4. Beidh feidhm ag mír 2 freisin i gcás ina n-athraíonn nó ina mbainfidh úsáideoir bearta cosanta teicniúla arna gcur i bhfeidhm ag an sealbhóir sonraí nó nach gcoimeádann sé na bearta teicniúla agus eagraíochtúla arna nglacadh ag an úsáideoir i gcomhaontú leis an sealbhóir sonraí nó, i gcás nach iad an duine céanna iad, le sealbhóir na rún trádála, murab é nó í an sealbhóir sonraí é nó í, chun rúin trádála a chaomhnú, agus beidh feidhm ag an méid sin maidir le haon pháirtí eile a fhaigheann na sonraí ón úsáideoir trí shárú ar an Rialachán seo.