IARSCRÍBHINN II
SAORÁID AIRGEADAIS
A.
Cur chun feidhme na saoráide airgeadais le haghaidh tionscadal fuinnimh inbhuanaithe
1.
Raon feidhme na saoráide
Déanfar an tsaoráid airgeadais (“an tsaoráid”) a úsáid chun tionscadail spárála fuinnimh, éifeachtúlachta fuinnimh agus fuinnimh in-athnuaite a fhorbairt agus éascóidh sé maoiniú infheistíochtaí sna réimsí sin ag údaráis áitiúla, ag údaráis réigiúnacha agus, i gcásanna cuí-réasúnaithe, ag údaráis náisiúnta phoiblí. Cuirfear an tsaoráid chun feidhme i gcomhréir leis na forálacha maidir le tarmligean na gcúraimí feidhmithe buiséid atá leagtha síos sa Rialachán Airgeadais agus sna rialacha cur chun feidhme a ghabhann leis.
Úsáidfear an tsaoráid le haghaidh tionscadal fuinnimh inbhuanaithe go háirithe i suímh uirbeacha. I measc na dtionscadal sin, áireofar go háirithe tionscadail a bhaineann leis na nithe seo a leanas:
(a)
foirgnimh phoiblí agus foirgnimh phríobháideacha ina bhfuil réitigh éifeachtúlachta fuinnimh agus/nó fuinnimh in-athnuaite, lena n-áirítear iad siúd atá bunaithe ar úsáid Theicneolaíochtaí na Faisnéise agus na Cumarsáide (TFC);
(b)
infheistíochtaí le haghaidh comhsholáthair teasa agus cumhachta le hardéifeachtúlacht fuinnimh (CTC), lena n-áirítear micrea-chomhghiniúint agus gréasáin téite/fuaraithe ceantair, go háirithe ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite;
(c)
foinsí fuinnimh in-athnuaite díláraithe atá lonnaithe i suímh áitiúla agus na foinsí sin a chomhtháthú in eangacha leictreachais;
(d)
micreaghiniúint ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite;
(e)
iompar uirbeach glan chun tacú le héifeachtúlacht fuinnimh agus le comhtháthú foinsí fuinnimh in-athnuaite, agus béim á cur ar iompar poiblí, ar fheithiclí leictreacha agus ar fheithiclí hidrigin agus ar astaíochtaí gás ceaptha teasa laghdaithe;
(f)
bonneagar áitiúil, lena n-áirítear soilsiú éifeachtach an bhonneagair phoiblí allamuigh, amhail soilsiú sráide, réitigh stórála leictreachais, méadrú cliste agus eangacha cliste ina mbaintear leas iomlán as TFC;
(g)
teicneolaíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh agus fuinnimh in-athnuaite ag a bhfuil poitéinseal nuálaíochta agus eacnamaíoch agus úsáid á baint as na nósanna imeachta is fearr atá ar fáil.
Féadfar an tsaoráid a úsáid freisin chun dreasachtaí agus cúnamh teicniúil a sholáthar chomh maith le feasacht na n-údarás áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta a mhéadú, lena áirithiú go mbaintear an leas is fearr as na Cistí Struchtúracha agus Comhtháthaithe, go háirithe sna réimsí a bhaineann le feabhsúcháin ar éifeachtúlacht fuinnimh agus ar fhuinneamh in-athnuaite i dtithe agus i bhfoirgnimh de chineálacha eile. Cothóidh an tsaoráid tionscadail infheistíochta a léiríonn inmharthanacht eacnamaíoch agus airgeadais, chun na hinfheistíochtaí a leithdháilfidh an tsaoráid a aisíoc agus chun infheistíochtaí poiblí agus infheistíochtaí príobháideacha a mhealladh. Dá bhrí sin, féadfaidh an tsaoráid, inter alia, leithdháileadh soláthair agus caipitil i gcomhair iasachtaí, ráthaíochtaí, cothromais agus táirgí eile airgeadais a áireamh. Ina theannta sin, féadfar suas le 15 % den chistiúchán dá dtagraítear in Airteagal 21a a úsáid chun cúnamh teicniúil a sholáthar d’údaráis áitiúla, réigiúnacha nó náisiúnta maidir le tionscadail éifeachtúlachta fuinnimh agus fuinnimh in-athnuaite a chur ar bun agus maidir le céim tosaigh úsáide teicneolaíochta a bhaineann leis na tionscadail sin.
2.
Sineirgí
Nuair atá cúnamh airgeadais nó cúnamh teicniúil á dheonú, tabharfar aird freisin ar shineirgí le hacmhainní airgeadais eile atá ar fáil sna Ballstáit, amhail na Cistí Struchtúracha agus na Cistí Comhtháthaithe agus saoráid ELENA chun forluí le hionstraimí eile a sheachaint.
3.
Tairbhithe
Is iad na húdaráis phoiblí, ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal réigiúnach de rogha, agus eintitis phoiblí nó eintitis phríobháideacha atá ag gníomhú thar ceann na n-údarás poiblí sin a bheidh ina dtairbhithe de chuid na saoráide.
B.
Comhar le hidirghabhálaithe airgeadais
1.
Ceanglais i ndáil le roghnú agus ceanglais ghinearálta, lena n-áirítear costais
Cuirfear an tsaoráid ar bun i gcomhar le hidirghabhálaí airgeadais amháin nó níos mó agus beidh infheisteoirí iomchuí in ann a bheith rannpháirteach inti. Déanfar roghnú na n-idirghabhálaithe airgeadais ar bhonn a gcumais chruthaithe an cistiúchán a úsáid ar an mbealach is éifeachtúla agus is éifeachtaí agus i gcomhréir leis na rialacha agus na critéir atá leagtha amach san Iarscríbhinn seo.
Déanfaidh an Coimisiún a áirithiú go bhfanfaidh méid iomlán na bhforchostas a bhainfidh le bunú agus cur chun feidhme na saoráide, lena n-áirítear táillí bainistíochta agus costais cháilithe eile, arna sonrascadh ag na hidirghabhálaithe airgeadais, chomh teoranta agus is féidir, i gcomhréir leis an gcleachtas is fearr le haghaidh ionstraimí comhchosúla agus cáilíocht riachtanach na saoráide á cosaint ag an am céanna.
Déanfaidh an Coimisiún ranníocaíocht an Aontais leis an tsaoráid a chur chun feidhme i gcomhréir leis na forálacha atá leagtha amach in Airteagal 53 agus in Airteagal 54 den Rialachán Airgeadais.
Comhlíonfaidh na hidirghabhálaithe airgeadais na ceanglais ábhartha a bhaineann le tarmligean na gcúraimí feidhmithe buiséid atá leagtha amach sa Rialachán Airgeadais agus sna rialacha cur chun feidhme a ghabhann leis, go háirithe maidir le rialacha an tsoláthair, leis an rialú inmheánach, leis an gcuntasaíocht agus leis an iniúchadh seachtrach. Ní dhéanfar aon chistiúchán seachas táillí bainistíochta nó costais a bhaineann le bunú agus cur chun feidhme na saoráide a chur ar fáil do na hidirghabhálaithe airgeadais sin.
Déanfar na téarmaí agus na coinníollacha mionsonraithe maidir le bunú agus creatchoinníollacha na saoráide, lena n-áirítear faireachán agus rialú, a leagan síos i gcomhaontú amháin nó níos mó idir an Coimisiún agus na hidirghabhálaithe airgeadais.
2.
Faisnéis a bheith ar fáil
Déanfaidh an tsaoráid an fhaisnéis uile maidir le bainistiú cláir, ar faisnéis í atá ábhartha do pháirtithe leasmhara, a chur ar fáil ar líne. Áireofar san fhaisnéis sin, go háirithe, nósanna imeachta maidir le hiarratais, faisnéis maidir leis na cleachtais is fearr agus forléargas ar thionscadail agus ar thuarascálacha.
C.
Coinníollacha maidir le cistiúchán agus critéir maidir le cáilitheacht agus roghnú
1.
Raon feidhme an mhaoinithe
I gcomhréir leis an Iarscríbhinn seo, beidh an tsaoráid teoranta do mhaoiniú le haghaidh na nithe seo a leanas:
(a)
tionscadal infheistíochta ag a mbeidh tionchar tapa, intomhaiste, substaintiúil ar an téarnamh eacnamaíoch laistigh den Aontas, ar shlándáil mhéadaithe fuinnimh agus ar laghdú astaíochtaí gás ceaptha teasa; agus
(b)
cúnamh teicniúil do thionscadail éifeachtúlachta fuinnimh agus fuinnimh in-athnuaite;
2.
Fachtóirí a bheidh le cur san áireamh
Maidir le roghnú na dtionscadal, tabharfar aird ar leith ar an gcothromaíocht gheoghrafach.
Maidir le maoiniú tionscadal infheistíochta, tabharfar aird chuí ar fhachtóir suntasach giarála a bhaint amach idir an infheistíocht iomlán agus cistiúchán an Aontais chun infheistíochtaí suntasacha a chruinniú san Aontas. D’fhéadfadh, áfach, an fachtóir giarála do thionscadail infheistíochta aonair athrú, ag brath ar roinnt fachtóirí amhail méid iarbhír agus cineál iarbhír an tionscadail agus ar dhálaí áitiúla lena n-áirítear méid agus acmhainneacht airgeadais an tairbhí.
3.
Coinníollacha a bhaineann le rochtain ag údaráis phoiblí ar mhaoiniú faoin tsaoráid
Déanfaidh údaráis phoiblí a iarrfaidh maoiniú le haghaidh tionscadal infheistíochta nó cúnamh teicniúil le haghaidh tionscadal éifeachtúlachta fuinnimh agus fuinnimh in-athnuaite na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh:
(a)
tá gealltanas polaitiúil déanta acu nó á dhéanamh acu chun athrú aeráide a mhaolú, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, cuspóirí coincréiteacha, mar shampla cuspóirí a bhaineann le héifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú agus/nó le húsáid a bhaint as fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite;
(b)
tá siad ag obair i dtreo straitéisí ilbhliantúla a fhorbairt chun athrú aeráide a mhaolú agus, i gcás inarb iomchuí, chun a gcuspóirí a bhaint amach nó tá siad rannpháirteach i straitéis ilbhliantúil ar leibhéal áitiúil, ar leibhéal réigiúnach nó ar leibhéal náisiúnta chun athrú aeráide a mhaolú;
(c)
comhaontaíonn siad a bheith cuntasach go poiblí as an dul chun cinn i ndáil lena straitéis fhoriomlán.
4.
Critéir maidir le cáilitheacht agus roghnú le haghaidh tionscadal infheistíochta arna maoiniú faoin tsaoráid
Comhlíonfaidh na tionscadail infheistíochta arna maoiniú faoin tsaoráid na critéir seo a leanas maidir le cáilitheacht agus roghnú:
(a)
fóntacht agus dóthanacht theicniúil an chur chuige;
(b)
fóntacht agus cost-éifeachtúlacht an mhaoinithe le haghaidh chéim infheistíochta iomlán na gníomhaíochta;
(c)
cothromaíocht gheografach na dtionscadal uile atá clúdaithe leis an Rialachán seo;
(d)
aibíocht, a shainmhínítear mar chéim na hinfheistíochta a bhaint amach, agus caiteachas suntasach caipitiúil a thabhú chomh luath agus is féidir;
(e)
a mhéad atá easpa rochtana ar mhaoiniú ag cur moille ar chur chun feidhme na gníomhaíochta;
(f)
a mhéad a spreagfaidh cistiúchán ón tsaoráid maoiniú poiblí agus maoiniú príobháideach;
(g)
tionchair chainníochtaithe socheacnamaíocha;
(h)
tionchair chainníochtaithe ar an gcomhshaol.
5.
Critéir maidir le cáilitheacht agus roghnú le haghaidh tionscadal cúnaimh theicniúil arna maoiniú faoin tsaoráid.
Comhlíonfaidh tionscadail chúnaimh theicniúil arna maoiniú faoin tsaoráid seo na critéir maidir le cáilitheacht agus roghnú dá dtagraítear i bpointe 4(a), (c), (e), (f) agus (g).
▼B