2. Chun críche imscrúdaithe, féadfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta a iarraidh ar Chomhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha eile faisnéis shonrach atá ina seilbh a chur ar fáil a mhéid a bhaineann le soláthraí sonrach seirbhísí idirghabhálacha nó a gcumhachtaí imscrúdaithe de bhun Airteagal 51(1) a fheidhmiú i dtaca le faisnéis shonrach atá lonnaithe ina mBallstát. I gcás inarb iomchuí, féadfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha a gheobhaidh an iarraidh páirt a thabhairt d’údaráis inniúla eile nó údaráis phoiblí eile de chuid an Bhallstáit atá i gceist.