+Airteagal 10 4

Airteagal 10 4

4.   Ní fhéadfaidh níos mó ná ceann amháin de na cásanna roghnaithe gan bheith bunaithe ar bhagairtí agus féadfaidh sé a bheith bunaithe ar bhagairt réamhbhreathnaitheach a d’fhéadfadh a bheith ficseanach agus ag a bhfuil luach ard tuarthach, réamhghníomhach, faille nó ionchasach i bhfianaise na bhforbairtí a bhfuil coinne leo i dtimpeallacht na bagartha a bhaineann leis an eintiteas airgeadais.

I gcás TLPTanna comhthiomsaithe, gan dochar do na cásanna lena spriocdhírítear go díreach ar fheidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha na n-eintiteas airgeadais a bhfuil baint acu leis an tástáil, áireofar i gcás amháin ar a laghad córais, próisis agus teicneolaíochtaí foluiteacha ábhartha TFC an tsoláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha na n-eintiteas airgeadais sa raon feidhme.

I gcás inar TLPT comhpháirteach í an tástáil lena mbaineann soláthraí seirbhíse TFC inghrúpa, gan dochar do na cásanna lena spriocdhírítear go díreach ar fheidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha na n-eintiteas airgeadais a bhfuil baint acu leis an tástáil, áireofar i gcás amháin ar a laghad córais, próisis agus teicneolaíochtaí foluiteacha ábhartha TFC an tsoláthraí seirbhísí TFC inghrúpa lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha na n-eintiteas airgeadais atá faoin raon feidhme.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas