+Airteagal 11 Bearta teicniúla cosanta maidir le húsáid neamhúdaraithe nó nochtadh sonraí
---+Airteagal 11 1
---+Airteagal 11 2
---+Airteagal 11 3
---+Airteagal 11 4
---+Airteagal 11 5
|
Airteagal 11 Bearta teicniúla cosanta maidir le húsáid neamhúdaraithe nó nochtadh sonraí
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 11 1
|
1. Féadfaidh sealbhóir sonraí bearta cosanta teicniúla iomchuí a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear conarthaí cliste agus criptiú, chun rochtain neamhúdaraithe ar na sonraí a chosc, lena n-áirítear meiteashonraí, agus chun a áirithiú go gcomhlíonfar Airteagail 4, 5, 6, 8 agus 9, chomh maith leis na téarmaí conarthacha arna gcomhaontú maidir le sonraí a chur ar fáil. Ní dhéanfaidh na bearta cosanta teicniúla sin idirdhealú idir faighteoirí sonraí ná ní chuirfidh siad bac ar cheart an úsáideora cóip, aisghabháil, úsáid nó rochtain a fháil ar shonraí, sonraí a sholáthar do thríú páirtithe de bhun Airteagal 5 ná aon cheart de chuid tríú páirtí faoi dhlí an Aontais nó faoi reachtaíocht náisiúnta arna glacadh i gcomhréir le dlí an Aontais. Ní dhéanfaidh úsáideoirí, tríú páirtithe ná faighteoirí sonraí bearta cosanta teicniúla den sórt sin a athrú ná a bhaint ach amháin má chomhaontaíonn an sealbhóir sonraí leis sin.
|
|
Airteagal 11 2
|
2. Sna himthosca dá dtagraítear i mír 3, comhlíonfaidh an tríú páirtí nó an faighteoir sonraí, gan moill mhíchuí, iarrataí an tsealbhóra sonraí agus, i gcás inarb infheidhme agus i gcás nach iad an duine céanna iad, iarrataí ón sealbhóir rúin trádála nó ón úsáideoir chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
(a)
|
na sonraí a chuir an sealbhóir sonraí ar fáil agus aon chóipeanna díobh a scriosadh;
|
|
(b)
|
deireadh a chur le táirgeadh, tairiscint nó cur ar an margadh nó úsáid earraí, sonraí díorthacha nó seirbhísí arna dtáirgeadh ar bhonn an eolais a fhaightear trí na sonraí sin, nó earraí sáraitheacha a allmhairiú, a onnmhairiú nó a stóráil chun na gcríoch sin, agus aon earraí sáraitheacha a scriosadh, i gcás ina bhfuil riosca tromchúiseach ann go ndéanfaidh úsáid neamhdhleathach na sonraí sin dochar suntasach don sealbhóir sonraí, don sealbhóir rún trádála nó don úsáideoir nó i gcás nach mbeadh an beart sin díréireach i bhfianaise leasanna an tsealbhóra sonraí, an tsealbhóra rún trádála nó an úsáideora;
|
|
(c)
|
an t-úsáideoir a chur ar an eolas faoi úsáid neamhúdaraithe nó nochtadh na sonraí agus na bearta a glacadh chun deireadh a chur le húsáid neamhúdaraithe nó nochtadh na sonraí;
|
|
(d)
|
cúiteamh a thabhairt don pháirtí atá thíos le mí-úsáid nó nochtadh na sonraí sin a bhfuarthas rochtain orthu nó a úsáideadh go neamhdhleathach.
|
|
|
Airteagal 11 3
|
3. Beidh feidhm ag mír 2 i gcás ina bhfuil an méid seo a leanas déanta ag tríú páirtí nó ag faighteoir sonraí.
|
(a)
|
chun críocha sonraí a fháil lena rinneadh faisnéis bhréagach a sholáthar do shealbhóir sonraí, úsáid a bhaint as modhanna meabhlacha nó comhéigneacha nó mí-úsáid a bhaint as bearnaí follasacha i mbonneagar teicniúil an tsealbhóra sonraí a ceapadh chun na sonraí a chosaint;
|
|
(b)
|
úsáid bainte as sonraí a cuireadh ar fáil chun críoch neamhúdaraithe, lena n-áirítear táirge nasctha atá in iomaíocht leis a fhorbairt de réir bhrí Airteagal 6(2), pointe (e),
|
|
(c)
|
sonraí a nochtadh go neamhdhleathach do pháirtí eile,
|
|
(d)
|
gan na bearta teicniúla agus eagraíochtúla a comhaontaíodh de bhun Airteagal 5(9) a choimeád, nó,
|
|
(e)
|
bearta cosanta teicniúla arna gcur i bhfeidhm ag an sealbhóir sonraí a athrú nó a bhaint, de bhun mhír 1 den Airteagal seo, gan comhaontú an tsealbhóra sonraí;
|
|
|
Airteagal 11 4
|
4. Beidh feidhm ag mír 2 freisin i gcás ina n-athraíonn nó ina mbainfidh úsáideoir bearta cosanta teicniúla arna gcur i bhfeidhm ag an sealbhóir sonraí nó nach gcoimeádann sé na bearta teicniúla agus eagraíochtúla arna nglacadh ag an úsáideoir i gcomhaontú leis an sealbhóir sonraí nó, i gcás nach iad an duine céanna iad, le sealbhóir na rún trádála, murab é nó í an sealbhóir sonraí é nó í, chun rúin trádála a chaomhnú, agus beidh feidhm ag an méid sin maidir le haon pháirtí eile a fhaigheann na sonraí ón úsáideoir trí shárú ar an Rialachán seo.
|
|
Airteagal 11 5
|
5. I gcás ina sáraíonn an faighteoir sonraí Airteagal 6(2), pointí (a) agus (b), beidh na cearta céanna ag úsáideoirí agus atá ag sealbhóirí sonraí faoi mhír 2 den Airteagal seo.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|