IARSCRÍBHINN I
DEIMHNIÚ UM ORDÚ EORPACH CHUN FIANAISE A THABHAIRT AR AIRD (EPOC) MAIDIR LE FIANAISE LEICTREONACH A THABHAIRT AR AIRD
Faoi Rialachán (AE) 2023/1543 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
5
), ní mór do sheolaí an Deimhnithe um Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird sin (EPOC) an EPOC sin a fhorghníomhú agus caithfidh sé na sonraí a iarradh a tharchur i gcomhréir leis na spriocdhátaí arna sonrú i gCuid C den EPOC sin chuig an údarás inniúil a luaitear faoi phointe (a) de Chuid L den EPOC sin.
I ngach cás, ní mór don seolaí, tar éis dó an EPOC a fháil, gníomhú go gasta chun na sonraí a iarradh a chaomhnú, ach amháin má fhágann an fhaisnéis atá san EPOC nach féidir leis na sonraí sin a aithint. Ní mór na sonraí a chaomhnú i gcónaí go dtí go dtabharfar na sonraí ar aird nó go dtí go léireoidh an t-údarás eisiúna nó, i gcás inarb infheidhme, an t-údarás forfheidhmiúcháin nach bhfuil gá a thuilleadh leis na sonraí a chaomhnú agus a thabhairt ar aird.
Ní mór don seolaí na bearta is gá a dhéanamh chun rúndacht agus sláine an EPOC agus na sonraí a thabharfar ar aird nó a chaomhnófar a áirithiú.
CUID A: Údarás eisiúna/bailíochtaithe
An Stát eisiúna:…
An t-údarás eisiúna:…
An t-údarás bailíochtaithe (i gcás inarb infheidhme):…
NB: tá sonraí an údaráis eisiúna agus bailíochtaithe le soláthar ag an deireadh (Codanna I agus J)…
Uimhir chomhaid an údaráis eisiúna:…
Uimhir chomhaid an údaráis bailíochtaithe:…
CUID B: Seolaí
An seolaí:…
►C1
Cuirtear an t-ordú seo ar fáil i gcás éigeandála don seolaí atá sonraithe toisc nár thug an bhunaíocht ainmnithe nó ionadaí dlíthiúil an tsoláthraí seirbhíse freagra ar an EPOC laistigh de na sprioc-amanna a leagtar amach in Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2023/1543 ◄
Seoladh:…
Uimh. Theileafóin/Uimh. Facs/Seoladh Ríomhphoist (más eol):…
Teagmhálaí (más eol):…
Uimhir chomhaid an tseolaí (más eol):…
An soláthraí seirbhíse lena mbaineann (murab ionann é agus an seolaí):…
Aon fhaisnéis ábhartha eile:…
CUID C: Spriocdhátaí (cuir tic leis an mbosca cuí agus comhlánaigh más gá)
Tar éis an EPOC a fháil, ní mór na sonraí arna n-iarraidh a thabhairt ar aird:
a luaithe is féidir agus ar a dhéanaí laistigh de 10 lá (i gcás nach dtugtar fógra don údarás forfheidhmiúcháin)
i gcás ina dtugtar fógra don údarás forfheidhmiúcháin: ag deireadh na tréimhse deich lá, i gcás nach bhfuil foras diúltaithe ardaithe ag an údarás forfheidhmiúcháin laistigh den tréimhse sin, nó tar éis don údarás forfheidhmiúcháin a dheimhniú sula mbeidh an tréimhse 10 lá istigh nach luafaidh sé foras le haghaidh diúltú, a luaithe is féidir agus ag deireadh na tréimhse 10 lá ar a dhéanaí
gan moill mhíchuí agus, ar a dhéanaí, laistigh d’ocht n-uair an chloig i gcás éigeandála ina bhfuil an méid seo a leanas i gceist:
garbhaol do bheatha, sláine coirp nó sábháilteacht duine
garbhaol do bhonneagar criticiúil mar a shainmhínítear i bpointe (a) d’Airteagal 2 de Threoir 2008/114/CE ón gComhairle (
6
) é, i gcás ina mbeadh garbhaol ann do bheatha, sláine coirp nó sábháilteacht duine dá gcuirfí isteach ar an mbonneagar criticiúil sin nó dá scriosfaí é, lena n-áirítear trí dhochar tromchúiseach a dhéanamh do sholáthar soláthairtí bunúsacha don phobal nó d’fheidhmiú phríomhfheidhmeanna an Stáit.
Luaigh aon spriocdhátaí nós imeachta nó spriocdhátaí eile ar cheart iad a chur san áireamh chun an EPOC seo a fhorghníomhú:…
Tabhair faisnéis bhreise i gcás inarb ábhartha:…
CUID D: Gaol le hiarraidh a rinneadh roimhe seo ar fhianaise a thabhairt ar aird nó ar chaomhnú (cuir tic leis agus comhlánaigh más infheidhme agus má tá sé ar fáil)
Caomhnaíodh na sonraí a iarradh go hiomlán nó go páirteach i gcomhréir le hiarraidh ar chaomhnú a rinneadh roimhe seo
arna heisiúint ag … (luaigh an t-údarás agus an uimhir chomhaid)
ar an … (luaigh an dáta a eisíodh an iarraidh)
agus arna tarchur ar an … (luaigh an dáta a tarchuireadh an iarraidh)
chuig … (luaigh an soláthraí seirbhíse/an t-ionadaí dlíthiúil/an bhunaíocht ainmnithe/an t-údarás inniúil a ndearnadh an iarraidh a tharchur chuige nó chuici agus, má tá sí ar fáil, an uimhir chomhaid a thug an seolaí).
Baineann na sonraí a iarradh le hiarraidh ar fhianaise a thabhairt ar aird a rinneadh roimhe seo
arna heisiúint ag … (luaigh an t-údarás agus an uimhir chomhaid)
ar an … (luaigh an dáta a eisíodh an iarraidh)
agus arna tarchur ar an … (luaigh an dáta a tarchuireadh an iarraidh)
chuig … (luaigh an soláthraí seirbhíse/an t-ionadaí dlíthiúil/an bhunaíocht ainmnithe/an t-údarás inniúil a ndearnadh an iarraidh a tharchur chuige nó chuici agus, má tá sí ar fáil, an uimhir chomhaid a thug an seolaí).
Aon fhaisnéis ábhartha eile:…
CUID E: Faisnéis chun tacú le sainaithint na sonraí a iarradh (comhlánaigh a mhéid atá an fhaisnéis sin ar eolas agus a bhfuil gá léi chun na sonraí a shainaithint)
Seoladh/seoltaí IP agus stampaí ama (an dáta agus an t-amchrios san áireamh):…
Uimh. theileafóin:…
Seoladh nó seoltaí ríomhphoist:…
Uimhir nó uimhreacha IMEI:…
Seoladh nó seoltaí MAC:…
An t-úsáideoir/na húsáideoirí nó aitheantóir uathúil/aitheantóirí uathúla eile amhail ainm/ainmneacha úsáideora, aitheantas/aitheantais logála isteach nó ainm/ainmneacha cuntais:…
Ainm/ainmneacha na seirbhíse/na seirbhísí ábhartha:…
Eile:…
Más infheidhme, raon ama na sonraí a bhfuiltear ag iarraidh fianaise a thabhairt ar aird ina leith:
……
Faisnéis bhreise más gá:…
CUID F: Fianaise leictreonach atá le tabhairt ar aird
Baineann an EPOC seo le (cuir tic sa bhosca/sna boscaí ábhartha):
(a)
ainm, dáta breithe, seoladh poist nó geografach, dáta breithe, sonraí teagmhála (seoladh ríomhphoist, uimhir theileafóin) agus faisnéis ábhartha eile a bhaineann le céannacht an úsáideora/shealbhóir na suibscríbhinne
dáta agus am an chéad chlárúcháin, an cineál clárúcháin, cóip de chonradh, modhanna chun céannacht a fhíorú ag nóiméad an chlárúcháin, cóipeanna de dhoiciméid a chuir an suibscríobhaí ar fáil
an cineál seirbhíse agus fad na seirbhíse, lena n-áirítear an t-aitheantóir ná na haitheantóirí a d’úsáid an suibscríobhaí nó a cuireadh ar fáil dó tráth an chéad chlárúcháin nó an chéad ghníomhachtaithe (e.g. uimhir theileafóin, uimhir an chárta SIM, seoladh MAC) agus gléas gaolmhar/gléasanna gaolmhara
faisnéis phróifíle (e.g. ainm an úsáideora, ainm don scáileán, grianghraf próifíle)
sonraí maidir le bailíochtú úsáid na seirbhíse, amhail seoladh ríomhphoist malartach a chuir an t-úsáideoir/sealbhóir na suibscríbhinne ar fáil
faisnéis maidir le cárta creidmheasa nó cárta dochair (a chuir an t-úsáideoir ar fáil chun críoch billeála), lena n-áirítear modhanna íocaíochta eile
(b)
sonraí arna n-iarraidh ar mhaithe leis an úsáideoir a aithint mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (10), de Rialachán (AE) 2023/1543 é, agus chun na críche sin amháin:
taifid nasctha IP amhail seoltaí IP / logaí / uimhreacha rochtana mar aon le haitheantóirí teicniúla eile, amhail poirt foinse agus stampaí ama nó a gcomhionann, an t-aitheantas úsáideora agus an comhéadan a úsáideadh i gcomhthéacs úsáid na seirbhíse, sonraigh, más gá:…
raon ama na sonraí a bhfuiltear ag iarraidh fianaise a thabhairt ar aird ina leith (más difriúil le cuid E):…
(c)
sonraí tráchta:
(i)
i gcomhair teileafónaíocht mhóibíleach:
aitheantóirí (A) amach agus (B) isteach (uimhir theileafóin, IMSI, IMEI)
am agus fad ama an naisc nó na nasc
aitheantas an stáisiúin bunáite, lena n-áirítear faisnéis gheografach (comhordanáidí X/Y), ag an am a tosaíodh agus ag an am a críochnaíodh an nasc
an t-iompróir / an teilisheirbhís a úsáideadh (e.g. UMTS, GPRS)
(ii)
i gcomhair an idirlín:
faisnéis ródúcháin (seoladh IP na foinse, seoladh/seoltaí IP an chinn scríbe, uimhir phoirt/uimhreacha poirt, brabhsálaí, faisnéis maidir le ceanntásc ríomhphoist, aitheantas teachtaireachta)
aitheantas an stáisiúin bunáite, lena n-áirítear faisnéis gheografach (comhordanáidí X/Y), ag an am a tosaíodh agus ag an am a críochnaíodh an nasc nó na naisc
dáta agus am an naisc nó na nasc
achar ama an cheangail nó an tseisiúin/na seisiún rochtana
(iv)
eile:
stair mhuirearaithe an iarmhéid réamhíoctha
(d)
dumpa bosca ríomhphoist (gréasáin)
dumpa stórála ar líne (sonraí arna nginiúint ag úsáideoirí)
loga/cúltaca teachtaireachta
Faisnéis bhreise i gcás is gá chun raon na sonraí a iarradh a shonrú nó a theorannú (tuilleadh):…
CUID G: Faisnéis faoi na bunchoinníollacha
(a)
baineann an EPOC seo (cuir tic sa bhosca/sna boscaí ábhartha):
le himeachtaí coiriúla i leith cion coiriúil nó cionta coiriúla;
le forghníomhú pianbhreithe coimeádta nó ordaithe coinneála 4 mhí ar a laghad tar éis imeachtaí coiriúla, arna fhorghníomhú ag cinneadh nach ndearnadh in absentia, agus i gcásanna inar éalaigh an duine a ciontaíodh ón gceartas.
(b)
Cineál agus rangú dlí an chiona/na gcionta a bhfuil an EPOC á eisiúint ina leith agus an fhoráil reachtúil is infheidhme (
7
):
……
(c)
Eisítear an EPOC seo le haghaidh sonraí tráchta nach n-iarrtar chun an t-úsáideoir a aithint agus chun na críche sin amháin, nó le haghaidh sonraí inneachair, nó lena n-aghaidh araon, agus baineann sé le (cuir tic sa bhosca/sna boscaí ábhartha, más infheidhme):
cion coiriúil/cionta coiriúla atá inphionóis sa Stát eisiúna le pianbhreith choimeádta ar feadh uastréimhse 3 bliana ar a laghad;
ceann amháin nó níos mó de na cionta seo a leanas, más amhlaidh go ndearnadh na cionta sin go hiomlán nó go páirteach trí chóras faisnéise:
cion/cionta mar a shainmhínítear in Airteagail 3 go 8 de Threoir (AE) 2019/713 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
8
) iad;
cion/cionta mar a shainmhínítear in Airteagail 3 go 7 de Threoir 2011/93/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
9
) iad;
cion/cionta mar a shainmhínítear in Airteagail 3 go 8 de Threoir 2013/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
10
) iad;
cionta coiriúla mar a shainmhínítear in Airteagail 3 go 12 agus Airteagal 14 de Threoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
11
) iad.
(d)
Rialaitheoir/próiseálaí:
Díreofar Orduithe Eorpacha chun Fianaise a Thabhairt ar Aird ar sholáthraithe seirbhíse atá ag gníomhú mar rialaitheoirí. Mar eisceacht, féadfar an tOrdú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird a dhíriú go díreach ar an soláthraí seirbhíse a phróiseálann na sonraí thar ceann an rialaitheora.
Cuir tic leis, i gcás inarb iomchuí:
Tá an EPOC seo dírithe ar an soláthraí seirbhíse atá ag gníomhú mar rialaitheoir.
Tá an EPOC seo dírithe ar an soláthraí seirbhíse atá ag próiseáil na sonraí thar ceann an rialaitheora nó, i gcásanna nach féidir an rialaitheoir a aithint, a d’fhéadfadh a bheith ag próiseáil na sonraí thar ceann an rialaitheora, ar na cúiseanna seo a leanas:
ní féidir an rialaitheoir a aithint in ainneoin iarrachtaí réasúnta a bheith déanta ag an údarás eisiúna
d’fhéadfaí dochar a dhéanamh don imscrúdú dá rachfaí i dteagmháil leis an rialaitheoir
Má tá an EPOC seo dírithe ar an soláthraí seirbhíse atá ag próiseáil na sonraí thar ceann an rialaitheora:
cuirfidh an próiseálaí an rialaitheoir ar an eolas faoi sholáthar na sonraí
ní chuirfidh an próiseálaí an rialaitheoir ar an eolas faoi sholáthar na sonraí go dtí go bhfógrófar a mhalairt, toisc go ndéanfadh sé dochar don imscrúdú. Tabhair réasúnú gearr (
12
):…
(e)
Aon fhaisnéis ábhartha eile:…
CUID H: Faisnéis don úsáideoir
Ní dhéanfaidh an seolaí, in aon chás, an duine a bhfuil a chuid sonraí á n-iarraidh a chur ar an eolas faoi. Is ar an údarás eisiúna atá sé de chúram an duine sin a chur ar an eolas, gan moill mhíchuí, faoi sholáthar na sonraí.
Tabhair do d’aire (cuir tic leis, i gcás inar iomchuí):
go ndéanfaidh an t-údarás eisiúna an uair a chuirfear an duine a bhfuil a chuid sonraí á n-iarraidh ar an eolas a chur siar, fad a chomhlíontar ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha seo a leanas:
is gá é sin chun nach gcuirfear bac ar fhiosrúcháin, imscrúduithe nó nósanna imeachta oifigiúla nó dlíthiúla;
is gá é sin chun nach ndéanfar dochar do chosc, brath, imscrúdú nó ionchúiseamh cionta coiriúla nó d’fhorghníomhú pionós coiriúil;
is gá é sin chun an tslándáil phoiblí a chosaint;
is gá é sin chun an tslándáil náisiúnta a chosaint;
is gá é sin chun cearta agus saoirsí daoine eile a chosaint.
CUID I: Sonraí an údaráis eisiúna
An cineál údaráis eisiúna (cuir tic sa bhosca ábhartha/sna boscaí ábhartha):
breitheamh, cúirt, nó breitheamh imscrúduithe
údarás inniúil eile mar a shainmhíníonn an Stát eisiúna é
Más tá gá le bailíochtú, comhlánaigh Cuid J freisin.
Tabhair do d’aire (cuir tic leis, más infheidhme):
Eisíodh an EPOC seo i gcomhair sonraí suibscríobhaí nó i gcomhair sonraí arna n-iarraidh chun an t-úsáideoir a aithint, agus chun na críche sin amháin, i gcás éigeandála a bhfuil údar bailí leis gan réamhbhailíochtú, toisc nach bhféadfaí an bailíochtú a fháil in am, nó i gcomhair an dá chineál sonraí sin. Deimhníonn an t-údarás eisiúna go bhféadfadh sé ordú a eisiúint i gcás náisiúnta comhchosúil gan bhailíochtú, agus go lorgófar an bailíochtú ex post sin gan mhoill, laistigh de 48 uair an chloig ar a dhéanaí (tabhair do d’aire nach gcuirfear an seolaí ar an eolas).
Sonraí an údaráis eisiúna nó a ionadaí, nó an dá cheann araon, a dheimhníonn go bhfuil inneachar an EPOC cruinn agus ceart:
Ainm an údaráis:…
Ainm an ionadaí:…
Post atá aige/aici (teideal/grád):…
Uimhir an chomhaid:…
Seoladh:…
Uimhir theileafóin: (cód tíre) (cód ceantair/cathrach)…
Uimhir facs: (cód tíre) (cód ceantair/cathrach)…
Seoladh ríomhphoist:…
Teanga/teangacha a labhraítear:…
Murab ionann agus a bhfuil thuas, údarás/pointe teagmhála (e.g. údarás lárnach) ar féidir teagmháil a dhéanamh leis maidir le haon cheist a bhaineann le forghníomhú an EPOC:
Ainm an údaráis/ainm:…
Seoladh:…
Uimhir theileafóin: (cód tíre) (cód ceantair/cathrach)…
Uimhir facs: (cód tíre) (cód ceantair/cathrach)…
Seoladh ríomhphoist:…
Síniú an údaráis eisiúna nó a ionadaí a dheimhníonn go bhfuil inneachar an EPOC cruinn agus ceart:
Dáta:…
Síniú (
13
):…
CUID J: Sonraí an údaráis bailíochtaithe (comhlánaigh más infheidhme)
An cineál údaráis bailíochtaithe
breitheamh, cúirt nó breitheamh imscrúdaithe
Sonraí an údaráis bailíochtaithe nó a ionadaí, nó an dá cheann araon, a dheimhníonn go bhfuil inneachar an EPOC cruinn agus ceart:
Ainm an údaráis:…
Ainm an ionadaí:…
An post atá aige/aici (teideal/grád):…
Uimhir an chomhaid:…
Seoladh:…
Uimhir theileafóin: (cód tíre) (cód ceantair/cathrach)…
Uimhir facs: (cód tíre) (cód ceantair/cathrach)…
Seoladh ríomhphoist:…
Teanga/teangacha a labhraítear:…
Dáta:…
Síniú (
14
):…
CUID K: Fógra a thabhairt don údarás forfheidhmiúcháin faoina dtugtar fógra agus a chuid sonraí (más infheidhme)
Tugtar fógra faoin EPOC seo don údarás forfheidhmiúcháin seo a leanas: …
Tabhair sonraí teagmhála an údaráis forfheidhmiúcháin faoina dtugtar fógra (má tá siad ar fáil):
Ainm an údaráis forfheidhmiúcháin:…
Seoladh:…
Uimhir theileafóin: (cód tíre) (cód ceantair/cathrach)…
Uimhir facs: (cód tíre) (cód ceantair/cathrach)…
Seoladh ríomhphoist:…
CUID L: Aistriú sonraí
(a)
An t-údarás nach mór na sonraí a aistriú chuige
údarás inniúil eile (e.g. údarás lárnach)
Ainm agus sonraí teagmhála:…
(b)
An fhormáid nó an modh a dtugtar tús áite di nó dó inar gá na sonraí a aistriú (más infheidhme):…
CUID M: Faisnéis bhreise atá le cur san áireamh (ní chuirfear chuig an seolaí í - le tabhairt don údarás forfheidhmiúcháin i gcás nach mór fógra a thabhairt don údarás forfheidhmiúcháin)
Na forais lena chinneadh go gcomhlíonann an tOrdú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird na coinníollacha riachtanais agus comhréireachta:
……
Cur síos achomair ar an gcás:
……
Maidir leis an gcion a bhfuil an tOrdú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird á eisiúint ina leith, an cion é a ngabhann pianbhreith choimeádta nó ordú coinneála sa Stát eisiúna leis ar feadh uastréimhse 3 bliana ar a laghad agus atá san áireamh i liosta na gcionta a leagtar amach thíos (cuir tic sa bhosca nó sna boscaí ábhartha)?
rannpháirtíocht in eagraíocht choiriúil;
teacht i dtír gnéasach ar leanaí agus pornagrafaíocht leanaí;
gáinneáil aindleathach ar dhrugaí támhshuanacha agus ar shubstaintí síceatrópacha;
gáinneáil aindleathach ar airm, armlón agus pléascáin;
calaois, lena n-áirítear calaois agus cionta coiriúla eile lena ndéantar difear do leasanna airgeadais an Aontais mar a shainmhínítear i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
15
) iad;
fáltais ón gcoiriúlacht a sciúradh;
góchumadh airgeadra, lena n-áirítear an euro;
coireacht atá bainteach leis an ríomhaireacht;
an choireacht chomhshaoil, lena n-áirítear an gháinneáil aindleathach ar speicis ainmhithe atá i mbaol agus ar speicis phlandaí agus cineálacha plandaí atá i mbaol;
teacht isteach agus cónaí neamhúdaraithe a éascú;
dúnmharú nó mórdhíobháil choirp;
trádáil aindleathach in orgáin dhaonna agus fíochán daonna;
fuadach, srianadh neamhdhleathach nó gabháil giall;
ciníochas agus seineafóibe;
robáil eagraithe nó armtha;
gáinneáil aindleathach ar earraí cultúir, lena n-áirítear seaniarsmaí agus saothair ealaíne;
cambheartaíocht agus sracaireacht;
góchumadh agus píoráideacht táirgí;
doiciméid riaracháin a bhrionnú agus gáinneáil orthu;
brionnú modhanna íocaíochta;
gáinneáil aindleathach ar shubstaintí hormónacha agus ar thionscnóirí eile fáis;
gáinneáil aindleathach ar ábhair núicléacha nó radaighníomhacha;
gáinneáil ar fheithiclí goidte;
coireanna a thagann faoi dhlínse na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta;
urghabháil neamhdhleathach aerárthaí nó long;
I gcás inarb iomchuí, tabhair aon fhaisnéis bhreise a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil ón údarás forfheidhmiúcháin chun a mheas an féidir forais le haghaidh diúltú a lua:
……