4. Tá an Rialachán seo gan dochar do na rialacha a leagtar síos le gníomhartha dlí eile de chuid an Aontais lena rialáiltear gnéithe eile de sholáthar seirbhísí idirghabhálacha sa mhargadh inmheánach nó lena sonraítear agus lena gcomhlánaítear an Rialachán seo, go háirithe:
|
(b)
|
Dlí an Aontais maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara;
|
|
(c)
|
Rialachán (AE) 2021/784;
|
|
(d)
|
Rialachán (AE) 2019/1148;
|
|
(e)
|
Rialachán (AE) 2019/1150;
|
|
(f)
|
Dlí an Aontais maidir le cosaint tomhaltóirí agus sábháilteacht táirgí, lena n-áirítear Rialacháin (AE) 2017/2394 agus (AE) 2019/1020 agus Treoracha 2001/95/CE agus 2013/11/AE;
|
|
(g)
|
Dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta, go háirithe Rialachán (AE) 2016/679 agus Treoir 2002/58/CE;
|
|
(h)
|
Dlí an Aontais i réimse an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair shibhialta, go háirithe Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 nó aon ghníomh dlí de chuid an Aontais lena leagtar síos na rialacha maidir leis an dlí is infheidhme maidir le hoibleagáidí conarthacha agus neamhchonarthacha;
|
|
(i)
|
Dlí an Aontais i réimse an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla, go háirithe Rialachán maidir le hOrduithe Eorpacha chun Fianaise a Thabhairt ar Aird agus Orduithe Caomhnaithe Eorpacha le haghaidh fianaise leictreonach in ábhair choiriúla;
|
|
(j)
|
Treoir lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir le hionadaithe dlíthiúla a cheapadh chun críche fianaise a bhailiú in imeachtaí coiriúla.
|