+Airteagal 37 Údaráis inniúla agus comhordaitheoirí sonraí
---+Airteagal 37 1
---+Airteagal 37 2
---+Airteagal 37 3
---+Airteagal 37 4
---+Airteagal 37 5
---+Airteagal 37 6
---+Airteagal 37 7
---+Airteagal 37 8
---+Airteagal 37 9
---+Airteagal 37 10
---+Airteagal 37 11
---+Airteagal 37 12
---+Airteagal 37 13
---+Airteagal 37 14
---+Airteagal 37 15
---+Airteagal 37 16
|
Airteagal 37 Údaráis inniúla agus comhordaitheoirí sonraí
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 37 1
|
1. Ainmneoidh gach Ballstát údarás inniúil amháin nó níos mó chun bheidh freagrach as an Rialachán seo a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú (údaráis inniúla). Féadfaidh na Ballstáit údarás nua amháin nó níos mó a bhunú nó brath ar na húdaráis atá ann cheana.
|
|
Airteagal 37 2
|
2. I gcás ina n-ainmníonn Ballstát níos mó ná údarás inniúil amháin, ainmneoidh sé comhordaitheoir sonraí as measc na n-údarás sin chun comhar idir na húdaráis inniúla a éascú agus chun cúnamh a thabhairt d’eintitis faoi raon feidhme an Rialacháin seo maidir le gach ábhar a bhaineann lena chur i bhfeidhm agus lena fhorfheidhmiú. Comhoibreoidh údaráis inniúla le chéile, i bhfeidhmiú na gcúraimí agus na gcumhachtaí a shanntar dóibh faoi mhír 5.
|
|
Airteagal 37 3
|
3. Beidh na húdaráis mhaoirseachta atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/679 freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a mhéid a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Caibidlí VI agus VII de Rialachán (AE) 2016/679.
Beidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a mhéid a bhaineann sé leis an gCoimisiún, leis an mBanc Ceannais Eorpach nó le comhlachtaí an Aontais. I gcás inarb ábhartha, beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 62 de Rialachán (AE) 2018/1725.
Déanfar cúraimí agus cumhachtaí na n-údarás maoirseachta dá dtagraítear sa mhír seo a fheidhmiú i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta.
|
|
Airteagal 37 4
|
4. Gan dochar do mhír 1 den Airteagal seo:
|
(a)
|
i gcás saincheisteanna maidir le rochtain ar shonraí sonracha earnála agus úsáid sonraí sonracha earnálacha a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, déanfar inniúlacht na n-údarás earnála a urramú;
|
|
(b)
|
beidh taithí i réimse na sonraí agus na seirbhísí cumarsáide leictreonaí ag an údarás inniúil atá freagrach as Airteagail 23 go 31 agus Airteagal 34 agus Airteagal 35 a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú.
|
|
|
Airteagal 37 5
|
5. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar cúraimí agus cumhachtaí na n-údarás inniúil a shainmhíniú go soiléir agus go n-áireofar orthu:
|
(a)
|
feasacht agus litearthacht sonraí a chur chun cinn i measc úsáideoirí agus i measc eintitis a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo maidir leis na cearta agus na hoibleagáidí faoin Rialachán seo;
|
|
(b)
|
gearáin a láimhseáil a eascraíonn as sáruithe líomhnaithe ar an Rialacháin seo, lena n-áirítear maidir le rúin trádála, agus, a mhéid is iomchuí, ábhar na ngearán a imscrúdú agus gearánaigh a chur ar an eolas go tráthrialta, i gcás inarb ábhartha i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, maidir leis an dul chun cinn agus maidir le toradh an imscrúdaithe laistigh de thréimhse réasúnta, go háirithe más gá imscrúdú breise a dhéanamh nó más gá comhordú a dhéanamh le húdarás inniúil eile;
|
|
(c)
|
imscrúduithe a dhéanamh ar ábhair a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, lena n-áirítear ar bhonn faisnéis a fuarthas ó údarás inniúil eile nó ó údarás poiblí eile;
|
|
(d)
|
pionóis airgeadais éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha a fhorchur, a bhféadfadh pionóis thréimhsiúla agus pionóis lena ngabhann éifeacht chúlghabhálach a bheith ar áireamh orthu, nó imeachtaí dlíthiúla a thionscnamh i leith fíneálacha a fhorchur;
|
|
(e)
|
faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí teicneolaíocha agus forbairtí tráchtála ábhartha atá ábhartha maidir le sonraí a chur ar fáil agus a úsáid;
|
|
(f)
|
oibriú i gcomhar le húdaráis inniúla na mBallstát eile agus, i gcás inarb ábhartha, leis an gCoimisiún nó le EDIB, chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach agus éifeachtúil an Rialacháin seo a áirithiú, lena n-áirítear an fhaisnéis ábhartha uile a mhalartú trí mheán leictreonach, gan moill mhíchuí, lena n-áirítear maidir le mír 10 den Airteagal seo;
|
|
(g)
|
oibriú i gcomhar leis na húdaráis inniúla ábhartha atá freagrach as gníomhartha dlí eile de chuid an Aontais nó gníomhartha dlí náisiúnta a chur chun feidhme, lena n-áirítear le húdaráis atá inniúil i réimse na sonraí agus na seirbhísí cumarsáide leictreonaí, leis an údarás maoirseachta atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/679 nó le húdaráis earnála chun a áirithiú go ndéanfar an Rialachán seo a fhorfheidhmiú go comhsheasmhach le dlíthe eile an Aontais agus leis an dlí náisiúnta.;
|
|
(h)
|
oibriú i gcomhar leis na húdaráis inniúla ábhartha uile chun a áirithiú go bhforfheidhmítear Airteagail 23 go 31agus Airteagail 34 agus 35 go comhsheasmhach le dlí an Aontais agus leis an bhféinrialáil is infheidhme maidir le soláthraithe seirbhísí próiseála sonraí.
|
|
(i)
|
a áirithiú go dtarraingítear siar muirir mhalartaithe i gcomhréir le hAirteagal 29;
|
|
(j)
|
scrúdú a dhéanamh ar na hiarrataí ar shonraí arna ndéanamh de bhun Chaibidil V.
|
I gcás ina n-ainmnítear é, éascóidh an comhordaitheoir sonraí an comhar dá dtagraítear i bpointí (f), (g) agus (h) den chéad fhomhír agus tabharfaidh sé nó sí cúnamh do na húdaráis inniúla arna iarraidh sin dóibh.
|
|
Airteagal 37 6
|
6. Déanfaidh an comhordaitheoir sonraí, i gcás inar ainmníodh údarás inniúil den sórt sin, an méid seo a leanas:
|
(a)
|
gníomhú mar an pointe teagmhála aonair le haghaidh gach saincheist a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo;
|
|
(b)
|
a áirithiú go mbeidh fáil ar líne ag an bpobal ar iarrataí chun sonraí a chur ar fáil arna ndéanamh ag comhlachtaí earnála poiblí i gcás riachtanas eisceachtúil faoi Chaibidil V agus comhaontuithe a chur chun cinn maidir le comhroinnt sonraí idir comhlachtaí earnála poiblí agus sealbhóirí sonraí;
|
|
(c)
|
an Coimisiún a chur ar an eolas, ar bhonn bliantúil, faoi na diúltaithe ar tugadh fógra fúthu faoi Airteagal 4(2) agus (8) agus Airteagal 5(11).
|
|
|
Airteagal 37 7
|
7. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi ainmneacha na n-údarás inniúil agus faoina gcúraimí agus a gcumhachtaí agus, i gcás inarb infheidhme, ainm an chomhordaitheora sonraí. Coimeádfaidh an Coimisiún clár poiblí de na húdaráis sin.
|
|
Airteagal 37 8
|
8. Agus a gcúraimí á gcomhlíonadh acu agus a gcumhachtaí á bhfeidhmiú acu i gcomhréir leis an Rialachán seo, beidh na húdaráis inniúla fós neamhchlaonta agus saor ó aon tionchar seachtrach, bíodh sé díreach nó indíreach, agus ní lorgóidh siad ná ní ghlacfaidh siad treoracha le haghaidh cásanna aonair ó aon údarás poiblí eile ná ó aon pháirtí príobháideach.
|
|
Airteagal 37 9
|
9. Áiritheoidh na Ballstáit go soláthrófar acmhainní daonna agus teicniúla leordhóthanacha agus an saineolas ábhartha do na húdaráis inniúla chun a gcuid cúraimí a dhéanamh go héifeachtach i gcomhréir leis an Rialachán seo.
|
|
Airteagal 37 10
|
10. Beidh eintitis a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo faoi réir inniúlacht an Bhallstáit ina bhfuil an t-eintiteas bunaithe. I gcás ina bhfuil an t-eintiteas bunaithe i níos mó ná Ballstát amháin, measfar é a bheith faoi inniúlacht an Bhallstáit ina bhfuil a phríomhbhunaíocht aige, is é sin, áit a bhfuil a cheannoifig nó a oifig chláraithe ag an eintiteas óna ndéantar na príomhfheidhmeanna airgeadais agus an rialú oibríochtúil a fheidhmiú.
|
|
Airteagal 37 11
|
11. Aon eintiteas a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo agus a chuireann táirgí nasctha nó seirbhísí gaolmhara ar fáil san Aontas, agus nach bhfuil bunaithe san Aontas, ainmneoidh sé ionadaí dlíthiúil i gceann de na Ballstáit.
|
|
Airteagal 37 12
|
12. Chun a áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán seo, tabharfaidh eintiteas a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo a chuireann táirgí nasctha ar fáil nó a thairgeann seirbhísí gaolmhara san Aontas sainordú d’ionadaí dlíthiúil a bpléifidh údaráis inniúla leis sa bhreis ar an eintiteas féin nó ina ionad maidir le gach saincheist a bhaineann leis an eintiteas sin. Oibreoidh an t-ionadaí dlíthiúil sin i gcomhar leis na húdaráis inniúla agus léireoidh sé go cuimsitheach dóibh, arna iarraidh sin, na gníomhaíochtaí arna ndéanamh agus na forálacha arna gcur i bhfeidhm ag an eintiteas, a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo agus a chuireann táirgí nasctha ar fáil nó a thairgeann seirbhísí gaolmhara san Aontas chun comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú.
|
|
Airteagal 37 13
|
13. Eintiteas a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo agus a chuireann táirgí nasctha nó seirbhísí gaolmhara ar fáil san Aontas, measfar é a bheith faoi dhlínse an Bhallstáit ina bhfuil a ionadaí dlíthiúil lonnaithe. Déanfaidh an t-eintiteas sin ionadaí dlíthiúil a ainmniú gan dochar d’aon dliteanas nó d’aon chaingean dlí a d’fhéadfaí a thionscnamh i gcoinne eintiteas den sórt sin. Go dtí go n-ainmneoidh eintiteas ionadaí dlíthiúil i gcomhréir leis an Airteagal seo, beidh sé faoi inniúlacht na mBallstát uile, i gcás inarb infheidhme, chun cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú an Rialacháin seo a áirithiú. Féadfaidh aon údarás inniúil a inniúlacht a fheidhmiú, lena n-áirítear trí phionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha a fhorchur, ar choinníoll nach mbeidh an t-eintiteas faoi réir imeachtaí forfheidhmiúcháin faoin Rialachán seo maidir leis na fíorais chéanna ag údarás inniúil eile.
|
|
Airteagal 37 14
|
14. Beidh sé de chumhacht ag údaráis inniúla gach faisnéis is gá a iarraidh ar úsáideoirí, ar shealbhóirí sonraí nó ar fhaighteoirí sonraí, nó ar a n-ionadaithe dlíthiúla, a thagann faoi inniúlacht a mBallstáit, chun comhlíonadh an Rialacháin seo a fhíorú. Beidh aon iarraidh ar fhaisnéis comhréireach le feidhmiú an bhunchúraim agus beidh sí réasúnaithe.
|
|
Airteagal 37 15
|
15. I gcás ina n-iarrann údarás inniúil i mBallstát amháin cúnamh nó bearta forfheidhmiúcháin ó údarás inniúil i mBallstát eile, déanfaidh sé iarraidh réasúnaithe a thíolacadh. Tabharfaidh údarás inniúil, tar éis dó an iarraidh sin a fháil, freagra ina sonrófar na gníomhaíochtaí a rinneadh nó a bheartaítear a dhéanamh, gan moill mhíchuí.
|
|
Airteagal 37 16
|
16. Urramóidh údaráis inniúla prionsabail na rúndachta agus na sicréideachta gairmiúla agus tráchtála agus cosnóidh siad sonraí pearsanta i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta. Ní úsáidfear aon fhaisnéis a malartaíodh i gcomhthéacs iarraidh ar chúnamh agus a cuireadh ar fáil de bhun an Airteagail seo ach amháin i ndáil leis an ábhar dár iarradh í.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|