1. Arna iarraidh sin d’úsáideoir, nó do pháirtí atá ag gníomhú thar ceann úsáideora, cuirfidh an sealbhóir sonraí sonraí ar fáil go héasca, chomh maith leis na meiteashonraí ábhartha is gá chun na sonraí sin a léirmhíniú agus a úsáid, do thríú páirtí, gan aon mhoill mhíchuí, den cháilíocht chéanna agus atá ar fáil don sealbhóir sonraí, go héasca, go slán, saor in aisce don úsáideoir, i bhformáid chuimsitheach, struchtúrtha, a úsáidtear go coitianta agus atá meaisín-inléite agus, i gcás inarb ábhartha agus inarb fhéidir go teicniúil, go leanúnach agus i bhfíor-am. Cuirfidh an sealbhóir sonraí na sonraí ar fáil don tríú páirtí i gcomhréir le hAirteagail 8 agus 9.