+RIALACHÁN (AE) 2015/758 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 29 Aibreán 2015 maidir le ceanglais chineálcheadaithe chun an córas eCall infheithicle atá bunaithe ar an tseirbhís 112 a chur in úsáid agus lena leasaítear Treoir 2007/46/CE
---+Airteagal 1 Ábhar
---+Airteagal 2 Raon feidhme
------+Airteagal 2 1.
------+Airteagal 2 2.
---+Airteagal 3 Sainmhínithe
---+Airteagal 4 Oibleagáidí ginearálta na monaróirí
---+Airteagal 5 Oibleagáidí sonracha na monaróirí
------+Airteagal 5 1.
------+Airteagal 5 2.
------+Airteagal 5 3.
------+Airteagal 5 4.
------+Airteagal 5 5.
------+Airteagal 5 6.
------+Airteagal 5 7.
------+Airteagal 5 8.
------+Airteagal 5 9.
---+Airteagal 6 Rialacha maidir le príobháideacht agus cosaint sonraí
------+Airteagal 6 1.
------+Airteagal 6 2.
------+Airteagal 6 3.
------+Airteagal 6 4.
------+Airteagal 6 5.
------+Airteagal 6 6.
------+Airteagal 6 7.
------+Airteagal 6 8.
------+Airteagal 6 9.
------+Airteagal 6 10.
------+Airteagal 6 11.
------+Airteagal 6 12.
------+Airteagal 6 13.
---+Airteagal 7 Oibleagáidí na mBallstát
---+Airteagal 8 An tarmligean a fheidhmiú
------+Airteagal 8 1.
------+Airteagal 8 2.
------+Airteagal 8 3.
------+Airteagal 8 4.
------+Airteagal 8 5.
---+Airteagal 9 Gníomhartha cur chun feidhme
---+Airteagal 10 Nós imeachta coiste
------+Airteagal 10 1.
------+Airteagal 10 2.
---+Airteagal 11 Pionóis
------+Airteagal 11 1.
------+Airteagal 11 2.
---+Airteagal 12 Tuairisciú agus athbhreithniú
------+Airteagal 12 1.
------+Airteagal 12 2.
---+Airteagal 13 Leasuithe ar Threoir 2007/46/CE
---+Airteagal 14 Teacht i bhfeidhm
---+IARSCRÍBHINN
|
English -
European Union -
ICT -
RIALACHÁN (AE) 2015/758 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 29 Aibreán 2015 maidir le ceanglais chineálcheadaithe chun an córas eCall infheithicle atá bunaithe ar an tseirbhís 112 a chur in úsáid agus lena leasaítear Treoir 2007/46/CE
RIALACHÁN (AE) 2015/758 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 29 Aibreán 2015
maidir le ceanglais chineálcheadaithe chun an córas eCall infheithicle atá bunaithe ar an tseirbhís 112 a chur in úsáid agus lena leasaítear Treoir 2007/46/CE
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 1 Ábhar
|
Airteagal 1
Leis an Rialachán seo, bunaítear na ceanglais ghinearálta maidir le cineálcheadú CE feithiclí i ndáil leis na córais eCall infheithicle atá bunaithe ar 112, agus le córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh eCall infheithicle atá bunaithe ar 112.
|
|
Airteagal 2 Raon feidhme
|
|
|
Airteagal 3 Sainmhínithe
|
Airteagal 3
Chun críocha an Rialacháin seo agus sa bhreis ar na sainmhínithe a leagtar síos in Airteagal 3 de Threoir 2007/46/CE, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1)
ciallaíonn “córas eCall infheithicle atá bunaithe ar 112” córas éigeandála, lena gcuimsítear trealamh infheithicle agus an bealach chun an tarchur eCall a thruicearú, a bhainistiú agus a chur i ngníomh, a chuirtear i ngníomh go huathoibríoch le braiteoirí infheithicle nó de láimh, a iompraíonn, trí bhíthin líonraí cumarsáide soghluaiste poiblí gan sreang, tacar íosta sonraí caighdeánaithe agus a bhunaíonn cainéal fuaime bunaithe ar an gcóras 112 idir áititheoirí na feithicle agus PFSP eCall;
(2)
ciallaíonn “eCall” glao éigeandála infheithicle chuig 112, a dhéantar go huathoibríoch trí bhíthin braiteoirí infheithicle a chur i ngníomh nó de láimh, a iompraíonn tacar íosta sonraí agus a bhunaíonn cainéal fuaime idir an fheithicil agus PFSP eCall trí líonraí cumarsáide soghluaiste poiblí gan sreang;
(3)
ciallaíonn “pointe freagartha sábháilteachta poiblí” nó “PFSP” láthair fhisiciúil ina bhfaightear glaonna éigeandála ar dtús faoi fhreagracht údaráis phoiblí nó eagraíochta poiblí a aithníonn an Ballstát;
(4)
ciallaíonn “PFSP is iomchuí” PFSP arna chinneadh roimh ré ag na húdaráis fhreagracha chun glaonna éigeandála ó limistéar áirithe nó glaonna éigeandála de chineál áirithe a chumhdach;
(5)
ciallaíonn “PFSP eCall” an PFSP is iomchuí arna chinneadh roimh ré ag na húdaráis a fuair agus a láimhseáil eCalls den chéad uair;
(6)
ciallaíonn “tacar íosta sonraí” nó “TÍS” an fhaisnéis a shainítear leis na “Córais chliste iompair — eSafety — tacar íosta sonraí (TÍS) eCall” (EN 15722:2011) a sheoltar chuig PFSP eCall;
(7)
ciallaíonn “trealamh infheithicle” trealamh atá buansuiteáilte laistigh den fheithicil sin lena dtugtar rochtain ar na sonraí infheithicle atá riachtanach chun an t-idirbeart eCall a dhéanamh trí líonra cumarsáide soghluaiste poiblí gan sreang nó a bhfuil rochtain aige ar na sonraí sin;
(8)
ciallaíonn “idirbheart eCall” seisiún cumarsáide soghluaiste gan sreang a bhunú trasna líonra cumarsáide poiblí gan sreang agus TÍS a tharchur ó fheithicil go PFSP eCall agus cainéal fuaime a bhunú idir an fheithicil agus PFSP eCall céanna;
(9)
ciallaíonn “líonra cumarsáide soghluaiste poiblí gan sreang” líonra cumarsáide soghluaiste gan sreang atá ar fáil don phobal i gcomhréir le Treoir 2002/21/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
1
) agus le Treoir 2002/22/CE (
2
) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;
(10)
ciallaíonn “eCall lena dtacaíonn seirbhísí tríú páirtí” nó “eCall STP” glao éigeandála infheithicle chuig soláthróir seirbhíse tríú páirtí, a dhéantar go huathoibríoch trí bhraiteoirí infheithicle a chur i ngníomh nó de láimh, a iompraíonn, trí bhíthin líonraí cumarsáide soghluaiste poiblí gan sreang, TÍS agus a bhunaíonn cainéal fuaime idir an fheithicil agus an soláthróir seirbhíse tríú páirtí;
(11)
ciallaíonn “soláthróir seirbhíse tríú páirtí” eagraíocht a aithníonn na húdaráis náisiúnta mar eagraíocht atá ceadaithe eCall STP a fháil agus TÍS a sheoladh chuig PFSP eCall;
(12)
ciallaíonn “córas eCall infheithicle seirbhísí tríú páirtí” nó “córas eCall infheithicle STP” córas arna chur i ngníomh go huathoibríoch trí bhraiteoirí infheithicle nó de láimh, a iompraíonn, trí bhíthin líonraí cumarsáide soghluaiste poiblí gan sreang, TÍS agus a bhunaíonn cainéal fuaime idir an fheithicil agus an soláthróir seirbhíse tríú páirtí.
|
|
Airteagal 4 Oibleagáidí ginearálta na monaróirí
|
Airteagal 4
Oibleagáidí ginearálta na monaróirí
Léireoidh monaróirí go bhfuil gach cineál nua feithiclí dá dtagraítear in Airteagal 2 feistithe le córas buansuiteáilte eCall infheithicle atá bunaithe ar 112, i gcomhréir leis an Rialachán seo agus leis na gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo.
|
|
Airteagal 5 Oibleagáidí sonracha na monaróirí
|
|
|
Airteagal 6 Rialacha maidir le príobháideacht agus cosaint sonraí
|
|
|
Airteagal 7 Oibleagáidí na mBallstát
|
Airteagal 7
Le héifeacht ón 31 Márta 2018, ní dheonóidh údaráis náisiúnta cineálcheadú CE i ndáil leis an gcóras eCall infheithicle atá bunaithe ar 112 ach amháin do chineálacha nua feithiclí agus do chineálacha nua córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh eCall infheithicle atá bunaithe ar 112 a cheaptar agus a thógtar le haghaidh feithiclí den sórt sin, ar nithe iad a chomhlíonann an Rialachán seo agus na gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme a ghlactar de bhun an Rialacháin seo.
|
|
Airteagal 8 An tarmligean a fheidhmiú
|
|
|
Airteagal 9 Gníomhartha cur chun feidhme
|
Airteagal 9
Gníomhartha cur chun feidhme
Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos na forálacha riaracháin do chineálcheadú CE feithiclí maidir leis an gcóras eCall infheithicle atá bunaithe ar 112 agus do chineálcheadú CE córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh eCall infheithicle atá bunaithe ar 112 a cheaptar agus a thógtar le haghaidh feithiclí den sórt sin faoi mar a cheanglaítear le hAirteagal 5(1) maidir leis an méid seo a leanas:
(a)
na teimpléid do na doiciméid faisnéise atá le cur ar fáil ag monaróirí chun críocha an chineálcheadaithe;
(b)
na teimpléid do na deimhnithe ar chineálcheadú CE;
(c)
an tsamhail (na samhlacha) do mharc chineálcheadú CE.
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 10(2).
Déanfar na chéad ghníomhartha cur chun feidhme den sórt sin a ghlacadh faoin 9 Meitheamh 2016.
|
|
Airteagal 10 Nós imeachta coiste
|
|
|
Airteagal 11 Pionóis
|
|
|
Airteagal 12 Tuairisciú agus athbhreithniú
|
|
|
Airteagal 13 Leasuithe ar Threoir 2007/46/CE
|
Airteagal 13
Leasuithe ar Threoir 2007/46/CE
Leasaítear leis seo Iarscríbhinní I, III, IV agus XI a ghabhann le Treoir 2007/46/CE i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
|
|
Airteagal 14 Teacht i bhfeidhm
|
Airteagal 14
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm ag Airteagal 2(2), Airteagal 5(8) agus (9), Airteagal 6(12) agus (13) agus Airteagail 8, 9, 10 agus 12 amhail ón 8 Meitheamh 2015.
Beidh feidhm ag Airteagail eile seachas na hAirteagail dá dtagraítear sa dara mír den Airteagal seo ón 31 Márta 2018.
|
|
IARSCRÍBHINN
|
IARSCRÍBHINN
Leasuithe ar Threoir 2007/46/CE
Leasaítear Treoir 2007/46/CE mar a leanas:
(1)
in Iarscríbhinn I, cuirtear na pointí seo a leanas léi:
12.8.1. I láthair: tá/níl (1)
12.8. 2. cur síos teicniúil nó líníocht den fheiste: …”
;
(2)
in Iarscríbhinn III, Cuid I, roinn A, cuirtear na pointí seo a leanas léi:
12.8.1. I láthair: tá/níl (1)”
;
(3)
in Iarscríbhinn IV, leasaítear Cuid I mar a leanas:
(a)
cuirtear an mhír seo a leanas leis an tábla:
|
Mír
|
Ábhar
|
Gníomh rialúcháin
|
Infheidhmeacht
|
|
M1
|
M2
|
M3
|
N1
|
N2
|
N3
|
O1
|
O2
|
O3
|
O4
|
|
“72
|
Córas eCall
|
Rialachán (AE) 2015/758
|
X
|
|
|
X”
|
|
|
|
|
|
|
(b)
leasaítear Aguisín 1 mar a leanas:
(i)
cuirtear an mhír seo a leanas le Tábla 1:
|
Mír
|
Ábhar
|
Gníomh rialúcháin
|
Saincheisteanna sonracha
|
Infheidhmeacht agus ceanglais shonracha
|
|
“72
|
Córas eCall
|
Rialachán (AE) 2015/758
|
|
N/B”
|
(ii)
cuirtear an mhír seo a leanas le Tábla 2:
|
Mír
|
Ábhar
|
Gníomh rialúcháin
|
Saincheisteanna sonracha
|
Infheidhmeacht agus ceanglais shonracha
|
|
“72
|
Córas eCall
|
Rialachán (AE) 2015/758
|
|
N/B”
|
(c)
in Aguisín 2, leasaítear roinn “4. Ceanglais Theicniúla” mar a leanas:
(i)
cuirtear an mhír seo a leanas le Cuid I: Feithiclí ar cuid de chatagóir M1 iad:
|
Mír
|
Tagairt don ghníomh rialúcháin
|
Ceanglais mhalartacha
|
|
“72
|
Rialachán (AE) 2015/758 (Córais eCall)
|
Ní bheidh feidhm ag ceanglais an Rialacháin sin.”
|
(ii)
cuirtear an mhír seo a leanas le Cuid II: Feithiclí ar cuid de chatagóir N1 iad
|
Mír
|
Tagairt don ghníomh rialúcháin
|
Ceanglais mhalartacha
|
|
“72
|
Rialachán (AE) 2015/758 (Córais eCall)
|
Ní bheidh feidhm ag ceanglais an Rialacháin sin.”
|
(4)
leasaítear Iarscríbhinn XI mar a leanas:
(a)
in Aguisín 1, cuirtear an mhír seo a leanas leis an tábla:
|
Mír
|
Ábhar
|
Tagairt don ghníomh rialúcháin
|
M1 ≤ 2 500 (*) kg
|
M1 > 2 500 (*) kg
|
M2
|
M3
|
|
“72
|
Córas eCall
|
Rialachán (AE) 2015/758
|
G
|
G
|
N/B
|
N/B”
|
(b)
in Aguisín 2, cuirtear an mhír seo a leanas leis an tábla:
|
Mír
|
Ábhar
|
Tagairt don ghníomh rialúcháin
|
M1
|
M2
|
M3
|
N1
|
N2
|
N3
|
O1
|
O2
|
O3
|
O4
|
|
“72
|
Córas eCall
|
Rialachán (AE) 2015/758
|
G
|
N/B
|
N/B
|
G
|
N/B
|
N/B
|
N/B
|
N/B
|
N/B
|
N/B”
|
(c)
in Aguisín 3, cuirtear an mhír seo a leanas leis an tábla:
|
Mír
|
Ábhar
|
Tagairt don ghníomh rialúcháin
|
M1
|
|
“72
|
Córas eCall
|
Rialachán (AE) 2015/758
|
G”
|
(d)
in Aguisín 4, cuirtear an mhír seo a leanas leis an tábla:
|
Mír
|
Ábhar
|
Tagairt don ghníomh rialúcháin
|
M2
|
M3
|
N1
|
N2
|
N3
|
O1
|
O2
|
O3
|
O4
|
|
“72
|
Córas eCall
|
Rialachán (AE) 2015/758
|
N/B
|
N/B
|
G
|
N/B
|
N/B
|
N/B
|
N/B
|
N/B
|
N/B”
|
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|