5. I gcás inar mian leis an gcomhlacht earnála poiblí, leis an gCoimisiún, leis an mBanc Ceannais Eorpach nó le comhlacht de chuid an Aontais agóid a dhéanamh i gcoinne dhiúltú sealbhóra sonraí na sonraí a iarradh a sholáthar, nó i gcás inar mian leis an sealbhóir sonraí agóid a dhéanamh i gcoinne na hiarrata agus nach féidir an t-ábhar a réiteach trí mhodhnú iomchuí a dhéanamh ar an iarraidh, cuirfear an t-ábhar faoi bhráid údarás inniúil an Bhallstáit, arna ainmniú de bhun Airteagal 37 ina bhfuil sealbhóir sonraí bunaithe.