1. Cuirfidh soláthraithe seirbhísí próiseála sonraí an fhaisnéis seo a leanas ar fáil ar a suíomhanna gréasáin, agus coinneoidh siad an fhaisnéis sin cothrom le dáta:
|
(a)
|
an dlínse a bhfuil an bonneagar TFC a imscartar chun sonraí a seirbhísí aonair a phróiseáil faoina réir;
|
|
(b)
|
cur síos ginearálta ar na bearta teicniúla, eagraíochtúla agus bearta conarthacha arna nglacadh ag an soláthraí na seirbhísí próiseála sonraí chun cosc a chur ar rochtain rialtais idirnáisiúnta ar shonraí neamhphearsanta atá á sealbhú san Aontas nó ar aistriú na sonraí sin i gcás ina mbeadh rochtain nó aistriú den sórt sin ar neamhréir le dlí an Aontais nó le dlí náisiúnta an Bhallstáit ábhartha.
|