+Airteagal 36 1
|
Airteagal 36 1
1. Díoltóir feidhmchláir a úsáideann conarthaí cliste nó, ina éagmais sin, an duine a mbaineann a cheird nó a ceird, a ghnó nó a gnó nó a ghairm nó a gairm le conarthaí cliste le haghaidh daoine eile a chur in úsáid i gcomhthéacs comhaontú maidir le sonraí a chur ar fáil, nó cuid den chomhaontú sin, a fhorghníomhú, áiritheoidh sé nó sí go ndéanfar, leis na conarthaí cliste sin, na ceanglais bhunriachtanacha seo a leanas a chomhlíonadh:
|
(a)
|
stóinseacht agus rialú rochtana, chun a áirithiú go bhfuil an conradh cliste deartha chun sásraí rialaithe rochtana agus leibhéal an-ard stóinseachta a thairiscint chun earráidí feidhmiúla a sheachaint agus chun ionramháil ag tríú páirtithe a sheasamh;
|
|
(b)
|
foirceannadh agus briseadh sábháilte, chun a áirithiú go bhfuil sásra ann chun deireadh a chur le forghníomhú leanúnach na n-idirbheart agus go n-áirítear sa chonradh cliste feidhmeanna inmheánacha lenar féidir an conradh a athshocrú nó a threorú chun an oibríocht a stopadh nó a bhriseadh, go háirithe chun forghníomhú tionóisceach amach anseo a sheachaint;
|
|
(c)
|
cartlannú agus leanúnachas sonraí chun a áirithiú go mbeidh féidearthacht ann, in imthosca inar gá conradh cliste a fhoirceannadh nó a dhíghníomhachtú, na sonraí idirbhirt, an loighice agus cód chonartha chliste a chartlannú chun taifead a choinneáil ar na hoibríochtaí a rinneadh ar na sonraí san am a chuaigh thart (in-iniúchóireacht);
|
|
(d)
|
rialú rochtana, chun a áirithiú go ndéantar conradh cliste a chosaint trí bhíthin sásraí rialaithe rochtana diana ag na sraitheanna rialachais agus ag na sraitheanna conartha cliste; agus
|
|
(e)
|
comhsheasmhacht, chun comhsheasmhacht a áirithiú le téarmaí an chomhaontaithe comhroinnte sonraí a chuirtear i gcrích leis an gconradh cliste.
|
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|