13. Eintiteas a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo agus a chuireann táirgí nasctha nó seirbhísí gaolmhara ar fáil san Aontas, measfar é a bheith faoi dhlínse an Bhallstáit ina bhfuil a ionadaí dlíthiúil lonnaithe. Déanfaidh an t-eintiteas sin ionadaí dlíthiúil a ainmniú gan dochar d’aon dliteanas nó d’aon chaingean dlí a d’fhéadfaí a thionscnamh i gcoinne eintiteas den sórt sin. Go dtí go n-ainmneoidh eintiteas ionadaí dlíthiúil i gcomhréir leis an Airteagal seo, beidh sé faoi inniúlacht na mBallstát uile, i gcás inarb infheidhme, chun cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú an Rialacháin seo a áirithiú. Féadfaidh aon údarás inniúil a inniúlacht a fheidhmiú, lena n-áirítear trí phionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha a fhorchur, ar choinníoll nach mbeidh an t-eintiteas faoi réir imeachtaí forfheidhmiúcháin faoin Rialachán seo maidir leis na fíorais chéanna ag údarás inniúil eile.