+6. cikk A szavatolótőkére és a szavatolótőke-követelményekre vonatkozó egyedi alapú adatszolgáltatás – félévenkénti adatszolgáltatás
---+Airteagal 6 1.
---+Airteagal 6 2.
---+Airteagal 6 3.
---+Airteagal 6 4.
---+Airteagal 6 5.

6. cikk A szavatolótőkére és a szavatolótőke-követelményekre vonatkozó egyedi alapú adatszolgáltatás – félévenkénti adatszolgáltatás

1. Áttekintés

,
Megnevezés Szabályozás
Airteagal 6 1.
Chun faisnéis faoi chistí dílse agus ceanglais cistí dílse a thuairisciú ar bhonn aonair i gcomhréir le hAirteagal 430(1), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, cuirfidh institiúidí an fhaisnéis dá dtagraítear san Airteagal seo isteach le minicíocht leathbhliantúil.
Airteagal 6 2.
Cuirfidh institiúidí faisnéis isteach maidir le gach risíocht ar urrúsú mar a shonraítear in Iarscríbhinn I, teimpléid 14 agus 14.01, i gcomhréir leis na treoracha in Iarscríbhinn II, Cuid II, pointe 3.8; ach amháin nuair is cuid de ghrúpa iad sa tír chéanna ina bhfuil siad faoi réir ceanglais cistí dílse.
Airteagal 6 3.

Cuirfidh institiúidí faisnéis maidir le risíochtaí ceannasacha isteach mar a leanas:

(a) 

i gcás ina bhfuil suim ghlanluacha chomhiomlán na sócmhainní airgeadais ó earnáil an chontrapháirtí “Rialtais ghinearálta” mar a chéile le 1 % de shuim na suime glanluacha iomláine le haghaidh “Urrús fiachais” agus “Iasachtaí agus airleacain”, nó níos airde ná sin, cuirfidh institiúidí an fhaisnéis isteach mar a shonraítear in Iarscríbhinn I, teimpléad 33, i gcomhréir leis na treoracha in Iarscríbhinn II, Cuid II, pointe 7, agus leanfaidh siad na treoracha in Iarscríbhinn V maidir le teimpléad 4 in Iarscríbhinn III nó in Iarscríbhinn IV, mar is infheidhme, chun na luachanna ábhartha a ríomh;

(b) 

i gcás ina bhfuil an luach a thuairiscítear le haghaidh risíochtaí intíre ar shócmhainní airgeadais neamhdhíorthacha mar a shainítear i ró 0010, colún 0010 in Iarscríbhinn I, teimpléad 33, níos lú ná 90 % den luach a thuairiscítear le haghaidh risíochtaí intíre agus risíochtaí nach risíochtaí intíre iad le haghaidh an phointe sonraí chéanna, cuirfidh institiúidí a chomhlíonann an coinníoll dá dtagraítear i bpointe (a) an fhaisnéis isteach mar a shonraítear in Iarscríbhinn I, teimpléad 33, i gcomhréir leis na treoracha in Iarscríbhinn II, Cuid II, pointe 7, le miondealú iomlán de réir tíre;

(c) 

institiúidí a chomhlíonann na coinníollacha dá dtagraítear i bpointe (a) agus nach gcomhlíonann an coinníoll dá dtagraítear i bpointe (b), cuirfidh siad an fhaisnéis isteach a shonraítear i dteimpléad 33, i gcomhréir leis na treoracha in Iarscríbhinn II, Cuid II, pointe 7, le risíochtaí comhiomlánaithe ar:

(i) 

an leibhéal iomlán; agus

(ii) 

an leibhéal intíre.

Beidh feidhm ag critéir iontrála agus imeachta Airteagal 4(3).

Airteagal 6 4.

Tuairisceofar faisnéis faoi chaillteanais ábhartha maidir le priacal oibriúcháin mar a leanas:

(a) 

déanfaidh institiúidí a ríomhann ceanglais cistí dílse a bhaineann le priacal oibriúcháin i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal III, Caibidil 4 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 an fhaisnéis sin a thuairisciú mar a shonraítear in Iarscríbhinn I, teimpléid 17.01 agus 17.02, i gcomhréir leis na treoracha in Iarscríbhinn II, Cuid II, pointe 4.2;

(b) 

institiúidí móra a ríomhann ceanglais cistí dílse a bhaineann le priacal oibriúcháin i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal III, Caibidil 3 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, déanfaidh siad an fhaisnéis sin a thuairisciú mar a shonraítear in Iarscríbhinn I, teimpléid 17.01 agus 17.02, i gcomhréir leis na treoracha in Iarscríbhinn II, Cuid II, pointe 4.2;

(c) 

institiúidí seachas institiúidí móra a ríomhann ceanglais cistí dílse a bhaineann le priacal oibriúcháin i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal III, Caibidil 3 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, tuairisceoidh siad an fhaisnéis seo a leanas i gcomhréir leis na treoracha in Iarscríbhinn II, Cuid II, pointe 4.2:

(i) 

an fhaisnéis mar a shonraítear in Iarscríbhinn I, teimpléad 17.01, colún 0080 le haghaidh na rónna seo a leanas:

— 
líon na n-imeachtaí (imeachtaí nua) (ró 0910);
— 
méid an chaillteanais chomhláin (imeachtaí nua) (ró 0920);
— 
líon na n-imeachtaí faoi réir coigeartuithe caillteanais (ró 0930);
— 
coigeartuithe caillteanais a bhaineann le tréimhsí tuairiscithe a bhí ann roimhe seo (ró 0940);
— 
uaschaillteanas aonair (ró 0950);
— 
suim na gcúig chaillteanas is mó (ró 0960);
— 
an aisghabháil chaillteanais dhíreach ina hiomláine (seachas árachas agus sásraí aistrithe priacail eile) (ró 0970);
— 
na haisghabhálacha de bhíthin árachais agus sásraí aistrithe priacail eile ina n-iomláine (ró 0980);
(ii) 

an fhaisnéis mar a shonraítear in Iarscríbhinn I, teimpléad 17.02.

(d) 

féadfaidh na hinstitiúidí dá dtagraítear i bpointe (c) an tacar iomlán d’fhaisnéis a shonraítear in Iarscríbhinn I, teimpléid 17.01 agus 17.02, a thuairisciú i gcomhréir leis na treoracha in Iarscríbhinn II, Cuid II, pointe 4.2;

(e) 

déanfaidh institiúidí móra a ríomhann ceanglais cistí dílse a bhaineann le priacal oibriúcháin i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal III, Caibidil 2 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 an fhaisnéis a thuairisciú mar a shonraítear in Iarscríbhinn I, teimpléid 17.01 agus 17.02, i gcomhréir leis na treoracha in Iarscríbhinn II, Cuid II, pointe 4.2;

(f) 

féadfaidh institiúidí seachas institiúidí móra a ríomhann ceanglais cistí dílse a bhaineann le priacal oibriúcháin i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal III, Caibidil 2 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 an fhaisnéis a thuairisciú mar a shonraítear in Iarscríbhinn I, teimpléid 17.01 agus 17.02, i gcomhréir leis na treoracha in Iarscríbhinn II, Cuid II, pointe 4.2.

Beidh feidhm ag critéir iontrála agus imeachta Airteagal 4(3).

Airteagal 6 5.
Institiúidí a chuireann an cur chuige caighdeánaithe simplithe nó modh na risíochta tosaigh i bhfeidhm chun risíochtaí ar phriacal creidmheasa contrapháirtí a ríomh i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal II, Caibidil 6, Ranna 4 agus 5 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, cuirfidh siad isteach an fhaisnéis maidir le priacal creidmheasa contrapháirtí mar a shonraítear in Iarscríbhinn I, teimpléad 34.06, i gcomhréir leis na treoracha in Iarscríbhinn II, Cuid II, pointe 3.9.7.

1.1 Hivatkozások

1.2 Azonosított követelmények

1.3 Kapcsolódó szabványok

2. Azonosított követelmények

Követelmények
Forrás Követelmény

3. Kapcsolódó szabványok

Szabványok
Forrás Követelmény
  • Builddate: 01.09.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32021R0451
  • EULAW_GA -

    EULAW_GA