+RIALACHÁN (AE) 2021/694 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 29 Aibreán 2021 lena mbunaítear an Clár don Eoraip Dhigiteach agus lena n-aisghairtear Cinneadh (AE) 2015/2240 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
---+CAIBIDIL I FORÁLACHA GINEARÁLTA
------+Airteagal 1 Ábhar
------+Airteagal 2 Sainmhínithe
------+Airteagal 3 Cuspóirí an Chláir
---------+Airteagal 3 1.
---------+Airteagal 3 2.
------+Airteagal 4 Cuspóir Sonrach 1 - an Ríomhaireacht Ardfheidhmíochta
---------+Airteagal 4 1.
---------+Airteagal 4 2.
------+Airteagal 5 Cuspóir Sonrach 2 - an Intleacht Shaorga
---------+Airteagal 5 1.
---------+Airteagal 5 2.
---------+Airteagal 5 3.
------+Airteagal 6 Cuspóir Sonrach 3 - an Chibearshlándáil agus Iontaoibh
---------+Airteagal 6 1.
---------+Airteagal 6 2.
------+Airteagal 7 Cuspóir Sonrach 4 -Ardscileanna Digiteacha
---------+Airteagal 7 1.
---------+Airteagal 7 2.
------+Airteagal 8 Cuspóir Sonrach 5 - Cur Chun Úsáide agus Úsáid is Fearr na n-Acmhainneachtaí Digiteacha agus Idir-inoibritheacht
---------+Airteagal 8 1.
---------+Airteagal 8 2.
------+Airteagal 8a Cuspóir Sonrach 6 – Leathsheoltóirí
------+Airteagal 9 Buiséad
---------+Airteagal 9 1.
---------+Airteagal 9 2.
---------+Airteagal 9 3.
---------+Airteagal 9 4.
---------+Airteagal 9 5.
---------+Airteagal 9 6.
---------+Airteagal 9 7.
---------+Airteagal 9 8.
------+Airteagal 10 Tríú tíortha atá comhlachaithe leis an gClár
---------+Airteagal 10 1.
---------+Airteagal 10 2.
------+Airteagal 11 Comhar idirnáisiúnta
---------+Airteagal 11 1.
---------+Airteagal 11 2.
------+Airteagal 12 Slándáil
---------+Airteagal 12 1.
---------+Airteagal 12 2.
---------+Airteagal 12 3.
---------+Airteagal 12 4.
---------+Airteagal 12 5.
---------+Airteagal 12 5a.
---------+Airteagal 12 5b.
---------+Airteagal 12 6.
---------+Airteagal 12 7.
------+Airteagal 13 Sineirgíochtaí le cláir eile de chuid an Aontais
---------+Airteagal 13 1.
---------+Airteagal 13 2.
---------+Airteagal 13 3.
------+Airteagal 14 Cur chun feidhme agus foirmeacha cistiúcháin ón Aontas
---------+Airteagal 14 1.
---------+Airteagal 14 2.
---------+Airteagal 14 3.
---------+Airteagal 14 4.
------+Airteagal 15 Comhpháirtíochtaí Eorpacha
------+Airteagal 16 Moil Nuálaíochta Digití Eorpacha
---------+Airteagal 16 1.
---------+Airteagal 16 2.
---------+Airteagal 16 3.
---------+Airteagal 16 4.
---------+Airteagal 16 5.
---------+Airteagal 16 6.
---------+Airteagal 16 7.
------+Airteagal 16a Coinbhleachtaí rialacha
---+CAIBIDIL II INCHÁILITHEACHT
------+Airteagal 17 Gníomhaíochtaí incháilithe
---------+Airteagal 17 1.
---------+Airteagal 17 2.
------+Airteagal 18 Eintitis dhlítheanacha incháilithe
---------+Airteagal 18 1.
---------+Airteagal 18 2.
---------+Airteagal 18 3.
---------+Airteagal 18 4.
---+CAIBIDIL III DEONTAIS
------+Airteagal 19 Deontais
------+Airteagal 20 Critéir dhámhachtana
---------+Airteagal 20 1.
---------+Airteagal 20 2.
------+Airteagal 21 Meastóireacht
---+CAIBIDIL IV OIBRÍOCHTAÍ MEASCTHA AGUS CISTIÚ COMHCHEANGAILTE EILE
------+Airteagal 22 Oibríochtaí measctha
------+Airteagal 23 Cistiú carnach agus malartach
---------+Airteagal 23 1.
---------+Airteagal 23 2.
---+CAIBIDIL V CLÁRSCEIDEALÚ, FAIREACHÁN, MEASTÓIREACHT AGUS RIALÚ
------+Airteagal 24 Cláir oibre
---------+Airteagal 24 1.
---------+Airteagal 24 2.
---------+Airteagal 24 3.
---------+Airteagal 24 4.
---------+Airteagal 24 5.
---------+Airteagal 24 6.
------+Airteagal 25 Faireachán agus tuairisciú
---------+Airteagal 25 1.
---------+Airteagal 25 2.
---------+Airteagal 25 3.
---------+Airteagal 25 4.
---------+Airteagal 25 5.
------+Airteagal 26 Meastóireacht ar an gClár
---------+Airteagal 26 1.
---------+Airteagal 26 2.
---------+Airteagal 26 3.
---------+Airteagal 26 4.
---------+Airteagal 26 5.
------+Airteagal 27 Iniúchtaí
---------+Airteagal 27 1.
---------+Airteagal 27 2.
---------+Airteagal 27 3.
---------+Airteagal 27 4.
---------+Airteagal 27 5.
------+Airteagal 28 Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint
------+Airteagal 29 Faisnéis, cumarsáid, poiblíocht, tacaíocht beartais agus scaipeadh
---------+Airteagal 29 1.
---------+Airteagal 29 2.
---------+Airteagal 29 3.
---+CHAPTER VI DELEGATED ACTS, IMPLEMENTING ACTS, TRANSITIONAL AND FINAL PROVISIONS
------+Airteagal 30 An tarmligean a fheidhmiú
---------+Airteagal 30 1.
---------+Airteagal 30 2.
---------+Airteagal 30 3.
---------+Airteagal 30 4.
---------+Airteagal 30 5.
---------+Airteagal 30 6.
------+Airteagal 31 An nós imeachta coiste
---------+Airteagal 31 1.
---------+Airteagal 31 2.
------+Airteagal 32 Aisghairm
------+Airteagal 33 Forálacha idirthréimhseacha
---------+Airteagal 33 1.
---------+Airteagal 33 2.
---------+Airteagal 33 3.
------+Airteagal 34 Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
---+IARSCRÍBHINN I GNÍOMHAÍOCHTAÍ
---+IARSCRÍBHINN II Táscairí intomhaiste chun faireachán a dhéanamh ar CHUR CHUN FEIDHME an Chláir AGUS TUAIRISCIÚ A DHÉANAMH ar DhUL CHUN CINN AN CHLÁIR maidir le BAINT AMACH a cHuspóirí sonracha
---+IARSCRÍBHINN III Sineirgíochtaí le cláir eile de chuid an Aontais
English - European Union - ICT - Cybersecurity - Artificial Intelligence -

RIALACHÁN (AE) 2021/694 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 29 Aibreán 2021 lena mbunaítear an Clár don Eoraip Dhigiteach agus lena n-aisghairtear Cinneadh (AE) 2015/2240 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

RIALACHÁN (AE) 2021/694 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 29 Aibreán 2021

lena mbunaítear an Clár don Eoraip Dhigiteach agus lena n-aisghairtear Cinneadh (AE) 2015/2240

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
CAIBIDIL I FORÁLACHA GINEARÁLTA CAIBIDIL I FORÁLACHA GINEARÁLTA
CAIBIDIL II INCHÁILITHEACHT CAIBIDIL II INCHÁILITHEACHT
CAIBIDIL III DEONTAIS CAIBIDIL III DEONTAIS
CAIBIDIL IV OIBRÍOCHTAÍ MEASCTHA AGUS CISTIÚ COMHCHEANGAILTE EILE CAIBIDIL IV OIBRÍOCHTAÍ MEASCTHA AGUS CISTIÚ COMHCHEANGAILTE EILE
CAIBIDIL V CLÁRSCEIDEALÚ, FAIREACHÁN, MEASTÓIREACHT AGUS RIALÚ CAIBIDIL V CLÁRSCEIDEALÚ, FAIREACHÁN, MEASTÓIREACHT AGUS RIALÚ
CHAPTER VI DELEGATED ACTS, IMPLEMENTING ACTS, TRANSITIONAL AND FINAL PROVISIONS CHAPTER VI DELEGATED ACTS, IMPLEMENTING ACTS, TRANSITIONAL AND FINAL PROVISIONS
IARSCRÍBHINN I GNÍOMHAÍOCHTAÍ




IARSCRÍBHINN I

GNÍOMHAÍOCHTAÍ

Tuairisc theicniúil ar an gClár: raon feidhme na ngníomhaíochtaí

Cuirfear gníomhaíochtaí tosaigh an Chláir agus, i gcás inarb iomchuí, bearta an Chláir ina dhiaidh sin chun feidhme i gcomhréir leis an tuaraisc theicniúil seo a leanas:

Cuspóir Sonrach 1 - An Ríomhaireacht Ardfheidhmíochta

Leis an gClár, cuirfear an straitéis Eorpach maidir le HPC chun feidhme trí thacú le héiceachóras iomlán de chuid an Aontais lena soláthraítear na cumais HPC agus sonraí riachtanacha chun go mbeidh an Eoraip iomaíoch ar an leibhéal domhanda. Is é is aidhm don straitéis bonneagar HPC agus sonraí den chéad scoth a chur chun úsáide ag a mbeidh cumais eicsea-scála idir 2022 agus 2023, agus ag a mbeidh saoráidí iar-eicsea-scála idir 2026 agus 2027 chun soláthar neamhspleách iomaíoch i dtaca le teicneolaíocht HPC dá chuid féin a chur ar fáil don Aontas, barr feabhais a bhaint amach maidir le feidhmchláir HPC agus infhaighteacht agus úsáid HPC a leathnú.

Áireofar ar na bearta tosaigh agus, i gcás inarb iomchuí, na gníomhaíochtaí ina dhiaidh sin faoin gcuspóir seo:

1. 

Creat soláthair chomhpháirtigh lena gcumasaítear cur chuige comhdhearaidh le haghaidh líonra comhtháite HPC den chéad scoth a fháil, lena n-áirítear bonneagar sár-ríomhaireachta eicsea-scála agus sonraí a fháil. Beidh rochtain éasca ar an líonra sin ag úsáideoirí poiblí agus príobháideacha, go háirithe ag FBManna, gan beann ar an mBallstát ina bhfuil siad lonnaithe, agus beidh siad inrochtana go héasca chun críoch taighde, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1488.

2. 

Creat soláthair chomhpháirtigh chun bonneagar sár-ríomhaireachta iar-eicsea-scála a fháil, lena n-áirítear an comhtháthú le teicneolaíochtaí ríomhaireachta candamaí.

3. 

Comhordú agus acmhainní airgeadais leordhóthanacha ar leibhéal an Aontais chun tacú le bonneagar den sórt sin a fhorbairt, a sholáthar agus a oibriú.

4. 

Acmhainneachtaí HPC agus sonraí na mBallstát a líonrú agus tacaíocht do na Ballstáit ar mian leo acmhainneachtaí HPC a uasghrádú nó acmhainneachtaí HPC nua a fháil.

5. 

Lárionaid inniúlachtaí náisiúnta Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta a líonrú, ceann amháin ar a laghad in aghaidh an Bhallstáit agus iad bainteach lena lárionaid sár-ríomhaireachta náisiúnta chun seirbhísí HPC a chur ar fáil don earnáil tionsclaíochta, go háirithe FBManna, don lucht léinn agus don lucht riaracháin phoiblí.

6. 

Teicneolaíocht oibríochtúil atá réidh le húsáid a chur chun úsáide, go háirithe an tsár-ríomhaireacht mar sheirbhís a eascraíonn ó thaighde agus nuálaíocht chun éiceachóras HPC comhtháite Eorpach a thógáil, lena gcuimsítear gach deighleog sa slabhra luacha eolaíoch agus tionsclaíoch (crua-earraí, bogearraí, feidhmchláir, seirbhísí, idirnaisc agus ardscileanna digiteacha).

Cuspóir Sonrach 2 - An Intleacht Shaorga

Leis an gClár, méadófar agus neartófar croí-acmhainneachtaí IS san Eoraip, lena n-áirítear acmhainní sonraí agus stórtha algartam, agus cuirfear rochtain orthu ar fáil do gach lucht riarachán poiblí agus gnólachtaí, agus déanfar saoráidí tástála agus turgnamhaíochta IS nuabhunaithe agus atá ann cheana sna Ballstáit a threisiú agus a líonrú.

Áireofar ar na bearta tosaigh agus, i gcás inarb iomchuí, na gníomhaíochtaí ina dhiaidh sin faoin gcuspóir seo:

1. 

Spásanna coiteanna sonraí Eorpacha a chruthú lena gcuirfear rochtain ar shonraí ar fáil ar fud na hEorpa, lena n-áirítear faisnéis arna bailiú ó athúsáid faisnéise as an earnáil phoiblí, agus a bheidh ina bhfoinse ionchurtha sonraí le haghaidh réitigh IS. Ba cheart na spásanna a bheith oscailte don earnáil phoiblí agus don earnáil phríobháideach. Chun an úsáid a mhéadú, tá sonraí laistigh de spás le bheith idir-inoibritheach, go háirithe trí fhormáidí sonraí atá oscailte, inléite ag meaisíní, caighdeánaithe agus doiciméadaithe, maidir leis na hidirghníomhaíochtaí idir an earnáil phoiblí agus an earnáil phríobháideach araon, laistigh d’earnálacha agus trasna earnálacha (idir-inoibritheacht shéimeantach).

2. 

Leabharlanna algartaim coiteanna Eorpacha nó comhéadain leabharlanna algartaim choiteanna Eorpacha a cheapadh a bheadh so-inrochtana d’úsáideoirí Eorpacha ionchasacha ar bhonn téarmaí córa réasúnacha neamh-idirdhealaitheacha. Tá gnólachtaí agus an earnáil phoiblí le bheith in ann cibé réiteach is fearr a d’oirfeadh dá riachtanais a aithint agus a fháil.

3. 

Comhinfheistíocht leis na Ballstáit i saoráidí tagartha den chéad scoth chun tástálacha agus turgnaimh a dhéanamh san fhíorshaol ina ndírítear ar fheidhmeanna IS in earnálacha bunriachtanacha amhail an tsláinte, faireachán ar an domhan nó ar an gcomhshaol, an t-iompar agus an tsoghluaisteacht, an tslándáil, an mhonaraíocht agus an t-airgeadas, chomh maith le réimsí eile a bhaineann le leas an phobail. Tá na saoráidí sin le bheith ar oscailt do gach gníomhaí ar fud na hEorpa agus nasctha leis an líonra de Mhoil Nuálaíochta Digití Eorpacha. Tá na saoráidí sin le bheith feistithe nó nasctha le saoráidí móra ríomhaireachta agus láimhseála sonraí, chomh maith leis na teicneolaíochtaí IS is déanaí, lena n-áirítear réimsí atá ag teacht chun cinn amhail an ríomhaireacht néaramorfach, an domhainfhoghlaim agus an róbataic.

▼M2

Cuspóir Sonrach 3 – an Chibearshlándáil agus Iontaoibh

Leis an gClár, spreagfar treisiú, tógáil agus fáil acmhainneachtaí bunriachtanacha chun geilleagar digiteach, sochaí agus daonlathas an Aontais a áirithiú trí acmhainneacht thionsclaíoch agus iomaíochas cibearshlándála an Aontais a threisiú, agus trí chumais na hearnála poiblí agus na hearnála príobháidí araon a fheabhsú chun saoránaigh agus gnólachtaí a chosaint ar chibearbhagairtí, lena n-áirítear trí thacú le Treoir (AE) 2016/1148 a chur chun feidhme.

Áireofar an méid seo a leanas sna gníomhaíochtaí tosaigh agus, i gcás inarb iomchuí, sna gníomhaíochtaí ina dhiaidh sin faoin gcuspóir seo:

1. 

Comhinfheistíocht leis na Ballstáit in ardtrealamh, ardbhonneagar agus ardfhios gnó cibearshlándála atá bunriachtanach chun bonneagair ríthábhachtacha agus an Margadh Aonair Digiteach trí chéile a chosaint. D’fhéadfaí a bheith san áireamh leis an gcomhinfheistíocht sin infheistíochtaí i saoráidí candamacha agus acmhainní sonraí le haghaidh na cibearshlándála, feasacht staide sa chibearspás lena n-áirítear Cibearmhoil Náisiúnta agus Cibearmhoil Trasteorann lena mbunaítear an Córas Eorpach um Rabhadh Cibearshlándála, chomh maith le huirlisí eile atá le cur ar fáil don earnáil phoiblí agus don earnáil phríobháideach ar fud na hEorpa.

2. 

Na hacmhainneachtaí teicneolaíochta atá ann cheana a mhéadú agus na lárionaid um inniúlachtaí sna Ballstáit a líonrú, agus a áirithiú go mbeidh na hacmhainneachtaí sin ag freastal ar riachtanais na hearnála poiblí agus na hearnála tionsclaíochta, lena n-áirítear trí tháirgí agus seirbhísí lena dtreisítear an chibearshlándáil agus iontaoibh laistigh den Mhargadh Aonair Digiteach.

3. 

A áirithiú go gcuirfear réitigh éifeachtacha úrscothacha chibearshlándála agus iontaoibhe chun úsáide go forleathan ar fud na mBallstát. Áirítear le cur chun úsáide den sórt sin slándáil agus sábháilteacht táirgí a neartú, óna ndearadh go dtí a dtráchtálú.

4. 

Tacú leis an mbearna scileanna cibearshlándála a dhúnadh, agus cothromaíocht inscne á cur san áireamh, mar shampla trí chláir scileanna cibearshlándála a ailíniú, trí na cláir sin a oiriúnú do riachtanais earnálacha ar leith agus trí rochtain ar oiliúint speisialaithe spriocdhírithe a éascú.

5. 

Dlúthpháirtíocht a chur chun cinn i measc na mBallstát maidir le hullmhú do theagmhais shuntasacha chibearshlándála agus teagmhais mhórscála chibearshlándála agus freagairt orthu trí sheirbhísí cibearshlándála a chur chun úsáide thar theorainneacha, lena n-áirítear tacaíocht le haghaidh cúnamh frithpháirteach idir údaráis phoiblí agus cúltaca soláthraithe iontaofa seirbhísí slándála bainistithe a bhunú ar leibhéal an Aontais.

▼B

Cuspóir Sonrach 4 - Ardscileanna digiteacha

Leis an gClár, tacófar le rochtain éasca ar ardscileanna digiteacha agus ar dheiseanna oiliúna maidir leis na scileanna sin, go háirithe in HPC, anailísíocht olltiomsaithe sonraí, IS, teicneolaíochtaí mórleabhar dáilte (e.g. blocshlabhra) agus an chibearshlándáil don lucht saothair reatha agus don lucht saothair amach anseo trí na modhanna chun na scileanna sin a fháil agus a fhorbairt a chur ar fáil, inter alia, do dhaltaí, céimithe nua, oibrithe reatha agus saoránaigh de gach aois ar gá dóibh uasoiliúint a fháil, gan beann ar an áit a bhfuil siad suite.

Áireofar ar na bearta tosaigh agus, i gcás inarb iomchuí, na gníomhaíochtaí ina dhiaidh sin faoin gcuspóir seo:

1. 

Rochtain ar oiliúint ar an láthair oibre trí pháirt a ghlacadh i sealanna oiliúna i lárionaid inniúlachtaí agus i ngnólachtaí a chuireann ardteicneolaíochtaí digiteacha chun úsáide.

2. 

Rochtain ar chúrsaí in ardteicneolaíochtaí digiteacha atá le bheith curtha ar fáil ag institiúidí ardoideachais, institiúidí taighde agus comhlachtaí deimhniúcháin gairmiúla san earnáil tionsclaíochta i gcomhar leis na comhlachtaí atá bainteach leis an gClár (meastar go n-áireofar ar na hábhair ann IS, an chibearshlándáil, teicneolaíochtaí mórleabhar dáilte (e.g. blocshlabhra), HPC agus teicneolaíochtaí candamacha).

3. 

Rannpháirtíocht i gcúrsaí oiliúna gairmiúla speisialaithe gearrthéarma a bheidh deimhnithe roimh ré, mar shampla i réimse na cibearshlándála.

Le hidirghabhálacha, díreofar ar ardscileanna digiteacha a bhaineann le teicneolaíochtaí sonracha.

Gníomhóidh na Moil Nuálaíochta Digití Eorpacha dá bhforáiltear in Airteagal 16 mar éascaitheoirí le haghaidh deiseanna oiliúna, trí idirchaidreamh a dhéanamh le soláthraithe oideachais agus oiliúna.

Cuspóir Sonrach 5 - Cur Chun úsáide agus Úsáid is Fearr na n-Acmhainneachtaí Digiteacha agus Idir-inoibritheacht

Tionscadail leasa choitinn a bheidh i dtionscadail lena bhfreastalaítear ar chur chun úsáide agus úsáid is fearr na n-acmhainneachtaí digiteacha nó ar an idir-inoibritheacht.

I. Áireofar ar na bearta tosaigh agus, i gcás inarb iomchuí, na gníomhaíochtaí ina dhiaidh sin faoin gcuspóir seo maidir le claochlú digiteach na réimsí a bhaineann le leas an phobail:

1. 

Lucht riaracháin phoiblí a nuachóiriú:

1.1. 

Tacú leis na Ballstáit i gcur chun feidhme phrionsabail Dhearbhú Thaillinn maidir le Ríomhrialtas i gach réimse beartais, lena gcruthófar, i gcás inar gá, na clárlanna is gá agus lena ndéanfar iad a idirnascadh i gcomhréir go hiomlán le Rialachán (AE) 2016/679.

1.2. 

Tacú le héiceachóras comhleanúnach de bhonneagar seirbhísí digiteacha trasteorann a dhearadh, a úsáid ar bhonn píolótach, a chothabháil, a chur chun úsáide, a fhorbairt, a chur chun cinn agus éascaíocht a dhéanamh ar réitigh thrasteorann nó thrasearnála atá idir-inoibritheach, ilteangach, sábháilte agus gan uaim ó cheann go ceann agus ar chreataí comhchoiteanna laistigh den lucht riaracháin phoiblí. Áireofar leis freisin modheolaíochtaí chun an tionchar agus na tairbhí a mheasúnú.

1.3. 

Tacú leis na sonraíochtaí comhchoiteanna agus caighdeáin chomhchoiteanna atá ann cheana a mheasúnú, a nuashonrú agus a chur chun cinn, chomh maith le sonraíochtaí comhchoiteanna nua, sonraíochtaí oscailte nua agus caighdeáin nua a fhorbairt, a bhunú agus a chur chun cinn trí bhíthin ardáin chaighdeánaithe an Aontais agus i gcomhar le heagraíochtaí caighdeánaithe Eorpacha nó idirnáisiúnta de réir mar is iomchuí.

1.4. 

Dul i gcomhar chun éiceachóras Eorpach a chur ar bun le haghaidh bonneagair iontaofa, b”fhéidir trí sheirbhísí agus feidhmchláir atá bunaithe ar theicneolaíochtaí mórleabhar dáilte (e.g. blocshlabhra) a úsáid, lena n-áirítear tacaíocht don idir-inoibritheacht agus don chaighdeánú, agus cur chun úsáide fheidhmchláir thrasteorann an Aontais a chothú.

2. 

Sláinte

2.1. 

A áirithiú go mbeidh smacht ag saoránaigh de chuid an Aontais ar a sonraí pearsanta agus gur féidir leo a sonraí pearsanta sláinte a rochtain, a roinnt, a úsáid agus a bhainistiú thar theorainneacha go slán agus ar bhealach lena ráthaítear a bpríobháideacht, gan beann ar an áit a bhfuil siad nó ar an áit a bhfuil na sonraí, i gcomhréir leis an reachtaíocht is infheidhme maidir le cosaint sonraí. An bonneagar um sheirbhís dhigiteach na Ríomhshláinte a chur i gcrích agus cur leis i bhfoirm seirbhísí digiteacha nua i ndáil le galair a chosc, an tsláinte agus cúram sláinte agus tacú le seirbhísí den sórt sin a chur chun úsáide, agus gníomhaíochtaí an Aontais agus na mBallstát mar thacaíocht aige sin, go háirithe an líonra Ríomhshláinte i gcomhréir le hAirteagal 14 de Threoir 2011/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 11 ).

2.2. 

Sonraí níos fearr a chur ar fáil le haghaidh taighde, galair a chosc agus sláinte phearsantaithe agus cúram sláinte pearsantaithe. A áirithiú go mbeidh rochtain ag taighdeoirí sláinte agus cleachtóirí cliniciúla Eorpacha ar an scála acmhainní is gá (spásanna sonraí comhroinnte, lena n-áirítear stóráil sonraí agus ríomhaireacht, saineolas agus acmhainneachtaí anailíseacha) ionas go mbeidh siad in ann fionnachtana a dhéanamh maidir le galair choitianta agus neamhchoitianta. Is é an sprioc atá ann cohórt daonra-bhunaithe ina bhfuil 10 milliún saoránach ar a laghad a áirithiú.

2.3. 

Uirlisí digiteacha a chur ar fáil chun saoránaigh a chumhachtú agus ar mhaithe le cúram daonlárnach trí thacú le malartú na gcleachtas nuálach agus na gcleachtas is fearr sa tsláinte dhigiteach, fothú acmhainneachta agus cúnamh teicniúil, go háirithe le haghaidh na cibearshlándála, IS agus HPC.

3. 

Na breithiúna

Cumarsáid leictreonach trasteorann shlán gan uaim a chumasú laistigh de na breithiúna agus idir na breithiúna agus comhlachtaí inniúla eile i réimse an cheartais shibhialta agus choiriúil. Feabhas a chur ar an rochtain atá ag saoránaigh, gnólachtaí, cleachtóirí dlí agus breithiúna ar an gceartas agus ar fhaisnéis dhlíthiúil agus ar nósanna imeachta dlíthiúla trí idirnaisc atá idir-inoibritheach ar bhonn séimeantach le bunachair sonraí agus cláir a sholáthar agus trí éascaíocht a dhéanamh ar réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt ar líne. Forbairt agus cur chun feidhme teicneolaíochtaí nuálacha a chur chun cinn le haghaidh na gcúirteanna agus an lucht dlí atá bunaithe, inter alia, ar réitigh IS ar dócha go gcuíchóireofar agus go mbrostófar leo nósanna imeachta (mar shampla, feidhmchláir “teicneolaíochta dlí”).

▼M3

4. 

Iompar, soghluaisteacht, fuinneamh agus comhshaol

Réitigh agus bonneagar díláraithe atá ag teastáil le haghaidh feidhmeanna digiteacha ar mhórscála, amhail tiomáint nasctha uathoibríoch, aerfheithiclí gan foireann, feithiclí talún, feithiclí dromchla agus feithiclí faoi uisce, coincheapa na soghluaisteachta cliste, cathracha cliste, ceantair thuaithe chliste nó na réigiúin is forimeallaí, a chur chun úsáide chun tacú le beartais iompair, fuinnimh agus chomhshaoil agus sin á chomhordú le gníomhaíochtaí chun na hearnálacha iompair agus fuinnimh a dhigitiú faoin tSaoráid um Chónascadh na hEorpa..

▼B

5. 

Oideachas, cultúr agus na meáin

Rochtain ar na teicneolaíochtaí digiteacha is déanaí, ó IS go dtí an ardríomhaireacht, a chur ar fáil do chruthaitheoirí agus do thionscal na cruthaitheachta agus an chultúir san Eoraip. Tairbhe a bhaint as oidhreacht chultúrtha na hEorpa, lena n-áirítear Europeana, chun tacú le hoideachas agus le taighde agus chun an éagsúlacht chultúrtha, an comhtháthú sóisialta agus an tsochaí Eorpach a chur chun cinn. Tacú le glacadh teicneolaíochtaí digiteacha san oideachas agus sna hinstitiúidí cultúrtha arna maoiniú go príobháideach agus go poiblí.

6. 

Gníomhaíochtaí eile a thacaíonn leis an Margadh Aonair Digiteach

Tacú le gníomhaíochtaí amhail an litearthacht dhigiteach agus litearthacht sna meáin a chothú agus feasacht a mhúscailt i measc mionaoiseach, tuismitheoirí agus múinteoirí faoi na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann do mhionaoisigh ar líne agus faoi na bealaí chun iad a chosaint, agus dul i ngleic leis an gcibearbhulaíocht agus le scaipeadh ábhar ar líne a bhaineann le mí-úsáid ghnéasach leanaí trí thacú le líonra uile-Eorpach d’Ionaid d’Idirlíon Níos Sábháilte. Bearta a chur chun cinn arb é is aidhm dóibh bréagaisnéis arna scaipeadh d’aon ghnó a bhrath agus a chomhrac, agus ar an dóigh sin athléimneacht fhoriomlán an Aontais a mhéadú; tacú le faireachlann de chuid an Aontais le haghaidh an gheilleagair ardáin dhigitigh chomh maith le staidéir agus gníomhaíochtaí for-rochtana.

Leis na Moil Nuálaíochta Digití Eorpacha, féadfar tacú go páirteach leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointí 1 go 6 trí bhíthin na n-acmhainneachtaí céanna a forbraíodh chun cabhrú leis an earnáil tionsclaíochta a claochlú digiteach a dhéanamh (féach pointe II).

II Áireofar ar na bearta tosaigh agus, i gcás inarb iomchuí, na gníomhaíochtaí ina dhiaidh sin faoin gcuspóir seo a bhaineann le claochlú digiteach na hearnála tionsclaíochta:

Rannchuidiú le méadú líonra na Mol Nuálaíochta Digití Eorpach chun a áirithiú go mbeidh rochtain ar acmhainneachtaí digiteacha ag aon ghnólacht, go háirithe FBManna, in aon réigiún ar fud an Aontais. Áirítear ar rannchuidiú den sórt sin:

1. 

Rochtain ar spásanna coiteanna sonraí Eorpacha agus ar ardáin IS agus ar shaoráidí Eorpacha HPC ar mhaithe le hanailísíocht sonraí agus feidhmchláir atá dian ar ríomh

2. 

Rochtain ar shaoráidí tástála ar mhórscála le haghaidh IS agus ar arduirlisí cibearshlándála

3. 

Rochtain ar ardscileanna digiteacha

Déanfar na gníomhaíochtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chomhordú agus a chomhlánú le gníomhaíochtaí nuálaíochta i dteicneolaíochtaí digiteacha a fhaigheann tacaíocht, go háirithe, faoi Fís Eorpach, agus infheistíochtaí i Moil Nuálaíochta Digití Eorpacha a fhaigheann tacaíocht faoi Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE). Féadfar deontais le haghaidh mhacasamhlú an mhargaidh a sholáthar ón gClár, i gcomhréir le rialacha maidir le státchabhair. Is le hionstraimí airgeadais lena mbaintear leas as an gClár InvestEU a thacófar le rochtain a sholáthar ar mhaoiniú le haghaidh céimeanna breise i gclaochlú digiteach na tionsclaíochta.

▼M1

Cuspóir Sonrach 6 – Leathsheoltóirí

Soláthraítear gníomhaíochtaí faoi Chuspóir Sonrach 6 in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/1781.

▼B

IARSCRÍBHINN II Táscairí intomhaiste chun faireachán a dhéanamh ar CHUR CHUN FEIDHME an Chláir AGUS TUAIRISCIÚ A DHÉANAMH ar DhUL CHUN CINN AN CHLÁIR maidir le BAINT AMACH a cHuspóirí sonracha




IARSCRÍBHINN II

Táscairí intomhaiste chun faireachán a dhéanamh ar CHUR CHUN FEIDHME an Chláir AGUS TUAIRISCIÚ A DHÉANAMH ar DhUL CHUN CINN AN CHLÁIR maidir le BAINT AMACH a cHuspóirí sonracha

Cuspóir Sonrach 1 - An Ríomhaireacht Ardfheidhmíochta

1.1. Líon na mbonneagar HPC arna soláthar go comhpháirteach

1.2. Úsáid na ríomhairí eicsea-scála agus iar-eicsea-scála ina hiomláine agus ag grúpaí geallsealbhóirí éagsúla (ollscoileanna, FBManna etc.)

Cuspóir Sonrach 2 - An Intleacht Shaorga

2.1. An méid iomlán arna chomhinfheistiú i saoráidí tástála agus turgnamhaíochta

2.2. Leabharlanna algartaim coiteanna Eorpacha nó comhéadain chuig leabharlanna algartaim, spásanna coiteanna sonraí Eorpacha agus úsáid saoráidí tástála agus turgnamhaíochta a bhaineann le gníomhaíochtaí a faoin Rialachán seo

2.3. Líon na gcásanna ina gcinneann eagraíochtaí IS a chomhtháthú ina dtáirgí, ina bpróisis nó ina seirbhísí, mar thoradh ar an gClár

▼M2

Cuspóir Sonrach 3 – an Chibearshlándáil agus Iontaoibh

3.1. Líon na mbonneagar cibearshlándála, nó na n-uirlisí cibearshlándála, nó an dá cheann, arna soláthar go comhpháirteach, lena n-áirítear i gcomhthéacs an Chórais Eorpaigh um Rabhadh Cibearshlándála

3.2. Líon na n-úsáideoirí agus na bpobal úsáideoirí ag a bhfuil rochtain ar shaoráidí cibearshlándála Eorpacha

3.3 Líon na ngníomhaíochtaí lena dtacaítear le hullmhacht do theagmhais chibearshlándála agus freagairt orthu faoin Sásra um Éigeandáil Chibearshlándála

▼B

Cuspóir Sonrach 4 - Ardscileanna Digiteacha

4.1. Líon na ndaoine ar cuireadh oiliúint faoi leith orthu chun ardscileanna digiteacha a fháil a fhaigheann tacaíocht ón gClár

4.2. Líon na bhfiontar, go háirithe FBManna, ag a bhfuil deacrachtaí speisialtóirí TFC a earcú

4.3. Líon na ndaoine a thugann le fios gur tháinig feabhas ar a staideanna fostaíochta tar éis na hoiliúna a fhaigheann tacaíocht ón gClár

Cuspóir Sonrach 5 - Cur Chun Úsáide agus Úsáid is Fearr na hAcmhainneachta Digití agus Idir-inoibritheacht

5.1. Glacadh na seirbhísí poiblí digiteacha

5.2. Fiontair ag a bhfuil scór ard déine digití

5.3. A mhéid atá an Creat Idir-Inoibritheachta Náisiúnta ailínithe leis an gCreat Idir-Inoibritheachta Eorpach

5.4. Líon na ngnólachtaí agus na n-eintiteas earnála poiblí a bhain úsáid as seirbhísí na Mol Nuálaíochta Digití Eorpach

▼M1

Cuspóir Sonrach 6 – Leathsheoltóirí

Soláthraítear táscairí intomhaiste chun faireachán a dhéanamh ar an gcur chun feidhme agus chun tuairisciú ar dhul chun cinn Chuspóir Sonrach 6 in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/1781.

▼B

IARSCRÍBHINN III Sineirgíochtaí le cláir eile de chuid an Aontais




IARSCRÍBHINN III

Sineirgíochtaí le cláir eile de chuid an Aontais

1. Le sineirgíochtaí le Fís Eorpach, áiritheofar na nithe seo a leanas:

(a) 

cé go dtagann roinnt réimsí téamacha a dtugtar aghaidh orthu leis an gClár agus le Fís Eorpach le chéile, beidh na cineálacha gníomhaíochtaí atá le tacú, a n-aschuir ionchasacha agus a loighic idirghabhála, éagsúil agus comhlántach;

(b) 

soláthrófar le Fís Eorpach tacaíocht chuimsitheach don taighde, an fhorbairt theicneolaíoch, an taispeáint, an píolótú, an cruthúnas coincheapa, an tástáil agus an nuálaíocht, lena n-áirítear cur chun úsáide réamhthráchtálach teicneolaíochtaí digiteacha nuálacha, go háirithe tríd an méid seo a leanas:

(i) 

buiséad ar leith i gcolún na “nDúshlán Domhanda agus Iomaíochas Tionsclaíoch Eorpach” le haghaidh na braisle “Earnáil Dhigiteach, earnáil na tionsclaíochta agus Spás” chun teicneolaíochtaí cumasúcháin a fhorbairt (IS agus an róbataic, an Chéad Ghlúin Eile den Idirlíon, HPC agus Olltiomsú Sonraí, eochairtheicneolaíochtaí digiteacha, lena gcomhcheanglaítear an ghné dhigiteach le teicneolaíochtaí eile);

(ii) 

tacaíocht do bhonneagair thaighde faoi cholún na “hEolaíochta Oscailte”;

(iii) 

comhtháthú digiteach thar na Dúshláin Dhomhanda ar fad (sláinte, slándáil, fuinneamh agus soghluaisteacht, aeráid, etc.); agus

(iv) 

tacaíocht do nuálaíochtaí ceannródaíocha atá i mbun fáis faoi cholún “An Eoraip Nuálach” (a mbeidh teicneolaíochta digiteacha agus fisiceacha cónasctha i gcuid mhór acu);

(c) 

leis an gClár, déanfar infheistíocht sna nithe seo a leanas:

(i) 

fothú acmhainneachta digití i dtaca le HPC, IS, teicneolaíochtaí mórleabhar dáilte (e.g. blocshlabhra), an chibearshlándáil agus ardscileanna digiteacha; agus

(ii) 

cur chun úsáide náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil laistigh de chreat de chuid an Aontais maidir le hacmhainneachtaí digiteacha agus na teicneolaíochtaí digiteacha is déanaí i réimsí a bhaineann le leas an phobail (amhail an tsláinte, an lucht riaracháin phoiblí, an ceartas agus an t-oideachas) nó le cliseadh sa mhargadh (amhail digitiú gnólachtaí, go háirithe FBManna);

(d) 

cuirfear acmhainneachtaí agus bonneagair an Chláir ar fáil don lucht taighde agus nuálaíochta, lena n-áirítear le haghaidh gníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ó Fhís Eorpach, amhail tástáil, turgnamhaíocht agus taispeáintí thar gach earnáil agus disciplín;

(e) 

de réir mar a théann forbairt na dteicneolaíochtaí digiteacha nuálacha in aibíocht le Fís Eorpach, glacfar na teicneolaíochtaí sin agus cuirfear chun úsáide iad de réir a chéile faoin gClár;

(f) 

maidir le tionscnaimh faoi Fhís Eorpach le haghaidh forbairt scileanna agus curaclam inniúlachtaí, lena n-áirítear iad sin arna soláthar ag ionaid chomhlonnaithe KICanna de chuid EIT, déanfar iad a chomhlánú le fothú acmhainneachta in ardscileanna digiteacha a thacaítear leo faoin gClár;

(g) 

cuirfear ar bun sásraí comhordaithe láidre le haghaidh clársceidealaithe agus cur chun feidhme, agus na nósanna imeachta ar fad don dá chlár á n-ailíniú a mhéid is féidir. Beidh gach seirbhís lena mbaineann sa Choimisiún páirteach ina struchtúir rialachais.

2. Le sineirgíochtaí le cláir de chuid an Aontais faoi bhainistíocht roinnte, lena n-áirítear CFRE, CSE+, an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe, áiritheofar an méid seo a leanas:

(a) 

úsáidfear socruithe le haghaidh cistiú comhlántach ó chláir de chuid an Aontais faoi bhainistíocht roinnte agus ón gClár chun tacú le gníomhaíochtaí lena ndéantar naisc idir speisialtóireachtaí cliste agus chun tacú le claochlú digiteach gheilleagar agus shochaí na hEorpa;

(b) 

le CFRE, cuirtear le forbairt agus neartú na n-éiceachóras nuálaíochta réigiúnach agus áitiúil, leis an gclaochlú tionsclaíoch, mar aon le claochlú digiteach na sochaí agus an lucht riaracháin phoiblí, agus ar an dóigh sin spreagtar freisin cur chun feidhme Dhearbhú Thaillinn maidir le Ríomhrialtas. Áirítear leis sin tacaíocht do chlaochlú digiteach na hearnála tionsclaíochta agus glacadh torthaí, chomh maith le teicneolaíochtaí agus réitigh nuálacha a chur i bhfeidhm ar bhonn céimneach. Leis an gClár, comhlánófar líonrú trasnáisiúnta agus mapáil thrasnáisiúnta na n-acmhainneachtaí digiteacha, agus tacófar leo, ionas go mbeidh rochtain ag FBManna orthu agus ionas go mbeidh rochtain ar réitigh idir-inoibritheacha TF i ngach réigiún de chuid an Aontais.

3. Le sineirgíochtaí leis an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, áireofar an méid seo a leanas:

(a) 

díreofar, leis an gClár, ar fhothú acmhainneachta digití agus bonneagair dhigitigh ar mhórscála i réimsí HPC, IS, na cibearshlándála agus na n-ardscileanna digiteacha, ionas go mbeidh glacadh agus cur chun úsáide forleathan ann ar fud na hEorpa i dtaca le réitigh dhigiteacha nuálacha bharrthábhachtacha, atá ann cheana nó a ndearnadh tástáil orthu, laistigh de chreat de chuid an Aontais i réimsí a bhaineann le leas an phobail nó cliseadh sa mhargadh. Tá an Clár le bheith curtha chun feidhme go príomha trí infheistíochtaí comhordaithe agus straitéiseacha leis na Ballstáit, go háirithe trí sholáthar poiblí comhpháirteach, in acmhainneachtaí digiteacha atá le roinnt ar fud na hEorpa agus i ngníomhaíochtaí uile-Aontais lena dtacaítear le hidir-inoibritheacht agus le caighdeánú mar chuid den phróiseas chun an Margadh Aonair Digiteach a fhorbairt;

(b) 

tá acmhainneachtaí agus bonneagair an Chláir le bheith curtha ar fáil chun teicneolaíochtaí agus réitigh nuálacha nua i réimse na soghluaisteachta agus an iompair a chur chun úsáide. Tá an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa le tacú le teicneolaíochtaí agus réitigh nuálacha nua i réimse na soghluaisteachta agus an iompair a chur i bhfeidhm ar bhonn céimneach agus a chur chun úsáide;

(c) 

tá sásraí comhordaithe le bheith bunaithe, go háirithe trí na struchtúir rialachais iomchuí.

4. Le sineirgíochtaí le Clár InvestEU, áiritheofar na nithe seo a leanas:

(a) 

is faoi Rialachán (AE) 2021/523 a sholáthrófar tacaíocht trí mhaoiniú margadhbhunaithe, lena n-áirítear cuspóirí beartais faoin gClár a shaothrú; féadfar maoiniú margadhbhunaithe den sórt sin a chomhcheangal leis an tacaíocht deontais;

(b) 

is leis an tacaíocht a sholáthraíonn na Moil Nuálaíochta Digití Eorpacha a éascófar rochtain gnólachtaí ar ionstraimí airgeadais.

5. Le sineirgíochtaí le Erasmus+, áiritheofar na nithe seo a leanas:

(a) 

tacófar leis an gClár forbairt agus éadáil na n-ardscileanna digiteacha is gá chun teicneolaíochtaí ceannródaíocha amhail IS nó HPC a chur chun úsáide, i gcomhar le tionscail ábhartha;

(b) 

comhlánófar leis an gcuid de Erasmus+ a bhaineann le hardscileanna digiteacha na hidirghabhálacha ón gClár lena ndírítear ar éadáil scileanna i ngach réimse agus ar gach leibhéal trí eispéiris soghluaisteachta.

6. Le sineirgíochtaí le hEoraip na Cruthaitheachta, a bunaíodh le Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, áiritheofar na nithe seo a leanas:

(a) 

tacófar, leis an tsraith MEDIA de chuid Eoraip na Cruthaitheachta, le tionscnaimh ar féidir leo tionchar mór a bheith acu ar earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta ar fud na hEorpa, rud a chabhróidh leo iad féin a chur in oiriúint don chlaochlú digiteach;

(b) 

soláthrófar, leis an Clár, inter alia, rochtain ar na teicneolaíochtaí digiteacha is déanaí, ó IS go dtí an ardríomhaireacht, do chruthaitheoirí, do thionscal na cruthaitheachta agus d’earnáil an chultúir san Eoraip.

7. Áiritheofar sineirgíochtaí le cláir agus le tionscnaimh eile de chuid an Aontais maidir le hinniúlachtaí agus scileanna.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas