4. Cuirfidh soláthraithe an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann nó an duine eile dá dtagraítear i mír 1 nó a n-ionadaithe agus, i gcás daoine dlítheanacha, comhlachtaí nó gnólachtaí, nó i gcás nach bhfuil aon phearsantacht dhlítheanach acu, déanfaidh na daoine atá údaraithe ionadaíocht a dhéanamh orthu de réir dlí nó de réir a mbunreachta an fhaisnéis a iarrtar a sholáthar thar ceann sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann nó thar ceann na ndaoine eile dá dtagraítear i mír 1. Féadfaidh dlíodóirí arna n-údarú go cuí chun gníomhú an fhaisnéis a sholáthar thar ceann a gcuid cliant. Leanfaidh na cliaint sin de bheith freagrach go hiomlán má tá an fhaisnéis a sholáthraítear neamhiomlán, mícheart nó míthreorach.