+Airteagal 6 2
|
Airteagal 6 2
2. Ní dhéanfaidh an tríú páirtí an méid seo a leanas:
|
(a)
|
feidhmiú roghanna nó cearta úsáideoirí faoi Airteagal 5 a dhéanamh ródheacair, lena n-áirítear trí roghanna a thairiscint d’úsáideoirí ar bhealach nach bhfuil neodrach, ná tríd an úsáideoir a chomhéigniú, a mheabhlú ná a chúbláil, ná trí neamhspleáchas, trí chinnteoireacht ná trí roghanna an úsáideora a threascairt ná a lagú, lena n-áirítear é sin a dhéanamh trí bhíthin comhéadan digiteach úsáideora, ná cuid de;
|
|
(b)
|
d’ainneoin Airteagal 22(2), pointí (a) agus (c), de Rialachán (AE) 2016/679, úsáid a bhaint as na sonraí a fhaigheann sé nó sí le haghaidh próifíliú a dhéanamh, ach amháin más gá sin chun an tseirbhís a iarrann an t-úsáideoir a sholáthar;
|
|
(c)
|
na sonraí a fhaigheann sé nó sí a chur ar fáil do thríú páirtí, ach amháin má chuirtear na sonraí ar fáil ar bhonn conartha leis an úsáideoir, agus ar choinníoll go ndéanfaidh an tríú páirtí eile na bearta uile is gá arna gcomhaontú idir sealbhóir na sonraí agus an tríú páirtí chun rúndacht rún trádála a chaomhnú;
|
|
(d)
|
na sonraí a fhaigheann sé a chur ar fáil do ghnóthas atá ainmnithe ina gheatóir de bhun Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2022/1925;
|
|
(e)
|
na sonraí a fhaigheann sé a úsáid chun táirge a fhorbairt a théann in iomaíocht leis an táirge nasctha as a dtagann na sonraí a bhfuarthas rochtain orthu ná a chomhroinneann na sonraí le tríú páirtí eile chun na críche sin; ní úsáidfidh tríú páirtithe ach oiread sonraí táirge neamhphearsanta ná sonraí seirbhíse gaolmhaire a chuirtear ar fáil dóibh chun léargas a fháil ar an staid eacnamaíoch, ar sócmhainní ná ar na modhanna táirgthe atá ag sealbhóir na sonraí agus ar an úsáid a bhaineann sé as;
|
|
(f)
|
na sonraí a fhaigheann sé nó sí a úsáid ar bhealach a mbeidh drochthionchar ag na sonraí ar shlándáil an táirge nasctha ná na seirbhíse gaolmhair;
|
|
(g)
|
neamhaird a thabhairt ar na bearta sonracha atá comhaontaithe aige le sealbhóir sonraí ná le sealbhóir na rún trádála de bhun Airteagal 5(9) agus an bonn a bhaint ó rúndacht rún trádála;
|
|
(h)
|
cosc a chur ar an úsáideoir ar tomhaltóir é, lena n-áirítear ar bhonn conartha, na sonraí a fhaigheann sé nó sí a chur ar fáil do pháirtithe eile.
|
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|