|
+Airteagal 10 2. |
Airteagal 10 2.Déanfar na nithe seo a leanas leis na nósanna imeachta um bainistíocht leochaileachta dá dtagraítear i mír 1:
(a)
foinsí faisnéise ábhartha iontaofa a shainaithint agus a thabhairt cothrom le dáta chun feasacht maidir le leochaileachtaí a mhúscailt agus a choinneáil ar bun;
(b)
a áirithiú go ndéanfar scanadh leochaileachta agus measúnuithe leochaileachta uathoibrithe ar shócmhainní TFC, a mbeidh minicíocht agus raon feidhme na ngníomhaíochtaí sin i gcomhréir leis an aicmiú a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 8(1) de Rialachán (AE) 2022/2554 agus le próifíl riosca fhoriomlán na sócmhainne TFC;
(c)
fíorú a dhéanamh:
(i)
cé acu a láimhseálann nó nach láimhseálann soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí leochaileachtaí a bhaineann leis na seirbhísí TFC a sholáthraítear don eintiteas airgeadais;
(ii)
cé acu a dhéanann nó nach ndéanann na soláthraithe seirbhísí sin na leochaileachtaí criticiúla agus staidreamh agus treochtaí, ar a laghad, a thuairisciú don eintiteas airgeadais go tráthúil;
(d)
úsáid na nithe seo a leanas a rianú:
(i)
leabharlanna tríú páirtí, lena n-áirítear leabharlanna foinse oscailte, a úsáideann seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha;
(ii)
seirbhísí TFC arna bhforbairt ag an eintiteas airgeadais féin nó arna saincheapadh nó arna bhforbairt go sonrach don eintiteas airgeadais ag soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí;
(e)
nósanna imeachta a bhunú um leochaileachtaí a nochtadh ar bhealach freagrach do chliaint, do chontrapháirtithe agus don phobal;
(f)
tosaíocht a thabhairt do chur in úsáid paistí agus beart maolaithe eile chun aghaidh a thabhairt ar na leochaileachtaí a shainaithnítear;
(g)
faireachán a dhéanamh ar leigheas leochaileachtaí agus é a fhíorú;
(h)
a cheangal go dtaifeadfar aon leochaileacht bhraite a dhéanann difear do chórais TFC agus go ndéanfar faireachán ar a réiteach. Chun críocha phointe (b), is ar bhonn seachtainiúil ar a laghad a dhéanfaidh eintitis airgeadais an scanadh leochaileachta agus na measúnuithe leochaileachta uathoibrithe ar shócmhainní TFC i gcás sócmhainní TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha. Chun críocha phointe (c), iarrfaidh eintitis airgeadais ar sholáthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí imscrúdú a dhéanamh ar na leochaileachtaí ábhartha, na bunchúiseanna a chinneadh agus beart maolaithe iomchuí a chur chun feidhme. Chun críocha phointe (d), déanfaidh eintitis airgeadais, i gcás inarb iomchuí agus i gcomhar leis an soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí, faireachán ar leagan na leabharlann tríú páirtí agus ar aon nuashonrú orthu a d’fhéadfadh a bheith ann. I gcás sócmhainní TFC atá réidh le húsáid (le ceannach i siopa) nó comhpháirteanna de na sócmhainní TFC sin a fhaightear agus a úsáidtear chun seirbhísí TFC a oibriú nach dtacaíonn le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha, déanfaidh eintitis airgeadais an úsáid a bhaintear as leabharlanna tríú páirtí, lena n-áirítear leabharlanna foinse oscailte, a rianú a mhéid is féidir. Chun críocha phointe (f), breithneoidh eintitis airgeadais criticiúlacht na leochaileachta, an t-aicmiú a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 8(1) de Rialachán (AE) 2022/2554 agus próifíl riosca na sócmhainní TFC dá ndéanann na leochaileachtaí sainaitheanta difear. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|