+Airteagal 12 2.

Airteagal 12 2.

Cuirfear isteach an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 mar a leanas:

(a) 

an fhaisnéis a shonraítear in Iarscríbhinn IV, Cuid 1, le minicíocht ráithiúil;

(b) 

an fhaisnéis a shonraítear in Iarscríbhinn IV, Cuid 3, le minicíocht leathbhliantúil;

(c) 

an fhaisnéis a shonraítear in Iarscríbhinn IV, Cuid 4, seachas an fhaisnéis a shonraítear i dteimpléad 47, le minicíocht bhliantúil;

(d) 

an fhaisnéis a shonraítear in Iarscríbhinn IV, Cuid 2, teimpléad 20, le minicíocht ráithiúil i gcás ina dtéann an institiúid thar an tairseach a leagtar síos sa dara fomhír d’Airteagal 5(5);

(e) 

an fhaisnéis a shonraítear in Iarscríbhinn IV, Cuid 2, teimpléad 21, le minicíocht ráithiúil i gcás ina bhfuil na sócmhainní inláimhsithe atá faoi réir léasanna oibriúcháin mar a chéile le 10 % de na sócmhainní inláimhsithe iomlána, nó níos airde ná sin, mar a thuairiscítear i gcomhréir le hIarscríbhinn IV, Cuid 1, teimpléad 1.1;

(f) 

an fhaisnéis a shonraítear in Iarscríbhinn IV, Cuid 2, teimpléad 22, le minicíocht ráithiúil i gcás ina bhfuil an ghlantáille agus an t-ioncam coimisiúin mar a chéile le 10 % de shuim na glantáille agus an ioncaim coimisiúin agus an ghlanioncaim úis, nó níos airde ná sin, mar a thuairiscítear i gcomhréir le hIarscríbhinn IV, Cuid 1, teimpléad 2;

(g) 

an fhaisnéis a shonraítear in Iarscríbhinn IV, Cuid 2, teimpléid 23 go 26, le minicíocht ráithiúil i gcás ina gcomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:

(i) 

nach bhfuil an institiúid beag agus neamhchasta;

(ii) 

go bhfuil cóimheas na hinstitiúide mar a shonraítear in Airteagal 11(2), pointe (g)(ii), mar a chéile le 5 % nó níos airde ná sin;

(h) 

an fhaisnéis a shonraítear in Iarscríbhinn IV, Cuid 4, teimpléad 47, le minicíocht bhliantúil i gcás ina gcomhlíontar an dá choinníoll a leagtar amach i bpointe (g) den mhír seo.

Chun críocha phointí (d) agus (h) den mhír seo, beidh feidhm ag na critéir iontrála agus imeachta dá dtagraítear in Airteagal 4(3).

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.09.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32021R0451
  • EULAW_FI -

    EULAW_FI