2. Faoin 12 Meán Fómhair 2028, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo agus cuirfidh sé tuarascáil ar na príomhthorthaí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle, agus faoi bhráid Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Déanfar measúnú sa mheastóireacht sin ar thionchar Airteagail 23 go 31 agus Airteagal 34 agus Airteagal 35, go háirithe maidir le praghsáil agus éagsúlacht na seirbhísí próiseála sonraí a thairgtear laistigh den Aontas, le béim ar leith ar sholáthraithe ar FBManna iad.