+Airteagal 3 Oibleagáid sonraí táirge agus sonraí seirbhísí gaolmhara a dhéanamh inrochtana don úsáideoir
---+Airteagal 3 1
---+Airteagal 3 2
---+Airteagal 3 3
|
Airteagal 3 Oibleagáid sonraí táirge agus sonraí seirbhísí gaolmhara a dhéanamh inrochtana don úsáideoir
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 3 1
|
1. Déanfar táirgí nasctha a dhearadh agus a mhonarú, agus déanfar táirgí gaolmhara a dhearadh agus a chur ar fáil, i gcaoi go mbeidh, trí réamhshocrú, fáil ar shonraí an táirge agus na sonraí seirbhíse gaolmhaire go héasca, lena n-áirítear na meiteashonraí is gá chun na sonraí sin a léirmhíniú agus a úsáid, go mbeidh siad saor in aisce, i bhformáid atá cuimsitheach, struchtúrtha, a úsáidtear go coitianta agus atá meaisín-inléite, agus, i gcás inarb ábhartha agus inarb féidir go teicniúil, go gcuirfear ar fáil go díreach don úsáideoir iad.
|
|
Airteagal 3 2
|
2. Sula dtabharfar i gcrích conradh chun táirge nasctha a cheannach, a fháil ar cíos nó ar léas, cuirfidh an díoltóir, cíosóir nó léasóir - féadfaidh an monaróir a bheith in aon cheann díobh - an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad ar fáil don úsáideoir, ar bhealach atá soiléir agus sothuigthe:
|
(a)
|
cineál, formáid agus toirt mheasta na sonraí táirge a d’fhéadfadh an táirge nasctha a ghiniúint;
|
|
(b)
|
an dóchúlacht go mbeadh táirge nasctha in ann sonraí a ghiniúint go leanúnach agus i bhfíor-am;
|
|
(c)
|
an dóchúlacht go mbeidh an táirge nasctha in ann sonraí a stóráil ar ghaireas nó ar chianfhreastalaí, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, fad na tréimhse coinneála;
|
|
(d)
|
an chaoi a gheobhaidh an t-úsáideoir rochtain ar na sonraí sin, an chaoi a n-aisghabhfaidh an t-úsáideoir na sonraí nó, i gcás inarb ábhartha, an chaoi a scriosfaidh an t-úsáideoir na sonraí, lena n-áirítear na modhanna teicniúla chun é sin a dhéanamh, mar aon lena dtéarmaí úsáide agus a gcáilíocht seirbhíse.
|
|
|
Airteagal 3 3
|
3. Sula dtabharfar conradh i gcrích chun seirbhís ghaolmhar a sholáthar, cuirfidh soláthraí seirbhíse gaolmhaire den sórt sin an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad ar fáil don úsáideoir, ar bhealach atá soiléir agus sothuigthe:
|
(a)
|
cineál, toirt mheasta agus minicíocht bailiúcháin na sonraí táirge a bhfuil súil go bhfaighidh an sealbhóir ionchasach sonraí iad agus, i gcás inarb ábhartha, na socruithe lena bhféadfaidh an t-úsáideoir rochtain a fháil ar na sonraí sin nó iad a aisghabháil, lena n-áirítear socruithe stórála an tsealbhóra ionchasaigh sonraí agus fad na coinneála;
|
|
(b)
|
cineál agus méid measta na sonraí seirbhíse gaolmhaire atá le giniúint, mar aon leis na socruithe lena bhféadfaidh an t-úsáideoir rochtain a fháil ar na sonraí sin nó iad a aisghabháil, lena n-áirítear socruithe stórála sonraí an tsealbhóra ionchasaigh sonraí agus fad na coinneála;
|
|
(c)
|
an bhfuil an sealbhóir ionchasach sonraí ag súil go n-úsáidfidh sé nó sí féin na sonraí atá ar fáil go héasca agus na cuspóirí a úsáidtear na sonraí sin, agus an bhfuil sé ar intinn aige cead a thabhairt do thríú páirtí amháin nó níos mó na sonraí a úsáid chun críocha arna gcomhaontú leis an úsáideoir;
|
|
(d)
|
céannacht an tsealbhóra ionchasaigh sonraí, cuir i gcás an t-ainm trádála agus an seoladh geografach ag a bhfuil sé bunaithe agus, i gcás inarb infheidhme, páirtithe eile próiseála sonraí;
|
|
(e)
|
an modh cumarsáide a ligfidh don úsáideoir teagmháil a dhéanamh leis an sealbhóir ionchasach sonraí go tapa agus cumarsáid a dhéanamh leis an sealbhóir sonraí sin go héifeachtúil;
|
|
(f)
|
conas is féidir leis an úsáideoir a iarraidh go roinnfear na sonraí le tríú páirtí, agus, i gcás inarb infheidhme, deireadh a chur leis an gcomhroinnt sonraí;
|
|
(g)
|
ceart an úsáideora gearán a dhéanamh lena gcuirtear sárú ar aon cheann de fhorálacha na Caibidle seo in iúl don údarás inniúil arna ainmniú de bhun Airteagal 37;
|
|
(h)
|
an dóchúlacht gur sealbhóir na rúin trádála atá sna sonraí atá inrochtana ón táirge nasctha nó a ghinfear le linn an ama a sholáthrófar seirbhís ghaolmhar é an sealbhóir ionchasach sonraí, agus, i gcás nach ionann sealbhóir ionchasach na sonraí agus an sealbhóir rúin trádála, céannacht an tsealbhóra rún trádála;
|
|
(i)
|
fad an chonartha idir an t-úsáideoir agus an sealbhóir ionchasach sonraí chomh maith leis na socruithe chun comhaontú den sórt sin a fhoirceannadh.
|
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|