+SECTION 3 Carbon capture and storage projects
---+Airteagal 17 Cúnamh CFET a dheonú
------+Article 17 1.
------+Article 17 2.
------+Article 17 3.
------+Article 17 4.
---+Airteagal 18 Cáilitheacht
------+Article 18 1.
------+Article 18 2.
------+Article 18 3.
---+Airteagal 19 Critéir roghnúcháin agus dámhachtana
------+Article 19 1.
------+Article 19 2.
---+Airteagal 20 Coinníollacha maidir le maoiniú
------+Article 20 1.
------+Article 20 2.
---+Airteagal 21 Ionstraimí
------+Article 21 1.
------+Article 21 2.
|
SECTION 3 Carbon capture and storage projects
SECTION 3 Carbon capture and storage projects
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 17 Cúnamh CFET a dheonú
|
Airteagal 17 Cúnamh CFET a dheonú 1. Déanfar cúnamh CFET le haghaidh tionscadal gabhála agus stórála carbóin a dhámhadh ar ghníomhaíochtaí lena gcuirfear na tionscadail a liostaítear i gCuid C den Iarscríbhinn chun feidhme. 2. Iarrfaidh an Coimisiún tograí chun na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a shainaithint agus déanfaidh sé measúnú i dtaobh an gcomhlíonann na tograí na critéir cháilitheachta a leagtar síos in Airteagal 18 agus na critéir roghnúcháin agus dámhachtana a leagtar síos in Airteagal 19. 3. Má chomhlíonann roinnt tograí ó thionscadail atá suite sa Bhallstát céanna na critéir cháilitheachta a leagtar síos in Airteagal 18 agus na critéir roghnúcháin a leagtar síos in Airteagal 19(1), déanfaidh an Coimisiún, ar bhonn na gcritéar dámhachtana a leagtar síos in Airteagal 19(2), líon nach mó ná togra amháin in aghaidh an Bhallstáit a roghnú as measc na dtograí sin le haghaidh chúnamh CFET. 4. Cuirfidh an Coimisiún na tairbhithe ar an eolas faoi aon chúnamh CFET a bheidh le deonú.
|
|
Airteagal 18 Cáilitheacht
|
Airteagal 18 Cáilitheacht 1. Ní bheidh tograí cáilithe chun cúnamh CFET a fháil ach amháin i gcás ina gcuireann siad na tionscadail atá liostaithe i gCuid C den Iarscríbhinn chun feidhme agus go gcomhallann siad na critéir roghnúcháin agus dámhachtana faoi Airteagal 19 agus na coinníollacha seo a leanas:
(a)
léiríonn na tionscadail go bhfuil ar a gcumas 80 % ar a laghad den CO2 i suiteálacha tionsclaíocha a ghabháil agus iompar an CO2 sin agus storáil gheolaíoch an CO2 sin faoin talamh a dhéanamh go sábháilte;
(b)
i suiteálacha cumhachta, léirítear gabháil an CO2 ar shuiteáil ag a bhfuil aschur 250 MW ar a laghad nó a choibhéis;
(c)
déanann tionscnóirí na dtionscadal dearbhú ceangailteach go ndéanfar an fhaisnéis chineálach a ghintear ón ngléasra taispeána a chur ar fáil don earnáil tionscail i gcoitinne agus don Choimisiún mar rannchuidiú leis an bPlean Straitéiseach Eorpach um Theicneolaíocht Fuinnimh.
2. Déanfaidh gnóthas amháin nó roinnt gnóthas, ag gníomhú go comhpháirteach dóibh, tograí a thíolacadh. 3. Ní bheidh tograí cáilithe más daoine nádúrtha a thíolacann iad.
|
|
Airteagal 19 Critéir roghnúcháin agus dámhachtana
|
Airteagal 19 Critéir roghnúcháin agus dámhachtana 1. Le linn don Choimisiún na tograí a gheofar faoin iarraidh ar thograí dá dtagraítear in Airteagal 17(2) a mheasúnú, cuirfidh sé na critéir roghnúcháin seo a leanas i bhfeidhm:
(a)
fóntacht agus leordhóthanacht theicniúil an chur chuige;
(b)
aibíocht, arb é a sainmhíniú ná céim na hinfheistíochta a bheith bainte amach, lena n-áirítear na roghanna stórála a fhiosrú agus a fhorbairt, agus caiteachas substaintiúil atá gaolmhar le hinfheistíocht a thabhú ar an tionscadal faoi dheireadh 2010;
(c)
fóntacht an phacáiste airgeadais do chéim iomlán infheistíochta an tionscadail;
(d)
na ceadanna go léir is gá le haghaidh thógáil agus oibriú an tionscadail ag an láithreán beartaithe nó ag na láithreáin bheartaithe a shainaithint, agus straitéis a bheith ann chun na ceadanna sin a fháil.
2. Le linn don Choimisiún na tograí a gheofar faoin iarraidh ar thograí dá dtagraítear in Airteagal 17(2) a mheasúnú, cuirfidh sé na critéir dámhachtana seo a leanas i bhfeidhm:
(a)
a mhéid atá an easpa rochtana ar mhaoiniú ag moilliú chur chun feidhme na gníomhaíochta;
(b)
an maoiniú in aghaidh gach tona CO2 a iarradh le laghdú le linn na gcéad chúig bliana den tionscadal;
(c)
castacht an tionscadail agus an leibhéal nuálaíochta a bhaineann leis an tsuiteáil fhoriomlán lena n-áirítear gníomhaíochtaí taighde eile a ghabhann leis mar aon leis an tiomantas a léirigh na tairbhithe maidir le torthaí dul chun cinn teicneolaíochta an tionscadail a scaipeadh i gcomhréir le dlí an Chomhphobail agus go háirithe leis na cuspóirí agus na struchtúir arna leagan amach sa Phlean Straitéiseach Eorpach um Theicneolaíocht Fuinnimh;
(d)
fóntacht agus leordhóthanacht an phlean bainistíochta lena n-áirítear, i dtaca leis an bhfaisnéis agus na sonraí eolaíochta, innealtóireachta agus teicniúlachta atá ann, tuairisc ar ullmhacht an choincheapa bheartaithe chun an tionscadal a chur i gcrích faoin 31 Nollaig 2015.
|
|
Airteagal 20 Coinníollacha maidir le maoiniú
|
Airteagal 20 Coinníollacha maidir le maoiniú 1. Ní rannchuideoidh cúnamh CFET ach amháin leis an gcaiteachas ar chur chun feidhme an tionscadail ar caiteachas é atá gaolmhar leis an tionscadal agus atá inchurtha i leith ghabháil an charbóin, agus iompar agus stóráil, agus na tairbhí oibriúcháin a d’fhéadfadh bheith ann á gcur san áireamh. 2. Ní rachaidh cúnamh CFET thar 80 % de na costais iomlána cháilithe infheistíochta.
|
|
Airteagal 21 Ionstraimí
|
Airteagal 21 Ionstraimí 1. Tar éis na hiarrata ar thograí dá dtagraítear in Airteagal 17(2), déanfaidh an Coimisiúin, ag gníomhú dó i gcomhréir leis an nós imeachta bainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 26(2), na tograí a gheobhaidh cúnamh CFET orthu a roghnú agus an méid de chúnamh CFET a dheonófar a chinneadh. Sonróidh an Coimisiún na coinníollacha agus na modhanna ar dá réir a dhéanfar na tograí a chur chun feidhme. 2. Deonófar cúnamh CFET ar bhonn comhaontuithe maidir le deonú.
▼M1
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|