|
+Airteagal 6 3. |
Airteagal 6 3.Cuirfidh institiúidí faisnéis maidir le risíochtaí ceannasacha isteach mar a leanas:
(a)
i gcás ina bhfuil suim ghlanluacha chomhiomlán na sócmhainní airgeadais ó earnáil an chontrapháirtí “Rialtais ghinearálta” mar a chéile le 1 % de shuim na suime glanluacha iomláine le haghaidh “Urrús fiachais” agus “Iasachtaí agus airleacain”, nó níos airde ná sin, cuirfidh institiúidí an fhaisnéis isteach mar a shonraítear in Iarscríbhinn I, teimpléad 33, i gcomhréir leis na treoracha in Iarscríbhinn II, Cuid II, pointe 7, agus leanfaidh siad na treoracha in Iarscríbhinn V maidir le teimpléad 4 in Iarscríbhinn III nó in Iarscríbhinn IV, mar is infheidhme, chun na luachanna ábhartha a ríomh;
(b)
i gcás ina bhfuil an luach a thuairiscítear le haghaidh risíochtaí intíre ar shócmhainní airgeadais neamhdhíorthacha mar a shainítear i ró 0010, colún 0010 in Iarscríbhinn I, teimpléad 33, níos lú ná 90 % den luach a thuairiscítear le haghaidh risíochtaí intíre agus risíochtaí nach risíochtaí intíre iad le haghaidh an phointe sonraí chéanna, cuirfidh institiúidí a chomhlíonann an coinníoll dá dtagraítear i bpointe (a) an fhaisnéis isteach mar a shonraítear in Iarscríbhinn I, teimpléad 33, i gcomhréir leis na treoracha in Iarscríbhinn II, Cuid II, pointe 7, le miondealú iomlán de réir tíre;
(c)
institiúidí a chomhlíonann na coinníollacha dá dtagraítear i bpointe (a) agus nach gcomhlíonann an coinníoll dá dtagraítear i bpointe (b), cuirfidh siad an fhaisnéis isteach a shonraítear i dteimpléad 33, i gcomhréir leis na treoracha in Iarscríbhinn II, Cuid II, pointe 7, le risíochtaí comhiomlánaithe ar:
(i)
an leibhéal iomlán; agus
(ii)
an leibhéal intíre. Beidh feidhm ag critéir iontrála agus imeachta Airteagal 4(3). 1. Áttekintés
1.1 Hivatkozások1.2 Azonosított követelmények1.3 Kapcsolódó szabványok2. Azonosított követelmények
3. Kapcsolódó szabványok
|