+Airteagal 12 Céim an chlabhsúir
---+Airteagal 12 1
---+Airteagal 12 2
---+Airteagal 12 3
---+Airteagal 12 4
---+Airteagal 12 5
---+Airteagal 12 6
---+Airteagal 12 7
|
Airteagal 12 Céim an chlabhsúir
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 12 1
|
1. Tar éis dheireadh chéim thástála na foirne deirge gníomhaí, cuirfidh ceannasaí na foirne rialaithe in iúl don fhoireann ghorm gur tharla TLPT.
|
|
Airteagal 12 2
|
2. Laistigh de 4 seachtaine ó dheireadh chéim thástála na foirne deirge gníomhaí, cuirfidh na tástálaithe tuarascáil tástála na foirne deirge faoi bhráid na foirne rialaithe ina mbeidh an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn V.
|
|
Airteagal 12 3
|
3. Soláthróidh an fhoireann rialaithe tuarascáil tástála na foirne deirge don fhoireann ghorm agus do na bainisteoirí tástála gan moill mhíchuí.
Arna iarraidh sin do na bainisteoirí tástála, ní bheidh faisnéis íogair sa tuarascáil dá dtagraítear sa chéad fhomhír.
|
|
Airteagal 12 4
|
4. Tar éis tuarascáil tástála na foirne deirge a fháil, agus tráth nach déanaí ná 10 seachtaine tar éis dheireadh chéim thástála na foirne deirge gníomhaí, cuirfidh an fhoireann ghorm tuarascáil tástála na foirne deirge faoi bhráid na foirne rialaithe ina mbeidh an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn VI. Cuirfidh an fhoireann rialaithe tuarascáil tástála na foirne goirme ar fáil do na tástálaithe agus do na bainisteoirí tástála gan moill mhíchuí.
Arna iarraidh sin do na bainisteoirí tástála, ní bheidh faisnéis íogair sa tuarascáil dá dtagraítear sa chéad fhomhír.
|
|
Airteagal 12 5
|
5. Tráth nach déanaí ná 10 seachtaine tar éis dheireadh chéim thástála na foirne deirge gníomhaí, déanfaidh an fhoireann ghorm agus na tástálaithe na gníomhartha ionsaitheacha agus cosanta arís, gníomhartha a rinneadh le linn TLPT. Déanfaidh an fhoireann rialaithe cleachtadh mhodh na foirne corcra freisin ar thopaicí arna sainaithint go comhpháirteach ag an bhfoireann ghorm agus ag na tástálaithe, bunaithe ar leochaileachtaí a sainaithníodh le linn na tástála agus, i gcás inarb ábhartha, ar shaincheisteanna nach rabhthas in ann a thástáil le linn chéim thástála na foirne deirge gníomhaí.
|
|
Airteagal 12 6
|
6. Tar éis na cleachtaí aithrise agus mhodh na foirne corcra a chur i gcrích, soláthróidh an fhoireann rialaithe, an fhoireann ghorm, na tástálaithe, agus soláthraithe faisnéise bagartha aiseolas dá chéile maidir leis an bpróiseas TLPT. Féadfaidh na bainisteoirí tástála aiseolas a sholáthar.
|
|
Airteagal 12 7
|
7. A luaithe a thabharfaidh údarás TLPT fógra do cheannasaí na foirne rialaithe go bhfuil measúnú déanta aige go bhfuil an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinní V agus VI sa tuarascáil ar thástáil na foirne goirme agus sa tuarascáil ar thástáil na foirne deirge, cuirfidh an t-eintiteas airgeadais, laistigh de 8 seachtaine, an tuarascáil ina ndéantar achoimre ar thorthaí ábhartha TLPT faoi bhráid údarás TLPT, dá dtagraítear in Airteagal 26(6) de Rialachán (AE) 2022/2554, ina bhfuil na heilimintí a leagtar amach in Iarscríbhinn VII lena formheas.
Arna iarraidh sin d’údarás TLPT, ní bheidh faisnéis íogair sa tuarascáil dá dtagraítear sa chéad fhomhír.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|