+Articolul 6 Raportarea pe bază individuală cu privire la fondurile proprii și la cerințele de fonduri proprii – raportare bianuală
---+Airteagal 6 1.
---+Airteagal 6 2.
---+Airteagal 6 3.
---+Airteagal 6 4.
---+Airteagal 6 5.
|
Articolul 6 Raportarea pe bază individuală cu privire la fondurile proprii și la cerințele de fonduri proprii – raportare bianuală
1. Prezentare generală
| Titlu |
Reglementare |
|
Airteagal 6 1.
|
Chun faisnéis faoi chistí dílse agus ceanglais cistí dílse a thuairisciú ar bhonn aonair i gcomhréir le hAirteagal 430(1), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, cuirfidh institiúidí an fhaisnéis dá dtagraítear san Airteagal seo isteach le minicíocht leathbhliantúil.
|
|
Airteagal 6 2.
|
Cuirfidh institiúidí faisnéis isteach maidir le gach risíocht ar urrúsú mar a shonraítear in Iarscríbhinn I, teimpléid 14 agus 14.01, i gcomhréir leis na treoracha in Iarscríbhinn II, Cuid II, pointe 3.8; ach amháin nuair is cuid de ghrúpa iad sa tír chéanna ina bhfuil siad faoi réir ceanglais cistí dílse.
|
|
Airteagal 6 3.
|
Cuirfidh institiúidí faisnéis maidir le risíochtaí ceannasacha isteach mar a leanas:
(a)
i gcás ina bhfuil suim ghlanluacha chomhiomlán na sócmhainní airgeadais ó earnáil an chontrapháirtí “Rialtais ghinearálta” mar a chéile le 1 % de shuim na suime glanluacha iomláine le haghaidh “Urrús fiachais” agus “Iasachtaí agus airleacain”, nó níos airde ná sin, cuirfidh institiúidí an fhaisnéis isteach mar a shonraítear in Iarscríbhinn I, teimpléad 33, i gcomhréir leis na treoracha in Iarscríbhinn II, Cuid II, pointe 7, agus leanfaidh siad na treoracha in Iarscríbhinn V maidir le teimpléad 4 in Iarscríbhinn III nó in Iarscríbhinn IV, mar is infheidhme, chun na luachanna ábhartha a ríomh;
(b)
i gcás ina bhfuil an luach a thuairiscítear le haghaidh risíochtaí intíre ar shócmhainní airgeadais neamhdhíorthacha mar a shainítear i ró 0010, colún 0010 in Iarscríbhinn I, teimpléad 33, níos lú ná 90 % den luach a thuairiscítear le haghaidh risíochtaí intíre agus risíochtaí nach risíochtaí intíre iad le haghaidh an phointe sonraí chéanna, cuirfidh institiúidí a chomhlíonann an coinníoll dá dtagraítear i bpointe (a) an fhaisnéis isteach mar a shonraítear in Iarscríbhinn I, teimpléad 33, i gcomhréir leis na treoracha in Iarscríbhinn II, Cuid II, pointe 7, le miondealú iomlán de réir tíre;
(c)
institiúidí a chomhlíonann na coinníollacha dá dtagraítear i bpointe (a) agus nach gcomhlíonann an coinníoll dá dtagraítear i bpointe (b), cuirfidh siad an fhaisnéis isteach a shonraítear i dteimpléad 33, i gcomhréir leis na treoracha in Iarscríbhinn II, Cuid II, pointe 7, le risíochtaí comhiomlánaithe ar:
Beidh feidhm ag critéir iontrála agus imeachta Airteagal 4(3).
|
|
Airteagal 6 4.
|
Tuairisceofar faisnéis faoi chaillteanais ábhartha maidir le priacal oibriúcháin mar a leanas:
(a)
déanfaidh institiúidí a ríomhann ceanglais cistí dílse a bhaineann le priacal oibriúcháin i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal III, Caibidil 4 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 an fhaisnéis sin a thuairisciú mar a shonraítear in Iarscríbhinn I, teimpléid 17.01 agus 17.02, i gcomhréir leis na treoracha in Iarscríbhinn II, Cuid II, pointe 4.2;
(b)
institiúidí móra a ríomhann ceanglais cistí dílse a bhaineann le priacal oibriúcháin i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal III, Caibidil 3 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, déanfaidh siad an fhaisnéis sin a thuairisciú mar a shonraítear in Iarscríbhinn I, teimpléid 17.01 agus 17.02, i gcomhréir leis na treoracha in Iarscríbhinn II, Cuid II, pointe 4.2;
(c)
institiúidí seachas institiúidí móra a ríomhann ceanglais cistí dílse a bhaineann le priacal oibriúcháin i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal III, Caibidil 3 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, tuairisceoidh siad an fhaisnéis seo a leanas i gcomhréir leis na treoracha in Iarscríbhinn II, Cuid II, pointe 4.2:
(i)
an fhaisnéis mar a shonraítear in Iarscríbhinn I, teimpléad 17.01, colún 0080 le haghaidh na rónna seo a leanas:
—
líon na n-imeachtaí (imeachtaí nua) (ró 0910);
—
méid an chaillteanais chomhláin (imeachtaí nua) (ró 0920);
—
líon na n-imeachtaí faoi réir coigeartuithe caillteanais (ró 0930);
—
coigeartuithe caillteanais a bhaineann le tréimhsí tuairiscithe a bhí ann roimhe seo (ró 0940);
—
uaschaillteanas aonair (ró 0950);
—
suim na gcúig chaillteanas is mó (ró 0960);
—
an aisghabháil chaillteanais dhíreach ina hiomláine (seachas árachas agus sásraí aistrithe priacail eile) (ró 0970);
—
na haisghabhálacha de bhíthin árachais agus sásraí aistrithe priacail eile ina n-iomláine (ró 0980);
(ii)
an fhaisnéis mar a shonraítear in Iarscríbhinn I, teimpléad 17.02.
(d)
féadfaidh na hinstitiúidí dá dtagraítear i bpointe (c) an tacar iomlán d’fhaisnéis a shonraítear in Iarscríbhinn I, teimpléid 17.01 agus 17.02, a thuairisciú i gcomhréir leis na treoracha in Iarscríbhinn II, Cuid II, pointe 4.2;
(e)
déanfaidh institiúidí móra a ríomhann ceanglais cistí dílse a bhaineann le priacal oibriúcháin i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal III, Caibidil 2 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 an fhaisnéis a thuairisciú mar a shonraítear in Iarscríbhinn I, teimpléid 17.01 agus 17.02, i gcomhréir leis na treoracha in Iarscríbhinn II, Cuid II, pointe 4.2;
(f)
féadfaidh institiúidí seachas institiúidí móra a ríomhann ceanglais cistí dílse a bhaineann le priacal oibriúcháin i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal III, Caibidil 2 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 an fhaisnéis a thuairisciú mar a shonraítear in Iarscríbhinn I, teimpléid 17.01 agus 17.02, i gcomhréir leis na treoracha in Iarscríbhinn II, Cuid II, pointe 4.2.
Beidh feidhm ag critéir iontrála agus imeachta Airteagal 4(3).
|
|
Airteagal 6 5.
|
Institiúidí a chuireann an cur chuige caighdeánaithe simplithe nó modh na risíochta tosaigh i bhfeidhm chun risíochtaí ar phriacal creidmheasa contrapháirtí a ríomh i gcomhréir le Cuid a Trí, Teideal II, Caibidil 6, Ranna 4 agus 5 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, cuirfidh siad isteach an fhaisnéis maidir le priacal creidmheasa contrapháirtí mar a shonraítear in Iarscríbhinn I, teimpléad 34.06, i gcomhréir leis na treoracha in Iarscríbhinn II, Cuid II, pointe 3.9.7.
|
,
1.1 Referințe
1.2 Cerințe identificate
1.3 Standarde asociate
2. Cerințe identificate
3. Standarde asociate
- Builddate: 01.09.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32021R0451
- EULAW_GA -
EULAW_GA
|