TREOIR (AE) 2019/944 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 5 Meitheamh 2019 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach don leictreachas agus lena leasaítear Treoir 2012/27/AE (athmhúnlú) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TREOIR (AE) 2019/944 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 5 Meitheamh 2019
maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach don leictreachas agus lena leasaítear Treoir 2012/27/AE
CEANGLAIS ÍOSTA MAIDIR LE BILLEÁIL AGUS FAISNÉIS BHILLEÁLA
1. An fhaisnéis íosta atá le bheith ar an mbille agus san fhaisnéis bhilleála
1.1Léireofar go feiceálach an phríomhfhaisnéis seo a leanas do na custaiméirí deiridh ina mbillí, agus beidh sí scartha amach go soiléir ó chodanna eile den bhille:
(a)
an praghas atá le híoc agus miondealú ar an bpraghas i gcás inar féidir, in éineacht le ráiteas soiléir gur féidir leis na foinsí fuinnimh go léir tairbhiú freisin ó dhreasachtaí nár maoiníodh trí na tobhaigh a luaitear sa miondealú ar an bpraghas agus, i gcás inarb indéanta sin, miondealú ar an bpraghas;
(b)
an dáta a mbeidh an íocaíocht dlite.
1.2Léireofar go feiceálach an phríomhfhaisnéis seo a leanas do na custaiméirí deiridh ina mbillí agus san fhaisnéis bhilleála, agus beidh sí scartha amach go soiléir ó chodanna eile den bhille agus den fhaisnéis bhilleála:
(a)
an tomhaltas leictreachais don tréimhse billeála;
(b)
ainm agus sonraí teagmhála an tsoláthróra, lena n-áirítear beolíne tacaíochta tomhaltóirí agus seoladh ríomhphoist;
(c)
ainm na taraife;
(d)
críochdháta an chonartha, más infheidhme;
(e)
faisnéis faoi fháil a bheith ar dheis athrú ó sholáthróir amháin go ceann eile agus na tairbhí a ghabhann leis sin;
(f)
cód pointe seachadta an chustaiméara deiridh nó an cód uathúil aitheantais le haghaidh phointe soláthair an chustaiméara deiridh;
(g)
faisnéis faoi chearta na gcustaiméirí deiridh a mhéid a bhaineann le réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt, lena n-áirítear sonraí teagmhála an eintitis atá freagrach de bhun Airteagal 26.
(h)
an pointe teagmhála aonair dá dtagraítear in Airteagal 25;
(i)
nasc chuig uirlisí comparáide, nó tagairt don áit a bhfuil fáil orthu, dá dtagraítear in Airteagal 14.
1.3I gcás ina bhfuil billí bunaithe ar thomhaltas iarbhír nó ar chianléamh ag an oibreoir, déanfar an fhaisnéis seo a leanas a chur ar fáil do na custaiméirí deiridh ina mbillí agus ina mbillí réitithe tréimhsiúla, nó déanfar an fhaisnéis sin a chur leo nó comhartha ina leith sin a chur iontu:
(a)
comparáidí idir tomhaltas leictreachais reatha an chustaiméara deiridh agus tomhaltas an chustaiméara deiridh don tréimhse chéanna den bhliain roimhe sin i bhfoirm léaráide;
(b)
faisnéis theagmhála na n-eagraíochtaí tomhaltóirí, na ngníomhaireachtaí fuinnimh nó a macasamhail de chomhlachtaí, lena n-áirítear seoltaí suíomhanna gréasáin, ar féidir faisnéis a fháil uathu faoi na bearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh atá ar fáil le haghaidh trealamh a úsáideann fuinneamh;
(c)
comparáidí le meánchustaiméir deiridh normalaithe nó tagarmharcáilte sa chatagóir úsáideora chéanna.
2.
Minicíocht na billeála agus soláthar na faisnéise billeála:
(a)
déanfar an bhilleáil uair sa bhliain ar a laghad ar bhonn an tomhaltais iarbhír;
(b)
i gcás nach bhfuil méadar ag custaiméir deiridh a ligeann don oibreoir cianléamh a dhéanamh, nó i gcás inar roghnaigh an custaiméir deiridh go gníomhach cianléamh a dhíchumasú i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, déanfar faisnéis bhilleála bheacht bunaithe ar an tomhaltas iarbhír a chur ar fáil don chustaiméir deiridh ar a laghad gach sé mhí, nó uair amháin gach trí mhí, arna iarraidh sin nó i gcás ina bhfuil sé roghnaithe ag an gcustaiméir deiridh billeáil leictreonach a fháil;
(c)
i gcás nach bhfuil méadar ag custaiméir deiridh a ligeann don oibreoir cianléamh a dhéanamh, nó i gcás inar roghnaigh an custaiméir deiridh go gníomhach cianléamh a dhíchumasú i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, féadfar na hoibleagáidí i bpointí (a) agus (b) a chomhlíonadh trí bhíthin córas féinléitheoireachta rialta ag an gcustaiméir deiridh, trína ndéanann an custaiméir deiridh na léamha ón méadar a chur in iúl don oibreoir; ní fhéadfar an bhilleáil nó an fhaisnéis bhilleála a bheith bunaithe ar an tomhaltas measta nó ar ráta comhréidh ach amháin sa chás nár chuir an custaiméir deiridh léamh méadair ar fáil maidir le tréimhse billeála ar leith;
(d)
i gcás ina bhfuil méadar ag an gcustaiméir deiridh a ligeann don oibreoir cianléamh a dhéanamh, déanfar faisnéis bhilleála bheacht bunaithe ar an tomhaltas iarbhír a sholáthar uair sa mhí ar a laghad; féadfar faisnéis den sórt a chur ar fáil tríd an idirlíon freisin, agus déanfar í a thabhairt chun dáta a mhinice is incheadaithe leis na feistí tomhais agus na córais tomhais a úsáidtear.
3.
Miondealú ar phraghas an chustaiméara deiridh
Suim na dtrí chomhpháirt a leanas a bheidh i bpraghas an chustaiméara deiridh: comhpháirt an fhuinnimh agus an tsoláthair, comhpháirt an ghréasáin (tarchur agus dáileadh) agus comhpháirt na gcánacha, na dtobhach, na dtáillí agus na muirear.
I gcás ina mbeidh miondealú ar phraghas an chustaiméara deiridh curtha i láthair i mbillí, úsáidfear ar fud an Aontais na sainmhínithe coiteanna ar na trí chomhpháirt sa mhiondealú sin a bhunaítear faoi Rialachán (AE) 2016/1952 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15).
4.
Rochtain ar fhaisnéis chomhlántach faoin tomhaltas stairiúil
Ceanglóidh na Ballstáit, sa mhéid go bhfuil fáil ar fhaisnéis chomhlántach faoin tomhaltas stairiúil, go gcuirfear faisnéis den sórt sin ar fáil don soláthróir nó don soláthraí seirbhíse arna ainmniú ag an tomhaltóir, arna iarraidh sin don chustaiméir deiridh.
I gcás ina mbeidh suiteáilte ag an gcustaiméir deiridh méadar a ligeann don oibreoir cianléamh a dhéanamh, beidh an custaiméir deiridh in ann rochtain a fháil go héasca ar fhaisnéis chomhlántach faoin tomhaltas stairiúil a chuirfidh ar a gcumas féinseiceálacha mionsonraithe a dhéanamh.
Cuimseofar an méid seo a leanas leis an bhfaisnéis chomhlántach faoin tomhaltas stairiúil:
(a)
sonraí carnacha do na 3 bliana roimhe sin ar a laghad nó don tréimhse ó thús an chonartha soláthair leictreachais, más giorra an tréimhse sin. Comhfhreagróidh na sonraí do na tréimhsí dar táirgeadh faisnéis rialta billeála; agus
(b)
sonraí mionsonraithe de réir am na húsáide do gach lá, seachtain, mí agus bliain a chuirfear ar fáil don chustaiméir deiridh gan mhoill tríd an idirlíon nó trí chomhéadan an mhéadair, lena gcumhdaítear an tréimhse de na 24 mhí roimhe sin ar a laghad nó an tréimhse ó thús an chonartha soláthair leictreachais, más giorra an tréimhse sin.
5.
Foinsí fuinnimh a nochtadh
Sonróidh na soláthróirí i mbillí an cion a fuarthas ó gach foinse fuinnimh don leictreachas a cheannaigh an custaiméir deiridh i gcomhréir leis an gconradh soláthair leictreachais (nochtadh ar leibhéal an táirge).
Déanfar an fhaisnéis seo a leanas a chur ar fáil do na custaiméirí deiridh ina mbillí agus ina bhfaisnéis bhilleála, nó déanfar í a chur leo nó comhartha ina leith a chur iontu:
(a)
an cion a fuarthas ó gach foinse fuinnimh do mheascán fuinnimh foriomlán an tsoláthróra (ar an leibhéal náisiúnta, eadhon sa Bhallstát inar tugadh an conradh soláthair leictreachais i gcrích, agus ar leibhéal an soláthróra má tá an soláthróir gníomhach i roinnt Bhallstát) le bliain roimhe sin ar bhealach a bheidh sothuigthe agus so-chomparáide;
(b)
faisnéis faoin tionchar ar an gcomhshaol, i dtéarmaí, ar a laghad, astaíochtaí CO2 agus na dramhaíola radaghníomhaí is toradh don leictreachas arna tháirgeadh le meascán fuinnimh foriomlán an tsoláthróra le bliain roimhe sin.
Maidir le pointe (a) den dara fomhír, i ndáil le leictreachas arna fháil trí mhalartán leictreachais nó arna allmhairiú ó ghnóthas atá lonnaithe lasmuigh den Aontas, féadfar na figiúirí comhiomlána arna soláthar ag an malartán nó ag an ngnóthas atá i gceist le bliain roimhe sin a úsáid.
Do nochtadh an leictreachais ó chomhghiniúint ardéifeachtúlachta, féadfar ráthaíochtaí tionscnaimh a eiseofar de réir agus Airteagal 14(10) de Threoir 2012/27/AE a úsáid. Do nochtadh leictreachais ó fhoinsí in-athnuaite, déanfar é ag baint úsáid as ráthaíochtaí tionscnaimh ach amháin sna cásanna dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) d'Airteagal 19(8) de Threoir (AE) 2018/2001.
Déanfaidh an t-údarás rialála nó údarás inniúil náisiúnta eile na bearta is gá lena áirithiú go mbíonn an fhaisnéis a thugann na soláthróirí do na custaiméirí deiridh de bhun an phointe seo iontaofa agus go soláthraítear, ar an leibhéal náisiúnta, ar bhealach soiléir so-chomparáide í.
1.Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar córais méadraithe chliste a leathadh amach ar a gcríocha ar féidir measúnú eacnamaíoch a dhéanamh ina leith maidir leis na costais agus na sochair uile don mhargadh agus don chustaiméir aonair san fhadtéarma nó maidir le cé na cineálacha méadraithe chliste atá barainneach agus costéifeachtach agus cén t-achar ama a bhféadfaí iad a dháileadh ann.
2.Sa mheasúnú sin, cuirfear san áireamh an mhodheolaíocht don anailís costais agus tairbhe agus na feidhmiúlachtaí íosta do chórais méadraithe chliste dá bhforáiltear i Moladh 2012/148/AE ón gCoimisiún (16) chomh maith leis na teicnící is fearr dá bhfuil ar fáil chun an leibhéal is airde cibearshlándála agus cosanta sonraí a áirithiú.
3.Faoi réir an mheasúnaithe sin, ullmhóidh na Ballstáit nó, i gcás ina mbeidh foráil déanta ag an mBallstát maidir leis, ullmhóidh an t-údarás inniúil arna ainmniú, clár ama le suas le 10 mbliana mar sprioc-am le haghaidh leathadh amach na gcóras méadraithe chliste. I gcás ina mbeidh toradh dearfach ar an measúnú ar leathadh amach na gcóras méadraithe chliste, beidh córais méadraithe chliste ag 80 % de na custaiméirí deiridh laistigh de 7 mbliana ó dháta an mheasúnaithe dhearfaigh orthu nó faoin 1 Eanáir 2024 i gcás na mBallstát sin a mbeidh tús curtha acu go córasach le leathadh amach na gcóras méadraithe chliste roimh an 4 Iúil 2019.