1. Beidh rochtain ag úsáideoirí, sealbhóirí sonraí agus faighteoirí sonraí ar chomhlacht um réiteach díospóidí, arna ndeimhniú i gcomhréir le mír 6 den Airteagal seo, chun díospóidí a réiteach de bhun Airteagal 4(3) agus (9) agus Airteagal 5(12) chomh maith le díospóidí i ndáil le téarmaí agus coinníollacha cothroma, réasúnta agus neamh-idirdhealaitheacha maidir le sonraí a chur ar fáil i gcomhréir leis an gCaibidil seo agus Caibidil IV. agus maidir leis an mbealach trédhearcach a bhaineann leis na sonraí sin a chur ar fáil.