5. I gcás malartaithe idir sheirbhísí den chineál céanna seirbhíse, nár foilsíodh sonraíochtaí coiteanna nó caighdeáin chomhchuibhithe don idir-inoibritheacht dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo i lárstóras um chaighdeáin an Aontais maidir le hidir-inoibritheacht seirbhísí próiseála sonraí i gcomhréir le hAirteagal 35(7), déanfaidh soláthraí na seirbhísí próiseála sonraí, arna iarraidh sin don chustaiméir, na sonraí in-onnmhairithe uile a onnmhairiú i bhformáid atá struchtúrtha, a úsáidtear go coitianta agus atá meaisín-inléite.