1. Maidir le soláthraithe seirbhísí próiseála sonraí a bhaineann le hacmhainní ríomhaireachta inscálaithe agus leaisteacha atá teoranta do ghnéithe bonneagair amhail freastalaithe, líonraí agus na hacmhainní fíorúla is gá chun an bonneagar a oibriú, ach nach soláthraíonn rochtain ar na seirbhísí oibriúcháin, ar bhogearraí agus ar fheidhmchláir a stóráiltear, a phróiseáiltear nó a úsáidtear ar bhealach eile ar na heilimintí bonneagair, i gcomhréir le hAirteagal 27, déanfaidh siad gach beart laistigh dá gcumhacht chun a éascú don chustaiméir, tar éis dó malartú chuig seirbhís lena gcumhdaítear an cineál céanna seirbhíse de ar fáil, go mbainfidh siad coibhéis fheidhmiúil amach in úsáid na seirbhíse próiseála sonraí cinn scríbe. Éascóidh soláthraí foinseach na seirbhísí próiseála sonraí an próiseas malartaithe trí chumais, faisnéis leormhaith, doiciméadacht, tacaíocht theicniúil agus, i gcás inarb iomchuí, na huirlisí is gá a sholáthar.