3. Ní dhéanfaidh sealbhóir sonraí idirdhealú maidir leis na socruithe chun sonraí a chur ar fáil idir catagóirí inchomparáide d’fhaighteoirí sonraí, lena n-áirítear fiontair chomhpháirtíochta nó fiontair nasctha an tsealbhóra sonraí agus sonraí á gcur ar fáil aige nó aici. I gcás ina bhfuil an faighteoir sonraí den tuairim gur coinníollacha idirdhealaitheacha iad na coinníollacha faoinar cuireadh sonraí ar fáil dó nó di idirdhealaitheach, soláthróidh sealbhóir na sonraí gan moill mhíchuí, ar iarraidh réasúnaithe, d’fhaighteoir na sonraí faisnéis lena léirítear nach ndearnadh aon idirdhealú.