1. Déanfar táirgí nasctha a dhearadh agus a mhonarú, agus déanfar táirgí gaolmhara a dhearadh agus a chur ar fáil, i gcaoi go mbeidh, trí réamhshocrú, fáil ar shonraí an táirge agus na sonraí seirbhíse gaolmhaire go héasca, lena n-áirítear na meiteashonraí is gá chun na sonraí sin a léirmhíniú agus a úsáid, go mbeidh siad saor in aisce, i bhformáid atá cuimsitheach, struchtúrtha, a úsáidtear go coitianta agus atá meaisín-inléite, agus, i gcás inarb ábhartha agus inarb féidir go teicniúil, go gcuirfear ar fáil go díreach don úsáideoir iad.