|
+Airteagal 6 4. |
Airteagal 6 4.Tuairisceofar faisnéis faoi chaillteanais ábhartha maidir le priacal oibriúcháin mar a leanas:
(a)
déanfaidh institiúidí a ríomhann ceanglais cistí dílse a bhaineann le priacal oibriúcháin i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal III, Caibidil 4 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 an fhaisnéis sin a thuairisciú mar a shonraítear in Iarscríbhinn I, teimpléid 17.01 agus 17.02, i gcomhréir leis na treoracha in Iarscríbhinn II, Cuid II, pointe 4.2;
(b)
institiúidí móra a ríomhann ceanglais cistí dílse a bhaineann le priacal oibriúcháin i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal III, Caibidil 3 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, déanfaidh siad an fhaisnéis sin a thuairisciú mar a shonraítear in Iarscríbhinn I, teimpléid 17.01 agus 17.02, i gcomhréir leis na treoracha in Iarscríbhinn II, Cuid II, pointe 4.2;
(c)
institiúidí seachas institiúidí móra a ríomhann ceanglais cistí dílse a bhaineann le priacal oibriúcháin i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal III, Caibidil 3 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, tuairisceoidh siad an fhaisnéis seo a leanas i gcomhréir leis na treoracha in Iarscríbhinn II, Cuid II, pointe 4.2:
(i)
an fhaisnéis mar a shonraítear in Iarscríbhinn I, teimpléad 17.01, colún 0080 le haghaidh na rónna seo a leanas:
—
líon na n-imeachtaí (imeachtaí nua) (ró 0910);
—
méid an chaillteanais chomhláin (imeachtaí nua) (ró 0920);
—
líon na n-imeachtaí faoi réir coigeartuithe caillteanais (ró 0930);
—
coigeartuithe caillteanais a bhaineann le tréimhsí tuairiscithe a bhí ann roimhe seo (ró 0940);
—
uaschaillteanas aonair (ró 0950);
—
suim na gcúig chaillteanas is mó (ró 0960);
—
an aisghabháil chaillteanais dhíreach ina hiomláine (seachas árachas agus sásraí aistrithe priacail eile) (ró 0970);
—
na haisghabhálacha de bhíthin árachais agus sásraí aistrithe priacail eile ina n-iomláine (ró 0980);
(ii)
an fhaisnéis mar a shonraítear in Iarscríbhinn I, teimpléad 17.02.
(d)
féadfaidh na hinstitiúidí dá dtagraítear i bpointe (c) an tacar iomlán d’fhaisnéis a shonraítear in Iarscríbhinn I, teimpléid 17.01 agus 17.02, a thuairisciú i gcomhréir leis na treoracha in Iarscríbhinn II, Cuid II, pointe 4.2;
(e)
déanfaidh institiúidí móra a ríomhann ceanglais cistí dílse a bhaineann le priacal oibriúcháin i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal III, Caibidil 2 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 an fhaisnéis a thuairisciú mar a shonraítear in Iarscríbhinn I, teimpléid 17.01 agus 17.02, i gcomhréir leis na treoracha in Iarscríbhinn II, Cuid II, pointe 4.2;
(f)
féadfaidh institiúidí seachas institiúidí móra a ríomhann ceanglais cistí dílse a bhaineann le priacal oibriúcháin i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal III, Caibidil 2 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 an fhaisnéis a thuairisciú mar a shonraítear in Iarscríbhinn I, teimpléid 17.01 agus 17.02, i gcomhréir leis na treoracha in Iarscríbhinn II, Cuid II, pointe 4.2. Beidh feidhm ag critéir iontrála agus imeachta Airteagal 4(3). 1. Prezentare generală
1.1 Referințe1.2 Cerințe identificate1.3 Standarde asociate2. Cerințe identificate
3. Standarde asociate
|