3. In éagmais comhaontú idirnáisiúnta dá dtagraítear i mír 2, i gcás inarb é comhlacht rochtana sonraí sláinte, úsáideoirí sonraí seolaí cinnidh nó breithiúnais ó chúirt nó ó bhinse thríú tír nó cinnidh ó údarás riaracháin tríú tír chun sonraí neamhphearsanta atá á sealbhú san Aontas a aistriú nó rochtain orthu a thabhairt laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo, agus más rud é, dá gcomhlíonfaí an cinneadh sin, go mbeadh an seolaí ar neamhréir le dlí an Aontais nó le dlí náisiúnta an Bhallstáit ábhartha, ní dhéanfaidh an t-údarás sin na sonraí sin a aistriú nó rochtain orthu a thabhairt ach amháin más fíor an méid seo a leanas, agus sa chás sin amháin:
|
(a)
|
ceanglaítear leis an gcóras tríú tír go leagfar amach cúiseanna agus comhréireacht an chinnidh nó an bhreithiúnais sin, agus go gceanglaítear leis gur de chineál sonrach an cinneadh nó an breithiúnas sin, mar shampla trí nasc leordhóthanach a bhunú le daoine áirithe a bhfuil amhras fúthu nó trí sháruithe áirithe;
|
|
(b)
|
tá agóid réasúnaithe an tseolaí faoi réir athbhreithniú ag cúirt inniúil tríú tír nó ag binse inniúil tríú tír; agus
|
|
(c)
|
tugtar de chumhacht don chúirt inniúil tríú tír nó don bhinse inniúil tríú tír a eisíonn an cinneadh nó an breithiúnas nó a dhéanann athbhreithniú ar chinneadh údaráis riaracháin, faoi dhlí an tríú tír sin, aird chuí a thabhairt ar leasanna ábhartha dlí sholáthraí na sonraí a chosnaítear faoi dhlí an Aontais nó faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit ábhartha.
|
Féadfaidh seolaí an chinnidh nó an bhreithiúnais tuairim a iarraidh ar an gcomhlacht nó ar an údarás náisiúnta ábhartha atá inniúil ar chomhar idirnáisiúnta in ábhair dhlíthiúla, chun a chinneadh an bhfuil na coinníollacha a leagtar síos sa chéad fhomhír á gcomhlíonadh, go háirithe nuair a mheasann sé go bhféadfadh baint a bheith ag an gcinneadh le rúin ceirde agus le sonraí eile atá íogair ó thaobh na tráchtála de chomh maith le hinneachar a chosnaítear le cearta maoine intleachtúla nó leis an aistriú. Féadfaidh an comhlacht náisiúnta ábhartha nó an t-údarás náisiúnta ábhartha dul i gcomhairle leis an gCoimisiún. Má mheasann an seolaí go bhféadfadh an cinneadh nó an breithiúnas cur isteach ar leasanna slándála nó cosanta náisiúnta an Aontais nó a Bhallstát, iarrfaidh sé tuairim an chomhlachta náisiúnta ábhartha nó an údaráis inniúil náisiúnta a bhfuil an inniúlacht ábhartha acu chun a chinneadh an mbaineann na sonraí arna n-iarraidh le leasanna slándála nó cosanta náisiúnta an Aontais nó a Bhallstát. Mura mbeidh freagra faighte ag an seolaí laistigh de mhí amháin, nó más é conclúid na tuairime ón gcomhlacht nó ón údarás sin nach bhfuil na coinníollacha a leagtar síos sa chéad fhomhír á gcomhlíonadh, féadfaidh an seolaí an iarraidh ar aistriú nó ar rochtain ar shonraí neamhphearsanta a dhiúltú ar na forais sin.
Tabharfaidh an Bord Eorpach um Nuálaíocht Sonraí dá dtagraítear in Airteagal 42 den Rialachán seo, comhairle agus cúnamh don Choimisiún i ndáil le treoirlínte a fhorbairt maidir le measúnú a dhéanamh maidir le cé acu a chomhlíontar nó nach gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos sa chéad fhomhír den mhír seo.