+Airteagal 10 An chéim thástála: Faisnéis bhagartha
---+Airteagal 10 1
---+Airteagal 10 2
---+Airteagal 10 3
---+Airteagal 10 4
---+Airteagal 10 5
---+Airteagal 10 6
|
Airteagal 10 An chéim thástála: Faisnéis bhagartha
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 10 1
|
1. Tar éis d’údarás TLPT doiciméad na sonraíochta raoin feidhme a fhormheas, déanfaidh an soláthraí faisnéise bagartha anailís ar fhaisnéis bhagartha chineálach agus earnáilsonrach atá ábhartha don eintiteas airgeadais. I gcás ina sholáthair údarás TLPT timpeallacht chineálach na bagartha d’earnáil airgeadais Ballstáit, féadfaidh soláthraí na faisnéise bagartha an timpeallacht sin a úsáid mar bhonnlíne do thimpeallacht náisiúnta na bagartha. Sainaithneoidh an soláthraí faisnéise bagartha cibearbhagairtí agus leochaileachtaí atá ann cheana nó a d’fhéadfadh a bheith ann maidir leis an eintiteas airgeadais. Thairis sin, baileoidh an soláthraí faisnéise bagartha faisnéis maidir le faisnéis bhagartha agus sprice atá nithiúil, inghníomhaithe agus atá curtha i gcomhthéacs a bhaineann leis an eintiteas airgeadais, agus déanfaidh sé anailís orthu, lena n-áirítear trí dhul i gcomhairle leis an bhfoireann rialaithe agus leis na bainisteoirí tástála.
|
|
Airteagal 10 2
|
2. Cuirfidh an soláthraí faisnéise bagartha na bagairtí ábhartha agus an fhaisnéis bhagartha spriocdhírithe i láthair, agus molfaidh sé cásanna riachtanacha don fhoireann rialaithe, do na tástálaithe agus do na bainisteoirí tástála. Beidh na cásanna atá beartaithe éagsúil ó thaobh na ngníomhaithe bagartha sainaitheanta agus na n-oirbhearta, na dteicnící agus na nósanna imeachta a mbaineann leo agus díreofar ar gach feidhm chriticiúil nó thábhachtach i raon feidhme TLPT.
|
|
Airteagal 10 3
|
3. Roghnóidh ceannasaí na foirne rialaithe trí chás ar a laghad chun TLPT a dhéanamh ar bhonn gach ceann de na heilimintí seo a leanas:
|
(a)
|
an moladh ón soláthraí faisnéise bagartha agus an cineál bunaithe ar bhagairtí de gach cás;
|
|
(b)
|
an t-ionchur arna sholáthar ag na bainisteoirí tástála;
|
|
(c)
|
féidearthacht na gcásanna atá beartaithe le haghaidh forghníomhaithe, bunaithe ar bhreithiúnas saineolach na dtástálaithe;
|
|
(d)
|
méid, castacht agus próifíl riosca fhoriomlán an eintitis airgeadais agus cineál, scála agus castacht a sheirbhísí, a ghníomhaíochtaí agus a oibríochtaí.
|
|
|
Airteagal 10 4
|
4. Ní fhéadfaidh níos mó ná ceann amháin de na cásanna roghnaithe gan bheith bunaithe ar bhagairtí agus féadfaidh sé a bheith bunaithe ar bhagairt réamhbhreathnaitheach a d’fhéadfadh a bheith ficseanach agus ag a bhfuil luach ard tuarthach, réamhghníomhach, faille nó ionchasach i bhfianaise na bhforbairtí a bhfuil coinne leo i dtimpeallacht na bagartha a bhaineann leis an eintiteas airgeadais.
I gcás TLPTanna comhthiomsaithe, gan dochar do na cásanna lena spriocdhírítear go díreach ar fheidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha na n-eintiteas airgeadais a bhfuil baint acu leis an tástáil, áireofar i gcás amháin ar a laghad córais, próisis agus teicneolaíochtaí foluiteacha ábhartha TFC an tsoláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha na n-eintiteas airgeadais sa raon feidhme.
I gcás inar TLPT comhpháirteach í an tástáil lena mbaineann soláthraí seirbhíse TFC inghrúpa, gan dochar do na cásanna lena spriocdhírítear go díreach ar fheidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha na n-eintiteas airgeadais a bhfuil baint acu leis an tástáil, áireofar i gcás amháin ar a laghad córais, próisis agus teicneolaíochtaí foluiteacha ábhartha TFC an tsoláthraí seirbhísí TFC inghrúpa lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha na n-eintiteas airgeadais atá faoin raon feidhme.
|
|
Airteagal 10 5
|
5. Soláthróidh an soláthraí faisnéise bagartha an tuarascáil faisnéise bagartha spriocdhírithe don fhoireann rialaithe, lena n-áirítear na cásanna a roghnaíodh i gcomhréir le míreanna 3 agus 4. Beidh an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn III sa tuarascáil faisnéise bagartha.
|
|
Airteagal 10 6
|
6. Cuirfidh an fhoireann rialaithe an tuarascáil faisnéise bagartha spriocdhírithe faoi bhráid an bhainisteora tástála lena formheas. I gcás ina bhfuil an tuarascáil faisnéise bagartha spriocdhírithe iomlán agus ina n-áirithítear léi feidhmíocht TLPT éifeachtach, formheasfaidh údarás TLPT an tuarascáil faisnéise bagartha spriocdhírithe agus cuirfidh sé ceannasaí na foirne rialaithe ar an eolas faoi sin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|