4. Tar éis tuarascáil tástála na foirne deirge a fháil, agus tráth nach déanaí ná 10 seachtaine tar éis dheireadh chéim thástála na foirne deirge gníomhaí, cuirfidh an fhoireann ghorm tuarascáil tástála na foirne deirge faoi bhráid na foirne rialaithe ina mbeidh an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn VI. Cuirfidh an fhoireann rialaithe tuarascáil tástála na foirne goirme ar fáil do na tástálaithe agus do na bainisteoirí tástála gan moill mhíchuí.
Arna iarraidh sin do na bainisteoirí tástála, ní bheidh faisnéis íogair sa tuarascáil dá dtagraítear sa chéad fhomhír.