionstraimí teagmhasacha a cháilíonn mar dhliteanais.
|
|
0530
|
Díorthaigh eile (Glansócmhainn/glandliteanas)
Díorthaigh ráta úis nach bhfuil ceaptha a bheith ina bhfáluithe cuntasaíochta amhail fáluithe ráta úis eacnamaíocha, atá beartaithe riosca an ráta úis sa leabhar baincéireachta a fhálú ach nach dtagann faoi chóras cuntasaíochta fálaithe.
|
|
0540-0640
|
Ítimí le meabhrú
|
|
0540
|
Glandíorthaigh
Glan-ranníocaíocht na ndíorthach ráta úis uile sa leabhar baincéireachta, agus breithniú á dhéanamh ar na díorthaigh ráta úis sin lena bhfálaítear sócmhainní (ró 0140) nó dliteanais (ró 0470) faoin gcóras cuntasaíochta fálaithe sa leabhar baincéireachta agus ar fháluithe ráta úis eacnamaíocha (ró 0530) de chuid díorthaigh ráta úis eile sa leabhar baincéireachta nach bhfuil ceaptha a bheith ina bhfáluithe cuntasaíochta.
|
|
0550
|
Suíomh an ghlanráta úis gan díorthaigh
Na neamhchosaintí ráta úis uile sa leabhar baincéireachta, lena n-áirítear neamhchosaintí lasmuigh den chlár comhardaithe agus gan díorthaigh ráta úis a áireamh. Go háirithe, na sócmhainní agus na dliteanais uile gan éifeacht díorthach a áireamh.
|
|
0560
|
Suíomh an ghlanráta úis le díorthaigh
Na sócmhainní agus na dliteanais uile, lena n-áirítear neamhchosaintí lasmuigh den chlár comhardaithe agus díorthaigh ráta úis.
|
|
0570
|
Iomlán na Sócmhainní ag a bhfuil tionchar ar MV
Iomlán na sócmhainní a bhfuil athruithe MV ábhartha do bhrabús nó caillteanas nó do chothromas ina leith, gan díorthaigh fálaithe neamhchuntasaíochta a thuairiscítear faoi ró 0530 a áireamh. I gcás institiúidí a chuireann IFRS i bhfeidhm faoi Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), sócmhainní leabhair baincéireachta arna dtaifeadadh ar luach cóir de réir an chreata cuntasaíochta is infheidhme (trí bhrabús nó caillteanas nó trí ioncam cuimsitheach eile), in éineacht le hurrúis fiachais agus ionstraimí eile arna dtaifeadadh ar chostas amúchta faoi réir cuntasaíocht fálaithe cóirluacha. Díorthaigh lena bhfálaítear sócmhainní sa leabhar baincéireachta faoi chóras cuntasaíochta fálaithe, tuairisceofar sa roinn seo iad ach amháin comhpháirt éifeachtach na ndíorthach cuntasaíochta fálaithe sreabhaidh airgid sin lena bhfálaítear ítimí costais amúchta dá dtagraítear in Airteagal 33(1), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0580
|
Urrúis fiachais
Urrúis fiachais a bhfuil athruithe MV ábhartha do bhrabús nó caillteanas nó do chothromas ina leith. Áirítear orthu urrúis fiachais ar luach cóir in éineacht le hurrúis fiachais arna dtaifeadadh ar chostas amúchta faoi réir cuntasaíocht fálaithe cóirluacha.
|
|
0590
|
Díorthaigh
Díorthaigh mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (29), de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014.
Tuairisceofar sa ró seo díorthaigh lena bhfálaítear sócmhainní faoi chóras cuntasaíochta fálaithe, gan na díorthaigh sin atá ceaptha a bheith ina bhfáluithe cuntasaíochta lena bhfálaítear ítimí costais amúchta a áireamh.
|
|
0600
|
Eile
Sócmhainní eile ar luach cóir, in éineacht le sócmhainní eile ar chostas amúchta faoi réir cuntasaíocht fálaithe cóirluacha.
|
|
0610
|
Iomlán na nDliteanas ag a bhfuil tionchar ar MV
Iomlán na ndliteanas a bhfuil athruithe MV ábhartha do bhrabús nó caillteanas nó do chothromas ina leith, gan díorthaigh fálaithe neamhchuntasaíochta a thuairiscítear faoi ró 0530 a áireamh.
Dliteanais arna dtaifeadadh ar luach cóir de réir an chreata cuntasaíochta is infheidhme (trí bhrabús nó caillteanas nó trí ioncam cuimsitheach eile) in éineacht le hurrúis fiachais arna n-eisiúint agus ionstraimí eile arna dtaifeadadh ar chostas amúchta faoi réir cuntasaíocht fálaithe cóirluacha. Díorthaigh lena bhfálaítear dliteanais faoi chóras cuntasaíochta fálaithe, tuairisceofar sa roinn seo freisin iad ach amháin comhpháirt éifeachtach na ndíorthach cuntasaíochta fálaithe sreabhaidh airgid sin lena bhfálaítear ítimí costais amúchta i gcomhréir le hAirteagal 33(1)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
0620
|
Urrús fiachais arna n-eisiúint
Urrúis fiachais arna n-eisiúint ag an institiúid mar urrúis nach taiscí iad, mar a shainmhínítear i gCuid 1, pointe 37, d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo a gcoinnítear cuntas orthu i gcás ina mbeidh athruithe MV ábhartha do bhrabús nó caillteanas nó do chothromas.
|
|
0630
|
Díorthaigh
Díorthaigh mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (29), de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014.
Faoin roinn seo, tuairisceoidh institiúidí na díorthaigh lena bhfálaítear dliteanais faoi chóras cuntasaíochta fálaithe, gan na díorthaigh sin atá ceaptha a bheith ina bhfáluithe sreabhaidh airgid lena bhfálaítear ítimí costais amúchta a áireamh.
|
|
0640
|
Eile
Dliteanais eile ar luach cóir, in éineacht le dliteanais eile ar chostas amúchta faoi réir cuntasaíocht fálaithe cóirluacha.
|
(1)
Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 173, 12.6.2014, lch. 84, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/600/oj).
(2)
Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61 ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2014 chun forlíonadh a dhéanamh ar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglas maidir le cumhdach leachtachta le haghaidh Institiúidí Creidmheasa (IO L 11, 17.1.2015, lch. 1, http://data.europa.eu/eli/reg_del/2015/61/oj).
(3)
Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Iúil 2002 maidir le caighdeáin chuntasaíochta idirnáisiúnta a chur i bhfeidhm (IO L 243, 11.9.2002, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2002/1606/oj).
|
|
Colúin
|
Tagairtí dlí agus treoracha
|
|
0010
|
Suim ghlanluacha
Cuid 1, pointe 27, d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo.
|
|
0020
|
Marthanacht
Marthanacht mhodhnaithe (“Dmod”; arna thuairisciú i mblianta), lena n-áirítear roghnaíocht uathoibríoch, i gcás inarb amhlaidh an méid seo a leanas: Dmod = - EV01/(Luach Eacnamaíoch * 0,0001)
Tá EV01 cothrom le híogaireacht +1 bps (suaitheadh comhthreomhar) ar an luach eacnamaíoch.
|
|
0030-0090
|
Luach eacnamaíoch cothromais
Beidh na treoracha mar an gcéanna leis na treoracha ar a dtugtar tuairisc in {J 01.00; r0010-r0090}.
|
|
0030
|
Leibhéal EVE - Cás bunlíne
Beidh na treoracha mar an gcéanna leis na treoracha ar a dtugtar tuairisc in {J 01.00; r0030}.
|
|
0040
|
ΔEVE - Suaitheadh comhthreomhar ag teacht aníos
Beidh na treoracha mar an gcéanna leis na treoracha ar a dtugtar tuairisc in {J 01.00; r0040}.
|
|
0050
|
ΔEVE - Suaitheadh comhthreomhar ag teacht anuas
Beidh na treoracha mar an gcéanna leis na treoracha ar a dtugtar tuairisc in {J 01.00; r0050}.
|
|
0060
|
ΔEVE - Suaitheadh géaróra
Beidh na treoracha mar an gcéanna leis na treoracha ar a dtugtar tuairisc in {J 01.00; r0060}.
|
|
0070
|
ΔEVE - Suaitheadh cothromóra
Beidh na treoracha mar an gcéanna leis na treoracha ar a dtugtar tuairisc in {J 01.00; r0070}.
|
|
0080
|
ΔEVE - Gearrshuaitheadh rátaí ag teacht aníos
Beidh na treoracha mar an gcéanna leis na treoracha ar a dtugtar tuairisc in {J 01.00; r0080}.
|
|
0090
|
ΔEVE - Gearrshuaitheadh rátaí ag teacht anuas
Beidh na treoracha mar an gcéanna leis na treoracha ar a dtugtar tuairisc in {J 01.00; r0090}.
|
|
0100-0120
|
Glanioncam Úis
Beidh na treoracha mar an gcéanna leis na treoracha ar a dtugtar tuairisc in {J 01.00; r0100-r0140}.
|
|
0100
|
Leibhéal NII - Cás bunlíne
Beidh na treoracha mar an gcéanna leis na treoracha ar a dtugtar tuairisc in {J 01.00; r0120}.
|
|
0110
|
ΔNII - Suaitheadh comhthreomhar ag teacht aníos
Beidh na treoracha mar an gcéanna leis na treoracha ar a dtugtar tuairisc in {J 01.00; r0130}.
|
|
0120
|
ΔNII - Suaitheadh comhthreomhar ag teacht anuas
Beidh na treoracha mar an gcéanna leis na treoracha ar a dtugtar tuairisc in {J 01.00; r0140}.
|
|
0130-0150
|
Luach Margaidh
Beidh na treoracha mar an gcéanna leis na treoracha ar a dtugtar tuairisc in {J 01.00; r0150-r0170}.
|
|
0130
|
Leibhéal MV - Cás bunlíne
Beidh na treoracha mar an gcéanna leis na treoracha ar a dtugtar tuairisc in {J 01.00; r0150}.
|
|
0140
|
ΔMV - Suaitheadh comhthreomhar ag teacht aníos
Beidh na treoracha mar an gcéanna leis na treoracha ar a dtugtar tuairisc in {J 01.00; r0160}.
|
|
0150
|
ΔMV - Suaitheadh comhthreomhar ag teacht anuas
Beidh na treoracha mar an gcéanna leis na treoracha ar a dtugtar tuairisc in {J 01.00; r0170}.
|
CUID IV
SREABHADH AIRGID ATHPHRAGHSÁLA (J 05.00, J 06.00 agus J 07.00)
1.
Barúlacha ginearálta
1.1.
I dteimpléid J 05.00, J 06.00 agus J 07.00 tá faisnéis mhionsonraithe maidir leis an sreabhadh airgid athphraghsála le haghaidh na ítimí den chlár comhardaithe a thuairiscítear i dteimpléid J 02.00, J 03.00 agus J 04.00. Déanfaidh institiúidí an fhaisnéis sin a thuairisciú ó thaobh EVE de, agus breithniú á dhéanamh ar na ceanglais agus na toimhdí samhaltaithe a shonraítear in Airteagal 3 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/856 agus breithniú á dhéanamh freisin ar fhaisnéis chonarthach agus iompraíochta, agus neamhaird á tabhairt sa dá chás ar roghnaíocht uathoibríoch. Beidh na treoracha le haghaidh na rónna mar an gcéanna leis na treoracha ar a dtugtar tuairisc i gCuid IV, roinn 2 den Iarscríbhinn seo. Thairis sin, déanfaidh institiúidí breithniú cuí ar na gnásanna tuairiscithe a shonraítear i gCuid I, go háirithe orthu siúd a bhaineann leis an sainmhíniú ar ionstraimí ráta chomhlúthaigh/sheasta agus láimhseáil roghanna.
1.2.
Tuairisceoidh institiúidí inneachar na dteimpléad sin ar leithligh i ndáil le gach airgeadra a bhfuil suíomhanna ag an institiúid ina leith i gcás inarb é atá i luach cuntasaíochta sócmhainní nó dliteanas arna n-ainmniú in airgeadra 5 % nó níos mó d’iomlán na sócmhainní nó na ndliteanas airgeadais sa leabhar baincéireachta, nó méid is lú ná 5 % i gcás ina mbeidh suim na sócmhainní nó na ndliteanas airgeadais a áirítear sa ríomh níos ísle ná 90 % d’iomlán na sócmhainní (gan sócmhainní inláimhsithe a áireamh) nó na ndliteanas airgeadais sa leabhar baincéireachta.
1.3.
Tuairisceoidh institiúidí inneachar na dteimpléad sin ar leithligh de réir coinníollacha conarthacha agus iompraíochta (Samhaltú: conarthach nó iompraíochta):
(a)
iompraíochta: de réir an dáta athphraghsála chonarthaigh mar a shainmhínítear in Airteagal 1, pointe (2), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/857, gan toimhdí iompraíochta a chur san áireamh. Ní bhreithneofar ach gnéithe conarthacha agus dlíthiúla (agus neamhaird á tabhairt ar roghanna uathoibríocha agus caidhpeanna/íosrátaí dlíthiúla). Láimhseálfar le próifíl sreabhaidh airgid táirgí neamhairgeadais (lena n-áirítear NMDanna) mar shuímh athraitheacha ghearrthéarmacha (an t-eatramh ama is giorra). Ní chuirfear i bhfeidhm aon luathfhoirceannadh iompraíochta agus réamhíocaíocht, rud atá coibhéiseach le rátaí 0 % i gcás réamhíocaíocht choinníollach agus fuascailt luath;
(b)
samhaltú iompraíochta sa chás bunlíne: de réir an tsreabhaidh airgid shamhaltaithe lena gcoinnítear cuntas, i gcás inarb infheidhme, ar thoimhdí iompraíochta sa chás bunlíne.
1.4.
I gcás díorthach, tuairisceoidh institiúidí glanmhéid an tsreabhaidh airgid athphraghsála (i.e., gan é a mhiondealú de réir malairtí faighteora/íocóra). I gcás díorthaigh lena bhfálaítear sócmhainní, breithneofar go ngabhfaidh comhartha deimhneach le malairt fhada (faighteora/sócmhainne) an díorthaigh agus comhartha diúltach leis an malairt ghearr (íocóra/dliteanais) agus na glanmhéideanna in aghaidh an eatraimh ama á ríomh. Beidh feidhm ag eisceachtaí ar an riail sin i gcás cúpóin faighteora ar ráta seasta i dtimpeallacht ráta úis dhiúltaigh, a mbreithneofar go ngabhfaidh comhartha diúltach leo fiú má breithníodh go ngabhann comhartha deimhneach le cuid den mhalairt fhada (faighteora/sócmhainne). Tá feidhm ag a mhalairt maidir le díorthaigh lena bhfálaítear dliteanais: breithneofar go ngabhfaidh comhartha diúltach leis an malairt fhada (faighteora/sócmhainne) agus comhartha diúltach leis an malairt ghearr (íocóra/dliteanais) agus an glansreabhadh airgid athphraghsála á ríomh.
1.5.
Ní thuairisceoidh institiúidí colúin a bhaineann leis an méid barúlach, le faisnéis maidir le roghanna uathoibríocha agus samhaltú iompraíochta, leis an meántoradh ná le haibíocht chonarthach sna bileoga i ndáil le coinníollacha conarthacha.
2.
Treoracha a bhaineann le suíomhanna sonracha:
|
Colúin
|
Tagairtí dlí agus treoracha
|
|
0010-0250
|
Ráta seasta
Déanfaidh institiúidí meastacháin a bhaineann le hionstraimí ráta sheasta a thuairisciú de réir an ghnáis a shonraítear i gCuid I, Roinn 3, den Iarscríbhinn seo.
|
|
0260-0390
|
Ráta comhlúthach
Déanfaidh institiúidí meastacháin a bhaineann le hionstraimí ráta chomhlúthaigh a thuairisciú de réir an ghnáis a shonraítear i gCuid I, Roinn 3, den Iarscríbhinn seo.
|
|
0010
|
Méid barúlach
Tuairisceoidh institiúidí príomhshuim ionstraimí gan íoc.
I gcás díorthach, is í príomhshuim na malairte sócmhainne (faighteora) gan íoc a thuairisceofar (i.e., ní thuairisceofar glanmhéideanna malairtí faighteora/íocóra).
|
|
0020 agus 0270
|
% Ina bhfuil roghnaíocht uathoibríoch leabaithe nó shainráite — ceannaithe
An céatadán den mhéid barúlach a thuairiscítear i gcolúin 0010 agus 0260 atá faoi réir roghanna ráta úis uathoibríocha ceannaithe. Is féidir go n-eascróidh an roghnaíocht as ionstraimí leithleacha a cheannaíonn an institiúid (lena n-áirítear íosrátaí, caidhpeanna agus roghtálacha) nó go mbeidh sí “leabaithe” laistigh de théarmaí conarthacha gnáth-tháirgí baincéireachta eile.
Déanfar roghanna ráta úis uathoibríocha leabaithe a thuairisciú in éineacht lena n-ionstraim óstach ábhartha (sócmhainn nó dliteanas). Déanfar roghanna ráta úis uathoibríocha sainráite a thuairisciú mar ionstraimí díorthacha.
I gcás suíomhanna ráta chomhlúthaigh, áireofar na nithe seo a leanas ar roghanna uathoibríocha leabaithe ceannaithe: (i) íosrátaí ceannaithe os cionn sócmhainní ráta chomhlúthaigh (iasachtaí nó urrúis fiachais); (ii) caidhpeanna ceannaithe os cionn urrúis fiachais ráta chomhlúthaigh arna n-eisiúint etc.
I gcás suíomhanna ráta sheasta, áireofar na nithe seo a leanas ar roghanna uathoibríocha leabaithe ceannaithe: (i) sócmhainní urrúis fiachais ráta sheasta lena ngabhann rogha réamhíocaíochta don institiúid (íocóir roghtála leabaithe ceannaithe); (ii) dliteanais i leith urrúis fiachais arna n-eisiúint ag ráta seasta lena ngabhann rogha réamhíocaíochta don institiúid (faighteoir roghtála leabaithe ceannaithe).
Is é is roghanna uathoibríocha sainráite ceannaithe ann díorthaigh ar a n-áireofar: (i) íosrátaí sainráite ceannaithe; (ii) íocóirí roghtála sainráite ceannaithe (tá sé de cheart ag institiúid Roghtáil Ráta Úis a dhéanamh lena n-íoctar athraitheach fála seasta); (iii) caidhpeanna sainráite ceannaithe; (iv) faighteoirí roghtála sainráite ceannaithe (tá sé de cheart ag institiúid Roghtáil Ráta Úis a dhéanamh lena bhfaightear athraitheach íoca sheasta).
I gcás ina mbeidh an céatadán den neamhchosaint á ríomh, déanfaidh institiúidí breithniú cuí ar na gnásanna a shonraítear i gCuid I, roinn 3 maidir le roghanna.
|
|
0030 agus 0280
|
% Ina bhfuil roghnaíocht uathoibríoch leabaithe nó shainráite - díolta
An céatadán den mhéid barúlach a thuairiscítear i gcolúin 0010 agus 0260 atá faoi réir roghanna ráta úis uathoibríocha díolta. Is féidir go n-eascróidh an roghnaíocht as ionstraimí leithleacha a dhíolann an institiúid (lena n-áirítear íosrátaí, caidhpeanna agus roghtálacha) nó go mbeidh sí “leabaithe” laistigh de théarmaí conarthacha gnáth-tháirgí baincéireachta eile.
Déanfar roghanna ráta úis uathoibríocha leabaithe a thuairisciú in éineacht lena n-ionstraim óstach ábhartha (sócmhainn nó dliteanas). Déanfar roghanna ráta úis uathoibríocha sainráite a thuairisciú mar ionstraimí díorthacha.
I gcás suíomhanna ráta chomhlúthaigh, áireofar na nithe seo a leanas ar roghanna ráta úis uathoibríocha leabaithe díolta: (i) caidhpeanna díolta os cionn sócmhainní ráta chomhlúthaigh (iasachtaí nó urrúis fiachais); (ii) íosrátaí díolta os cionn urrúis fiachais ráta chomhlúthaigh arna n-eisiúint etc.
I gcás suíomhanna ráta sheasta, áireofar na nithe seo a leanas ar roghanna ráta úis uathoibríocha leabaithe díolta: (i) urrúis fiachais ráta sheasta lena ngabhann rogha réamhíocaíochta don eisitheoir (faighteoir roghtála leabaithe díolta); (ii) íosrátaí díolta i gcás NMDanna agus taiscí téarma lena n-áirítear íosrátaí dlíthiúla agus intuigthe agus (iii) urrúis fiachais ráta sheasta arna n-eisiúint le rogha réamhíocaíochta don infheisteoir (íocóir roghtála leabaithe díolta).
(i) caidhpeanna sainráite díolta; (ii) faighteoirí roghtála sainráite díolta (tá sé d’oibleagáid ar institiúid Roghtálacha Ráta Úis a dhéanamh lena n-íoctar athraitheach fála seasta); (iii) íosrátaí sainráite díolta; (iv) faighteoirí roghtála sainráite díolta (tá sé d’oibleagáid ar institiúid Roghtálacha Ráta Úis a dhéanamh lena bhfaightear athraitheach íoca sheasta).
I gcás ina mbeidh an céatadán den mhéid á ríomh, déanfaidh institiúidí breithniú cuí ar na gnásanna a shonraítear i gCuid I, roinn 3 maidir le roghanna.
|
|
0040 agus 0290
|
% Faoi réir samhaltú iompraíochta
An céatadán den mhéid barúlach a thuairiscítear i gcolúin 0010 agus 0260, atá faoi réir samhaltú iompraíochta, ar ina leith a bhraitheann uainiú nó méid an tsreabhaidh airgid ar iompraíocht custaiméirí.
|
|
0050 agus 0300
|
Meántoradh ualaithe
Meántoradh ar bhonn bliantúil agus é ualaithe ag an méid barúlach.
|
|
0060 agus 0310
|
Meánaibíocht ualaithe (chonarthach)
Meánaibíocht chonarthach arna tomhas i mblianta agus í ualaithe ag an méid barúlach.
|
|
0070-0250 agus 0320 - 0390
|
Sceideal athphraghsála le haghaidh gach sreabhaidh airgid athphraghsála bharúlaigh
Gach sreabhadh airgid athphraghsála barúlach todhchaí a eascraíonn as suíomhanna atá íogair i leith an ráta úis agus a thagann faoi raon feidhme Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/856, tuairisceoidh institiúidí iad sna heatraimh ama réamhshainithe (faoina dtagann siad de réir a ndátaí athphraghsála). (sainmhíniú ar “shreabhadh airgid athphraghsála todhchaí” agus “dáta athphraghsála” mar a leagtar síos in Airteagal 1, pointí (1) agus (2), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/857.
Roghanna ráta úis uathoibríocha, bídís sainráite nó leabaithe, bainfear dá gconarthaí óstacha iad agus déanfar neamhaird díobh tráth a dhéanfar an sreabhadh airgid athphraghsála barúlach a shliotánú.
Déanfar díorthaigh nach roghanna ráta úis uathoibríocha iad a thiontú ina suíomhanna sa tsócmhainn fholuiteach ábhartha agus a roinnt ina suíomhanna íoctha agus fála (suíomhanna gearra agus fhada) sa tsócmhainn fholuiteach ábhartha. Príomhshuimeanna den tsócmhainn fholuiteach nó den tsócmhainn fholuiteach bharúlach is ea na méideanna a bhreithneofar. Déanfar todhchaíochtaí agus conarthaí réamhcheaptha, lena n-áirítear comhaontuithe ar réamhráta, a láimhseáil mar theaglaim de shuíomhanna gearra agus fada.
I gcás ina mbeidh léiriú á thabhairt ar shreabhadh airgid athphraghsála díorthach nach roghanna ráta úis uathoibríoch iad, déanfaidh institiúidí breithniú cuí ar na gnásanna a shonraítear i gCuid IV, Roinn 1, mír 1.4 maidir le díorthaigh.
|
CUID V
PARAIMÉADAIR ÁBHARTHA (J 08.00 agus J 09.00)
1.
Barúlacha ginearálta
1.1. I dteimpléid J 08.00 agus J 09.00 tá faisnéis maidir leis na paraiméadair ábhartha chun faireachán a dhéanamh ar shamhaltú IRRBB. Is ón bhfaisnéis a thuairiscítear i dteimpléid J 02.00 go J 07.00 a dhíorthófar formhór na faisnéise sa teimpléad seo. Tuairisceofar an fhaisnéis ó thaobh EVE de, lena n-áirítear na ceanglais agus na toimhdí samhaltaithe a shonraítear in Airteagal 3 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/856, agus neamhaird á tabhairt ar roghnaíocht uathoibríoch, ach amháin rónna 0120 go 0150.
1.2. Tuairisceofar na teimpléid sin ar leithligh i ndáil le gach airgeadra a bhfuil suíomhanna ag an institiúid ina leith i gcás inarb é atá i luach cuntasaíochta sócmhainní nó dliteanas arna n-ainmniú in airgeadra 5 % nó níos mó d’iomlán na sócmhainní nó na ndliteanas airgeadais sa leabhar baincéireachta, nó méid is lú ná 5 % i gcás ina mbeidh suim na sócmhainní nó na ndliteanas airgeadais a áirítear sa ríomh níos ísle ná 90 % d’iomlán na sócmhainní (gan sócmhainní inláimhsithe a áireamh) nó na ndliteanas airgeadais sa leabhar baincéireachta.
2.
Treoracha a bhaineann le suíomhanna sonracha
|
Ró
|
Tagairtí dlí agus treoracha
|
|
0010-0110
|
NMDanna - Samhaltú iompraíochta - Meándátaí athphraghsála roimh shamhaltú agus ina dhiaidh
Déanfar meándátaí athphraghsála, arna dtomhas i mblianta, a ríomh in aghaidh chatagóir NMD de réir an mhiondealaithe a shonraítear i gCuid III, roinn 2 den Iarscríbhinn seo, agus miondealú breise ar na nithe seo a leanas: (a) an chuid a mheastar a bheith ina “croímhéid” (i gcás na NMDanna sin atá éagsúil le NMDanna mórdhíola airgeadais, agus de réir an tsainmhínithe ar “chroímhéid” in Airteagal 1, pointe (15) de Rialachán Tarmligthe (EU) 2024/857, (b) an imlíne coigilteas rialáilte dá dtagraítear in Airteagal 428f(2), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 — gan bheith teoranta don chuid láraithe — ná dóibh siúd a bhfuil srianta ábhartha eacnamaíocha nó fioscacha leo i gcás aistarraingthe, nach gcuireann an institiúid caidhp ar a n-aibíocht athphraghsála (amhail an chaidhp 5 bliana), ina bainistíocht riosca inmheánach ar IRRBB, agus (c) an imlíne taiscí oibríochtúla mar a shainmhínítear in Airteagal 27(1), pointe (a), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61.
Déanfar na meándátaí athphraghsála a ríomh mar mheán ualaithe na “ndátaí athphraghsála” agus an ualaigh shannta bunaithe ar “shreabhadh airgid athphraghsála barúlach” na suíomhanna i ngach catagóir/miondealú ábhartha NMD (sainmhíniú ar “shreabhadh airgid athphraghsála todhchaí” agus “dáta athphraghsála” mar a leagtar síos in Airteagal 1, pointí (1) agus (2), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/857.
|
|
0120-0150
|
NMDanna — Samhaltú iompraíochta — PTR i gcaitheamh tréimhse 1 bhliana amháin
An ráta idirmheánach (PTR) mar a shainmhínítear in Airteagal 1, pointe (14) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/857, tuairisceofar in aghaidh chatagóir NMD é de réir an mhiondealaithe a shonraítear i gCuid III, roinn 2, den Iarscríbhinn seo, agus i gcaitheamh tréimhse ama 1 bhliana.
Is é a thuairisceoidh institiúidí mar PTR meánchéatadán ualaithe an tsuaite ráta úis a nglactar leis go n-aistrítear chuig a NMDanna é, sna cásanna rialála ráta úis agus i méadracht NII a shonraítear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/857.
|
|
0160-0220
|
Ráta seasta — Riosca réamhíocaíochta — Meándátaí athphraghsála roimh shamhaltú agus ina dhiaidh
Ríomhfar meándátaí athphraghsála, arna dtomhas i mblianta, in aghaidh na catagóire ábhartha mar a shonraítear i gCuid III, Roinn 2, den Iarscríbhinn seo i gcás “iasachtaí agus airleacain” ráta sheasta agus “urrúis fiachais” ráta sheasta atá faoi réir riosca réamhíocaíochta.
Ní bhreithneoidh institiúidí ach suímh nach n-íocann an custaiméir costais eacnamaíocha iomlána na réamhíocaíochta luaithe ina leith a bheith ina suíomhanna atá faoi réir riosca réamhíocaíochta. Suíomhanna a n-íocann an custaiméir costas eacnamaíoch iomlán na réamhíocaíochta luaithe ina leith, ní mheasfar iad a bheith faoi réir riosca réamhíocaíochta chun críocha an ríomha. Déanfar na meándátaí athphraghsála a ríomh mar mheán ualaithe “na ndátaí athphraghsála” agus an ualaigh shannta bunaithe ar “shreabhaidh airgid athphraghsála bharúlaigh” suíomhanna i ngach catagóir/miondealú ábhartha de “iasachtaí agus airleacain” ráta sheasta agus “urrúis fiachais” ráta sheasta (sainmhíniú ar “shreabhadh airgid athphraghsála todhchaí” agus “dáta athphraghsála” mar a leagtar síos in Airteagal 1, pointí (1) agus (2), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/857.
|
|
0230-0290
|
Ráta seasta — Riosca réamhíocaíochta — Rátaí réamhíocaíochta coinníollacha (meánrátaí bliantúlaithe)
Déanfar an meánráta réamhíocaíochta coinníollach a thuairisciú i dtéarmaí bliantúlaithe, in aghaidh na catagóire ábhartha mar a shonraítear i gCuid III, Roinn 2, den Iarscríbhinn seo, mar mheánráta ualaithe réamhíocaíochta bliantúil na bpunann “iasachtaí agus airleacan” ráta sheasta agus na bpunann “urrús fiachais” ráta sheasta atá faoi réir riosca réamhíocaíochta, de réir an mhéid amuigh i ngach tréimhse bhliantúil go dtí go n-éagfar an phunann.
|
|
0300-0330
|
Ráta seasta — Riosca fuascailte luaithe — Meándátaí athphraghsála roimh shamhaltú agus ina dhiaidh
Ríomhfar meándátaí athphraghsála, arna dtomhas in aghaidh na catagóire ábhartha, mar a shonraítear i gCuid III, Roinn 2, den Iarscríbhinn seo i gcás “taiscí téarma” ráta sheasta atá faoi réir riosca fuascailte luaithe.
Déanfar na meándátaí athphraghsála a ríomh mar mheán ualaithe na “ndátaí athphraghsála” agus an ualaigh shannta bunaithe ar “shreabhaidh airgid athphraghsála bharúlaigh” suíomhanna comhiomlánaithe i ngach catagóir/miondealú ábhartha (sainmhíniú ar “shreabhadh airgid athphraghsála todhchaí” agus “dáta athphraghsála” mar a leagtar síos in Airteagal 1, pointí (1) agus (2), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/857.
Ní bhreithneoidh institiúidí ach suíomhanna nach n-íocann an custaiméir costais eacnamaíocha iomlána na fuascailte luaithe ina leith a bheith ina suíomhanna atá faoi réir riosca fuascailte luaithe. Suíomhanna a n-íocann an custaiméir costas eacnamaíoch iomlán na fuascailte luaithe ina leith, ní mheasfar iad a bheith faoi réir riosca fuascailte luaithe chun críocha an ríomha.
|
|
0340-0370
|
Ráta seasta — Riosca fuascailte luaithe — Rátaí fuascailte luaithe (meánrataí carnacha)
Déanfar an meánráta fuascailte luaithe coinníollach carnach a thuairisciú in aghaidh na catagóire ábhartha, mar a shonraítear i gCuid III, Roinn 2, den Iarscríbhinn seo, mar an cóimheas idir méid na suíomhanna “taiscí téarma” ráta sheasta a fuasclaíodh go luath agus atá faoi réir riosca fuascailte luaithe (in aghaidh na catagóire ábhartha), arna roinnt ar mhéid foriomlán na “dtaiscí téarma” ráta sheasta amuigh atá faoi réir riosca fuascailte luaithe (in aghaidh na catagóire ábhartha).
|
|
Colúin
|
Tagairtí dlí agus treoracha
|
|
0010
|
Méid barúlach
Beidh na treoracha mar an gcéanna leis na treoracha ar a dtugtar tuairisc in {J 05.00; c0010}.
|
|
0020
|
Faoi réir samhaltú iompraíochta (%)
Beidh na treoracha mar an gcéanna leis na treoracha ar a dtugtar tuairisc in {J 05.00; c0040}.
|
|
0030
|
Cás bunlíne (conarthach)
Soláthróidh institiúidí na paraiméadair ábhartha (i.e. meándátaí athphraghsála) de réir choinníollacha conarthacha na n-ionstraimí foluiteacha i gcás neamhchosaintí atá faoi réir téarmaí agus gnéithe conarthacha, sa chás ráta úis bunlíne.
Tuairisceoidh institiúidí sonraí agus bunaithe ar na sonraíochtaí a leagtar síos in Airteagal 98(5), pointe (a), de Threoir 2013/36/AE agus a leagtar síos in Airteagal 3 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/856.
Ní bhreithneofar samhlacha iompraíochta nó samhlacha coinníollacha (mar a shonraítear in Airteagal 3(2), pointe (c), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/856 chun na paraiméadair a dhíorthú.
|
|
0040
|
Cás bunlíne (iompraíochta)
Soláthróidh institiúidí na paraiméadair ábhartha (i.e., meándátaí athphraghsála) a úsáidtear i gcás neamhchosaintí atá faoi réir samhaltú iompraíochta, ar ina leith a bhraitheann uainiú agus méid an tsreabhaidh airgid ar iompraíocht custaiméirí, sa chás ráta úis bunlíne.
Tuairisceoidh institiúidí sonraí agus breithniú á dhéanamh ar na sonraíochtaí a leagtar síos in Airteagal 98(5), pointe (a), de Threoir 2013/36/AE agus a leagtar síos in Airteagal 3 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/856.
|
|
0050
|
Suaitheadh comhthreomhar ag teacht aníos
Beidh na treoracha mar an gcéanna leis na treoracha ar a dtugtar tuairisc in {J 01.00; r0040}.
|
|
0060
|
Suaitheadh comhthreomhar ag teacht anuas
Beidh na treoracha mar an gcéanna leis na treoracha ar a dtugtar tuairisc in {J 01.00; r0050}.
|
|
0070
|
Suaitheadh géaróra
Beidh na treoracha mar an gcéanna leis na treoracha ar a dtugtar tuairisc in {J 01.00; r0060}.
|
|
0080
|
Suaitheadh cothromóra
Beidh na treoracha mar an gcéanna leis na treoracha ar a dtugtar tuairisc in {J 01.00; r0070}.
|
|
0090
|
Gearrshuaitheadh rátaí ag teacht aníos
Beidh na treoracha mar an gcéanna leis na treoracha ar a dtugtar tuairisc in {J 01.00; r0080}.
|
|
0100
|
Gearrshuaitheadh rátaí ag teacht anuas
Beidh na treoracha mar an gcéanna leis na treoracha ar a dtugtar tuairisc in {J 01.00; r0090}.
|
CUID VI:
FAISNÉIS CHÁILÍOCHTÚIL (J 10.00 agus J 11.00)
1.
Barúlacha ginearálta
1.1. I dteimpléid J 10.00 agus J 11.00 tá sonraí cáilíochtúla maidir le modheolaíochtaí a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh ar IRRBB.
1.2. Tuairisceoidh institiúidí an fhaisnéis ábhartha bunaithe ar liosta roghanna réamhchinntithe. Tuairisceofar rónna 0320 go 0360 ar leithligh i ndáil le gach airgeadra a bhfuil suíomhanna ag an institiúid ina leith i gcás inarb é atá i luach cuntasaíochta sócmhainní nó dliteanas arna n-ainmniú in airgeadra 5 % nó níos mó d’iomlán na sócmhainní nó na ndliteanas airgeadais sa leabhar baincéireachta, nó méid is lú ná 5 % má tá suim na sócmhainní nó na ndliteanas airgeadais a áirítear sa ríomh níos ísle ná 90 % d’iomlán na sócmhainní (gan sócmhainní inláimhsithe a áireamh) nó na ndliteanas airgeadais sa leabhar baincéireachta. Ní bhraitheann na rónna eile (ó 0010 go 0310) ar airgeadra.
2.
Treoracha a bhaineann le suíomhanna sonracha
|
Ró
|
Tagairtí dlí agus treoracha
|
|
0010
|
Cur chuige a úsáidtear chun críoch SOT (NII/EVE)
Sonróidh institiúidí an cur chuige a úsáidtear chun SOT a ríomh (NII/EVE)
|
|
0020
|
Ceanglas ón Údarás Inniúil (NII/EVE)
Airteagal 84(3) agus (4) de Threoir 2013/36/AE. I gcás ina mbeidh modh na hinstitiúide chun EVE/NII a ríomh bunaithe ar SA, tuairisceoidh institiúidí cé acu ba cheanglas ón údarás inniúil é sin nó nárbh ea:
|
|
0030
|
Modheolaíocht (NII)
Sonróidh institiúidí ar breithníodh bearna athphraghsála, athluacháil iomlán nó cur chuige measctha i ríomh SOT ar NII:
|
|
0040
|
Sreabhadh Airgid Coinníollach (NII)
Sonróidh institiúidí ar breithníodh sreabhadh airgid coinníollach i ríomh SOT ar NII:
|
|
0050
|
Riosca Roghanna (NII)
Sonróidh institiúidí ar breithníodh riosca roghanna i ríomh SOT ar NII:
|
|
0060
|
Riosca Boinn (NII)
Sonróidh institiúidí ar breithníodh riosca boinn i ríomh SOT ar NII:
— breithníodh;
— níor breithníodh.
|
|
0070
|
Modheolaíocht (EVE)
Sonróidh institiúidí ar breithníodh bearna mharthanachta nó cur chuige athluachála iomláine i ríomh SOT ar EVE:
|
|
0080
|
Sreabhadh Airgid Coinníollach (EVE)
Sonróidh institiúidí ar breithníodh sreabhadh airgid coinníollach i ríomh SOT ar EVE:
|
|
0090
|
Riosca Roghanna (EVE)
Sonróidh institiúidí ar breithníodh riosca roghanna i ríomh SOT ar EVE.
|
|
0100
|
Riosca Boinn (EVE)
Sonróidh institiúidí ar breithníodh riosca boinn i ríomh SOT ar EVE:
|
|
0110
|
Corrlaigh thráchtála/comhpháirteanna eile raoin difríochta (EVE)
Sonróidh institiúidí ar áiríodh corrlaigh thráchtála agus comhpháirteanna raoin difríochta eile i ríomh bheart riosca SOT ar EVE:
— áirithe;
— eisiata.
|
|
0120
|
Táillí pionóis ó réamhíocaíochtaí iasachta
Sonróidh institiúidí ar áiríodh táillí pionóis ó réamhíocaíochtaí iasachta mar chuid de SOT ar EVE/NII:
|
|
0130
|
Oibleagáidí pinsin/sócmhainní plean pinsin
Sonróidh institiúidí ar áiríodh oibleagáidí pinsin agus sócmhainní plean pinsin i ríomh SOT ar EVE/NII:
|
|
0140
|
Neamhchosaintí neamhthuillmheacha
Sonróidh institiúidí ar áiríodh neamhchosaintí neamhthuillmheacha in SOT ar EVE/NII:
|
|
0150
|
Gealltanais iasachta ráta sheasta
Sonróidh institiúidí ar áiríodh gealltanais iasachta ráta sheasta in SOT ar EVE/NII:
— áirithe;
— eisiata.
|
|
0160
|
Riosca réamhíocaíochta
Sonróidh institiúidí ar áiríodh an riosca réamhíocaíochta miondíola i ríomhanna SOT ar EVE/NII:
|
|
0170
|
Riosca fuascailte luaithe
Sonróidh institiúidí ar áiríodh an riosca fuascailte luaithe miondíola i ríomhanna SOT ar EVE/NII:
|
|
0180
|
Cur chuige ginearálta i leith samhaltú NMD
Sonróidh institiúidí an modh a úsáidtear chun am athphraghsála iompraíochta NMDanna a chinneadh:
— samhail amshraithe (cur chuige Basel/cur chuig cobhsaí/neamhchobhsaí ÚBE/cur chuige PTR);
— samhlacha eacnamaíocha (lena samhaltaítear leithdháileadh saibhris airgeadais ar NMDanna nó ar infheistíochtaí malartacha de réir cásanna margaidh/tosca eacnamaíocha éagsúla);
— breithiúnas saineolach;
|
|
0190
|
Iarmhéideanna croí-chomhpháirte NMD a shainaithint
Sonróidh institiúidí an bhfuil dúshláin rompu iarmhéideanna croí-chomhpháirte NMD atá neamhchoinníollach ar chás an ráta úis a shainaithint:
|
|
0200
|
Spreagthaí ábhartha d’iarmhéideanna NMD
Liostóidh institiúidí ainm (ainmneacha) an spreagtha (na spreagthaí) ábhartha a úsáidtear chun iarmhéideanna croí-chomhpháirte a shainaithint.
|
|
0210
|
Iarmhéideanna croí-chomhpháirte NMD (sliotánú iarmhéideanna croí-chomhpháirte)
Sonróidh institiúidí conas a leithdháileann siad iarmhéideanna croí-chomhpháirte NMD:
— na hiarmhéideanna croí-chomhpháirte uile nach leithdháiltear ach in aibíocht athphraghsála amháin;
— iarmhéideanna croí-chomhpháirte a leithdháiltear in aibíochtaí athphraghsála éagsúla.
|
|
0220
|
Caidhp athphraghsála NMD 5 bliana maidir le bainistíocht riosca IRRBB
Sonróidh institiúidí an mbreathnaítear aon tionchar neamhbheartaithe i dtéarmaí bhainistíocht riosca IRRBB agus straitéisí fálaithe, i ngeall ar an mbearna athphraghsála 5 bliana in IMS IRRBB:
|
|
0230
|
Díolúintí ón gcaidhp athphraghsála NMD 5 bliana
Sonróidh institiúidí an úsáideann siad díolúintí ón gcaidhp athphraghsála 5 bliana le haghaidh aon cheann dá dtáirgí IRRBB:
|
|
0240
|
Samhaltú NMDanna oibríochtúla ó chustaiméirí airgeadais
Sonróidh institiúidí an bhfuil NMDanna ó chustaiméirí airgeadais a aicmítear mar thaiscí oibríochtúla, a bhfuil feidhm ag Airteagal 27(1), pointe (a), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61 maidir leo, faoi réir samhaltú iompraíochta:
|
|
0250
|
Athruithe ar struchtúr an chláir comhardaithe i ngeall ar ráta úis
Sonróidh institiúidí na hathruithe a rinneadh ar struchtúr a gcláir chomhardaithe ó bhí an tuairisciú deireanach maidir le IRRBB ann:
— an bhearna mharthanachta idir sócmhainn/dliteanais a laghdú trí mharthanacht na sócmhainne a laghdú;
— an bhearna mharthanachta idir sócmhainn/dliteanais a laghdú trí mharthanacht dliteanas a mhéadú;
— an bhearna mharthanachta idir sócmhainn/dliteanais a laghdú trí mharthanacht na sócmhainne a laghdú agus marthanacht dliteanas a mhéadú;
— an bhearna mharthanachta a mhéadú trí mharthanacht sócmhainní a mhéadú;
— an bhearna mharthanachta a mhéadú trí mharthanacht dliteanas a laghdú;
— an bhearna mharthanachta a mhéadú trí mharthanacht sócmhainní a mhéadú agus marthanacht dliteanas a laghdú.
|
|
0260
|
Straitéisí maolaithe agus fálaithe IRRBB (EVE)
Sonróidh institiúidí an bhfuil coinne acu le hathruithe a fhorbairt ar a straitéisí maolaithe agus fálaithe i leith riosca an ráta úis in aon cheann de na cásanna dá bhforáiltear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/856 i gcás EVE:
— suaitheadh comhthreomhar ag teacht aníos:
— suaitheadh comhthreomhar ag teacht anuas;
— gearrshuaitheadh rátaí ag teacht aníos;
— gearrshuaitheadh rátaí ag teacht anuas.
|
|
0270
|
Straitéisí maolaithe agus fálaithe IRRBB (NII)
Sonróidh institiúidí an bhfuil coinne acu le hathruithe a fhorbairt ar a straitéisí maolaithe agus fálaithe i leith riosca an ráta úis in aon cheann de na cásanna dá bhforáiltear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/586 i gcás NII:
— suaitheadh comhthreomhar ag teacht aníos;
— suaitheadh comhthreomhar ag teacht anuas.
|
|
0280
|
SOT ar bheart riosca NII faoi Chur Chuige IMS - PTR Taiscí Téarma Miondíola
Sonróidh institiúidí an gcuireann siad 100 % d’athruithe ráta úis an mhargaidh faoi bhealach chuig na taiscí téarma miondíola a athphraghsáiltear tar éis a n-aibíochta i gcás comhthreomhar ráta úis +200:
|
|
0290
|
SOT ar bheart riosca NII faoi Chur Chuige IMS — PTR Iasachtaí Miondíola Seasta
Sonróidh institiúidí an gcuireann siad 100 % d’athruithe ráta úis an mhargaidh faoi bhealach chuig na hiasachtaí seasta miondíola a athphraghsáiltear tar éis a n-aibíochta i gcás comhthreomhar ráta úis +200:
|
|
0300
|
Riosca boinn
Sonróidh institiúidí an mbreithníonn siad riosca boinn a bheith ábhartha:
|
|
0310
|
Riosca Raoin Difríochta Creidmheasa sa Leabhar Baincéireachta (CSRBB)
Sonróidh institiúidí ar bhreithnigh siad imlíne dhifriúil ionstraimí atá faoi réir CSRBB, dá dtagraítear in Airteagal 84(2) de Threoir 2013/36/AE, i gcás mhéadrachtaí NII agus EVE:
|
|
0320
|
Cuar toraidh saor ó riosca (lascainiú in SOT ar EVE)
Tuairisceoidh institiúidí an cuar toraidh saor ó riosca a úsáideadh le haghaidh lascainiú i gcomhréir le hAirteagal 3(10) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/856 ón gCoimisiún:
— taiscí urraithe idirbhainc;
— taiscí neamhurraithe idirbhainc thar oíche;
— taiscí téarma neamhurraithe idirbhainc;
— cuar eintiteas-shonrach;
|
|
0330
|
Cuar toraidh saor ó riosca (bearta riosca inmheánacha EVE)
Tuairisceoidh institiúidí an cuar toraidh saor ó riosca a úsáideadh chun críoch inmheánach chun beart riosca inmheánach EVE a lascainiú:
— taiscí urraithe idirbhainc;
— taiscí neamhurraithe idirbhainc thar oíche;
— taiscí téarma neamhurraithe idirbhainc;
— cuar eintiteas-shonrach;
|
|
0340
|
Athrú ar thoimhdí ábhartha (EVE)
Sonróidh institiúidí ar athraíodh aon toimhde ábhartha is bun le ríomh an tsuaite chaighdeánaigh maoirseachta i méadrachtaí SOT ar EVE ó bhí an tuairisciú deireanach ann:
|
|
0350
|
Athrú ar thoimhdí ábhartha (NII)
Sonróidh institiúidí ar athraíodh aon toimhde ábhartha is bun le ríomh an tsuaite chaighdeánaigh maoirseachta i méadrachtaí SOT ar NII ó bhí an tuairisciú deireanach ann:
|
|
0360
|
Íosráta úis iarshuaite (NII/EVE)
I gcomhréir le hAirteagal 3(7) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/856, sonróidh institiúidí an bhfuil an t-íosráta úis iarshuaite atá spleách ar aibíocht ceangailteach i ndáil le haon cheann de na hairgeadraí a thuairiscítear:
|
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 01.09.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32021R0451
- EULAW_EL -
EULAW_EL
|