+Airteagal 67 Iarrataí ar fhaisnéis
---+Airteagal 67 1
---+Airteagal 67 2
---+Airteagal 67 3
---+Airteagal 67 4
---+Airteagal 67 5
---+Airteagal 67 6
|
Airteagal 67 Iarrataí ar fhaisnéis
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 67 1
|
1. Chun tabhairt faoi na cúraimí a shanntar dó faoin Roinn seo, féadfaidh an Coimisiún, le hiarraidh shimplí nó le cinneadh, éileamh ar sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann, chomh maith le haon duine nádúrtha nó dlítheanach eile a ghníomhaíonn chun críoch a bhaineann lena dtrádáil, a ngnó, a gceird nó a ngairm a d’fhéadfadh a bheith ar an eolas go réasúnta faoi fhaisnéis a bhaineann leis an sárú amhrasta, lena n-áirítear eagraíochtaí a dhéanann na hiniúchtaí dá dtagraítear in Airteagal 37 agus Airteagal 75(2), faisnéis den sórt sin a chur ar fáil laistigh de thréimhse réasúnta.
|
|
Airteagal 67 2
|
2. Le linn iarraidh shimplí ar fhaisnéis a sheoladh chuig soláthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann nó chuig an duine eile dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, luafaidh an Coimisiún bunús dlí agus cuspóir na hiarrata, sonróidh sé an fhaisnéis a éilítear agus leagfaidh sé tréimhse síos ina gcaithfear an fhaisnéis sin a chur ar fáil, agus na fíneálacha dá bhforáiltear in Airteagal 74 as faisnéis mhícheart, neamhiomlán nó mhíthreorach a sholáthar.
|
|
Airteagal 67 3
|
3. I gcás ina gceanglaíonn an Coimisiún ar sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann nó ar an duine eile dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo faisnéis a sholáthar trí chinneadh, luafaidh sé bunús dlí agus cuspóir na hiarrata sin, sonróidh sé an fhaisnéis a éilítear agus leagfaidh sé tréimhse síos ina gcaithfear an fhaisnéis sin a chur ar fáil. Sonróidh sé na fíneálacha dá bhforáiltear in Airteagal 74 agus sonróidh nó forchuirfidh sé na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 76. Sonróidh sé freisin an ceart go ndéanfadh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh athbhreithniú ar an gcinneadh.
|
|
Airteagal 67 4
|
4. Cuirfidh soláthraithe an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann nó an duine eile dá dtagraítear i mír 1 nó a n-ionadaithe agus, i gcás daoine dlítheanacha, comhlachtaí nó gnólachtaí, nó i gcás nach bhfuil aon phearsantacht dhlítheanach acu, déanfaidh na daoine atá údaraithe ionadaíocht a dhéanamh orthu de réir dlí nó de réir a mbunreachta an fhaisnéis a iarrtar a sholáthar thar ceann sholáthraí an ardáin an-mhór ar líne nó an innill cuardaigh an-mhór ar líne lena mbaineann nó thar ceann na ndaoine eile dá dtagraítear i mír 1. Féadfaidh dlíodóirí arna n-údarú go cuí chun gníomhú an fhaisnéis a sholáthar thar ceann a gcuid cliant. Leanfaidh na cliaint sin de bheith freagrach go hiomlán má tá an fhaisnéis a sholáthraítear neamhiomlán, mícheart nó míthreorach.
|
|
Airteagal 67 5
|
5. Arna iarraidh sin don Choimisiún, soláthróidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha agus údaráis inniúla eile gach faisnéis is gá don Choimisiún chun na cúraimí a sannadh dó faoin Roinn seo a dhéanamh.
|
|
Airteagal 67 6
|
6. Déanfaidh an Coimisiún, gan moill mhíchuí, tar éis dó an iarraidh shimplí nó an cinneadh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a sheoladh, cóip de a sheoladh chuig na Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha, tríd an gcóras comhroinnte faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 85.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|